Ní foláir nó go nglacfaí le ról institiúidí an Ombudsman mar chaomhnóirí an dea-riaracháin ionas go n-éireodh leo agus go mbeidís ábalta oibriú ar son leas an phobail. Chuir institiúidí AE ar chumas m’Oifige an fhís a bhí ag a cruthaitheoirí 25 bliana ó shin a bhaint amach, is é sin a bheith ina cosantóir díograiseach ar an AE agus ar a shaoránaigh. Is oifig bheag í m’Oifig ach tá sainordú mór againn, agus déanfaidh mé mo dhícheall chun beocht iarbhír a chur sa sainordú sin.

Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach

Stair an Ombudsman Eorpaigh

Conradh Maastricht

1992

Síníodh Conradh Maastricht, lena n-áirítear airteagal lenar bunaíodh an tOmbudsman Eorpach

Reacht an Ombudsman Eorpaigh

1994

Ghlac Parlaimint na hEorpa na rialacha lenar bunaíodh an tOmbudsman - Reacht an Ombudsman Eorpaigh

Jacob Söderman

1995

Rinne Parlaimint na hEorpa Jacob Söderman (An Fhionlainn) a thoghadh mar an chéad Ombudsman Eorpach agus osclaíodh an Oifig

Líonra Eorpach na nOmbudsman

1996

Cruthaíodh Líonra Eorpach na nOmbudsman: tugtar breis agus 95 oifig ombudsman náisiúnta agus réigiúnach le chéile tríd an líonra anois, mar aon le coistí achainíocha ó 36 thír

Cód an Dea-Chleachtais Riaracháin

2001

D’fhormhuinigh Parlaimint na hEorpa Cód an Dea-Chleachtais Riaracháin, amhail mar a dhréachtaigh an tOmbudsman Eorpach, lena leagtar amach treoirlínte don státseirbhís AE

P. Nikiforos Diamandouros

2003

Toghadh P. Nikiforos Diamandouros (An Ghréig) mar an dara Ombudsman

Prionsabail na seirbhíse poiblí don státseirbhís AE

2012

Prionsabail na seirbhíse poiblí don státseirbhís AE arna gcur i láthair ag an Ombudsman Eorpach

Emily O’Reilly

2013

Toghadh Emily O’Reilly (Éire) mar an tríú Ombudsman

Parallel inquiries

2014

Tús curtha le fiosrúcháin chomhuaineacha le Líonra Eorpach na nOmbudsman

Cooperation with the European Parliament

2014

Treisiú an chomhoibrithe le Parlaimint na hEorpa trí choistí agus éisteachtaí

Strategic investigation unit

2015

Céad torthaí an aonaid um imscrúduithe straitéiseacha a cruthaíodh le déanaí

Fast-Track procedure

2018

Tabhairt isteach modhanna nua oibre chun cásanna a láimhseáil agus nós imeachta meara maidir le rochtain ar dhoiciméid

Emily O’Reilly

2019

Toghadh Emily O'Reilly do mhandáid nua

Príomhréimsí oibre an Ombudsman Eorpaigh

Trédhearcacht

Trédhearcacht, rochtain ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid don phobal

Cuntasacht

Cuntasacht agus rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht AE

Tairiscintí an Aontais

Fadhbanna le tairiscintí agus deontais AE

Cearta bunúsacha

Urraim do chearta bunúsacha agus do chearta nós imeachta

An tOmbudsman i bhfigiúirí

Féadfaidh daoine aonair, gnóthaí, cumainn agus an tsochaí shibhialta teacht chuig an Ombudsman Eorpach le haghaidh cabhrach maidir le fadhbanna leis an riarachán AE.

Phléigh an Oifig le breis agus 57 000 gearán le 25 bliana anuas.

Bíonn tromlach na bhfiosrúchán bunaithe ar ghearáin, ach féadfaidh an tOmbudsman tús a chur le fiosrúcháin féintionscnaimh chomh maith. Fuarthas breis agus 7 300 fiosrúchán ón tráth ar osclaíodh an Oifig in 1995.

Fiosrúcháin a osclaíodh agus a dúnadh, 1995-2019

Gearáin a cuireadh isteach agus fiosruithe a osclaíodh in aghaidh na tíre, 2019

An obair a dhéanaimid

Tuilleadh trédhearcachta i gcinnteoireacht AE

Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go bhfuil go leor faisnéise ag an bpobal chun beartas agus reachtóireacht AE a thuiscint agus cloí leo, agus chun páirt a ghlacadh go fóinteach i bpróiseas daonlathach an Aontais.

