An bhfuil gearán agat in aghaidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh?

Cuardaigh fiosrúcháin

Critéir scagtha doiciméad
Cás
Raon dátaí
Eochairfhocail
Nó bain triail as sean-eochairfhocail (Roimh 2016)

1 - 20 de 59 toradh á dtaispeáint

Cinneadh i gcás 559/2016/MDC maidir le diúltú an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta an nós imeachta idir-réitigh a thionscnamh i ndáil leis an ngearánach

Dé Máirt | 31 Deireadh Fómhair 2017

Bhain an cás le dífhostú éagórach líomhnaithe iarfhostaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus le ciapadh líomhnaithe iarfhostaí ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI).

Dhírigh fiosrúchán an Ombudsman ar an tsaincheist go líomhnaítear gur dhiúltaigh BEI go mícheart don ghearánach an tairbhe a bhaineann leis an ‘nós imeachta réitigh’ dá bhforáiltear faoi Airteagal 41 de Rialacháin Foirne BEI (lena leagtar síos go bhféadfaidh baill foirne imeachtaí a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nuair a thagann díospóid chun cinn le BEI agus, sula ndéanfaidh siad amhlaidh, gur cheart dóibh réiteach cairdiúil a lorg, tríd an nós imeachta idir-réitigh). Rinne an tOmbudsman an réamhchinneadh, trína mheas nach bhféadfaí an nós imeachta idir-réitigh a chur i bhfeidhm maidir le hiarbhall foirne nach raibh pinsean BEI á fháil aige, go raibh drochriarachán déanta ag BEI. Dá bhrí sin, mhol an tOmbudsman go dtionscnódh BEI an nós imeachta idir-réitigh gan mhoill, a mhéid a bhaineann leis an dífhostú agus leis na saincheisteanna ciaptha araon. Chomhaontaigh an Banc tús a chur leis an nós imeachta idir-réitigh maidir le saincheist an dífhostaithe, agus tharchuir sé an gearánach chuig nós imeachta eile maidir le saincheist an chiaptha.

Tháinig an tOmbudsman ar an gconclúid, tar éis di idirghabháil a dhéanamh, gur thángthas ar réiteach. Dá bhrí sin, dhún sí an cás.

Cinneadh i gcás 45/2015/PMC maidir le gníomhaíochtaí na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) tar éis tuarascáil sceithireachta a fháil

Dé Máirt | 11 Lúnasa 2015

Bhain an cás le gníomhaíochtaí OLAF tar éis tuarascáil sceithireachta a fháil a nascann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (EASA) le hionramháil líomhnaithe ar thuarascáil cigireachta slándála eitlíochta. Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, bhí imní ar an Ombudsman faoi chinneadh OLAF an cás a dhíbhe agus an t-ábhar a tharchur ar ais chuig EASA in ainneoin gur roghnaigh an sceithire go comhfhiosach a thuarascáil a dhéanamh chuig OLAF seachas chuig EASA. Thug an tOmbudsman an réamhthuairim go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag cinneadh den sórt sin ar éifeachtacht na bhforálacha sceithireachta i gcoitinne. Chinn sí, dá bhrí sin, an t-ábhar a fhiosrú.

Tar éis iniúchadh a dhéanamh ar chomhaid OLAF, chinn an tOmbudsman go raibh breithniú cuí déanta ag OLAF i dtaobh imscrúdú a oscailt. Tháinig sé chun solais freisin nár dhún OLAF an cás i ndáiríre ach gur iarr sé ar EASA an t-ábhar a scrúdú agus tuairisc a thabhairt ar thorthaí a imscrúdaithe. Ina theannta sin, bhí an ceart forchoimeádta ag OLAF fiosrúchán foirmiúil a oscailt ag céim níos déanaí. I bhfianaise an mhéid sin, chinn an tOmbudsman gur dhéileáil OLAF go cuí le tuarascáil sceithireachta an ghearánaigh. Thug an tOmbudsman dá haire gur cheart go mbeadh OLAF tar éis an gearánach a chur ar an eolas ar bhealach níos sainráite nár chiallaigh tarchur an ábhair chuig EASA nach mbeadh OLAF ag déanamh aon ghníomh eile ar an ábhar. Rinne sí ráiteas eile ina leith sin.

Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena ndúntar an fiosrúchán ar ghearán 415/2014/FOR i gcoinne Pharlaimint na hEorpa

Dé Luain | 01 Meitheamh 2015

Gníomhaire sealadach le Parlaimint na hEorpa is ea an gearánach. Thit sí tinn nuair a bhí sí ar saoire bhliantúil. Bhain an cás le diúltú na Parlaiminte saoire bhliantúil an ghearánaigh a thiontú ina saoire bhreoiteachta. D'fhiosraigh an tOmbudsman an tsaincheist agus níor aimsigh sí aon drochriarachán toisc go raibh ar an ngearánach seoladh reatha a sholáthar ag an am, nó go gairid ina dhiaidh sin, chuir sí isteach a teastas leighis don tsaoire bhreoiteachta. Níor comhlíonadh an ceanglas sin.

Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena ndúntar a fiosrúchán féintionscnaimh OI/8/2014/AN maidir leis an gCoimisiún Eorpach

Dé Luain | 11 Bealtaine 2015

Baineann an fiosrúchán féintionscnaimh seo leis an gcaoi a n-áirithíonn an Coimisiún Eorpach go gcomhlíontar na cearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh nuair a chuireann na Ballstáit beartas comhtháthaithe an Aontais chun feidhme. Seoladh é agus an tAontas ag tabhairt faoi thréimhse nua cistiúcháin seacht mbliana, lena gcumhdaítear 2014-2020, faoi chreat dlíthiúil nua.

Féachann beartas comhtháthaithe an Aontais le héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil san Aontas a laghdú. I bhfianaise infheictheacht an Aontais sna tionscadail a chistítear tríd an mbeartas comhtháthaithe – ó fheabhas a chur ar sheirbhísí éigeandála sa Rómáin go réimsí mianach a bhaint sa Chróit – creideann an tOmbudsman gur cheart don Choimisiún gach a bhfuil ar a chumas a dhéanamh chun a áirithiú go n-urramófar cearta bunúsacha de réir mar a chaitear an t-airgead. Níor cheart úsáid a bhaint riamh as an bhfíoras nach bhfuil an Coimisiún freagrach go díreach as bainistiú na gcistí mar chúis le gan gníomhú má sáraíodh cearta bunúsacha, nó má tá an baol ann go sárófar iad.

Bhí baint ag an gCoimisiún, ag na hombudsmain náisiúnta agus ag ionadaithe na sochaí sibhialta leis an bhfiosrúchán féintionscnaimh. Ar bhonn a n-aiseolais, tá ocht dtreoirlíne feabhsúcháin curtha i dtoll a chéile ag an Ombudsman chun tacú leis an gCoimisiún agus maoirseacht á déanamh aige ar na Ballstáit sa réimse sin.

Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena ndúntar a fiosrúchán féintionscnaimh OI/9/2013/TN maidir leis an gCoimisiún Eorpach

Dé Céadaoin | 04 Márta 2015

Ar fáil ó Aibreán 2012, tugann an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) deis do ghrúpa de mhilliún saoránach AE ar a laghad iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht nua AE a mholadh. Tar éis dó roinnt gearán a fháil, chinn an tOmbudsman imscrúdú a dhéanamh ar fheidhmiú cuí nós imeachta an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus ar ról agus freagracht an Choimisiúin ina leith sin. D’iarr an tOmbudsman ar eagraithe na dTionscnamh Eorpacha ó na Saoránaigh, ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ar dhaoine leasmhara eile ionchur a chur ar fáil maidir le cé chomh maith agus atá an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ag obair. Ar bhonn na bhfreagraí sin, chuir an tOmbudsman raon moltaí faoi bhráid an Choimisiúin chun éifeachtacht phróiseas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a mhéadú.

Tar éis di freagra an Choimisiúin a fháil, tugann an tOmbudsman a fiosrúchán chun críche anois le 11 threoirlíne le haghaidh tuilleadh feabhais. Cé go dtugann an tOmbudsman dá haire go bhfuil go leor déanta ag an gCoimisiún chun éifeacht a thabhairt do cheart an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ar bhealach atá fabhrach don saoránach, creideann an tOmbudsman gur féidir níos mó a dhéanamh. Ós rud é go bhfuil cuid de na moltaí sin ábhartha do Pharlaimint na hEorpa, scríobhfaidh an tOmbudsman chuig Uachtarán na Parlaiminte freisin. Ar an gcaoi sin, tá muinín aici go mbeidh a cuid moltaí, a rinneadh le linn an fhiosrúcháin agus sa chinneadh seo araon, úsáideach toisc gur shocraigh na hinstitiúidí sin, in éineacht le Comhairle an Aontais Eorpaigh, athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh níos déanaí i mbliana.

Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena ndúntar fiosrúchán féintionscnaimh OI/7/2013/MHZ maidir leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE)

Dé Céadaoin | 04 Márta 2015

Tháinig an fiosrúchán seo chun cinn i gcomhthéacs chuairt an Ombudsman Eorpaigh ar an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne. Bhí an chuairt mar chuid de chlár cuairteanna an Ombudsman ar ghníomhaireachtaí an AE a bhí dírithe ar dhea-chleachtas a scaipeadh i measc na ngníomhaireachtaí ina gcaidreamh le saoránaigh. Mar chuid den chuairt, scrúdaigh an tOmbudsman (i) teagmhálacha tosaigh na hInstitiúide leis an bpobal, (ii) trédhearcacht, idirphlé agus cuntasacht, (iii) earcaíocht, (iv) tairiscintí agus conarthaí, (v) coinbhleachtaí leasa agus (vi) sceithireacht. Rinne an tOmbudsman sé mholadh don Institiúid feabhas a chur ar a feidhmíocht sna réimsí sin. Deimhníodh i bhfreagra EIGE go raibh gníomh á dhéanamh aige, i measc nithe eile, trí fhaisnéis faoina chuid oibre a chur ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus trí fhorálacha níos mionsonraithe a ghlacadh maidir le sceithireacht.

Ós rud é gur thug cuairt an Ombudsman le fios go raibh ar an Institiúid níos mó a dhéanamh chun déileáil le cásanna ciaptha, agus go deimhin chun iad a chosc, rinne sí obair leantach shonrach ar an tsaincheist sin agus spreag an ghníomhaíocht dhiongbháilte a rinne an Institiúid mar fhreagairt uirthi. Chun tuilleadh feabhais a chur chun cinn, mhol an tOmbudsman, i measc nithe eile, go n-eagródh EIGE oiliúint go rialta sa réimse seo a bhfuil tábhacht lárnach ag baint leis d'obair na hInstitiúide.

Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena ndúntar a fiosrúchán féintionscnaimh OI/10/2014/RA maidir leis an gCoimisiún Eorpach

Dé Máirt | 06 Eanáir 2015

Tá an Coimisiún Eorpach i mbun caibidlíochta faoi láthair, thar ceann an Aontais Eorpaigh, ar chomhaontú comhpháirtíochta trádála agus infheistíochta fadréimseach leis na Stáit Aontaithe (an Chomhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta - TTIP). Mheall an chaibidlíocht leas poiblí nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, i bhfianaise an tionchair eacnamaíoch, shóisialta agus pholaitiúil a d’fhéadfadh a bheith ag TTIP.

Tá sé mar aidhm ag fiosrúchán an Ombudsman cabhrú lena chinntiú gur féidir leis an bpobal dul chun cinn na caibidlíochta sin a leanúint a mhéid is féidir agus cuidiú lena dtoradh a mhúnlú. I mí Iúil 2014, chuir an tOmbudsman an chéad sraith moltaí faoi bhráid an Choimisiúin. Bhailigh an tOmbudsman smaointe ón bpobal freisin le linn a fiosrúcháin chun cabhrú leis na cainteanna a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos inrochtana. I bhfianaise na n-ábhar imní a chuir Parlaimint na hEorpa agus an tsochaí shibhialta in iúl freisin, leag an Coimisiún amach raon beart uaillmhianach trédhearcachta i mí na Samhna 2014.

Cuireann an tOmbudsman deich moladh eile ar aghaidh chuig an gCoimisiún anois maidir le téacsanna caibidlíochta coiteanna, nochtadh réamhghníomhach níos fearr ar dhoiciméid TTIP, agus trédhearcacht fheabhsaithe ar chruinnithe TTIP. Measann an tOmbudsman, trí na moltaí sin a leanúint, go gcinnteodh an Coimisiún go mbeadh níos mó dlisteanachta agus muiníne ag an bpobal i bpróiseas caibidlíochta TTIP.  

Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena ndúntar a fiosrúchán féintionscnaimh OI/11/2014/RA maidir le Comhairle an Aontais Eorpaigh

Dé Máirt | 04 Samhain 2014

I mí an Mheithimh 2013, d’eisigh Comhairle an Aontais Eorpaigh treoracha caibidlíochta chuig an gCoimisiún Eorpach chun dul i mbun caibidlíochta, thar ceann an Aontais, maidir le comhaontú comhpháirtíochta trádála agus infheistíochta leis na Stáit Aontaithe (an Chomhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta (TTIP)). Bliain ina dhiaidh sin, níor nocht an Chomhairle an sainordú caibidlíochta go poiblí fós, cé gur chosúil go raibh sé inrochtana go héasca ar an Idirlíon. D’oscail an tOmbudsman fiosrúchán féintionscnaimh, inar iarradh ar an gComhairle, ar mhaithe le trédhearcacht, dea-riarachán, úsáid éifeachtach acmhainní agus, ar deireadh, muinín an phobail a spreagadh, machnamh réamhghníomhach a dhéanamh ar an doiciméad a fhoilsiú. I mí Dheireadh Fómhair 2014, chinn an Chomhairle de thoil a chéile an sainordú a fhoilsiú.