An bhfuil gearán agat in aghaidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh?

Cuardaigh fiosrúcháin

Critéir scagtha doiciméad
Cás
Raon dátaí
Eochairfhocail
Nó bain triail as sean-eochairfhocail (Roimh 2016)

1 - 20 de 112 toradh á dtaispeáint

Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena ndúntar an fiosrúchán ar ghearán 790/2013/EIS i gcoinne an Choimisiúin Eorpaigh

Dé Luain | 13 Deireadh Fómhair 2014

Bhain an cás le cinneadh an Choimisiúin a chomhad maidir le gearán um shárú i gcoinne na Fionlainne a dhúnadh inar líomhnaíodh go ndearna an Fhionlainn idirdhealú i gcoinne fear i scéimeanna pinsin breise deonacha. D’áitigh na gearánaigh nach raibh seasamh an Choimisiúin comhsheasmhach, toisc gur thug sé dhá chás um shárú den chineál céanna i gcoinne na hIodáile agus na Gréige os comhair na Cúirte Breithiúnais, cé nach ndearna sé amhlaidh i gcás na Fionlainne. Dar leo, theip ar an gCoimisiún freisin cúiseanna leordhóthanacha a thabhairt lena sheasamh nach raibh sé soiléir an dtiocfadh an Chúirt Bhreithiúnais ar an gconclúid go sáraíonn dlí ábhartha na Fionlainne dlí an Aontais.

D’fhiosraigh an tOmbudsman an t-ábhar agus chinn sé, le linn an fhiosrúcháin, gur thug an Coimisiún cúiseanna leordhóthanacha lena sheasamh, agus ar an gcaoi sin gur fheidhmigh sé an discréid atá aige agus é ag déileáil le gearáin maidir le sárú. Dá bhrí sin, tháinig sí ar an gconclúid nach raibh aon fhorais ann le tuilleadh fiosrúchán a dhéanamh ar an ábhar agus dhún sí an cás.

Gearán maidir le Státchabhair a láimhseáil

Dé hAoine | 04 Deireadh Fómhair 2013

Gearán maidir le sárú a láimhseáil

Dé Luain | 18 Márta 2013

Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena ndúntar a fhiosrúchán ar ghearán 104/2010/(IP)EIS i gcoinne an Choimisiúin Eorpaigh

Dé hAoine | 21 Nollaig 2012

Is saoránach Iodálach é an gearánach a bhfuil cónaí air sa Ghearmáin. D’áitigh sé go raibh a bhean chéile ina híospartach idirdhealaithe fostaíochta sa Ghearmáin ar fhorais aoise agus náisiúntachta, toisc nár fhostaigh cuideachta a ndearna sí iarratas ar phost ina leith í. Tar éis toradh nár éirigh leis na himeachtaí cúirte, chuir an gearánach gearán um shárú faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh, inar líomhnaíodh gur theip ar údaráis na Gearmáine Treoir AE maidir le cóir chomhionann san fhostaíocht agus sa tslí bheatha a thrasuí i gceart sa dlíchóras náisiúnta.

D’iompaigh an gearánach chuig an Ombudsman Eorpach ina dhiaidh sin agus líomhain sé (i) gur theip ar an gCoimisiún a ghearán um shárú a chlárú, (ii) déileáil leis dá réir sin, agus (iii) cúiseanna diongbháilte a thabhairt chun údar a thabhairt leis an bhfáth nach ndearna sé idirghabháil ina chás.

Ina thuairim, mhínigh an Coimisiún gur chláraigh sé gearán sáraithe an ghearánaigh cúpla lá tar éis dó é a fháil. Ba chúis aiféala dó nár thug sé fógra roimh ré don ghearánach go raibh sé ar intinn aige deireadh a chur lena ghearán maidir le sárú agus nár chuir sé in iúl dó gur dúnadh an cás. Ina theannta sin, mhínigh an Coimisiún gur thrasuigh an Ghearmáin an Treoir réamhráite ar bhealach iomchuí tráthúil agus thug sí cúiseanna sonracha maidir leis an bhfáth nach raibh aon ghá tús a chur le nós imeachta um shárú ar bhonn aighneachtaí an ghearánaigh.

Ós rud é gur chláraigh an Coimisiún an gearán um shárú, níor aimsigh an tOmbudsman aon drochriarachán ina leith sin. Maidir le substaint an cháis, ní raibh údar le tuilleadh fiosrúchán, toisc gur thug an Coimisiún cúiseanna sonracha diongbháilte chun tacú lena sheasamh le linn an fhiosrúcháin. Thug an tOmbudsman dá aire gur admhaigh an Coimisiún nár thug sé fógra roimh ré don ghearánach go raibh sé ar intinn aige a ghearán um shárú a dhúnadh ná nár chuir sé in iúl dó gur dúnadh an cás. Ina theannta sin, níor ghabh sé leithscéal as an easnamh sin. Dá bhrí sin, rinne sé ráiteas criticiúil.