Bhí roinnt fiosrúchán éagsúil dírithe ar thrédhearcacht chinnteoireacht AE a fheabhsú, mar shampla maidir leis an méid seo a leanas: reachtóireacht sa Chomhairle, i gcás ina mbíonn tionchar ag rialtais náisiúnta ar reachtaíocht AE; cinnteoireacht sa Ghrúpa Euro, i gcás ina gcinneann airí airgeadais beartais an Limistéir Euro; caibidlíocht trádála idir an AE agus tíortha neamh-AE; nó an chaoi a ndéanann rialtais AE cinneadh maidir le cuótaí iascaireachta bliantúla, agus inbhuanaitheacht á cur san áireamh.

Caighdeáin eitice níos airde i riarachán AE

Bíonn iontaoibh ag daoine i riaracháin phoiblí más léir dóibh go bhfuil siad ag obair chun leasa an phobail agus go bhfeidhmíonn siad de réir caighdeáin arda eitice.

Cuireann an tAontas Eorpach rialacha láidre i bhfeidhm maidir le brústocaireacht, coinbhleachtaí leasa agus doirse imrothlacha - ina mbogann daoine idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí. Ní mór na rialacha sin a fhorfheidhmiú agus a nuashonrú chomh maith chun iontaoibh an phobail a áirithiú áfach. De thoradh ar fhiosrúcháin an Ombudsman le déanaí rinneadh rialacha eitice do Choimisinéirí Eorpacha atá níos doichte, déantar rialacha maidir le doirse imrothlacha a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr, agus ceapadh treoirlínte do státseirbhísigh AE maidir le conas caidreamh a dhéanamh le brústocairí.

Nós imeachta níos gasta chun déileáil le hiarratais ar rochtain ar dhoiciméid

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag an bpobal ar dhoiciméid chun grinnscrúdú a chumasú ar bheartas agus reachtóireacht AE, mar aon le cistí AE. Ós rud é go mbíonn na cúiseanna chun rochtain a fháil ar dhoiciméid íogair ó thaobh ama de go minic, thug an tOmbudsman nós imeachta Mear isteach chun cabhrú le daoine an fhaisnéis atá ag teastáil uathu a fháil fad is atá sí fós ábhartha.

Bhain na fiosrúcháin le déanaí le speansais taistil do Choimisinéirí Eorpacha, oibríochtaí rialaithe teorann ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), agus brústocaireacht a bhaineann leis an gClár Eorpach um Thaighde ar an gCosaint. Chuir an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach torthaí trialacha cliniciúla le haghaidh cógais leighis ar fáil don phobal mar gheall ar fhiosrúcháin a rinne an tOmbudsman roimhe seo chomh maith.

Daonlathas rannpháirtíochta ar an leibhéal AE

Má dhéantar níos éasca é do dhaoine díospóireachtaí agus pléití AE a leanúint agus páirt a ghlacadh iontu, d’fhéadfaí cur i gcoinne dhearcadh an phobail go bhfuil an AE coimhthíoch agus casta.

Chabhraigh an tOmbudsman chun feabhas a chur ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh - uirlis um dhaonlathas rannpháirtíochta lenar féidir le saoránaigh achainí a dhéanamh chuig an gCoimisiún Eorpach chun reachtaíocht a rith maidir le saincheist - ionas go mbeadh sé níos simplí é a úsáid. Mar gheall ar fhiosrúcháin eile de chuid an Ombudsman, rinne institiúidí an Aontais iarrachtaí níos mó chun cumarsáid a dhéanamh i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla AE, go háirithe le haghaidh ‘comhairliúcháin phoiblí’ ag an gCoimisiúin, agus chun suíomhanna gréasáin a dhéanamh níos inrochtana.

Urraim ar chearta bunúsacha

Chomh maith leis na cearta níos traidisiúnta arna leagan amach i gconarthaí AE agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha, tá roinnt cearta a bhaineann go díreach le hobair an Ombudsman, amhail an ‘ceart chun dea-riaracháin’ agus an ‘ceart rochtana ar dhoiciméid’.

Déanann an tOmbudsman tagairt don Chairt ina cuid fiosrúchán go minic. De thoradh ar fhiosrúchán amháin den sórt sin, chuir an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sásra gearán ar bun dóibh siúd a mheasann gur sáraíodh a gcearta bunúsacha. Mar gheall ar fhiosrúchán eile, rinneadh daoine faoi oiliúint i dtoscaireachtaí eachtracha AE a íoc, chun neamhionannas rochtana a sheachaint.

Cistí AE - fadhbanna le conarthaí agus tairiscintí a réiteach

Déileálann an tOmbudsman ar bhonn rialta le cásanna a bhaineann le tionscadail arna maoiniú ag an AE, a bhaineann de ghnáth le saincheisteanna a thagann chun cinn tar éis iniúchtaí.

