-
Misean
Is é an misean atá againn cabhrú le gearáin a réiteach agus a áirithiú go gcuireann riarachán an Aontais na caighdeáin is airde ionracais, trédhearcachta, cuntasachta agus freagrúlachta i bhfeidhm. Déanaimid é sin trí shaoránaigh agus a gcearta a chur i gcroílár ár ngníomhaíochtaí agus trí idirphlé cuiditheach a chothú le IBOAnna an Aontais, agus trí dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí ábhartha eile chomh maith.
-
Fís
A bheith aitheanta mar chosantóir iontaofa ar chearta agus ar na prionsabail atá mar bhonn d’fheidhmiú daonlathach an Aontais agus mar ghníomhaí um athrú dearfach a spreagadh.
-
Prionsabail agus luachanna
Feidhmíonn ár dtreoirphrionsabail agus ár luachanna mar bhunús don bhealach a ndéanaimid ár gcuid oibre agus a ndéanaimid caidreamh lenár bpáirtithe leasmhara.
An bhfuil gearán agat in aghaidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh?
- GA Gaeilge
Straitéis an Ombudsman Eorpaigh do shainordú 2025-2029
Doiciméad - Dáta Dé Luain | 10 Samhain 2025
Réamhrá
Déileálann an tOmbudsman Eorpach le gearáin agus déanann sí fiosrúcháin ar chásanna drochriaracháin líomhnaithe i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh (‘IBOAnna AE’ ina dhiaidh seo), cé is moite de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag gníomhú ina ról breithiúnach.
Cuireann an ról tábhachtach sin modh sásaimh ar fáil do dhaoine agus d’eagraíochtaí i gcásanna ina measann siad go bhfuil a ngearáin fós gan réiteach ag na hinstitiúidí lena mbaineann. Leis sin cuirtear ar chumas an Ombudsman freisin fiosrúcháin féintionscnaimh a dhéanamh agus dul i dteagmháil le IBOAnna AE agus le geallsealbhóirí eile d’fhonn réimsí le haghaidh feabhsúcháin a shainaithint go réamhghníomhach, agus d’fhonn aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sistéamacha. Agus an méid sin á dhéanamh aici, rannchuidíonn an tOmbudsman le dea-riarachán a áirithiú agus, ar an gcaoi sin, leis na caighdeáin dhaonlathacha agus na luachanna daonlathacha ar a bhfuil an tAontas bunaithe a neartú.
Ó bunaíodh an Oifig i 1995, tá an tOmbudsman tar éis déileáil le breis agus 68 000 gearán, agus tá beagnach 10 000 fiosrúchán curtha i gcrích aici.
Ag tógáil ar an taithí agus ar an méid atá bainte amach ag na daoine a tháinig romham, agus na mórdhúshláin gheopholaitiúla atá roimh an Aontas faoi láthair á gcur san áireamh, is é an uaillmhian atá agam seasamh ar son chearta daoine agus eagraíochtaí araon. Tá sé d’aidhm agam gníomhú mar fhíor-eadránaí idir iad agus an tAontas trí iontaoibh as rialachas daonlathach an Aontais a neartú agus trína chinntiú go seasfaidh IBOAnna an Aontais leis na caighdeáin is airde dea-riaracháin.
Beidh na nithe seo a leanas i gceist leis sin:
- cearta saoránach a chur i gcroílár ár ngníomhaíochtaí,
- gníomhú ní hamháin go frithghníomhach, ach go réamhghníomhach agus go straitéiseach freisin, chun athrú dearfach a bhaint amach, agus
- fidirphlé cuiditheach a chothú le IBOAnna an Aontais, chomh maith le dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara ábhartha eile.
Sa Straitéis seo, a forbraíodh trí chomhairliúcháin inmheánacha leathana, leagtar amach an chaoi a bhfuil sé ar intinn agam agus an Oifig faoi mo stiúir an méid sin a bhaint amach sna blianta amach romhainn, maille leis na prionsabail agus na luachanna a threoróidh ár gcuid oibre.
