FOR PREVIEWING & TESTING PURPOSES ONLY.
This notification will disappear once the page will be published.
This link is available for less than 30 minutes.
  • Éasca le léamh
  • Méid an téacs

An bhfuil gearán agat in aghaidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh?

Teanga reatha: 
  • Gaeilge
Teangacha ar fáil: 

Tuarascáil Bhliantúil 2023

1. Réamhrá

Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach
Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach

Is mór an pléisiúr dom Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman Eorpaigh don bhliain 2023 a chur i láthair.

Treisíonn timpeallacht chinnteoireachta an AE atá ag éirí níos casta – a bhíonn ag athrú go tapa go minic agus a mbíonn réimse leathan geallsealbhóirí páirteach inti – an gá atá le comhlachtaí neamhspleácha maoirseachta amhail an tOmbudsman Eorpach agus an tábhacht a bhaineann leo chun a áirithiú go mbíonn an riarachán Eorpach cuntasach agus trédhearcach i gcónaí.

Mar chuid d’obair m’oifige, cuirtear i gcuimhne d’institiúidí an AE, cé go bhféadfadh gníomhaíocht pholaitiúil thapa a bheith ag teastáil i gcásanna áirithe, gur cheart go mbeadh riarachán atá dírithe ar shaoránaigh ina mhodh réamhshocraithe lenar féidir plé agus grinnscrúdú poiblí a dhéanamh.

I bhfianaise an mhéid sin, d’iarr mé ar Pharlaimint na hEorpa tacú le mo mholadh aghaidh a thabhairt, mar thosaíocht, ar mhoilleanna suntasacha an Choimisiúin Eorpaigh maidir le déileáil le hiarratais ar rochtain ar dhoiciméid, go háirithe agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar a chinntí rochtana tosaigh. Ní hé seo ach an dara huair a d’eisigh mé Tuarascáil Speisialta chuig an bParlaimint mar Ombudsman Eorpach agus is léiriú é ar thábhacht na saincheiste seo maidir le maoirseacht dhaonlathach. Táim buíoch den Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile as aghaidh a thabhairt ar an ábhar go pras.

Bhí cúrsaí eiticiúla fós lárnach i rith na bliana. Lean mé go dlúth an próiseas athchóirithe i bParlaimint na hEorpa tar éis scannal an éillithe ag deireadh 2022. Cé go ndearnadh roinnt feabhsuithe soiléire ar chreat eitice na Parlaiminte, beidh cur chun feidhme agus forfheidhmiú cuí na n-athchóirithe ríthábhachtach.

Bhí fiosrúcháin a bhaineann leis an imirce ina gnéithe láidre in 2023 toisc gur oscail mé fiosrúchán féintionscnaimh a bhí dírithe ar ról Frontex in oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála sa Mheánmhuir a shoiléiriú agus, i bhfiosrúchán ar leith, d’iarr mé ar an nGníomhaireacht níos mó a dhéanamh chun a áirithiú go n-urramófar cearta bunúsacha na n-imirceach le linn ‘agallamh faisnéisithe’. D’iarr mé tuilleadh eolais freisin faoin Meabhrán Tuisceana idir an tAontas Eorpach agus an Túinéis, lena n-áirítear an ndearna an Coimisiún measúnú tionchair ar chearta an duine.

Bhí an imirce ar cheann de na príomhábhair ag comhdháil Líonra Eorpach na nOmbudsman i bParlaimint na hEorpa i mí na Samhna. Bhí plé fadréimseach ar úsáid IS i riaracháin phoiblí i gcruinniú na n-ombudsman náisiúnta agus réigiúnacha, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le hardchaighdeáin eitice sa saol poiblí.

Bhí áthas orm an ceathrú heagrán de Ghradam an Ombudsman Eorpaigh um Dhea-Riarachán a reáchtáil i mí an Mheithimh. Le linn an tsearmanais bhronnta, leagadh béim arís ar an iliomad tionscnamh agus tionscadal den scoth a rinne baill foirne ar fud riarachán an AE. Bronnadh an duais fhoriomlán ar Eurojust agus ar Oifig Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta as a gcuid oibre chun cabhrú leis an tsochaí shibhialta coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna a dhoiciméadú.

Is bliain thábhachtach í an bhliain atá le teacht don daonlathas san Eoraip agus ar fud an domhain. Ní hamháin go mbeidh tionchar ag na roghanna a dhéanfaidh daoine ag an mbosca ballóide ar an mbeartas poiblí ach ar fheidhmiú an daonlathais féin, lena n-áirítear an córas srianta agus ceartúchán lena gcosnaítear cearta bunúsacha agus cuntasacht rialtais. Beidh ar riaracháin phoiblí ar fud an domhain dul i ngleic leis an teannas bunúsach idir a neamhspleáchas agus éilimh an rialtais, agus leas an phobail á úsáid acu mar threoir. Níl aon difríocht ann maidir le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh agus is cuid de ról an Ombudsman Eorpaigh é gníomhú mar threoir dóibh. Mar a léiríodh i nGradam na bliana seo caite um Dhea-Riarachán, tá an t-ádh ar an Aontas Eorpach caidre a bheith aige d’oifigigh a bhíonn ag obair go dian, a bhíonn dírithe ar an bpobal agus a mbíonn dearcadh neamhspleách acu. Táim ag tnúth le leanúint de bheith ag obair leo chun a léiriú conas is féidir le dea-riarachán poiblí cabhrú leis an daonlathas agus cearta bunúsacha a chosaint.

Síniú Emily O’Reilly

Emily O’Reilly

2. Sracfhéachaint ar 2023

3. Príomhthopaicí

Cabhraíonn an tOmbudsman le daoine, le gnólachtaí agus le heagraíochtaí a bhfuil fadhbanna acu le riarachán AE. Áirítear leis sin easpa trédhearcachta sa phróiseas cinnteoireachta, moilleanna nó diúltú maidir le rochtain ar dhoiciméid a thabhairt, sáruithe ar chearta bunúsacha agus saincheisteanna conarthacha. Tugtar léargas sna codanna seo a leanas ar na príomhchásanna a bhaineann le réimsí áirithe.

3.1. Rochtain ar dhoiciméid

Tá cearta ginearálta ag saoránaigh an AE rochtain a fháil ar dhoiciméid atá i seilbh riarachán an AE. Má bhíonn deacrachtaí acu rochtain a fháil ar na doiciméid sin, is féidir leo dul i dteagmháil leis an Ombudsman chun cabhair a fháil.

Tar éis fiosrúchán féintionscnaimh a dhéanamh, d’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún Eorpach déileáil go práinneach le moilleanna sistéamacha maidir leis an gcaoi a ndéileálann sé le hiarratais ar rochtain ar dhoiciméid, agus thug sí dá haire go bhfuil gá le hathmhachnamh bunúsach chun a áirithiú go gcloíonn sé le spriocdhátaí atá leagtha amach sa dlí AE maidir le rochtain phoiblí (Rialachán 1049/2001). Léiríodh i bhfiosrúchán an Ombudsman go gcailleann an Coimisiún na spriocdhátaí atá leagtha amach sa dlí i 85% de na cásanna ina n-iarrann daoine aonair athbhreithniú ar chinneadh maidir le rochtain, ar a dtugtar iarratas deimhniúcháin. I mí Mheán Fómhair, sheol an tOmbudsman tuarascáil speisialta chuig Parlaimint na hEorpa, ag iarraidh ar an institiúid tacaíocht fhoirmiúil a thabhairt don Choimisiún chun gníomhú ar a moladh. Phléigh sí an tuarascáil le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) sa Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile i mí na Samhna.

Chomh maith leis sin, d’oscail an tOmbudsman fiosrúchán féintionscnaimh maidir leis an gcaoi a ndéileálann an Coimisiún, an Pharlaimint, agus Comhairle an Aontais Eorpaigh le hiarratais ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid reachtacha. Tugadh le fios i bhfiosrúcháin an Ombudsman roimhe seo nach bhfuil na trí institiúid ag cloí go hiomlán le dlí AE agus, go háirithe, le cásdlí, i ndáil leis na hiarratais sin ar rochtain.

Tar éis fiosrúcháin, d’iarr an tOmbudsman ar an gComhairle rochtain iomlán a thabhairt don phobal ar thuairim a seirbhíse dlí maidir le dlí um pá íosta atá beartaithe, ag áitiú go n-éascófaí go mór rannpháirtíocht an phobail i bpróiseas reachtach an AE dá mbeadh níos mó trédhearcachta ann agus caibidlíocht ar an dréacht-dlí ar siúl. Thug an Chomhairle rochtain ar an doiciméad a iarradh ar mholadh ón Ombudsman. Cháin an tOmbudsman freisin freagra diúltach an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí (BECS) ar iarratais rochtana poiblí iomadúla ar dhoiciméid ullmhúcháin a bhaineann le haistrithe idirnáisiúnta sonraí. Mar fhreagra ar mholadh ón Ombudsman, thug BECS rochtain níos leithne ar na doiciméid a iarradh.

Lean an cheist faoina bhfuil i gceist le doiciméad AE de bheith ina saincheist in 2023. Cháin an tOmbudsman mainneachtain tosaigh an Choimisiúin ríomhphoist shonracha a chur san áireamh i raon feidhme iarratais rochtana maidir le malartuithe ar dhréachtstraitéisí AE um ithir, foraoisí agus oiriúnú don athrú aeráide. Le linn fhiosrúchán an Ombudsman, d’aontaigh an Coimisiún na ríomhphoist atá i gceist a chlárú agus scrúdú a dhéanamh ar cé acu an bhféadfaí iad a eisiúint nó nach bhféadfaí.

I bhfiosrúchán a bhain leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), tháinig an tOmbudsman ar an gconclúid nach bhféadfaí a mheas gur dea-riarachán é a chleachtas maidir le rochtain áirithe ar iarratais ar dhoiciméid a chur go huathoibríoch i scuaine croineolaíoch, beag beann ar cibé an mbeadh ualach riaracháin iomarcach i gceist lena láimhseáil. Ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta á ndéanamh ag EMA cheana féin chun deireadh a chur leis an scuaine sin de réir a chéile, d’iarr an tOmbudsman ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt di maidir lena dul chun cinn.

Rinne an tOmbudsman moltaí don Bhanc Eorpach Infheistíochta (BEI) freisin maidir leis an gcaoi a ndéileálann sé le hiarratais ar rochtain ar dhoiciméid. Go háirithe, d’iarr sí ar BEI measúnú a dhéanamh ar iarratais ar rochtain ar a bhfiúntas féin agus gan i bhfianaise an bhfuil sé beartaithe aige cheana féin na doiciméid ábhartha a fhoilsiú níos déanaí agus míniú níos fearr a thabhairt ar conas go díreach a d’fhéadfadh nochtadh an bonn a bhaint de leasanna a chosnaítear le rialacha trédhearcachta agus rochtain á diúltú aige. Tháinig moltaí an Ombudsman tar éis fiosrúcháin maidir leis an gcaoi ar dhéileáil an Banc le hiarratas ar rochtain ar achoimre ar thionscadal atá á mhaoiniú aige maidir le líonra dáileacháin leictreachais sa Pholainn a nuachóiriú. Mar fhreagra air sin, dúirt BEI go gcinnteodh sé go dtabharfadh sé aghaidh ar iarratais ar rochtain i gcomhréir le moltaí an Ombudsman.

I bhfiosrúchán a bhain le cinnteoireacht chomhshaoil, cháin an tOmbudsman diúltú an Choimisiúin rochtain a thabhairt ar dhoiciméid a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an tionscail cheirmeacha a tuairiscíodh faoi chóras trádála astaíochtaí AE (EU ETS). D’easaontaigh an tOmbudsman le réasúnaíocht an Choimisiúin nach raibh níos mó faisnéise ar astaíochtaí isteach sa chomhshaol sna doiciméid a iarradh ná mar a bhí ar fáil go poiblí cheana féin chomh maith le measúnú an Choimisiúin nach raibh aon leas sáraitheach ag an bpobal i nochtadh na ndoiciméad. Chuir sí in iúl don Choimisiún go bhfuil sí ag smaoineamh ar fhiosrúchán níos leithne a dhéanamh maidir leis an gcaoi a léirmhíníonn sé raon feidhme na faisnéise comhshaoil agus na faisnéise a bhaineann le hastaíochtaí isteach sa chomhshaol.

3.2. Cearta bunúsacha

Tar éis na céadta duine a bheith báite amach ó chósta na Gréige ar an 14 Meitheamh, d’oscail an tOmbudsman fiosrúchán féintionscnaimh ar ról na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) maidir le misin chuardaigh agus tarrthála. D’iarr an tOmbudsman cead iniúchadh a dhéanamh ar réimse leathan doiciméad a bhaineann le freagrachtaí Frontex sa réimse seo, lena n-áirítear an tuarascáil fhoirmiúil ar an teagmhas atá i gceist (Tuarascáil ar Theagmhas Tromchúiseach) chomh maith le tuarascálacha ar theagmhais eile a tharla le déanaí ina bhfuair cuid mhór daoine bás sa Mheánmhuir. Ina dhiaidh sin, bhuail foireann fiosrúcháin an Ombudsman le hionadaithe Frontex i Vársá chun cuid den fhaisnéis a cuireadh ar fáil a shoiléiriú. D’iarr an tOmbudsman freisin ar Frontex doiciméid bhreise a chur ar fáil lena n-iniúchadh.

I dtionscnamh eile a bhain le ról institiúidí an AE maidir le cearta bunúsacha a chaomhnú i ngníomhaíochtaí bainistithe teorann, d’iarr an tOmbudsman tuilleadh faisnéise faoin Meabhrán Tuisceana (MT) a síníodh i mí Iúil idir an tAontas Eorpach agus an Túinéis. Go sonrach, d’fhiafraigh an tOmbudsman den Choimisiún Eorpach cén chaoi a bhfuil sé beartaithe aige a áirithiú go n-urramófar cearta an duine i ngníomhaíochtaí a bhaineann le himirce a eascraíonn as an gcomhaontú, lena gcuirtear EUR 105 milliún de mhaoiniú AE ar fáil don Túinéis i ndáil le bainistiú teorainneacha. D’fhiafraigh an tOmbudsman den Choimisiún an ndearna sé measúnú tionchair ar chearta an duine sular síníodh an MT agus an bhfuil sé beartaithe aige athbhreithnithe tréimhsiúla a dhéanamh agus an comhaontú á chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, d’fhiafraigh sí den Choimisiún critéir a shainiú chun cistiú a chur ar fionraí i gcás nach n-urramaítear cearta an duine. I bhfiosrúchán ar leith, d’fhiafraigh an tOmbudsman den Choimisiún conas a áirithíonn sé nach gcuireann cistí AE a thugtar don Ghréig le haghaidh bainistiú teorainneacha le sáruithe ar chearta bunúsacha.

Tar éis fiosrúcháin a bhain le comhoibríocht Frontex sa Spáinn, d’iarr an tOmbudsman ar an nGníomhaireacht níos mó a dhéanamh chun a áirithiú go n-urramaítear cearta bunúsacha na n-imirceach neamhrialta le linn agallamh faisnéise – ar agallaimh iad ina mbailítear faisnéis maidir le hanailís riosca agus sainaithint amhrastach coireachta trasteorann. Mhol sí go ndéanfadh Frontex toiliú na n-agallaithe a thaifeadadh chomh maith lena áirithiú go bhfaigheann siad faisnéis faoina gcearta agus faoina rochtain ar shásra um ghearáin neamhspleácha. Mhol an tOmbudsman freisin go n-áiteodh Frontex go n-áireofaí rochtain ar chúnamh dlíthiúil d’imircigh sna pleananna oibríochtúla d’aon oibríocht chomhbhainistíochta teorann i mBallstát. Ghlac Frontex le formhór mholtaí an Ombudsman.

D’fháiltigh an tOmbudsman roimh chinneadh an Choimisiúin oibriú le húdaráis áitiúla chun measúnú tionchair um chearta bunúsacha a dhréachtú ar shaoráidí bainistíochta imirce arna maoiniú ag an AE sa Ghréig (Ionaid Ilchuspóireacha Glactha agus Aitheantais), chun an measúnú seo a chur ar fáil don phobal, agus chun athbhreithniú a dhéanamh air go tráthrialta. Leanann tiomantas an Choimisiúin do na gníomhartha seo moltaí a rinne an tOmbudsman i bhfiosrúchán maidir leis an gcaoi a n-áirithíonn an Coimisiún go n-urramaítear cearta bunúsacha sna saoráidí seo.