Má aimsítear fadhb le hiniúchadh, tá sé de dhualgas ar institiúidí AE na cistí a aisghabháil. Mar sin féin, féadfaidh míthuiscintí nó botúin tarlú uaireanta, agus b’fhéidir nach mbeadh údar cuí leis an aisghabháil sna cásanna sin. Féadfaidh an tOmbudsman cabhrú chun réitigh a fháil i gcásanna den chineál sin, i gcás ina ndearna an eagraíocht lena mbaineann an obair go macánta agus gur éirigh léi spriocanna an tionscadail a chomhlíonadh.

I gcás den chineál sin le déanaí, d’athraigh an Coimisiún Eorpach a sheasamh agus d’íoc sé na costais a thabhaigh Cumann Eorpach na nOllscoileanna i ndáil le tionscadal a chuir sé i gcrích chun comhar réigiúnach i Meiriceá Laidineach a chothú.

Gradam le haghaidh Dea-Riaracháin

Le linn fiosrúchán, is minic a fheiceann an tOmbudsman agus a cuid foirne an sárobair a dhéanann státseirbhísigh dhíograiseacha AE. Tá sé d'aidhm ag an nGradam Dea-Riaracháin, a bunaíodh in 2017, samplaí den obair sin a chur in iúl do phobal níos leithne, chun dea-chleachtas a scaipeadh agus chun an bhearna idir saoránaigh agus riarachán AE a réiteach.

Bíonn gradam iomlán i gceist, chomh maith le duaiseanna le haghaidh catagóirí éagsúla. I measc na mbuaiteoirí roimhe seo bhí foirne ón gCoimisiún Eorpach a d’oibrigh chun feasacht a mhúscailt faoi thruailliú ó phlaistigh, an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia a d’oibrigh chun aird a tharraingt ar na rioscaí do bheacha agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil le haghaidh tionscadail um chomhar Eorpach.

Líonra Eorpach na nOmbudsman

Déanann an tOmbudsman Eorpach comhordú ar Líonra Eorpach na nOmbudsman, lena dtugtar ombudsmain náisiúnta agus réigiúnacha le chéile ó 95 oifig in 36 thír Eorpacha.

Eagraíonn an tOmbudsman Eorpach comhdháil bhliantúil chun ombudsmain náisiúnta agus réigiúnacha a thabhairt le chéile le lucht ceaptha beartas an Aontais, chun aird a tharraingt ar shaincheisteanna atá ina n-ábhair imní. Déanann an tOmbudsman Eorpach fiosrúcháin chomhthreomhara a chomhordú chomh maith, ina n-oibríonn oifigí ombudsman náisiúnta le chéile ar shaincheisteanna coiteanna AE. Sampla de sin is ea fiosrúchán comhthreomhar inar scrúdaíodh an raibh cistí AE á gcaitheamh i gcomhréir le cearta bunúsacha, agus lena ndearnadh moltaí chun feabhas a chur ar an gcaoi a ndéantar faireachán ar chistí AE.

Ag féachaint ar aghaidh

Bunaíodh oifig an Ombudsman Eorpaigh 25 bliana ó shin. Tá athrú mór tagtha ar an Aontas Eorpach ó shin, mar gheall ar dhúshláin, ar ionchais athraitheacha na saoránach agus ar a bhallraíocht mhéadaithe.

Is cosúil go mbeidh go leor athruithe eile sna blianta seo amach romhainn, i bhfianaise phaindéim COVID-19 agus na freagartha leanúnaí uirthi sin lena n-athrófaí an AE ó bhonn. Beidh ar an Aontas cinntí móra a dhéanamh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, chun imirce a bhainistiú go daonnachtúil, chun aghaidh a thabhairt ar an dul chun cinn sa teicneolaíocht agus chun áit na hEorpa ar domhan a dhearbhú.

Tá sé de chúram orm, mar Ombudsman Eorpach, a áirithiú go dtacóidh an riarachán AE leis na cinntí sin - a mbeidh tionchar díreach acu ar shaolta daoine - agus go dtabharfaidh an riarachán sin tús áite don saoránach i ngach rud a dhéanann sé. Trí phlé le gearáin agus fadhbanna córasacha a aithint, leanfaidh mé d’institiúidí AE a spreagadh chun cloí le caighdeáin is airde an dea-riaracháin.

Táim buíoch díobh as bhur dtacaíocht agus bhur gcaidreamh le blianta beaga anuas, agus táim ag súil go leanfaimid orainn ag oibriú le chéile amach anseo.

Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach