An bhfuil gearán agat in aghaidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh?
- GA Gaeilge
Tuarascáil speisialta ón Ombudsman Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa a lean as an dréachtmholadh chuig Coimisiún na hEorpa san fhiosrúchán ar a thionscnamh féin OI/2/2003/GG
Tuarascáil Speisialta
Cás OI/2/2003/GG - Tosaithe an Dé Luain | 17 Samhain 2003 - Moladh faoi Dé Luain | 19 Iúil 2004 - Tuarascálacha speisialta an Dé Luain | 17 Samhain 2003 - Cinneadh an Dé Luain | 20 Nollaig 2004
(Arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 3 (7) de Reacht an Ombudsman Eorpaigh[1])
Na cúiseanna leis an bhfiosrúchán ar a thionscnamh féin
Gearán 1857/2003/GG (Faoi rún)
An 6 Deireadh Fómhair 2003, fuair an tOmbudsman Eorpach gearán ón Uas. B., an tOifigeach Preasa agus Faisnéise ag Toscaireacht an Choimisiúin Eorpaigh in Islamabad. Sa ghearán seo, líomhnaigh an tUas. B. go raibh a ghrádú i nGrúpa[2] II ina shárú ar rialacha an Choimisiúin agus go ndearnadh leithcheal air ar fhoras a náisiúntachta. Chun tacú lena líomhain, thagair an tUas. B. inter alia dá cháilíochtaí gairmiúla.
Leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh foráiltear go nglacfaidh an tOmbudsman gearáin ó "aon saoránach den Aontas nó ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát."
Ós rud é nár chosúil go raibh an tUas. B. in aon cheann de na catagóirí seo, d’inis an tOmbudsman dó, ar an 21 Deireadh Fómhair 2003, nach raibh cumhacht ar bith aige déileáil lena ghearán.
I bhfianaise thromchúiseacht na saincheisteanna a d’ardaigh an tUas. B., ámh, mheas an tOmbudsman go mba chóir na saincheisteanna seo a iniúchadh. Chinn sé dá bharr sin fiosrúchán ar a thionscnamh féin a chur ar siúl maidir leis an scéal.
An fhaisnéis a lorgaíodh san fhiosrúchán ar a thionscnamh féin
D’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún dá bharr sin míniú a thabhairt ar na cúiseanna le grádú an Uas. B. agus focal a rá faoi líomhain an Uas. B. go ndearnadh leithcheal air ar fhoras a náisiúntachta.
Ós rud é gur iarr an tUas. B go ndéileálfaí faoi rún lena ghearán, mheas an tOmbudsman go mba chóir déileáil leis an bhfiosrúchán ar a thionscnamh féin seo faoi rún chomh maith.
An fiosrúchán
An tuairim ón gCoimisiún
Ina thuairim, rinne an Coimisiún na tráchtanna seo a leanas:
Bhí an tUas. B., náisiúnach de chuid na Pacastáine, fostaithe mar Oifigeach Preasa agus Faisnéise, faoi cheannas Cheann na Rannóige, i dToscaireacht an Choimisiúin chuig an Phacastáin. Earcaíodh é mar ghníomhaire áitiúil i nGrúpa II.
Cruthaíodh poist d’oifigigh phreasa agus faisnéise sna Toscaireachtaí i nGrúpa II nó i nGrúpa I, ag brath ar na feidhmeanna a bhí le comhlíonadh. Is fíor go raibh formhór (2/3) na bpost i nGrúpa I, ach bhí níos mó ná leath de na hoifigigh phreasa agus faisnéise sin curtha faoi cheannas díreach Cheann na Toscaireachta.
Ina theanna sin, níorbh í an Phacastáin an t-aon mhórthír inar bhain stádas Ghrúpa II le post mar oifigeach preasa. Dá bharr sin ní fhéadfaí glacadh leis an líomhain um leithcheal ar fhoras náisiúntachta.
Ní raibh leibhéal réamh-thaithí ghairmiúil an iarratasóra roghnaithe ina chritéar ó thaobh leibhéal an phoist a shocrú, rud nár socraíodh ach de réir na dtascanna a bhí le déanamh agus de réir struchtúr an phlean bhunaíochta.
Dá bharr sin rinneadh post an Uas. B. a aicmiú i gceart i gcomhréir leis na rialacha bainteacha.