Cinneadh i gcás 2466/2011/ER - Síneadh neamhdhleathach ar an spriocdháta i ndáil le cinneadh a ghlacadh ar iarratas daingniúcháin um rochtain ar dhoiciméid

Dé hAoine | 12 Deireadh Fómhair 2012

Is saoránach na hIodáile é an gearánach, a chuir gearán faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh in 2009 i ndáil le sárú líomhnaithe na hIodáile ar Threoir 83/391/CEE um shábháilteacht oibrithe. I Meán Fómhair 2011, chinn an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil a chur faoi bhráid na hIodáile. Nuair a lorg an gearánach rochtain ina dhiaidh sin ar an litir úd ar bhonn Rialacháin 1049/2001 i ndáil le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, dhiúltaigh an Coimisiún rochtain a thabhairt dó. Tar éis iarratais dhaingniúcháin ar rochtain a chur faoi bhráid, chuir an Coimisiún in iúl don ghearánach go raibh measúnú á dhéanamh ar a iarratas ach nach raibh na gnéithe uile aige go fóill chun measúnú deiridh a dhéanamh. Shonraigh an Coimisiún dá réir, i gcomhréir le Rialachán 1049/2001, gur shín sé an spriocdháta i ndáil le cinneadh a dhéanamh ar iarratas daingniúcháin an ghearánaigh faoi 15 lá oibre.

Ina ghearán chuig an Ombudsman, líomhain an gearánach gur shín an Coimisiún an spriocdháta i ndáil le cinneadh a dhéanamh ar a iarratas daingniúcháin ar rochtain go neamhdhleathach. Ar 30 Eanáir 2012, d’oscail an tOmbudsman fiosrúchán maidir le líomhain an ghearánaigh agus d'iarr sé ar an gCoimisiún a thuairim a chur faoi bhráid faoi 31 Márta 2012. Lorg an Coimisiún ina dhiaidh sin síneadh spriocdháta, go dtí 30 Aibreán 2012, i ndáil le cur faoi bhráid a thuairime, síneadh a bhronn an tOmbudsman air. Ag an am céanna, chuir sé in iúl don Choimisiún gur fhorchoimeád sé an ceart leanúint ar aghaidh bunaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh dó cheana féin sa chás nár chloígh an Coimisiún leis an spriocdháta nua. Tráth ar glacadh le cinneadh an Ombudsman i mí an Mheithimh 2012, ní raibh tuairim an Choimisiúin faighte go fóill.

Bhí an tOmbudsman den tuairim gurbh leor an fhaisnéis a cuireadh ar fáil dó cheana féin chun déileáil leis an ngearán reatha, nár bhain ach le síneadh an spriocdháta i ndáil le freagra a thabhairt ar an iarratas daingniúcháin agus ní an cinneadh deiridh ag diúltú rochtana. Bhain sé de thátal as dá réir nach raibh gá le bearta breise fiosrúcháin, nó nárbh gá fanacht níos mó do thuairim an Choimisiúin.

Maidir le hábhar an cháis, thug an tOmbudsman faoi deara go bhforálann Rialachán 1049/2001 do spriocdhátaí ceangailteacha, agus nach bhfuil eisceachtaí féideartha ach i gcásanna eisceachtúla agus sa chás go dtugtar cúiseanna mionsonraithe don iarratasóir. Sa chás reatha, chuir an Coimisiún teorainn air féin ag sonrú nach raibh na gnéithe riachtanacha uile ina sheilbh aige go fóill chun measúnú deiridh a dhéanamh. I dtuairim an Ombudsman, níorbh leor in aon chor an ráiteas seo lena bhunú gur cuireadh cás eisceachtúil os comhair an Choimisiúin, cás lena bhféadfadh bonn a bheith le síneadh ama dá réir. Ní leor dá réir an tagairt shimplí a rinne an Coimisiún maidir leis an ngá le níos mó ama chun faisnéis a bhailiú, le go mbeadh sé mar bhonn leis na riachtanais atá leagtha amach i Rialachán 1049/2001, agus go háirithe i ndáil leis an riachtanas cúiseanna mionsonraithe a thabhairt. Bhain an tOmbudsman de thátal as dá réir gur shín an Coimisiún an spriocdháta, i ndáil le cinneadh a dhéanamh ar iarratas daingniúcháin an ghearánaigh, go neamhdhleathach agus gurbh ionann an gníomh seo agus cás drochriaracháin. Dhún sé an cás dá réir le ráiteas criticiúil.