An bhfuil gearán agat in aghaidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh?
Teresa Anjinho
Beathaisnéis
Is dlíodóir, saineolaí neamhspleách ar chearta an duine, agus scoláire a dhíríonn go speisialta ar an dlí idirnáisiúnta poiblí, inscne agus comhionannas í B. Uas. Anjinho. Chaith sí tréimhsí ag léachtóireacht i Scoil Dlí NOVA agus in Institiúid Ius Gentium Conimbrigae in Ollscoil Coimbra. Tá roinnt páipéar eolaíochta foilsithe aici freisin.
Ó 2022 go dtí 2025, bhí Teresa Anjinho ina Comhalta de Choiste Maoirseachta na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF). Bhí poist aici roimhe sin mar Leas-Ombudsman na Portaingéile (2017-2022), Státrúnaí Dlí agus Cirt i Rialtas na Portaingéile (2015) agus Teachta Parlaiminte sa tír sin chomh maith (2011-2015).
Ról
Sceideal an Ombudsman
Óráidí le Teresa Anjinho
Dé Céadaoin | 24 Meitheamh 2026
Dé hAoine | 12 Meitheamh 2026
Dé Luain | 08 Meitheamh 2026
Grianghraif agus físeáin
Dearbhuithe agus trédhearcacht
Tá Oifig an Ombudsman tiomanta do phrionsabail an ionracais agus na cuntasachta, i measc prionsabal eile, a urramú inár ngníomhaíochtaí go léir. Chomh maith leis an gCód Iompair don Ombudsman, liostaítear ar an leathanach seo dearbhuithe a bhaineann le cúrsaí eitice agus leis an úsáid acmhainní thar ceann an Ombudsman.