Barúlacha an ghearánaigh i gcás 1857/2003/GG
Cuireadh cóip den tuairim ón gCoimisiún ar aghaidh chuig an Uas. B. chun é a chur ar an eolas. Ina dhiaidh sin chuir an tUas. B. barúlacha faoi bhráid an Ombudsman inar léirigh sé an tuairim go raibh sé ag comhlíonadh na ndualgas céanna a bheag nó a mhór leis na hoifigigh phreasa agus faisnéise Ghrúpa I i dtíortha eile. Ina theanna sin rinne sé aighneacht go raibh sé ag comhlíonadh dualgais bhreise .i. mar dhearthóir Gréasáin buan, ar dualgas é nár cuireadh de chúram ar oifigeach preasa agus faisnéise Ghrúpa I ar bith eile sa réigiún. Thug an tUas. B. le fios freisin go raibh difríocht ollmhór sa tuarastal idir Grúpa I agus Grúpa II. Ar deireadh, d’áitigh an tUas. B. gur sheachain an Coimisiún a "Framework Rules" [Rialacha Creata] féin a lua ina bhfuil post mar oifigeach preasa agus faisnéise curtha i nGrúpa I agus ní i nGrúpa II. D’aighnigh an tUas. B. go ndearna an Coimisiún neamhaird dá rialacha féin.
Fiosrúcháin bhreise
An chéad iarratas le haghaidh faisnéise breise
An 4 Feabhra 2004, d’iarr an tOmbudsman cóip ar an gCoimisiún de na rialacha a cuireadh i bhfeidhm chun grádú an phoist mar oifigeach preasa agus faisnéise i dToscaireacht a chinneadh. Sa chomhthéacs seo thug an tOmbudsman le fios don Choimisiún go ndearna an gearánach i ngearán 1857/2003/GG tagairt shainráite do rud ar ar thug sé "Framework Rules" [Rialacha Creata] a rialaigh an t-aicmiú seo dar leis.
Freagra ón gCoimisiún
An 1 Márta 2004, chuir an Coimisiún isteach cóip de na "Framework rules laying down the conditions of employment of local staff of the Commission of the European Communities serving in non-member countries" [Rialacha Creata lena leagtar síos dálaí fostaíochta do bhaill áitiúla foirne de chuid Choimisiún na gComhphobal Eorpach a fheidhmíonn i dtíortha nach bhfuil ina mbaill] ar foilsíodh iad ina chuid Fógraí Riaracháin an 22 Meitheamh 1990.
Le hAirteagal 4 de na "Framework Rules" [Rialacha Creata] déantar foráil go mbeidh struchtúr gairme amháin ann do bhaill áitiúla foirne ina mbeidh sé ghrúpa "corresponding to the duties to be performed" [a dhéanfaidh comhfhreagairt do na dualgais atá le comhlíonadh] agus a bhfuil cur síos déanta air in Iarscríbhinn I.
Maidir leis an gcomhghaolmhaireacht idir na poist bhunúsacha agus na dualgais i nGrúpaí I agus II, téann Iarscríbhinn I mar seo a leanas:
"I. Administrative, advisory and supervisory posts [I. Poist riaracháin, chomhairleacha agus mhaoirseachta]
These posts involve administrative, advisory and supervisory duties in the following areas: [Baineann na poist seo le dualgais riaracháin, chomhairleacha agus mhaoirseachta sna réimsí seo a leanas:] politics, economics (trade, industry and finance), science and technology, energy, computers, development, press and information, translation and interpreting. [polaitíocht, eacnamaíocht (trádáil, tionscal agus airgeadas), eolaíocht agus teicneolaíocht, fuinneamh, ríomhairí, forbraíocht, preas agus faisnéis, aistriúchán agus ateangaireacht.]
Examples: engineers, lawyers, economists, data-processing analysts, agronomists, press officers, translators, interpreters, editors, project leaders, administrative and financial staff. [Samplaí: innealtóirí, dlíodóirí, eacnamaithe, anailísithe próiseála sonraí, agranamaithe, oifigigh phreasa, aistritheoirí, ateangairí, eagarthóirí, ceannairí tionscadail, foireann riaracháin agus airgeadais.]
II. Executive posts [II. Poist fheidhmiúcháin]
These posts involve difficult and complex office work, under general guidance, mainly in the areas of administration, accounts, documentation and technical matters. [Baineann na poist seo le hobair dheacair chasta oifige, faoi threoir ghinearálta, go háirithe i réimsí riaracháin, cuntas, doiciméadaithe agus ábhar teicniúil.]
Examples: administrative staff, accountants, documentalists, archivists, sub-editors, computer and technical staff." [Samplaí: foireann riaracháin, cuntasóirí, doiciméadaithe, cartlannaithe, fo-eagarthóirí, foireann ríomhaireachta agus theicniúil.]