Tar éis fiosrúcháin ar conas a dhéanann an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) measúnú ar rioscaí maidir le cearta an duine sula dtugann sí tacaíocht do thíortha nach bhfuil san AE chun cumais faireachais a fhorbairt, rinne an tOmbudsman roinnt moltaí chun feabhas a chur ar Threoirlínte SEGS maidir le Cearta an Duine. Áirítear orthu sin tuilleadh faisnéise a chur ar fáil maidir leis an bpróiseas sainaitheanta riosca, ina sonraítear gur cheart measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag gníomhaíocht ar chearta an duine le linn gach céime den ghníomhaíocht sin, agus lena n-áirítear forálacha cosanta sonraí maidir le seisiúin chomhroinnte faisnéise le heagraíochtaí áitiúla um chearta an duine. I bhfiosrúchán eile a bhain le cúnamh do thíortha neamh-AE chun cumais faireachais a fhorbairt, mhol an tOmbudsman do Frontex an nós imeachta a úsáideann sé chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar chearta an duine a thabhairt cothrom le dáta agus feabhas a chur ar an gcaoi a gcuirtear an nós imeachta sin i bhfeidhm.

3.3. Ceisteanna eiticiúla

Tar éis líomhaintí ag deireadh 2022 gur íoc tíortha nach Ballstáit den Aontas iad as tionchar a imirt i bParlaimint na hEorpa, bhí sraith malartuithe ag an Ombudsman leis an bParlaimint maidir lena pleananna chun a rialacha eitice a athchóiriú. I mí na Nollag, d’fháiltigh an tOmbudsman roimh na feabhsuithe a rinne an Pharlaimint ar a creat eitice, amhail sainmhíniú níos mionsonraithe ar choinbhleachtaí leasa agus an oibleagáid atá ar FPEnna cruinnithe arna n-eagrú le brústocairí cláraithe agus le hionadaithe taidhleoireachta tíortha neamh-AE a fhoilsiú, ach dúirt sí go raibh ábhair imní ann fós maidir leis an gcaoi a ndéanfar na rialacha a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. D’áitigh sí ar an bParlaimint a áirithiú go bhfuil na hacmhainní agus na socruithe is gá i bhfeidhm aici chun faireachán cuí a dhéanamh ar na rialacha nua agus iad a fhorfheidhmiú.

Nuair a fuarthas amach gur íoc Catar agus eagraíochtaí gar dó as turais ghnó a rinne Ard-Stiúrthóir de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, d’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún faisnéis a thabhairt di maidir leis na costais taistil a d’íoc tríú páirtithe as ó 2021 i leith. Tar éis di scrúdú a dhéanamh ar na staitisticí a cuireadh ar fáil, d’fhógair sí go raibh sé beartaithe aici fiosrúchán a oscailt chun measúnú a dhéanamh ar na turais atá i gceist agus chun a shainaithint cibé acu ar ghlac an Coimisiún bearta iomchuí chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann sna cásanna sin a mhaolú. D’áitigh sí ar an gCoimisiún freisin achoimre ar a laghad ar an bhfaisnéis a roinn sé léi cheana féin a chur ar fáil don phobal maidir leis an ábhar sin.

In 2023, d’fhéach an tOmbudsman ar rioscaí coinbhleachtaí leasa i réimsí amhail an Ciste Eorpach Cosanta (EDF). Chuir sí tús le fiosrúchán maidir leis an gcaoi a n-áirithíonn an Coimisiún nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann i measc saineolaithe seachtracha a dhéanann meastóireacht ar thograí tionscadail EDF mar, i gcodarsnacht leis an gcleachtas ginearálta maidir le meastóireacht a dhéanamh ar thograí a bhfuil sé beartaithe ina leith maoiniú ón AE a fháil, ní cheanglaítear ar an gCoimisiún ainmneacha na saineolaithe a dtéann sé i gcomhairle leo le haghaidh na dtionscadal sin a chur ar fáil don phobal.

D’iarr an tOmbudsman freisin ar an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) feabhas a chur ar a rialacha maidir le coinbhleacht leasa tar éis dá leas-uachtarán a aistriú chun bheith ina POF ar bhanc náisiúnta spreagtha san Iodáil. Ghlac an leas-uachtarán páirt i bhformheas comhaontuithe maoinithe idir BEI agus an banc náisiúnta spreagtha sna seachtainí sular ceapadh é mar POF ag an mbanc sin. Mhol an tOmbudsman go neartódh BEI ról maoirseachta a choiste eitice agus comhlíonta maidir leis na poist nua atá beartaithe do chomhaltaí an choiste bainistíochta. Mar fhreagra air sin, dúirt an BEI gur chuir sé tograí an Ombudsman in iúl dá choiste eitice agus comhlíonta. Dúirt sé freisin go gcuireann an coiste in iúl do chomhaltaí an choiste bainistíochta atá ag dul as oifig nach féidir lena gconarthaí nua cosc a chur orthu tuairisciú ar ais ar aon choinbhleachtaí leasa a thagann chun cinn le linn a ‘tréimhse suaimhnithe’ iarseirbhíse.

Mar chuid dá hanailís i gcás a bhaineann le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann agus conradh á bhronnadh ag an gCoimisiún ar staidéar ar bheartas AE maidir le cumaisc ghnó ar chomhairleoireacht dlí iomaíochta, rinne an tOmbudsman measúnú dearfach ar athruithe a rinne an Coimisiún le déanaí ar a threoir inmheánach maidir le soláthar poiblí. Dúirt sí go bhféadfadh an treoir nua an chaoi a ndéileálann an institiúid le coinbhleachtaí leasa gairmiúla a d’fhéadfadh a bheith ann i dtairiscintí a neartú, ach gur gá í a chur i bhfeidhm go dícheallach. Chuir an Coimisiún deireadh leis an gconradh a bhí i gceist le linn fhiosrúchán an Ombudsman.

3.4. Cuntasacht i gcinnteoireacht

Rinne an tOmbudsman sraith moltaí don Choimisiún Eorpach chun cabhrú leis níos mó trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) os cionn EUR 700 billiún atá ceaptha chun cabhrú le geilleagar an AE téarnamh ó phaindéim COVID-19 agus ó éifeachtaí socheacnamaíocha ionradh na Rúise ar an Úcráin. I measc na moltaí a rinne sí tá iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de réamh-mheasúnuithe ar iarrataí íocaíochta na mBallstát a fhoilsiú, feabhas a chur ar an gcaoi a láimhseálann sé rochtain ar iarrataí ar dhoiciméid a bhaineann leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus a áirithiú i ndáil leis na Ballstáit nach bhfuil tairseacha poiblí curtha ar bun acu go fóill ina bhfuil sonraí maidir le mórfhaighteoirí cistiúcháin iad a chur ar bun. Mhol sí freisin don Choimisiún na Ballstáit a spreagadh chun tairbhithe uile RRF a fhoilsiú ar na tairseacha poiblí sin.

Ós rud é gur chomhaontaigh an AE sraith dlíthe le blianta beaga anuas a bhí dírithe ar an gcomhshaol a chosaint agus ar athrú aeráide a chomhrac, tá trédhearcacht na cinnteoireachta sa réimse sin mar fhócas ag go leor fiosrúchán a rinne an tOmbudsman le déanaí. I mbliana, d’fhoilsigh an tOmbudsman forbhreathnú ar thorthaí a comhairliúcháin phoiblí ar thrédhearcacht agus rannpháirtíocht i gcinnteoireacht AE a bhaineann leis an gcomhshaol. D’aithin freagróirí saincheisteanna a fhágann go bhfuil sé deacair dóibh próisis chinnteoireachta a leanúint nó rannchuidiú leo, lena n-áirítear foilsiú déanach faisnéise, easpa trédhearcachta maidir le brústocaireacht, agus deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi phlé ar dhréachtreachtaíocht. Maidir le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i gceapadh beartas, mhol na freagróirí gur cheart don Choimisiún réamhsheasaimh a roinnt maidir le beartais agus reachtaíocht, agus d’iarr siad go mbeadh níos mó trédhearcachta ann maidir le cé a ghlacann páirt i gcomhairliúcháin phoiblí.