Teresa Anjinho, Ombudsman na hEorpa
Deireadh Fómhair 2025
Ár dtreoirphrionsabail
Leis na prionsabail seo múnlaítear ár gcinntí agus ár n‑idirghníomhaíochtaí ar an uile leibhéal
gníomhaímid go heiticiúil agus seasaimid leis na caighdeáin is airde iompair ghairmiúil.
déanaimid ár ndícheall a áirithiú go gcaitear le daoine agus le heagraíochtaí go cóir, go cothrom agus le hurraim chuí.
caithimid go cothrom agus go hoibiachtúil le gach páirtí, saor ó chlaontacht agus ó thionchar míchuí.
déanaimid ár gcuid oibre go neamhspleách, ar bhealach lena n‑áirithítear creidiúnacht agus iontaoibh.
glacaimid freagracht orainn féin, agus táimid freagrach as ár ngníomhaíochtaí agus as ár gcinntí.
Ár gcroíluachanna
Sainítear leis na luachanna sin an chaoi a n‑oibrímid agus a ndéanaimid teagmháil le daoine, le heagraíochtaí agus le hinstitiúidí
caithimid le gach duine le dínit, agus luach á léiriú againn ar dhearcthaí agus ar eispéiris éagsúla.
cuirimid trédhearcacht agus cumarsáid shoiléir chun cinn, laistigh dár n‑institiúid agus go seachtrach araon.
déanaimid ár ndícheall a áirithiú go mbeidh ár seirbhísí inrochtana agus freagrúil do gach saoránach.
cuirimid idirphlé cuiditheach agus comhar le hinstitiúidí agus le páirtithe leasmhara chun cinn.
tá sé mar aidhm againn tionchar a bhaint amach trí úsáid fhreagrach agus tráthúil a bhaint as ár n‑acmhainní.
Cuspóirí
1. Saoránaigh a chumhachtú
Sprioc: Feasacht a mhúscailt maidir le ról an Ombudsman Eorpaigh i measc na saoránach agus na sochaí sibhialta, agus a chinntiú go gcloisfear a nguthanna agus go seasfar lena gcearta.
- Féachaint le bealaí nua a aimsiú chun feasacht a mhéadú ar Oifig an Ombudsman Eorpaigh, ar an ról atá againn, agus ar an gceart atá ag daoine agus ag eagraíochtaí dul i muinín na hOifige.
- Cur chuige spriocdhírithe a ghlacadh chun dul i dteagmháil le saoránaigh ó ghrúpaí faoi ghannionadaíocht.
- A áirithiú go mbeidh ár n‑ardáin chumarsáide soláimhsithe agus inrochtana don phobal is leithne agus is féidir.
- Cumarsáid a dhéanamh faoinár gcuid oibre ar bhealach lena leagtar béim ar a thábhachtaí atá an dea-riarachán chomh maith le neamhspleáchas na hOifige, agus ar a ról mar chosantóir cearta saoránach.
- Cinnteoireacht thrédhearcach, chuimsitheach agus chuntasach an Aontais a chothú trí chomhairliúcháin phoiblí fhiúntacha maidir le beartais chun tacú le rannpháirtíocht saoránach.
- Úsáid a bhaint as raon iomlán chumhachtaí an Ombudsman chun déileáil le saincheisteanna a chuirtear faoinár mbráid, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí an Aontais i dtríú tíortha.
2. Athrú dearfach a bhaint amach
Sprioc: Athrú institiúideach a spreagadh agus dea-riarachán a neartú trí chothroime, ionracas, trédhearcacht agus iontaoibh a chur chun cinn.
- Leanúint de mholtaí tráthúla, soiléire agus dea-réasúnaithe maidir le réitigh, moltaí maidir le feabhsú agus moltaí d’institiúidí an Aontais, agus a áirithiú go mbíonn na cinntí a ndéanaimid láidir agus go ndéantar argóint mhaith leo.
- Monatóireacht agus obair leantach a dhéanamh d’fhonn a áirithiú go gcuirtear ár moltaí maidir le réitigh, ár moltaí maidir le feabhsú agus ár moltaí ginearálta i bhfeidhm.
- Réamh-mheas a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag comhthéacs athraitheach an Aontais ar obair an Ombudsman, agus cur go gníomhach le díospóireachtaí agus plé ábhartha ar bhunphrionsabail agus ar bhunluachanna riarachán an Aontais.