Ina nóta tionlacain, d’aighnigh an Coimisiún go ndéantar post a aicmiú i gceann de na grúpaí seo ar bhonn na ndualgas atá le comhlíonadh. De réir an Choimisiúin, cuireadh oifigeach preasa i nGrúpa I má cruthaíodh an post chun dualgais chomhairleacha nó mhaoirseachta a chomhlíonadh. Chuir conradh an Uasail B. in iúl go soiléir gur oibrigh sé "as requested by his immediate superior" [mar a d’iarr garoifigeach uachtarach air]. Chiallaigh é seo gur "executive post" [post feidhmiúcháin] a bhí aige laistigh de bhrí Ghrúpa II.
An dara hiarratas le haghaidh faisnéise breise
An 18 Márta 2004, sheol an tOmbudsman an dara hiarratas le haghaidh faisnéise breise chuig an gCoimisiún ag clúdach na saincheisteanna seo a leanas:
- (1) Liostaigh Iarscríbhinn 1 de na "Framework rules" [Rialacha creata] poist na "press officers" [oifigigh phreasa] mar shamplaí de phoist a bhain le "administrative, advisory and supervisory duties" [dualgais riaracháin, chomhairleacha agus mhaoirseachta] agus a bhí dá bharr sin ina "administrative, advisory and supervisory posts" [poist riaracháin, chomhairleacha agus mhaoirseachta] laistigh de bhrí Ghrúpa I. Iarradh ar an gCoimisiún a mhíniú cén fáth go mbeadh sé de cheart aige ámh oifigigh phreasa a aicmiú i nGrúpa II.
- (2) Ina thuairim, luaigh an Coimisiún go raibh dhá thrian de na hoifigigh phreasa go léir aicmithe i nGrúpa I ach go raibh níos mó ná leath de na poist sin curtha faoi cheannas díreach Cheann na Toscaireachta. Iarradh ar an gCoimisiún a rá cé a bhí i gceannas ar an gcuid eile de na hoifigigh phreasa a aicmíodh i nGrúpa I agus an amhlaidh nach raibh ar na hoifigigh phreasa seo a gcuid oibre a dhéanamh "as requested by [their] immediate superior" [mar a d’iarr garoifigeach uachtarach orthu].
- (3) Iarradh ar an gCoimisiún plean bunaíochta a Thoscaireacta chun na Pacastáine a chur ar fáil chun suíomh an oifigigh phreasa ansin a léiriú.
- (4) Ina thuairim, d’aighnigh an Coimisiún nárbh í an Phacastáin an t-aon mhórthír inar aicmíodh an t-oifigeach preasa i nGrúpa II. Iarradh ar an gCoimisiún samplaí de mhórthíortha eile ina raibh an cás amhlaidh a chur ar fáil chomh maith le liosta iomlán de thíortha ina raibh oifigeach preasa agus grád an oifigigh ar taispeáint, má bhí liosta ar fáil.
Freagra ón gCoimisiún
An 3 Bealtaine 2004, chuir an Coimisiún isteach cóip de phlean bunaíochta a Thoscaireacta sa Phacastáin chomh maith le liosta de na 19 dtír ina raibh an tOifigeach Preasa curtha i nGrúpa II. Rinne sé na tráchtanna breise seo a leanas freisin:
Aicmíodh oifigigh phreasa i nGrúpa II nuair nár oibrigh siad faoi cheannas díreach Cheann na Toscaireachta, ach mar a d’iarr garoifigeach uachtarach orthu. Na hoifigigh phreasa de Ghrúpa I nár cuireadh faoi cheannas díreach Cheann na Toscaireachta, cuireadh iad faoi cheannas Cheann Rannóige ag a raibh ról leathan bainistíochta, a bhí i gceannas ní hamháin ar an réimse "press and information" [preas agus faisnéis] ach ar réimsí eile freisin amhail saincheisteanna polaitíochta, eacnamaíochta agus trádála. Ní raibh struchtúr de shaghas eile ach i dToscaireachtaí an Choimisiúin i Moscó, Nua-Eabhrac agus Washington, mar a raibh preasoifig dá chuid féin ag gach ceann de na Toscaireachtaí seo.
I gcás na Toscaireachta sa Phacastáin, chun cabhrú le Ceann Rannóige (a rinne maoirseacht ar réimsí éagsúla beartais) bhí "ALAT"[3] i nGrúpa I a chomhordaigh foireann a bhí ag déileáil le réimsí éagsúla, lena n-áirítear preas agus faisnéis. Bhí an tUas. B. ina bhall den fhoireann seo.