Tar éis na dtorthaí, sheol an tOmbudsman fiosrúchán féintionscnaimh ar conas a bhainistíonn an Coimisiún rioscaí a bhaineann le ceimiceáin chontúirteacha. Is é is aidhm don fhiosrúchán scrúdú a dhéanamh ar mhoilleanna maidir le srianta a thabhairt isteach chun na rioscaí a bhaineann le ceimiceáin shonracha a mhaolú, ar mhoilleanna maidir le ceimiceáin a chur ar an liosta substaintí ina bhfuil a n-úsáid faoi réir údaraithe roimh ré, agus ar mhoilleanna maidir le húdaruithe aonair agus coinníollacha le haghaidh údaruithe a chinneadh. Mar chuid den fhiosrúchán, tá an tOmbudsman ag féachaint ar rogha comhad samplach chun cúiseanna na moilleanna a chinneadh chomh maith le trédhearcacht maidir leis an bpróiseas.

Maidir le cinnteoireacht a bhaineann leis an tsláinte phoiblí, mhol an tOmbudsman don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) réamhphleananna a chomhroinnt a luaithe is féidir chun sonraí trialach cliniciúla a fhoilsiú a bhaineann le nósanna imeachta meastóireachta agus a beartas trédhearcachta réamhghníomhach curtha ar fionraí idir 2018 agus 2023. Chomh maith leis sin, d’aithin an tOmbudsman roinnt ábhar imní trédhearcachta in idirghníomhaíochtaí an Choimisiúin leis an tionscal tobac. I dtorthaí fiosrúcháin, cháin sí mainneachtain an Choimisiúin sonraí a fhoilsiú go réamhghníomhach maidir le gach cruinniú dá chuid le brústocairí tobac chomh maith lena mhainneachtain miontuairiscí na gcruinnithe sin go léir a choinneáil. Ag an am céanna, d’fháiltigh an tOmbudsman roimh thiomantas an Choimisiúin measúnú breise a dhéanamh ar nochtadh a ranna do bhrústocaireacht ag an tionscal tobac. Cuirfidh sí faisnéis ar fáil don Choimisiún ar cheart dó í a chur in iúl don fhoireann shinsearach chun a áirithiú go mbeidh an measúnú sin críochnúil agus d’iarr sí ar an gCoimisiún tuairisc a thabhairt di maidir le toradh an mheasúnaithe.

Mar thoradh ar ábhair imní maidir le cuntasacht a d’ardaigh eagraíocht sochaí sibhialta, d’oscail an tOmbudsman fiosrúchán ar chinneadh an Choimisiúin srian a chur le foilsiú sonraí teagmhála in eolaire foirne ar líne ‘Whoiswho’ an AE do bhainisteoirí. Roimhe sin, bhí sonraí teagmhála na n-oifigeach um beartais ar fáil freisin ar Whoiswho.

3.5. Saincheisteanna pearsanra

Rinne an tOmbudsman fiosrúchán ar conas a rinne an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) trialacha réamhroghnúcháin mar chuid de nós imeachta chun baill foirne nua a earcú isteach i státseirbhís an AE. Lean an fiosrúchán roinnt gearán faoi na trialacha, go háirithe i ndáil leis an gceanglas go ndéanfaí iad go cianda. amháin Luaigh iarrthóirí saincheisteanna teicniúla le linn na dtrialacha agus fadhbanna a bhain le cúnamh a fháil ó EPSO agus óna chonraitheoir. Rinne an tOmbudsman roinnt moltaí maidir le feabhas a chur ar EPSO, amhail iarraidh air measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ciantrialacha ar chomhionannas deiseanna, a áirithiú nach gcuireann riachtanais theicniúla iarrthóirí áirithe faoi mhíbhuntáiste, agus a áirithiú go bhfuil rochtain ag iarrthóirí ar threoracha maidir le conas fabhtcheartú a dhéanamh le linn scrúdaithe agus conas gearán a dhéanamh.

Chuir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) feabhas ar nós imeachta roghnúcháin do shaineolaithe seachtracha tar éis don Ombudsman fiosrúchán a dhéanamh ar an gcaoi ar dhéileáil an Ghníomhaireacht le hiarratas amháin ar leith. Le linn an fhiosrúcháin, d’athraigh EUAA gnéithe nóis imeachta agus eagrúcháin an phróisis roghnúcháin a raibh an chuma orthu go raibh fadhbanna ag baint leo. D’fháiltigh an tOmbudsman roimh na hathruithe.

3.6. Deontais agus conarthaí

Chuaigh ENR i dteagmháil leis an Ombudsman tar éis don Choimisiún Eorpach a iarraidh costais a aisghabháil tar éis iniúchadh a bheith déanta ar thionscadal arna mhaoiniú ag an AE maidir le hathshlánú íospartach na céastóireachta. D’eisigh an Coimisiún fógra dochair chuig an ENR toisc gurbh í comhordaitheoir an tionscadail í. Mar sin féin, bhí formhór na gcostas a measadh a bheith neamh-incháilithe inchurtha i leith ceann de na comhpháirtithe tionscadail. Tar éis idirghabháil an Ombudsman, chuir an Coimisiún an t-ordú aisghabhála ar ceal, arbh ionann é agus beagnach EUR 28 000, agus dúirt sé go n-eiseodh sé ordú aisghabhála nua don chomhpháirtí tionscadail atá freagrach. D’fháiltigh an tOmbudsman roimh chinneadh an Choimisiúin.

Tar éis do Pharlaimint na hEorpa rochtain ar a háitribh a dhiúltú do leanbh oibrí atá ar conradh seachtrach agus a bhí ag iarraidh beathú cíche a thabhairt, chuaigh athair an linbh i dteagmháil leis an Ombudsman. Thug an gearánach dá aire go dtugann an Pharlaimint rochtain do leanaí a cuid ball foirne féin. Chinn an tOmbudsman go raibh an riail díréireach agus go raibh sí ag teacht salach ar phrionsabal na córa comhionainne. D’aontaigh an Pharlaimint cead a thabhairt don oibrí a leanbh a thabhairt isteach ina háitribh agus dúirt sí go n-athródh sí a cuid rialacha.

4. Gradam um Dhea-Riarachán

An tOmbudsman Eorpach le hionadaithe ón tionscadal rathúil sa Ghradam don Dea-Riarachán: Cristina Ribeiro ó Oifig Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus Matevz Pezdirc ó Eurojust
An tOmbudsman Eorpach le hionadaithe ón tionscadal rathúil sa Ghradam um Dhea-Riarachán: Cristina Ribeiro ó Oifig Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus Matevz Pezdirc ó Eurojust

Thug Gradam an Ombudsman um Dhea-Riarachán 2023 onóir don obair a rinne Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus Oifig Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta chun cabhrú le croíchoireanna idirnáisiúnta agus sáruithe ar chearta an duine a dhoiciméadú. Rinne an dá institiúid a n-iarrachtaí le chéile i ndáil le treoirlínte a chruthú chun cabhrú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta faisnéis a bhailiú agus a chaomhnú ar bhealach chun go mbeadh sí ina fianaise sa chúirt.

Fógraíodh na buaiteoirí foriomlána ag searmanas i Leabharlann Solvay sa Bhruiséil ar an 28 Meitheamh, searmanas a d’oscail an tOmbudsman Eorpach Emily O’Reilly agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola. Fógraíodh cúigear buaiteoirí catagóirí ar leith, buaiteoir vóta poiblí, agus buaiteoir gradam speisialta freisin.

Ag labhairt di faoi obair na mbuaiteoirí, dúirt an tOmbudsman, “tugtar ceartas d’íospartaigh as déantóirí coireanna cogaidh agus sáruithe ar chearta an duine a choinneáil freagrach agus d’fhéadfadh sé go mbeadh éifeacht dhíspreagthach ann i gcoinbhleachtaí amach anseo. Tá sé léirithe ag an stair cé chomh deacair is a bhíonn sé in amanna ionchúiseamh a dhéanamh ar choireanna den sórt sin, agus sin an fáth a bhfuil sé ríthábhachtach bealaí éifeachtacha a aimsiú chun fianaise a bhailiú agus a chaomhnú.”

Ainmníodh 57 tionscadal d’eagrán 2023 den ghradam débhliantúil, arb é is aidhm dó aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag seirbhísigh phoiblí an AE a raibh tionchar dearfach aici ar shaolta daoine san Eoraip agus níos faide i gcéin.

