An bhfuil gearán agat in aghaidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh?

Stair

Cuireadh an tOmbudsman Eorpach ar bun le Conradh Maastricht (1992). Thogh an Pharlaimint an chéad Ombudsman, Jacob Söderman, in 1995. Tháinig an tOllamh P. Nikiforos Diamandouros i gcomharbacht air in 2003 agus tháinig Emily O’Reilly i gcomharbacht ar an Ollamh Diamandouros in 2013. Chuaigh an tOmbudsman reatha, Teresa Anjinho, i mbun oifige an 27 Feabhra 2025.

Sna doiciméid stairiúla a liostaítear thíos, tugtar faisnéis chúlra faoin bpróiseas as a ndearnadh an tOmbudsman Eorpach a chruthú agus a chur ar bun.

Áirítear leis an liosta freisin na téacsanna dlíthiúla atáthar ag úsáid ó bhunú na hOifige i leith chun rialú a dhéanamh ar cheapadh agus ról an Ombudsman Eorpaigh agus ar an gcaidreamh atá aige le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh i gcoitinne agus le Parlaimint na hEorpa go háirithe. Ina theannta sin, tugtar faisnéis ann faoi na príomhimeachtaí tábhachtacha a bhí ann i stair na hinstitiúide go dtí seo.