Barúlacha an Uasail B.
Cuireadh cóip d’fhreagraí an Choimisiúin ar an gcéad agus ar an dara hiarratas ón Ombudsman le haghaidh faisnéise breise ar aghaidh chuig an Uas. B. chun é a chur ar an eolas. Ina dhiaidh sin chuir an tUas. B. barúlacha in iúl ina ndearna sé na tráchtanna seo a leanas:
Ón uair a ceapadh é, bhí sé ag obair faoi cheannas díreach Cheann na Rannóige Gnóthaí Polaitiúla, Trádála agus Anailíse Eacnamaíochta agus Caidrimh leis na Meáin (seachas faoi "ALAT" Ghrúpa I). B’amhlaidh an cás d’fhormhór na n-oifigeach preasa agus faisnéise sa réigiún. As na 19 nOifigeach Preasa agus Faisnéise a earcaíodh i nGrúpa II, bhain 17 le hilchríoch na hAfraice agus níor bhain duine ar bith leis an Eoraip nó le Meiriceá[4]. Fuair roinnt oifigeach preasa agus faisnéise a earcaíodh i nGrúpa II ardú céime chun an scéal aimhrialta a chur ina cheart.
An tríú hiarratas le haghaidh faisnéise breise
An 17 Bealtaine 2004, sheol an tOmbudsman an tríú hiarratas le haghaidh faisnéise breise chuig an gCoimisiún. Chuir an tOmbudsman in iúl gur liostaigh Iarscríbhinn 1 de na "Framework Rules" [Rialacha Creata] poist na "press officers" [oifigigh phreasa] mar shamplaí de phoist a bhain le "administrative, advisory and supervisory duties" [dualgais riaracháin, chomhairleacha agus mhaoirseachta] agus dá bharr san ar "administrative, advisory and supervisory posts" [poist riaracháin, chomhairleacha agus mhaoirseachta] iad laistigh de bhrí Ghrúpa I. Dá bharr sin d’iarr sé ar an gCoimisiún a mhíniú cén fáth go mbeadh sé de cheart aige ámh oifigigh phreasa a aicmiú i nGrúpa II.
Freagra ón gCoimisiún
Ina fhreagra, d’aighnigh an Coimisiún, cé go raibh "press officers" [oifigigh phreasa] liostaithe mar shamplaí de phoist a bhain le "administrative, advisory and supervisory duties" [dualgais riaracháin, chomhairleacha agus mhaoirseachta] laistigh de bhrí Ghrúpa I, nár chiallaigh é sin go raibh dualgais chomhairleacha agus mhaoirseachta ag na hoifigigh phreasa go léir. Ní raibh ach dualgais chasta fheidhmiúcháin ag roinnt acu, faoi cheannas maoirseora seachas Ceann na Toscaireachta, i dtreo is go raibh oifigigh phreasa i nGrúpa II freisin. Ba é seo cás an Uasail B.
Dréachtmholadh ón Ombudsman
An dréachtmholadh
An 19 Iúil 2004, sheol an tOmbudsman an dréachtmholadh seo a leanas chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 3 (6) de Reacht an Ombudsman Eorpaigh:
"The European Commission should reconsider its rules concerning the classification of posts of press officers in its delegations in third countries in general and the classification of the post of Mr B. in particular." [Ba chóir don Choimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar a rialacha maidir le haicmiú phoist na n-oifigeach preasa ina thoscaireachtaí i dtríú tíortha go ginearálta agus aicmiú phost an Uasail B. go háirithe.]
Thug an tOmbudsman Eorpach cúiseanna leis an dréachtmholadh mar seo a leanas:
1.1 Baineann an fiosrúchán reatha le cás Uasail B., an tOifigeach Preasa agus Faisnéise ag Toscaireacht an Choimisiúin Eorpaigh in Islamabad. Grádaíodh post Uasail B. i nGrúpa II ("Executive posts" [Poist fheidhmiúcháin]) as na sé ghrúpa a tuaradh sna "Framework rules laying down the conditions of employment of local staff of the Commission of the European Communities serving in non-member countries" [Rialacha Creata lena leagtar síos dálaí fostaíochta do bhaill áitiúla foirne de chuid Choimisiún na gComhphobal Eorpach a fheidhmíonn i dtíortha nach bhfuil ina mbaill] a foilsíodh i bhFógraí Riaracháin an Choimisiúin an 22 Meitheamh 1990. De réir an Uas B., ba phost a grádaíodh i nGrúpa I ("Administrative, advisory and supervisory posts" [Poist riaracháin, chomhairleacha agus mhaoirseachta]) a bhí ag formhór na n-oifigeach preasa i dtoscaireachtaí eile. Is cosúil go bhfuil difríocht mhór tuarastail idir Grúpa I agus Grúpa II. Líomhnaigh an tUas B. go raibh a ghrádú i nGrúpa II ina shárú ar rialacha an Choimisiúin agus go ndearnadh leithcheal air ar fhoras a náisiúntachta.