Le linn a hóráide, ghabh an tUachtarán Metsola buíochas leis an Ombudsman agus lena foireann as a gcuid oibre agus leag sí béim ar thiomantas pearsanta agus institiúideach O’Reilly d’ardchaighdeáin agus don tábhacht a bhaineann le tacú leis an daonlathas.
Le linn a hóráide, ghabh an tUachtarán Metsola buíochas leis an Ombudsman agus lena foireann as a gcuid oibre agus leag sí béim ar thiomantas pearsanta agus institiúideach O’Reilly d’ardchaighdeáin agus don tábhacht a bhaineann le tacú leis an daonlathas.

Rinne bord comhairleach neamhspleách measúnú ar na hainmniúcháin agus roghnaigh an tOmbudsman na buaiteoirí. Ba é sin an ceathrú leagan den ghradam, rud a thug an tOmbudsman isteach den chéad uair in 2017.

5. Gearáin agus fiosrúcháin: conas a chabhraímid leis an bpobal

Cabhraíonn an tOmbudsman Eorpach le daoine, gnólachtaí agus eagraíochtaí a bhfuil fadhbanna acu le riarachán an AE trí dhéileáil leis na gearáin a dhéanann siad, ach freisin trí iarracht a dhéanamh dea-chleachtas riaracháin a chur chun cinn trí shaincheisteanna sistéamacha níos leithne le hinstitiúidí an AE a shainaithint go réamhghníomhach.

Bíonn an tOmbudsman i gcónaí ag iarraidh nósanna imeachta inmheánacha a fheabhsú, d'fhonn a chinntiú go ndéileálann an Oifig le fiosrúcháin ar an mbealach is éifeachtaí agus is féidir agus d’fhonn a chinntiú go bhfuil an t-eispéireas is fearr ag gearánaigh. In 2023, rinne an tOmbudsman nósanna imeachta a shimpliú agus a shruthlíniú chun déileáil le gearáin as an sainordú agus le gearáin a bhaineann le riarachán AE maidir lena mhainneachtain freagra a thabhairt ar ríomhphoist agus ar litreacha. Cuireann na nósanna imeachta nua ar chumas Oifig an Ombudsman déileáil leis na gearáin seo ar bhealach níos éifeachtúla, rud a fheabhsaíonn eispéireas na ngearánach freisin.

De bharr feabhsuithe ar chóras um ghearán ar líne an Ombudsman, tá sé níos soláimhsithe don úsáideoir. Is fusa anois do ghearánaigh a gcuid gearán a chur isteach agus dul chun cinn a ngearán a leanúint.

Is fianaise é foireann éagsúil láimhseálaithe cásanna na hOifige, agus an suíomh gréasáin ilteangach, ar an ngealltanas atá tugtha ag an Ombudsman maidir le cumarsáid a dhéanamh leo siúd a bhfuil cúnamh á lorg acu i 24 teanga oifigiúil an AE.

Cé nach mbíonn an tOmbudsman in ann gach gearán a fhaightear a fhiosrú, déanann an Oifig iarracht cabhrú le gach duine a bhfuil cabhair á lorg acu, mar shampla trí chomhairle a sholáthar maidir le modhanna sásaimh eile.

5.1. Cineál agus foinse na ngearán

5.1.1. Forbhreathnú ar ghearáin agus ar fhiosrúcháin straitéiseacha

Ní fhéadfaidh an tOmbudsman fiosrúchán a oscailt ach amháin maidir le gearáin a thagann faoina sainordú agus a bhfuil na ‘critéir inghlacthachta’ is gá comhlíonta acu, amhail iarracht a bheith déanta roimhe sin an t-ábhar a réiteach go díreach leis an institiúid lena mbaineann.

Eascraíonn téamaí obair na hOifige ó shainordú an Ombudsman agus ó na gearáin a fhaightear, arb ionann iad agus ábhar fhormhór na gcásanna. Mar sin féin, i dteannta leis an bpríomhobair a chuireann an tOmbudsman i gcrích maidir le gearáin, cuireann an tOmbudsman fiosrúcháin agus tionscnaimh straitéiseacha níos leithne i gcrích maidir le saincheisteanna sistéamacha le hinstitiúidí AE.

Comhairle agus gearáin in 2023
Comhairle agus gearáin in 2023
Fiosrúcháin de chuid an Ombudsman Eorpaigh in 2023
Fiosrúcháin de chuid an Ombudsman Eorpaigh in 2023
Fiosrúcháin straitéiseacha in 2023
Fiosrúcháin straitéiseacha in 2023
Tionscnaimh straitéiseacha in 2023 (iarratais ar shoiléiriú, ní fiosrúcháin fhoirmiúla)
Tionscnaimh straitéiseacha in 2023 (iarratais ar shoiléiriú, ní fiosrúcháin fhoirmiúla)
Tionscnamh náisiúnta na ngearán cláraithe agus na bhfiosrúchán arna n-oscailt ag an Ombudsman Eorpach in 2023
Tionscnamh náisiúnta na ngearán cláraithe agus na bhfiosrúchán arna n-oscailt ag an Ombudsman Eorpach in 2023

5.1.2. Gearáin lasmuigh de shainordú an Ombudsman (OMCanna)

In 2023, rinne an tOmbudsman Eorpach breis is 1 500 gearán a phróiseáil nár bhain lena sainordú. I bhformhór na gcásanna, níor bhain na gearáin sin le hobair riarachán an AE. Is leis an Spáinn, leis an bPolainn agus leis an nGearmáin a bhain breis is 40% de na gearáin sin. B’ionann an Spáinn ina haonair agus 20%, agus b’ionann an dá thír eile agus 10% an ceann.

Den chuid is mó, chuaigh daoine i dteagmháil leis an Ombudsman le saincheisteanna maidir le cóir chomhionann nó idirdhealú, cásanna cúirte, cosaint tomhaltóirí, baincéireacht, agus trédhearcacht riaracháin. Bhain na gearáin sin as an sainordú den chuid is mó le fadhbanna le húdaráis phoiblí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, le rialtais agus le comhlachtaí seirbhíse poiblí, agus le cúirteanna náisiúnta nó idirnáisiúnta (amhail an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine). Ina theannta sin, dhírigh saoránaigh líon mór gearán ar eintitis phríobháideacha, lena n-áirítear bainc, gnólachtaí agus ardáin ar líne, agus institiúidí cúraim sláinte.

Fuair an tOmbudsman go leor gearán as an sainordú a bhain leis an ngéarchéim dhaonnúil san Úcráin agus in Gaza.

Cé go bhfuil laghdú tagtha ar líon iomlán na ngearán a bhaineann le paindéim COVID-19, bhí na bearta a chuir na húdaráis náisiúnta i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar leathadh an víris agus chun leathadh an víris a shrianadh fós ina bhfoinse shuntasach de ghearáin as sainordú in 2023.

Cé gur le hinstitiúidí AE a bhain gearáin eile nár bhain leis an sainordú, ba le hobair pholaitiúil nó reachtach a bhain siad sin.

D’fhreagair an tOmbudsman gach duine a bhí ag lorg cabhrach sa teanga ina ndearnadh an gearán nó ina rogha teanga. Sna freagraí sin, rinneadh sainordú an Ombudsman a shoiléiriú, agus, a mhéid ab fhéidir, moladh do ghearánaigh dul i muinín comhlachtaí eile a d’fhéadfadh cabhair a thabhairt dóibh. Cé gur institiúidí ombudsman náisiúnta agus réigiúnacha a bhí iontu den chuid is mó, threoraigh an tOmbudsman gearánaigh chuig institiúidí AE freisin (an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa den chuid is mó), agus líonraí, amhail SOLVIT agus na Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí.

I gcás go raibh gearánaigh míshásta le píosa sonrach reachtaíochta AE, mhol an tOmbudsman dóibh, go ginearálta, teagmháil a dhéanamh le Coiste um Achainíocha Pharlaimint na hEorpa. I gcás inar chuir daoine saincheisteanna in iúl maidir le cur chun feidhme dhlí AE, tharchuir an tOmbudsman iad chuig ombudsmain náisiúnta nó réigiúnacha nó chuig líonraí AE amhail Europe Direct.

Trí theimpléid chuíchóirithe a úsáid chun gearáin as an sainordú a láimhseáil, rudaí a tugadh isteach den chéad uair in 2022, cuireadh ar chumas fhoireann an Ombudsman freagra a thabhairt ar na gearáin sin i bhfad níos tapúla in 2023 ná sna blianta roimhe sin.