- Ár gcuid oibre straitéisí a dhíriú ar réimsí a bhaineann le leas an phobail agus a gcuirtear luach leo, agus ar féidir leis an Oifig tabhairt fúthu.
- Tionchar obair an Ombudsman a thaispeáint, lena n‑áirítear trí thorthaí fiosrúchán, tuarascálacha téamacha agus treoirlínte a fhoilsiú.
- Leas a bhaint as cumhacht formhaoirseachta Pharlaimint na hEorpa d’fhonn tacú le torthaí an Ombudsman agus d’fhonn iad a threisiú, agus chun aird a tharraingt ar phríomh-shaincheisteanna a bhaineann le leas an phobail.
3. Comhpháirtíochtaí a neartú
Sprioc: Teagmháil a dhéanamh le geallsealbhóirí agus caidreamh comhoibríoch a chothú leo, ar geallsealbhóirí iad ar féidir leo tacú le agus cur le héifeachtacht an Ombudsman maidir le cearta saoránach a chosaint agus dea-riarachán a chur chun cinn.
- Caidrimh oibre le IBOAnna an Aontais a threisiú d’fhonn a áirithiú go dtuigfear agus go n‑urramófar ról an Ombudsman Eorpaigh, chun cuidiú le torthaí sciobtha agus cothroma ar ghearáin a bhaint amach, agus chun dea-chleachtais riaracháin a chur chun cinn.
- Comhar le Líonra Eorpach na nOmbudsman a mhéadú mar bhealach chun cosaint níos fearr a bhaint amach do chearta shaoránaigh an Aontais, agus chun príomh-shaincheisteanna a bhaineann leis an daonlathas, leis an smacht reachta agus le cearta bunúsacha a mhéadú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon.
- Comhar a chothú le heagraíochtaí idirnáisiúnta a mbíonn baint acu le caomhnú chearta an duine agus an smachta reachta, amhail Comhairle na hEorpa, an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine agus na Náisiúin Aontaithe.
- Teagmháil a dhéanamh le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus léargas a fháil ar ábhair imní an phobail.
- Comhoibriú le hinstitiúidí acadúla agus le líonraí taighde chun ról an Ombudsman a chur chun cinn maidir le rialachas a fheabhsú.
4. Cáilíocht agus éifeachtúlacht oibríochtúil a chothú
Sprioc: Oifig an Ombudsman atá réamhbhreathnaitheach, inoiriúnaithe agus dírithe ar sheirbhís a chur chun cinn lena léirítear dea-chleachtais, lena gcuimsítear nuálaíocht agus lena bhfreagraítear i gcónaí do threochtaí agus do riachtanais atá ag teacht chun cinn.
- Ár bpróisis a athbhreithniú agus a oiriúnú go leanúnach d’fhonn ár n‑oibríochtaí a chuíchóiriú, agus d’fhonn solúbthacht agus freagrúlacht a chinntiú.
- Feabhas a chur ar ár n‑uirlisí digiteacha agus iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis an intleacht shaorga rannchuidiú ar bhealach úsáideach chun ár bpróiseas láimhseála gearán agus próisis eile a shimpliú agus a chuíchóiriú.
- Bainistiú eiseamláireach acmhainní daonna a chothú trí fhoireann ardcháilithe a earcú agus a choinneáil, agus trí chultúr inmheánach cumarsáide, comhoibrithe, folláine agus foghlama leanúnaí a chothú d’fhonn tacú le fás pearsanta agus le haclaíocht eagraíochtúil.
- Cur chuige atá dírithe ar sheirbhís, cuimsitheach agus inrochtana a ghlacadh inár n‑idirghníomhaíochtaí le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha.
- Leanúint de chomhlíonadh na rialacha, na rialachán is infheidhme agus phrionsabail na heitice agus an dea-rialachais a áirithiú, lena n‑áirítear i réimse na trédhearcachta, na cosanta sonraí agus na hinbhuanaitheachta.
Cur chun feidhme
Áireofar i bPlean Bainistíochta Bliantúil do thréimhse an tsainordaithe reatha bearta nithiúla um chur chun feidhme na Straitéise seo. Bunóidh an Oifig sraith príomhtháscairí feidhmíochta freisin chun an dul chun cinn a thomhas maidir le cuspóirí agus tosaíochtaí na Straitéise a bhaint amach.