An bhfuil gearán agat in aghaidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh?

Cuardaigh fiosrúcháin

Critéir scagtha doiciméad
Cás
Raon dátaí
Eochairfhocail
Nó bain triail as sean-eochairfhocail (Roimh 2016)

1 - 20 de 46 toradh á dtaispeáint

Cinneadh i gcás 960/2016/TM maidir leis an mBanc Eorpach Infheistíochta´s a líomhnaítear nár láimhseáil siad gearán go tráthúil

Dé Luain | 04 Nollaig 2017

Bhain an cás le mainneachtain líomhnaithe Shásra Gearán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) gearán a láimhseáil go tráthúil. D'fhiosraigh an tOmbudsman an tsaincheist agus chinn sé go raibh údar leis an moill mar gheall ar chastacht ábhar an ghearáin. Dá bhrí sin, níor aimsigh an tOmbudsman aon drochriarachán ag BEI.

Cinneadh i gcás 1102/2016/JN maidir le mainneachtain an Choimisiúin freagra a thabhairt ar chomhfhreagras agus doiciméad a nochtadh go hiomlán

Dé hAoine | 13 Eanáir 2017

Bhain an cás le mainneachtain an Choimisiúin freagra a thabhairt ar chomhfhreagras an ghearánaigh i gcomhthéacs iniúchta airgeadais ar leibhéal an Bhallstáit. Tar éis idirghabháil an Ombudsman, d’fhreagair an Coimisiún. Nocht sé an doiciméad a d’iarr an gearánach ach d’fholaigh sé roinnt sonraí pearsanta (ainmneacha daoine fisiciúla). Chinn an tOmbudsman gur thug an Coimisiún údar cuí leis an atheagrú faoi Rialachán 45/2001.

Cinneadh ón Ombudsman Eorpach i gcás 1229/2014/ZA maidir le láimhseáil OLAF ar líomhaintí a bhaineann le míbhainistiú chistí AE sa Ghréig

Dé Luain | 12 Deireadh Fómhair 2015

Chuir an gearánach OLAF ar an eolas faoi mhíbhainistiú líomhnaithe chistí an Aontais sa Ghréig. Theip ar OLAF aitheantas a thabhairt do chomhfhreagras an ghearánaigh agus theip air freisin an gearánach a chur ar an eolas faoi cibé gníomh a rinne sé agus faoin toradh. Tar éis idirghabháil an Ombudsman, d'aithin OLAF na heasnaimh nós imeachta ina láimhseáil ar an gcás agus ghabh sé leithscéal leis. Ghlac sé céimeanna freisin chun cásanna comhchosúla a sheachaint amach anseo. Ar deireadh, chuir OLAF an gearánach ar an eolas faoi na bearta a rinne sé maidir le substaint a cháis. Chinn an tOmbudsman gur shocraigh OLAF an gearán. Mar sin féin, rinne an tOmbudsman ráiteas eile d’fhonn feabhas a chur ar nósanna imeachta OLAF maidir leis an bhfaireachán a dhéanann sé ar chásanna dúnta a tharchuirtear chuig údaráis náisiúnta inniúla.

Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena ndúntar a fiosrúchán féintionscnaimh OI/8/2014/AN maidir leis an gCoimisiún Eorpach

Dé Luain | 11 Bealtaine 2015

Baineann an fiosrúchán féintionscnaimh seo leis an gcaoi a n-áirithíonn an Coimisiún Eorpach go gcomhlíontar na cearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh nuair a chuireann na Ballstáit beartas comhtháthaithe an Aontais chun feidhme. Seoladh é agus an tAontas ag tabhairt faoi thréimhse nua cistiúcháin seacht mbliana, lena gcumhdaítear 2014-2020, faoi chreat dlíthiúil nua.

Féachann beartas comhtháthaithe an Aontais le héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil san Aontas a laghdú. I bhfianaise infheictheacht an Aontais sna tionscadail a chistítear tríd an mbeartas comhtháthaithe – ó fheabhas a chur ar sheirbhísí éigeandála sa Rómáin go réimsí mianach a bhaint sa Chróit – creideann an tOmbudsman gur cheart don Choimisiún gach a bhfuil ar a chumas a dhéanamh chun a áirithiú go n-urramófar cearta bunúsacha de réir mar a chaitear an t-airgead. Níor cheart úsáid a bhaint riamh as an bhfíoras nach bhfuil an Coimisiún freagrach go díreach as bainistiú na gcistí mar chúis le gan gníomhú má sáraíodh cearta bunúsacha, nó má tá an baol ann go sárófar iad.

Bhí baint ag an gCoimisiún, ag na hombudsmain náisiúnta agus ag ionadaithe na sochaí sibhialta leis an bhfiosrúchán féintionscnaimh. Ar bhonn a n-aiseolais, tá ocht dtreoirlíne feabhsúcháin curtha i dtoll a chéile ag an Ombudsman chun tacú leis an gCoimisiún agus maoirseacht á déanamh aige ar na Ballstáit sa réimse sin.

Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena ndúntar an fiosrúchán ar ghearán 1205/2013/JF i gcoinne an Choimisiúin Eorpaigh

Déardaoin | 05 Márta 2015

Bhain an cás le cuideachta Shualannach a ghlac páirt i dtionscadal arna mhaoiniú ag clár FP7 an Choimisiúin Eorpaigh. Cé go raibh an tionscadal á chur chun feidhme, chinn an Coimisiún iniúchadh a dhéanamh ar an gcuideachta. Níor aontaigh an chuideachta leis na torthaí iniúchóireachta agus, tar éis don Choimisiún iad a dheimhniú, chuir sí gearán faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh inar líomhnaíodh easpa oibiachtúlachta ón gCoimisiún agus mainneachtain na rialacha is infheidhme a chomhlíonadh.

D’fhiosraigh an tOmbudsman an tsaincheist agus níor aimsigh sé aon drochriarachán ag an gCoimisiún. Go háirithe, bhí na torthaí iniúchóireachta a bhain le costais saothair na cuideachta bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil don Choimisiún ag an am ábhartha. Mhol sí don ghearánach go mbreithneodh sé, má tá tuilleadh fianaise aige, í a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena breithniú. Maidir le ham táirgiúil na cuideachta a ríomh, is cosúil nár leor an fhaisnéis a chuir an gearánach ar fáil chun go bhféadfadh an Coimisiún an t-am táirgiúil aonair iarbhír a ríomh, i gcomhréir le ceanglais rialacha FP7. Dá bhrí sin, dhún an tOmbudsman an cás.

Cinneadh i gcás 443/2011/ER - Diúltú éagórach glacadh le hiarratas ar íocaíocht deiridh tar éis foirceannadh conartha

Dé Máirt | 04 Márta 2014

Cuideachta Iodálach is ea an gearánach. In 2008, thug sé faoi Chomhaontú Deontais leis an EACI laistigh de chreat an chláir AE Marco Polo II, a thacaíonn le gníomhartha dírithe ar lasta a aistriú ó iompar ar bhóithre chuig modh iompair eile atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol.

Bhain an gníomh beartaithe ag an ngearánach le heaspórtálacha de chuid tionscal ceirmeachta na hIodáile chun na Spáinne agus bronnadh deontas suas le EUR 4 mhilliún. Mar sin féin, mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíochta domhanda agus meathlú tobann ar mhargadh tithíochta na Spáinne, tháinig laghdú suntasach ar an éileamh ar cheirmeacht a iompar ón Iodáil chun na Spáinne tar éis don Chomhaontú Deontais a bheith sínithe. Mar thoradh air sin, ghlac an EACI le hiarratas an ghearánaigh cur chun feidhme an ghnímh a chur ar fionraí. I Meitheamh 2010, i bhfianaise nach raibh an gearánach in ann an tionscadal a atosú, d'fhoirceann sí an Comhaontú Deontais agus chuir in iúl don ghearánach go raibh 60 lá aige tuarascáil deiridh a chur faoi bhráid agus íocaíocht deiridh a iarraidh. Níor chuir an gearánach iarratas isteach ar íocaíocht deiridh EUR 2 mhilliún go dtí Eanáir 2011. I dtuairim an EACI, bhí sé seo ródhéanach.

Ina ghearán chuig an Ombudsman Eorpach, líomhain an gearánach gur ghníomhaigh an EACI ar bhonn éagóireach. D'argóin an gearánach go raibh údar maith leis an moill i dtaca leis an iarratas ar íocaíocht deiridh a chur faoi bhráid de bharr a chuid iarrachtaí, de mheon macánta, an gníomh a atosú agus, in éagmais tuarascála deiridh, gur cheart don EACI í féin a bhunú ar a laghad ar na figiúirí ag eascairt as tuarascáil eatramhach a cuireadh faoina bráid i mí Dheireadh Fómhair 2009. Ina thuairim siúd, ghlac an EACI leis an tuairim gur chomhlíon sí go hiomlán le forálacha an Chomhaontaithe Deontais.

D'áitigh an tOmbudsman go bhfuil coincheap an dea-riaracháin níos leithne ná coincheap na dlíthiúlachta. Leag an tOmbudsman béim ar an bhfíric cé nach riabh sé de dhualgas dlíthiúil ar an EACI amhlaidh a dhéanamh, nár chuir an Comhaontú Deontais cosc uirthi glacadh le hiarratais déanacha ar íocaíocht deiridh. I bhfianaise (i) an tionchar sách tromchúiseach a bhí ag an ngéarchéim eacnamaíochta ar thionscadal an ghearánaigh, agus (ii) an fhíric go raibh an tuarascáil eatramhach a cuireadh faoi bhráid i mí Dheireadh Fómhair 2009 faofa cheana féin ag an EACI, bhí an tOmbudsman den tuairim nach raibh cinneadh na Gníomhaireachta iarratas an ghearánaigh ar íocaíocht deiridh a dhiúltú go hiomlán cothrom. Rinne an tOmbudsman moladh ar réiteach cairdiúil dá réir sin, ag tabhairt cuiridh don EACI iarratas an ghearánaigh ar íocaíocht deiridh EUR 2 mhilliún a mheas, bunaithe ar thuarascáil eatramhach an ghearánaigh ó mhí Dheireadh Fómhair 2009. Ghlac an EACI leis an moladh agus dhún an tOmbudsman an cás.