Líon na ngearán 2019-2023
Líon na ngearán 2019-2023

5.2. I gcoinne cé?

Bhain na fiosrúcháin a rinne an tOmbudsman Eorpach in 2023 leis na hinstitiúidí seo a leanas
Bhain na fiosrúcháin a rinne an tOmbudsman Eorpach in 2023 leis na hinstitiúidí seo a leanas

5.3. Céard faoi?

Ábhar na bhfiosrúchán tugtha chun críche ag an Ombudsman Eorpach in 2023
Ábhar na bhfiosrúchán tugtha chun críche ag an Ombudsman Eorpach in 2023

5.4. Torthaí a baineadh amach

Gníomhaíocht déanta ag an Ombudsman Eorpach maidir le gearáin nua ar déileáladh leo in 2023
Gníomhaíocht déanta ag an Ombudsman Eorpach maidir le gearáin nua ar déileáladh leo in 2023
Athrú ar líon na bhfiosrúchán gearánbhunaithe agus ar líon na bhfiosrúchán féintionscnaimh ag an Ombudsman Eorpach
Athrú ar líon na bhfiosrúchán gearánbhunaithe agus ar líon na bhfiosrúchán féintionscnaimh ag an Ombudsman Eorpach
Torthaí na bhfiosrúchán tugtha chun críche ag an Ombudsman Eorpach in 2023
Torthaí na bhfiosrúchán tugtha chun críche ag an Ombudsman Eorpach in 2023
Fad na bhfiosrúchán dúnta ag an Ombudsman Eorpach
Fad na bhfiosrúchán dúnta ag an Ombudsman Eorpach

5.5. Tionchar agus éachtaí

Ceann de spriocanna uileghabhálacha an Ombudsman Eorpaigh é feabhsuithe inbhraite a áirithiú do ghearánaigh agus don phobal i riarachán an AE. Déanann an tOmbudsman é sin trí thograí a dhéanamh i bhfoirm réiteach, moltaí agus tuairimí. Chomh maith leis sin, is féidir leis an Ombudsman feabhas a chur chun cinn trí thionscnaimh straitéiseacha, nach ionann iad agus fiosrúcháin fhoirmiúla. Lena chois sin, féadfaidh sí a mholadh d’institiúid ceist a réiteach fiú sula ndéantar togra nó moladh réitigh fhoirmiúil.

5.5.1. An ráta glactha

Is éard atá i gceist leis an ráta glactha céatadán na bhfreagraí dearfacha ar an líon iomlán tograí (réitigh, moltaí agus tuairimí) a rinne an tOmbudsman. Ós rud é go dtugann an tOmbudsman suas le sé mhí d’institiúidí chun obair leantach a dhéanamh ar mholtaí a rinneadh ina cuid cinntí a raibh fiosrúcháin á ndúnadh dá mbarr, áirítear sa ráta glactha le haghaidh 2023 cásanna a dúnadh in 2022.

In 2022, chomhoibrigh institiúidí an AE ar bhonn sásúil leis an Ombudsman in 81% de na cásanna. As na 83 moladh a rinne an tOmbudsman chun a gcleachtais riaracháin a cheartú nó a fheabhsú, d’fhreagair institiúidí an AE go dearfach do 67 díobh.

An ráta glactha
An ráta glactha

5.5.2. Tionchar níos leithne

Gabhann an ráta glactha freagairtí ó na hinstitiúidí ar thograí ag pointe ama ar leith, ach ní ghabhann sé go hiomlán tionchar fadtéarmach obair an Ombudsman.

Fiú má fhreagraíonn institiúidí go fabhrach do thuairimí nó do mholtaí an Ombudsman, is minic a bhíonn am ag teastáil uathu chun athruithe a chur i bhfeidhm ar a gcleachtais riaracháin. Mar shampla, d’aimsigh an tOmbudsman drochriarachán in 2022 i bhfiosrúchán maidir leis an gcaoi ar dhéileáil an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) le hiarratas ar rochtain phoiblí a bhain le togra chun srian a chur le luaidhe in armlón. Bhí freagra dearfach ó EFSA ar mholtaí an Ombudsman agus dúirt an ghníomhaireacht go n-athródh sé a rialacha agus a cleachtais. Mar thoradh air sin, rinne EFSA feabhsuithe in 2023 ar an gcaoi a láimhseálann sé rochtain ar dhoiciméid. Mar shampla, d’fhoilsigh sé treoirdhoiciméad chun cabhrú leo siúd ar mian leo iarratais ar rochtain a chur isteach, d’athraigh sé rialacha inmheánacha chun cabhrú leis an méid ama a thógann sé chun iarratais a phróiseáil a ghiorrú, agus chuir sé tús le huirlis TF nua a chur ar fáil ar bhonn píolótach chun iarratais a láimhseáil ar bhealach níos éifeachtúla agus chun spriocdhátaí a chomhlíonadh.

I bhfiosrúchán eile ó 2022, chinn an tOmbudsman gur drochriarachán a bhí sa bhealach inar chuir an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) saineolaí seachtrach ar an eolas go raibh sí ag foirceannadh a chonartha. An bhliain dár gcionn, chuir SEGS in iúl don Ombudsman go n-eagródh sé seisiúin ardaithe feasachta chun feabhas a chur ar a chaidreamh oibre le saineolaithe seachtracha a fhostaítear trí chonraitheoir.

6. Cumarsáide agus comhar

6.1. Cumarsáid

Tá ról tábhachtach ag an gcumarsáid maidir le ról agus obair an Ombudsman a chur chun cinn don spriocphobal is leithne is féidir, maidir le nuashonruithe tábhachtacha a chomhroinnt le páirtithe leasmhara agus le riarachán AE, agus maidir le feasacht a ardú faoi ábhair amhail trédhearcacht, eitic agus cuntasacht.

Le linn 2023, rinneadh rochtain níos éasca ar phríomhdhoiciméid fiosrúcháin trí rannóg dhinimiciúil a chur isteach ar leathanach baile an tsuímh gréasáin ina dtaispeántar nuashonruithe a rinneadh le déanaí. Rinneadh roinnt feabhsuithe ar nascleanúint an tsuímh gréasáin freisin chun aimsiú ábhar a dhéanamh níos simplí.

Chun cur le heolas an phobail ar thionchar fadtéarmach obair an Ombudsman, d’fhoilsigh an oifig scéal gréasáin inscrollaithe inar míníodh an obair a rinne an tOmbudsman i roinnt réimsí, agus an tionchar a bhí ag an obair sin ar riarachán AE. Thacaigh feachtas ar na meáin shóisialta leis an scéal gréasáin sin.

Íomhá chlúdaigh an scéil gréasáin inscrollaithe
Íomhá chlúdaigh an scéil gréasáin inscrollaithe

Ina theannta sin, foilsíodh ar an suíomh gréasáin sraith físeán inar cuireadh obair na hOifige i láthair agus inar míníodh príomhréimsí fiosrúcháin, an leathanach baile san áireamh, agus cuireadh chun cinn iad ar na meáin shóisialta.

Chuir an tOmbudsman obair na hOifige i láthair le linn a preasagallaimh bhliantúla, a tionóladh i mí Aibreáin. Ag an bpreasagallamh, chuir an tOmbudsman forléargas i láthair freisin ar na freagraí ar a comhairliúchán poiblí maidir le trédhearcacht agus rannpháirtíocht i gcinnteoireacht chomhshaoil an AE.

Preasagallamh bliantúil sa Bhruiséil
Preasagallamh bliantúil sa Bhruiséil

Chun an scéal a scaipeadh maidir le buaiteoirí an Ghradaim um Dhea-Riarachán agus chun comhroinnt smaointe maithe agus cleachtas maith a spreagadh, tar éis feachtas meán sóisialta faoin searmanas bronnta, bhí scéal gréasáin inscrollaithe ann inar cuireadh na tionscadail bhuaiteacha agus buaicphointí na hócáide i láthair.

Ghlac an tOmbudsman páirt sa Chruinniú Eorpach um an Óige (EYE2023) in Strasbourg i mí an Mheithimh. In aighneas leis na daoine a bhí i láthair, d’fhreagair sí ceisteanna faoi obair na hOifige agus faoin ról tábhachtach atá ag dea-riarachán maidir le daonlathas AE a chaomhnú.