1.2 Ós rud é nach raibh an tUas. B. ar dhuine de na daoine ar féidir leo, i gcomhréir le hAirteagal 195 de Chonradh CE, gearáin a chur faoi bhráid an Ombudsman, ba ghá diúltú dá ghearán (1857/2003/GG). I bhfianaise thromchúiseacht na saincheisteanna a d’ardaigh tUas. B., ámh, mheas an tOmbudsman go mba chóir na saincheisteanna seo a iniúchadh. Chinn sé dá bharr sin fiosrúchán ar a thionscnamh féin a chur ar siúl maidir leis an scéal.
1.3 Ina thuairim, ba é dearcadh an Choimisiúin gur aicmíodh post an Uasail B. i gceart i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme agus nach ndearnadh leithcheal ar bith ar fhoras náisiúntachta. D’aighnigh an Coimisiún gur cruthaíodh poist d’oifigigh phreasa sna Toscaireachtaí i nGrúpa II nó i nGrúpa I, ag brath ar na feidhmeanna a bhí le comhlíonadh. Is fíor go raibh formhór (2/3) na bpost i nGrúpa I, ach bhí níos mó ná leath de na hoifigigh phreasa agus faisnéise sin curtha faoi cheannas díreach Cheann na Toscaireachta.
1.4 Ina fhreagra ar iarratas ón Ombudsman ar fhaisnéis bhreise, chuir an Coimisiún isteach cóip de na "Framework Rules" [Rialacha Creata]. De réir Iarscríbhinn I de na rialacha seo, baineann poist riaracháin, chomhairleacha agus mhaoirseachta le "administrative, advisory and supervisory duties in the following areas: (...) press and information (...)" [dualgais riaracháin, chomhairleacha agus mhaoirseachta sna réimsí seo: (...) preas agus faisnéis (...)]. I measc na samplaí de phoist dá leithéid a liostaítear in Iarscríbhinn I tá "press officers" [oifigigh phreasa]. Ina nóta tionlacain, d’aighnigh an Coimisiún gur cuireadh oifigeach preasa i nGrúpa I má cruthaíodh an post chun dualgais chomhairleacha nó mhaoirseachta a chomhlíonadh. Chuir conradh an Uasail B. in iúl go soiléir gur oibrigh sé "as requested by his immediate superior" [mar a d’iarr garoifigeach uachtarach air]. Dar leis an gCoimisiún chiallaigh é seo gur "executive post" [post feidhmiúcháin] a bhí aige laistigh de bhrí Ghrúpa II.
1.5 Ina fhreagra ar an dara hiarratas ón Ombudsman ar fhaisnéis, d’aighnigh an Coimisiún gur cuireadh oifigigh phreasa de Ghrúpa I nár cuireadh faoi cheannas díreach Cheann na Toscaireachta faoi cheannas Ceann Rannóige ag a raibh ról leathan bainistíochta, a bhí i gceannas ní hamháin ar an réimse "press and information" [preas agus faisnéis] ach ar réimsí eile freisin amhail saincheisteanna polaitíochta, eacnamaíochta agus trádála. Ní raibh struchtúr de shaghas eile ach i dToscaireachtaí an Choimisiúin i Moscó, Nua-Eabhrac agus Washington, mar a raibh preasoifig dá chuid féin ag gach ceann de na Toscaireachtaí seo. Ina fhreagra ar an tríú hiarratas ón Ombudsman ar fhaisnéis, líomhnaigh an Coimisiún nach raibh dualgais chomhairleacha agus mhaoirseachta ag na hoifigigh phreasa go léir. Ní raibh ach dualgais chasta fheidhmiúcháin ag roinnt acu, faoi cheannas maoirseora seachas Ceann na Toscaireachta, i dtreo is go raibh oifigigh phreasa i nGrúpa II freisin. De réir an Choimisiúin, ba é seo cás an Uasail B.
