FOR PREVIEWING & TESTING PURPOSES ONLY.
This notification will disappear once the page will be published.
This link is available for less than 30 minutes.
  • Easy to read
  • Text size

You have a complaint against an EU institution or body?

Current language: 
  • Gaeilge
Available languages: 

Teresa Anjinho

Cuireadh Teresa Anjinho faoi mhionn mar Ombudsman Eorpach ar an 27 Feabhra 2025, tar éis do Pharlaimint na hEorpa í a thoghadh i mí na Nollag 2024. Ina cáil mar Ombudsman Eorpach, tá sí freagrach as imscrúdú a dhéanamh ar dhrochriarachán in institiúidí, comhlachtaí, in oifigí agus i ngníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh.

Ó 2022 go dtí 2025, bhí Teresa Anjinho ina Comhalta de Choiste Maoirseachta na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF). Bhí poist aici roimhe sin mar Leas-Ombudsman na Portaingéile (2017-2022), Státrúnaí Dlí agus Cirt i Rialtas na Portaingéile (2015) agus Teachta Parlaiminte sa tír sin chomh maith (2011-2015).

Is dlíodóir, saineolaí neamhspleách ar chearta an duine, agus scoláire a dhíríonn go speisialta ar an dlí idirnáisiúnta poiblí, inscne agus comhionannas í B. Uas. Anjinho Chaith sí tréimhsí ag léachtóireacht i Scoil Dlí NOVA agus in Institiúid Ius Gentium Conimbrigae in Ollscoil Coimbra. Tá roinnt páipéar eolaíochta foilsithe aici freisin.