Cruinniú Eorpach um an Óige 2023 in Strasbourg: an tOmbudsman agus baill dá foireann le linn an tseisiúin C&F
Cruinniú Eorpach um an Óige 2023 in Strasbourg: an tOmbudsman agus baill dá foireann le linn an tseisiúin C&F

Tar éis líomhaintí ag deireadh 2022 go raibh rialtais neamh-AE ag iarraidh tionchar a cheannach i bParlaimint na hEorpa, d’iarr an tOmbudsman ar chainteoirí ardleibhéil ó na príomhúdaráis mhaoirseachta agus ón gCoimisiún Eorpach agus ón bParlaimint plé a dhéanamh ar na bearnaí i struchtúr an chreata ionracais agus i gcomhlíonadh an chreata sin. Bhí an díospóireacht phainéil, a bhí ar siúl i mí an Mheithimh, dírithe freisin ar an togra chun comhlacht eitice nua a chruthú agus ar an ról a d’fhéadfadh a bheith aige maidir le sláine riarachán AE a fheabhsú tuilleadh.

Maidir le clúdach preasa ar obair an Ombudsman in 2023, tháinig méadú 35% ar líon iomlán na n-alt preasa i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, agus tháinig 56% den chlúdach ar fad ó thíortha AE.

In 2023, d’éirigh líon lucht leanúna an Ombudsman ar na meáin shóisialta ag dul i méid, agus bhí fás an-ard le feiceáil ar LinkedIn agus Instagram. Is tosca tábhachtacha iad gníomhaíocht mhéadaithe próifíle, chomh maith le líon méadaitheach úsáideoirí atá ag lorg ábhair a bhaineann leis an AE ar an dá ardán sin, a raibh tionchar acu ar an bhfeidhmíocht dhearfach. Tháinig fás 91% ar mhéid iomlán leantóirí (6 578 leantóirí nua i gcomparáid leis na 3 472 leantóirí a fuarthas in 2022) i gcuntas Instagram an Ombudsman. Ar LinkedIn, tháinig méadú 65% ar mhéid na leantóirí (+ 5 825 i gcomparáid leis na 2 990 leantóirí nua in 2022). Ar X, áit a bhfuil an spriocphobal is mó ag an Ombudsman as na cainéil meán sóisialta ar fad, bhí 36 188 leantóirí i mí na Nollag 2023, rud a bhí cothrom le méadú 5% (+ 1 757 daoine). Bhí feabhas láidir ar an ráta rannpháirtíochta freisin, chomh maith le méadú suntasach i luanna.

Lean an tOmbudsman agus baill foirne lena ngníomhaíochtaí for-rochtana trí agallaimh a dhéanamh leis an bpreas, trí fhreastal ar chomhdhálacha acadúla agus trí labhairt le grúpaí cuairteoirí.

6.2. Caidreamh le hinstitiúidí an AE

6.2.1. Parlaimint na hEorpa

Emily O’Reilly le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola
Emily O’Reilly le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola

Toghann Parlaimint na hEorpa an tOmbudsman Eorpach ag tús gach reachtais, rud a fhágann go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an gcaidreamh idir an dá institiúid.

In 2023, bhuail an tOmbudsman le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, chun tuarascáil bhliantúil na hOifige a thabhairt. Phléigh sí freisin na hathchóirithe sláine agus trédhearcachta a sheol an tUachtarán tar éis líomhaintí ag deireadh 2022 gur íoc tíortha nach Ballstáit den AE iad as tionchar sa Pharlaimint. Bhí na cruinnithe sin, chomh maith leis na cruinnithe rialta a bhí ag an Ombudsman agus ag a foireann le FPEnna ó ar fud an speictrim pholaitiúil, ríthábhachtach chun muinín agus comhar leanúnach a áirithiú. Chuir an tOmbudsman agus na baill foirne obair na hOifige i láthair freisin ag éisteachtaí coiste éagsúla agus ag malartuithe tuairimí, mar shampla ag an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (LIBE), ag an gCoiste um an Trasnaíocht Eachtrach agus um Bhréagaisnéis (ING2), ag an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (JURI), agus ag an bhFochoiste um Chearta an Duine (DROI).

I mí Mheán Fómhair, sheol an tOmbudsman tuarascáil speisialta chuig an bParlaimint ar mhoilleanna sistéamacha an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hiarratais ar rochtain ar dhoiciméid a láimhseáil. Ina dhiaidh sin, thionscain an Pharlaimint nós imeachta i gcoiste LIBE chun tacú le tuarascáil an Ombudsman. Táthar ag súil leis go mbeidh vóta iomlánach ar an rún ann go luath in 2024.

6.2.2. An Coiste um Achainíocha

Is é an Coiste um Achainíocha (PETI) an coiste parlaiminteach atá i gceannas ar an gcaidreamh leis an Ombudsman Eorpach toisc go n-oibríonn siad beirt chun a áirithiú go gcuirtear ábhair imní na saoránach san áireamh ar leibhéal AE. In 2023, lean siad de bheith ag comhoibriú i réimsí amhail cearta daoine faoi mhíchumas, agus faoi chuimsiú Líonra Eorpach na nOmbudsman (ENO), a bhfuil PETI ina bhall de.

Tháinig an tOmbudsman agus Cathaoirleach PETI Dolors Montserrat le chéile go rialta in 2023 agus bhí Ms Montserrat ina rannpháirtí painéil ag comhdháil bhliantúil Líonra Eorpach na nOmbudsman (ENO) le linn seisiúin a bhí dírithe ar thoghcháin AE agus ar thoghadh an Ombudsman Eorpaigh.

6.2.3. An Coimisiún Eorpach

Buaileann an tOmbudsman Eorpach agus stiúrthóirí Institiúid Idirnáisiúnta Ombudsman Reinier van Zutphen (Ombudsman na hÍsiltíre), Andreas Pottakis (Ombudsman na Gréige), agus Peter Svetina (Ombudsman na Slóivéine) le Leas-Uachtarán an Choimisiúin Margaritis Schinas i mí na Samhna sa Bhruiséil
Buaileann an tOmbudsman Eorpach agus stiúrthóirí Institiúid Idirnáisiúnta Ombudsman Reinier van Zutphen (Ombudsman na hÍsiltíre), Andreas Pottakis (Ombudsman na Gréige), agus Peter Svetina (Ombudsman na Slóivéine) le Leas-Uachtarán an Choimisiúin Margaritis Schinas i mí na Samhna sa Bhruiséil

Ó tharla gurb é an Coimisiún an institiúid AE is mó, a bhfuil tionchar suntasach aige ar shaolta na milliún daoine, ní haon chúis ionaidh é go mbaineann céatadán mór de na gearáin a chuirtear faoi bhráid an Ombudsman le hobair an Choimisiúin Eorpaigh. Bhí an caidreamh oibre leis an gCoimisiún an-chuiditheach i gcónaí in 2023 agus cruinnithe á dtionól ag an Ombudsman le roinnt Coimisinéirí. Ar leibhéal na foirne, bhí dlúth-theagmháil ann idir Oifig an Ombudsman agus an Coimisiún lena áirithiú go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na ngearánach ar bhealach chomh héifeachtach agus is fhéidir.

6.2.4. Institiúidí, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile

Tá an caidreamh le codanna difriúla de riarachán an AE lárnach i straitéis an Ombudsman ‘I dTreo 2024’. Is trí dhlúthchomhar, agus trí dhlúthchomhar amháin, is féidir tionchar dearfach marthanach a imirt ar an riarachán AE. I mí Feabhra, thionóil an tOmbudsman cruinniú le hUachtarán Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), leis an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach, agus le hArd-Stiúrthóir na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) mar ullmhúchán don chomhdháil a bhí á heagrú aici ‘Creat sláine AE níos láidre a thógáil’. Le linn na bliana, bhuail an tOmbudsman le hUachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus le Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex).

6.2.5. Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas

Is sínitheoir é an tAontas Eorpach le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UN CRPD), ionstraim cheangailteach idirnáisiúnta um chearta an duine chun ‘teachtadh iomlán agus cothrom chearta uile an duine agus saoirsí bunúsacha ag gach duine faoi mhíchumas a chur chun cinn, a chosaint agus a áirithiú, agus meas ar a ndínit bhunúsach a chur chun cinn’.

Déantar faireachán ar chomhlíonadh UN CRPD san AE le Creat an AE do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, a raibh an tOmbudsman Eorpach ina cathaoirleach air in 2022. Mar bhall den chreat seo, tugann an tOmbudsman aird ar leith ar an gcaoi a gcuireann riarachán an AE UN CRPD i bhfeidhm.