1.6 Tugann an tOmbudsman faoi deara go liostaíonn Iarscríbhinn 1 de na "Framework Rules" [Rialacha Creata] poist na n-oifigeach preasa mar shamplaí de phoist a bhaineann le "administrative, advisory and supervisory posts" [dualgais riaracháin, chomhairleacha agus mhaoirseachta] ar le Grúpa I iad. I bhfianaise na forála seo tá an tOmbudsman den tuairim gur ar an gCoimisiún atá an dualgas a thaispeáint cén bonn dlíthiúil agus cé na critéir infheidhme a thabharfadh an ceart dó ámh roinnt oifigeach preasa (agus an tUas. B. go háirithe) a ghrádú i nGrúpa II.
1.7 Tugann an tOmbudsman faoi deara, ámh, nach raibh an Coimisiún ábalta an bonn dlíthiúil agus na critéir seo a shoiléiriú, in ainneoin roinnt iarratas ar fhaisnéis chuige sin a bheith déanta ag an Ombudsman. Bhéimnigh an Coimisiún, as an dá thrian d’oifigigh phreasa a grádaíodh i nGrúpa I, go raibh a leath curtha faoi cheannas díreach Cheann na Toscaireachta, rud nárbh amhlaidh i gcás an Uasail B. Ós rud é, ámh, gur chiallaigh é seo nach n-oibríonn an leath eile den dá thrian d’oifigigh phreasa i nGrúpa I faoi cheannas díreach Cheann na Toscaireachta, tá sé deacair a fheiceáil conas a d'fhéadfadh an Coimisiún brath ar an gcritéar seo chun a thaispeáint gur cheart gur grádaíodh roinnt oifigeach preasa i nGrúpa I agus roinnt eile i nGrúpa II. Bhí an Coimisiún ag brath air freisin gur chuir conradh Mr B. d’iallach air oibriú "as requested by his immediate superior" [mar a d’iarr garoifigeach uachtarach air] mar údar lena thuairim gur "executive post" [post feidhmiúcháin] a bhí ag an Uas. B. Níor aighnigh an Coimisiún, ámh, agus cé gur chuir an tOmbudsman ceist air chuige sin, nach mbeadh iallach ar na hoifigigh phreasa i nGrúpa I nach n-oibríonn faoi cheannas díreach Cheann na Toscaireachta oibriú mar a d’iarr garoifigeach uachtarach orthu. Ina fhreagra ar an dara hiarratas ón Ombudsman ar fhaisnéis, d’aighnigh an Coimisiún gur cuireadh oifigigh phreasa de Ghrúpa I nach n-oibríonn faoi cheannas díreach Cheann na Toscaireachta faoi cheannas Ceann Rannóige. Thug an Coimisiún le tuiscint nach raibh cás an Uasail B. amhlaidh ós rud é go raibh sé, de réir an Choimisiúin, ina bhall d’fhoireann "ALAT" (gníomhaire) a bhí ag cuidiú leis an gCeann Rannóige. Tugann an tOmbudsman faoi deara, ámh, nach ndeimhníonn plean bunaíochta na Toscaireachta sa Phacastáin a chuir an Coimisiún isteach ar iarratas ón Ombudsman go raibh an tUas. B. riamh faoi cheannas "ALAT" dá leithéid. Ba chóir a thabhairt faoi deara ina theannta sin gur chuir an Coimisiún féin in iúl ina thuairim go raibh an tUas. B. fostaithe "under the responsibility of the Head of Section" [faoi cheannas an Cheann Rannóige].
1.8 Sna cúinsí seo, measann an tOmbudsman nach raibh an Coimisiún ábalta a mhíniú go comhleanúnach cinntitheach cén fáth ar ghrádaigh sé post an Uasail B. (agus post oifigeach preasa eile) i nGrúpa II cé go luann a "Framework Rules" [Rialacha Creata] oifigigh phreasa mar shamplaí de "administrative, advisory and supervisory posts" [phoist riaracháin, chomhairleacha agus mhaoirseachta] ar le Grúpa I iad. Is sampla de dhrochriarachán é seo.
1.9 Maidir le líomhain an Uasail B. go ndearnadh leithcheal air ar fhoras a náisiúntachta, measann an tOmbudsman nach gceadaíonn an fhianaise atá ina sheilbh aige dó a chinneadh go bhfuil údar leis an líomhain seo.
Tuairim mhionchruinn ón gCoimisiún
I ndiaidh an dréachtmholadh a fháil, agus i gcomhréir le hAirteagal 3 (6) de Reacht an Ombudsman Eorpaigh, sheol an Coimisiún tuairim mhionchruinn an 7 Deireadh Fómhair 2004.
