An bhfuil gearán agat in aghaidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh?
Rochtain phoiblí ar dhoiciméid AE agus ról an Ombudsman Eorpaigh
Ceann de na príomhthosaíochtaí atá ag an Ombudsman Eorpach is ea trédhearcacht. Mar chuid dá sainordú, fónann an tOmbudsman mar shásra sásaimh dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu rochtain phoiblí a fháil ar dhoiciméid atá i seilbh institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí (institiúidí) AE.
De réir an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá ag saoránaigh agus ag daoine dlítheanacha a chónaíonn san Aontas ceart rochtana ar aon doiciméad atá i seilbh geall le gach ceann d’institiúidí AE. Is faoi réir líon teoranta eisceachtaí amháin atá an ceart sin. Baineann sé seo le doiciméid scríofa (doiciméid fisiceacha agus leictreonacha) agus taifeadtaí fuaime/closamhairc a bhaineann le beartais (mar shampla, comhairle dhlí), le gníomhaíochtaí (mar shampla, speansais taistil na gcoimisinéirí) nó le cinntí (mar shampla, taifid ar vótaí) na n-institiúidí.
Faoi rialacha AE maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid (Rialachán 1049/2001), féadfaidh daoine den phobal teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí chun rochtain ar dhoiciméid shonracha a iarraidh (i gcás inarb eol dóibh go bhfuil siad ann) nó chun a iarraidh go sainaithneodh an institiúid doiciméid ar ní sonrach ar mian leo rochtain a fháil air. I gcás ina ndiúltódh an institiúid géilleadh do rochtain trí cheann amháin de na heisceachtaí faoi Rialachán 1049/2001 a agairt, féadfaidh daoine aonair a iarraidh ansin go n-athbhreithneodh an institiúid an bhreith uaithi (ar a dtugtar ‘iarratas daingniúcháin’).
Féadfaidh na daoine aonair sin atá ag iarraidh rochtain phoiblí a fháil ar dhoiciméid dul i muinín an Ombudsman i gcás inar dhiúltaigh an institiúid go hiomlán nó go páirteach don ‘iarratas daingniúcháin’ uathu. Féadfaidh siad a argóint nach bhfuil feidhm ag na heisceachtaí a agraíodh nó go bhfuil leas sáraitheach poiblí ann sa doiciméad/sna doiciméid a nochtadh. Féadfaidh siad freisin dul i muinín an Ombudsman i gcás nár thug an institiúid freagra ar an iarraidh/na hiarrataí uathu laistigh de na spriocdhátaí is infheidhme. Féachann an tOmbudsman le déileáil le gearáin den sórt sin a luaithe is féidir agus, chuige sin, tá Nós imeachta mear curtha i bhfeidhm aici.
Tuilleadh faisnéise maidir le conas is féidir gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh.
Féach Ceisteanna & Freagraí an Ombudsman don phobal maidir le ceart rochtana ar dhoiciméid agus miontreoir an Ombudsman do phairtithe leasmhara.