Dhéileáil an tOmbudsman le roinnt fiosrúchán in 2023 a bhain le cearta daoine faoi mhíchumas. I mí Feabhra, dhún an tOmbudsman a fiosrúchán faoin gcaoi a gcuireann an Coimisiún Eorpach an riail i bhfeidhm faoi Rialacháin Foirne an AE maidir le liúntas leanaí dúbailte a dheonú chun cabhrú le cúram leanaí faoi mhíchumas. Fuarthas amach san fhiosrúchán go bhfuil úsáid a bhaint as tairseacha maidir le méid an mhíchumais, lena n-eisiatar cásanna áirithe go huathoibríoch ó bhreithniú, ag teacht salach ar oibleagáidí riarachán AE faoi UN CRPD. D’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a chur chuige. Tá próiseas tionscanta ag an gCoimisiún ó shin chun go ndéanfaidh riarachán iomlán an AE athbhreithniú ar na rialacha is infheidhme chun a áirithiú go ndéanfar measúnú substainteach aonair ar gach iarratas ar an gcineál sin liúntais.

Chuir Oifig an Ombudsman a cuid oibre a bhaineann le cearta daoine faoi mhíchumas i láthair ag roinnt imeachtaí i rith na bliana, lena n-áirítear ag an gcúigiú Parlaimint Eorpach do Dhaoine faoi Mhíchumas.

6.3. Líonra Eorpach na nOmbudsman

Ceann de na painéil le linn chomhdháil Líonra Eorpach na nOmbudsman
Ceann de na painéil le linn chomhdháil Líonra Eorpach na nOmbudsman

Is líonra neamhfhoirmiúil é Líonra Eorpach an Ombudsman (ENO) arna chomhordú ag an Ombudsman Eorpach, ina bhfuil os cionn 95 oifig i 36 tír ar fud na hEorpa, chomh maith le Coiste um Achainíocha Pharlaimint na hEorpa.

Ba é an téama a bhí ag Comhdháil Bhliantúil ENO 2023, a tionóladh i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil, ná cearta an duine a chosaint. Sa chéad seisiún, díríodh ar an imirce agus na rannpháirtithe ag machnamh ar an gcaoi agus ar an bhfáth a dtagann imircigh chun na hEorpa agus ar an ról ríthábhachtach atá ag ombudsmain maidir le díobháil a nochtadh, cearta daoine a chosaint, agus údaráis riaracháin a choinneáil cuntasach. Sa dara seisiún, féachadh ar úsáid na hintleachta saorga i riaracháin phoiblí agus díríodh sa phlé ar na tairbhí a bhaineann leis an teicneolaíocht agus ar na míbhuntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann.

Tríd an nós imeachta um cheisteanna, is féidir le comhaltaí ENO ceisteanna a chur faoi dhlí an AE a thagann chun cinn le linn a gcuid fiosrúchán, agus freagraí saineolacha á bhfáil ag an Ombudsman Eorpach orthu ó institiúidí an AE. Ar na hábhair a pléadh in 2023 bhí an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte, srianta ar shaorghluaiseacht daoine idir Ballstáit AE, agus rialacha árachais an AE.

Ós rud é go bhféadfadh tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht AE a bheith ina gcomhaltaí den Líonra, tháinig Institiúid Ombudsman na Boisnia agus na Heirseagaivéine isteach in ENO in 2023.

Agus í ag leanúint dá cuairteanna rialta ar oifigí na n-ombudsman náisiúnta, thaistil an tOmbudsman Eorpach go Vársá i mí Mheán Fómhair, áit ar bhuail sí le Leas-Choimisinéir na Polainne um Chearta an Duine. Le linn di a bheith i bpríomhchathair na Polainne, thug sí cuairt ar cheanncheathrú na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex). Thug an tOmbudsman eochairóráid freisin ag Ollscoil Vársá ar ‘an tOmbudsman Eorpach in aois gheopholaitiúil: cearta an duine agus cuntasacht a chosaint.’

Gearánaigh ar mhol an tOmbudsman dóibh dul i dteagmháil le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile in 2023 agus gearáin a aistríodh
Gearánaigh ar mhol an tOmbudsman dóibh dul i dteagmháil le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile in 2023 agus gearáin a aistríodh

7. Acmhainní

7.1. An Buiséad

Cuid neamhspleách de bhuiséad an Aontais Eorpaigh is ea buiséad an Ombudsman. Tá sé roinnte bunaithe ar thrí theideal. Cumhdaíonn Teideal 1 tuarastail, liúntais, agus caiteachas eile a bhaineann leis an bhfoireann. Cumhdaíonn Teideal 2 foirgnimh, troscán, trealamh, agus caiteachas oibriúcháin ilghnéitheach. Cumhdaíonn Teideal 3 an caiteachas a eascraíonn as feidhmeanna ginearálta a chuireann an institiúid i gcrích. In 2023, b’ionann leithreasuithe buiséadaithe agus EUR 13 212 447.

D’fhonn bainistíocht éifeachtach acmhainní a áirithiú, déanann iniúchóir inmheánach an Ombudsman seiceáil rialta ar chórais um rialú inmheánach agus ar na hoibríochtaí airgeadais a chuireann an Oifig i gcrích. Mar is amhlaidh i gcás institiúidí eile, tá an tOmbudsman faoi réir athbhreithniú Chúirt Iniúchóirí na hEorpa freisin, nár shainaithin aon saincheisteanna sonracha i gcomhthéacs a cuid oibre seachtraí iniúchóireachta.

7.2. Úsáid acmhainní

Gach bliain, glacann an tOmbudsman le Plean Bainistíochta Bliantúil, ina sainaithnítear na gníomhartha sonracha a bhfuil an oifig ag súil lena nglacadh chun cuspóirí agus tosaíochtaí atá i straitéis cúig bliana an Ombudsman ‘I dTreo 2024’ a chomhlíonadh. Is é an Plean Bainistíochta Bliantúil 2023 an dara plean atá bunaithe ar an straitéis sin.

Tá foireann ardcháilithe ilteangach ag an Ombudsman. Áirithíonn sé sin gur féidir leis an Oifig déileáil le gearáin in 24 teanga oifigiúil an AE agus feasacht a ardú faoi obair an Ombudsman ar fud an AE. Tacaíonn beartas obair hibrideach na hOifige, atá dírithe ar thorthaí agus bunaithe ar mhuinín, le huaillmhian an Ombudsman timpeallacht oibre nua-aimseartha, dhigiteach agus sholúbtha a chur chun cinn.

In 2023, bhí 75 post luaite i bplean bunaíochta an Ombudsman. Ina theannta sin, bhí naonúr gníomhairí ar conradh ar an meán ag obair san Oifig. Fuair ocht n-oiliúnaí déag taithí oibre freisin in Oifig an Ombudsman i gcaitheamh na bliana.

Rinne an tOmbudsman suirbhé foirne in 2023, rud a léirigh leibhéil arda fhoriomlána sástachta agus rannpháirtíochta fostaithe.

Tá faisnéis mhionsonraithe faoi struchtúr Oifig an Ombudsman agus faoi chúraimí na n-aonad éagsúil ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman.

8. Conas dul i dteagmháil leis an Ombudsman Eorpach

Ar an teileafón

+33 (0)3 88 17 23 13

Trí ríomhphost

eo@ombudsman.europa.eu

Seoladh poist

Médiateur européen
1 avenue du Président Robert Schuman
CS 30403
F-67001 Strasbourg Cedex

Ar líne
Ár n-oifigí
Ár n-oifigí
Strasbourg
Seoladh do chuairteoirí

Bâtiment Václav Havel (HAV)
Allée Spach
F-67000 Strasbourg

An Bhruiséil
Seoladh do chuairteoirí

Bâtiment Froissart (FRS)
Rue Froissart 87
B-1000 Bruxelles


© An tAontas Eorpach, 2024

Gach grianghraf agus íomhá © An tAontas Eorpach.
Is ceadmhach iad a atáirgeadh chun críocha oideachais nó chun críocha neamhthráchtála, ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
Socraithe in FrutigerNext.

HTML ISBN 978-92-9483-383-9 ISSN 1725-3241 doi: 10.2869/456098 QK-AA-24-001-GA-Q