An bhfuil gearán agat in aghaidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh?

Cuardaigh fiosrúcháin

Critéir scagtha doiciméad
Cás
Raon dátaí
Eochairfhocail
Nó bain triail as sean-eochairfhocail (Roimh 2016)

1 - 20 de 159 toradh á dtaispeáint

Cinneadh maidir leis an am a thóg sé ar an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) fiosrúchán riaracháin a dhéanamh ar chiapadh líomhnaithe, agus an t-am a thóg sé gníomhaíocht leantach a dhéanamh (2354/2024/PB)

Dé Luain | 05 Deireadh Fómhair 2026

Bhain an cás le ball foirne den Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) a mheas go ndearna a bhainisteoir líne ciapadh air. Rinne sé gearán faoi seo go luath i 2021. Sheol BCE fiosrúchán riaracháin, agus ag an am céanna shann sé an gearánach d’ionad oibre eile in BCE chun é féin a chosaint.

Thóg an fiosrúchán riaracháin dhá bhliain go leith, agus dúnadh é trí bliana tar éis don ghearánach cabhair a iarraidh den chéad uair. Fuarthas amach san fhiosrúchán riaracháin go ndearnadh ciapadh ar an ngearánach, agus tionscnaíodh nós imeachta araíonachta go foirmiúil i gcoinne an bhainisteora líne.

Le linn obair leantach BCE ar thoradh an fhiosrúcháin riaracháin, chuaigh an gearánach i dteagmháil leis an Ombudsman. Líomhain sé go raibh moilleanna míréasúnta sa phróiseas.

Le linn fhiosrúchán an Ombudsman, chuir BCE bailchríoch ar an nós imeachta araíonachta agus d’fhill an gearánach ar a phríomhionad oibre ar deireadh.

Chinn an tOmbudsman go raibh moilleanna míréasúnta i ngach céim de láimhseáil BCE ar an ábhar, agus gur theip ar BCE aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna tábhachtacha ina obair leantach. Dá bhrí sin, mhol an tOmbudsman réiteach do BCE, eadhon go ndéanfadh sé leithscéal a ghabháil, cúiteamh a íoc agus cumarsáid inmheánach fhóinteach a áirithiú don fhoireann maidir leis an gcás ciaptha.

Ina fhreagra ar thogra an Ombudsman le haghaidh réitigh, chuir BCE in iúl gur oth leis an méid a tharla. D’eagraigh sé cumarsáid inmheánach bhreise faoin gcás ciaptha. Níor chinn sé, áfach, go raibh na heilimintí ba ghá aige chun cúiteamh airgeadais a mheas. Chinn an tOmbudsman, ar an drochuair, nár deisíodh an díobháil a rinne láimhseáil BCE ar chás ciaptha an ghearánaigh mar gheall ar fhreagairt BCE ar an togra le haghaidh réitigh. Mar sin féin, ós rud é gur cosúil nach mbeadh moladh ina n-athdhearbhaítear na pointí céanna úsáideach, dhún an tOmbudsman an fiosrúchán le moltaí maidir le feabhsuithe sistéamacha agus arís ag iarraidh ar BCE dul i dteagmháil leis an ngearánach chun iarmhairtí airgeadais ábhartha a dhrochriaracháin a shainaithint.

Cinneadh maidir leis an am a thóg sé ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) tús a chur le réamh-imscrúdú maidir le líomhaintí ciaptha (cás 2275/2024/PB)

Dé Luain | 15 Nollaig 2025

Bhain an cás le gearán ciaptha ó bhall foirne de mhisean de chuid an Aontais a láimhseáil. Chinn misean an Aontais atá i gceist tús a chur le ‘réamh-imscrúdú’, ach bhí saincheisteanna os a chomhair maidir lena thosú i ndáiríre.

Chuaigh an gearánach i dteagmháil leis an Ombudsman Eorpach nuair ba chosúil, tar éis roinnt míonna, nach raibh tús curtha leis an réamh-imscrúdú.

D'oscail an tOmbudsman fiosrúchán, ag iarraidh ar SEGS cuntas a thabhairt ar an gcás.

Le linn fhiosrúchán an Ombudsman, chuir SEGS tús iarbhír leis an réamh-imscrúdú, as ar eascair tuarascáil ar cinneadh nós imeachta araíonachta a oscailt ar a bonn.

Tháinig an tOmbudsman ar an gconclúid gur sárú ar cheart bunúsach an ghearánaigh chun am láimhseála riaracháin réasúnta a bhí sa mhoill ar thosú ar an réamh-imscrúdú a dhéanamh. Ina theannta sin, chinn an tOmbudsman go raibh drochriarachán sa chumarsáid tosaigh leis an ngearánach.

Mar sin féin, ós rud é gur osclaíodh nós imeachta araíonachta gaolmhar mar thoradh ar an réamh-imscrúdú idir an dá linn, dhún an tOmbudsman an fiosrúchán.