Ina thuairim mhionchruinn, rinne an Coimisiún na tráchtanna seo a leanas:
"In Annex I of the Framework Rules laying down the conditions of employment of local staff of the Commission of the European Communities serving in non-member countries, the mention of 'press officers' is quoted as an example. [In Iarscríbhinn I de na Rialacha Creata lena leagtar síos dálaí fostaíochta do bhaill áitiúla foirne de chuid Choimisiún na gComhphobal Eorpach a fheidhmíonn i dtíortha nach bhfuil ina mbaill, luaitear 'oifigigh phreasa' mar shampla.] The classification in Group I of a post in the field of Press and Information depends on the necessity to create a post implying 'administrative, advisory and supervisory' duties. [Is i nGrúpa I a aicmítear post sa réimse Preas agus Faisnéis, má chaitear post a chruthú a bhaineann le dualgais 'riaracháin, chomhairleacha agus mhaoirseachta'.] Some posts in the field of Press and Information imply duties at an 'executive' level (qualifying Group II) or even 'clerical' posts in the case of documentation (Group III). [Baineann roinnt post sa réimse Preas agus Faisnéis le dualgais ag leibhéal 'feidhmiúcháin' (a cháilíonn do Ghrúpa II) nó le poist 'chléireachais' fiú i gcás doiciméadaithe (Grúpa III).]
Once the level of the post is fixed, the classification of the recruited person is made at this level and not on the basis of an educational level which could qualify this person for a higher Group, since only the tasks to be performed are taken into consideration. [Nuair a bhíonn leibhéal an phoist socraithe, is ar an leibhéal seo a dhéantar aicmiú an duine a earcaítear agus ní ar bhonn leibhéil oideachais a d'fhéadfadh an duine seo a cháiliú le haghaidh Grúpa níos airde, toisc nach gcuirtear san áireamh ach na tascanna a bheidh le déanamh.]
The Commission services regularly analyse the needs of each Delegation on the basis of the mission and the situation in the country and determine the most appropriate level for each post in the course of the adoption of the Delegations' organisation charts. [Déanann seirbhísí an Choimisiúin anailís go rialta ar riachtanais gach Toscaireachta ar bhonn an mhisin agus na ndálaí sa tír agus socraíonn siad an leibhéal cuí do gach post nuair a bhíonn cairteacha eagrúcháin na dToscaireachtaí á nglacadh.] They also take into consideration the existence of other human resources in a given field. [Cuireann siad san áireamh iad freisin más ann d’acmhainní daonna eile i réimse tugtha.]
In a long run process which is partly due to the reform of the staff regulations, the Commission services concerned are presently reviewing a number of groups of functions in the Delegations. [I bpróiseas fadtréimhseach atá ann i bpáirt toisc athchóiriú na rialachán foirne, tá na seirbhísí Coimisiúin atá i dtrácht ag déanamh athbhreithnithe faoi láthair ar roinnt grúpaí feidhmeanna sna Toscaireachtaí.] These include those related to Press and Information activities in the Delegations with the specific aim of clarifying the use of different levels in that field. [Cuimsíonn siad seo na cinn sin a bhaineann le gníomhaíochtaí i ndáil le Preas agus Faisnéis sna Toscaireachtaí agus é mar chuspóir ar leith soiléiriú a dhéanamh ar úsáid leibhéal éagsúil sa réimse sin.]
It recognises that one of the needs is to name the different levels of posts differently in order to eliminate any possible misunderstanding on the level of duties to be performed. [Aithníonn sé gur ceann de na riachtanais ná leibhéil éagsúla na bpost a ainmniú i slí eile chun míthuiscint fhéideartha ar bith a dhíothú maidir le leibhéal na ndualgas atá le comhlíonadh.]
In the course of this examination, the level of the duties assigned to the post of Mr B. will be assessed. [I gcaitheamh an scrúdaithe seo, déanfar leibhéal na ndualgas atá sannta do phost an Uasail B. a mheas.] On the basis of the present job description (which is annexed) and of the present position within the organisation chart, the Commission is of the opinion that this post is correctly classified in Group II." [Ar bhonn thuairisc an phoist reatha (a ghabhann leis seo) agus ar bhonn an ionaid reatha laistigh den chairt eagrúcháin, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil an post seo aicmithe i gceart i nGrúpa II.]
Meastóireacht ón Ombudsman maidir leis an tuairim mhionchruinn ón gCoimisiún
Measann an tOmbudsman go dteipeann ar thuairisc mhionchruinn an Choimisiúin arís eile na critéir ar leith a chur ar fáil a chuireann an Coimisiún i bhfeidhm chun a shocrú cibé laistigh de ghrúpa I nó grúpa II is ceart oifigeach preasa a aicmiú. Ina theannta sin measann sé nár mhínigh an Coimisiún go sásúil fós cén fáth go mbeadh difríochtaí dá leithéid ceadaithe i bhfianaise théacs soiléir Iarscríbhinn I de na "Framework Rules" [Rialacha Creata] a liostaíonn poist na n-oifigeach preasa mar shamplaí de "administrative, advisory and supervisory posts" [phoist riaracháin, chomhairleacha agus mhaoirseachta] ar le Grúpa I iad.
Tugann an tOmbudsman dá aire na mínithe a thugann an Coimisiún maidir lena sheirbhísí a bheith ag déanamh athbhreithnithe faoi láthair ar roinnt grúpaí feidhmeanna sna Toscaireachtaí, lena n-áirítear na cinn sin a bhaineann le gníomhaíochta i ndáil le Preas agus Faisnéis, agus é mar chuspóir ar leith soiléiriú a dhéanamh ar úsáid leibhéal éagsúil sa réimse sin. Bhéimnigh an Coimisiún, ámh, gur próiseas fadtéarmach atá san athbhreithniú seo. Ní thuigeann an tOmbudsman cén fáth nach mbeadh an Coimisiún ábalta aghaidh a thabhairt anois ar an bhfadhb ar ar tharraing sé a aird sa chás reatha.
I ríomhphost an 10 Samhain 2004, chuir an tUas. B. in iúl, de réir an eolais a bhí aige, nár grádaíodh i nGrúpa II oifigeach preasa agus faisnéise ar bith a bhí fostaithe ag an gCoimisiún san Eoraip, i Meiriceá nó ar Imeall an Aigéin Chiúin. Dá bharr sin d’iarr sé ar an Ombudsman athbhreithniú a dhéanamh ar a líomhain go raibh an Coimisiún ciontach ó thaobh beartas a chur i bhfeidhm a bhí idirdhealaitheach agus ar bhain ciníochas leis. Measann an tOmbudsman nach féidir an líomhain seo a scrúdú go fónta, gan fianaise níos nithiúla, ach nuair a shoiléiríonn an Coimisiún na critéir a chuireann sé i bhfeidhm nuair a earcaíonn sé baill foirne dá leithéid. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa cinneadh a dhéanamh, ámh, breathnú ar an gceist seo chomh maith agus í ag déileáil leis an tuarascáil speisialta reatha.
Moladh ón Ombudsman
I bhfianaise an mhéid thuas, déanann an tOmbudsman a dhréachtmholadh a athrá mar mholadh don Choimisiún mar seo a leanas:
Ba chóir do Choimisiún na hEorpa athbhreithniú a dhéanamh ar a rialacha maidir le haicmiú phoist na n-oifigeach preasa ina thoscaireachtaí i dtríú tíortha go ginearálta agus aicmiú phost an Uasail B. go háirithe.
D’fhéadfadh Parlaimint na hEorpa machnamh a dhéanamh ar an moladh a ghlacadh mar rún.
Strasbourg,
P. Nikiforos DIAMANDOUROS
[1] Cinneadh 94/262 ó Pharlaimint na hEorpa de 9 Márta 1994 ar na Rialacháin agus na Coinníollacha Ginearálta d'Fheidhmiú Fheidhmeanna an Ombudsman, IO 1994 L 113, lch. 15.
[2] Ar dtús bhain an gearánach agus (á leanúint siúd) an tOmbudsman úsáid as an bhfocal "Grade" [Grád]. Baineann na "Framework Rules" [Rialacha Creata] (féach thíos) úsáid, ámh, as an bhfocal "Group" [Grúpa], agus is é an focal seo a úsáidfear anseo más ea.
[3] Bhain an Coimisiún úsáid as an nath seo. Níor tugadh aon mhíniú, ámh, ar cad ba bhrí leis.
[4] Tugann an tOmbudsman faoi deara gur cosúil nach bhfuil sé seo i gceart ar fad. Chomh fada agus is léir dó, oibríonn 15 as na 19 n-oifigeach Preasa agus Faisnéise i nGrúpa II san Afraic, 2 san Áise, duine amháin in iar-phoblacht Shóivéadach agus duine amháin i Meiriceá (Barbadós).