An bhfuil gearán agat in aghaidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh?
Cuardaigh fiosrúcháin
1 - 20 de 50 toradh á dtaispeáint
Cinneadh i gcás 18/2016/ZA maidir le mainneachtain an Bhainc Ceannais Eorpaigh freagra leordhóthanach a thabhairt ar iarraidh ar fhaisnéis
Dé Máirt | 27 Meán Fómhair 2016
Bhain an cás le mainneachtain an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) freagra leordhóthanach a thabhairt ar iarraidh an ghearánaigh ar fhaisnéis maidir le hinniúlacht BCE forfheidhmiú na reachtaíochta rialála airgeadais agus cosanta tomhaltóirí a áirithiú sna Ballstáit. D’iarr an tOmbudsman ar BCE freagra mionsonraithe a thabhairt don ghearánach maidir lena ról maoirseachta i leith na mbanc ceannais náisiúnta, ach freisin maidir le ról an tSásra Maoirseachta Aonair i maoirseacht a dhéanamh ar eintitis phríobháideacha. D’fhreagair BCE ar bhealach soiléir agus cuimsitheach. Dá bhrí sin, chinn an tOmbudsman an cás a dhúnadh.
Diúltú na Comhairle Eorpaí rochtain a thabhairt ar dhoiciméid a bhaineann leis an Tascfhórsa um Rialachas Eacnamaíoch
Déardaoin | 17 Márta 2016
Cinneadh i gcás 2049/2014/NF maidir le diúltú na Comhairle Eorpaí rochtain a thabhairt ar dhoiciméid a bhaineann le Tascfhórsa Eacnamaíoch 2010
Dé Máirt | 15 Márta 2016
Bhain an cás le diúltú na Comhairle Eorpaí rochtain phoiblí a thabhairt don ghearánach ar dhá dhoiciméad i ndáil le Tascfhórsa 2010 chun rialachas eacnamaíoch a neartú ar fud an AE. D'áitigh an Chomhairle Eorpach ar dtús go mbainfeadh foilsiú na ndoiciméad an bonn de chosaint bheartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch an Aontais nó Ballstáit agus de chosaint phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide.
Tar éis dó na doiciméid ábhartha a iniúchadh, thug an tOmbudsman an réamhthuairim nach raibh a n-inneachar chomh híogair agus a d’éiligh an Chomhairle Eorpach, ós rud é go háirithe go raibh na doiciméid dar dáta 2010. Rinne an Chomhairle Eorpach athmhachnamh ansin ar a measúnú agus scaoil sí an dá dhoiciméad chuig an ngearánach. Chinn an tOmbudsman gur shocraigh an Chomhairle Eorpach an t-ábhar a ndearnadh gearán faoi.
Faisnéis a fhoilsiú faoin gcaoi a gcomhlíonann Ballstáit an limistéir euro na critéir chóineasaithe
Déardaoin | 11 Feabhra 2016
Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena ndúntar an fiosrúchán ar ghearán 356/2014/KM i gcoinne an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE)
Dé Máirt | 09 Feabhra 2016
Bhain an cás le gearán nár fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach, mar a rinne roinnt banc ceannais roimhe seo, scórchlár maidir le comhlíonadh na "critéar cóineasaithe" mar a thugtar orthu ag Ballstáit an limistéir euro. D’fhiosraigh an tOmbudsman an tsaincheist agus chinn sé nach bhfuil sé d’oibleagáid ar BCE forléargas den sórt sin a fhoilsiú, ós rud é, go háirithe, go n-iarrtar ar na Ballstáit anois critéir éagsúla a chomhlíonadh. Chinn sí freisin go bhfoilsíonn BCE agus an Coimisiún Eorpach faisnéis staidrimh ábhartha agus inrochtana maidir le faireachas margaidh. Dá bhrí sin, ní raibh aon drochriarachán ann.
Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena ndúntar gearán 933/2015/EIS i gcoinne an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA)
Dé Céadaoin | 02 Nollaig 2015
Mainneachtain freagra a thabhairt laistigh de thréimhse réasúnta ama ar Iarraidh arna cur isteach faoi Airteagal 17 de Rialachán 1093/2010
Dé Luain | 13 Iúil 2015
Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena ndúntar an fiosrúchán ar ghearán 1561/2014/MHZ i gcoinne an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE)
Dé Luain | 06 Iúil 2015
Bhain an cás le moill ón Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) agus é ag déileáil le hiarraidh an ghearánaigh ar ÚBE imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais ag Údarás Maoirseachta Airgeadais na hEastóine. D’fhiosraigh an tOmbudsman an tsaincheist agus chinn sé go raibh ÚBE in ann údar a thabhairt lena mhoill, den chuid is mó. Ar an gcúis sin, agus toisc gur ghabh ÚBE leithscéal as an moill agus gur gheall sé a nós imeachta a fheabhsú, níor aimsigh an tOmbudsman drochriarachán. Ós rud é, le linn an fhiosrúcháin, gur bhunaigh ÚBE spriocdhátaí inmheánacha chun déileáil le hiarrataí comhchosúla, mhol an tOmbudsman dó na spriocdhátaí sin a chur ar bhonn foirmiúil trína Rialacha Nós Imeachta a leasú. Dá bhrí sin, dhún sí an cás le ráiteas eile.
Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena ndúntar an fiosrúchán ar ghearán 2302/2013/DK i gcoinne an Choimisiúin Eorpaigh
Dé hAoine | 17 Aibreán 2015
Bhain an cás leis an míniú a líomhnaítear nár leor é a thug an Coimisiún Eorpach maidir lena chinneadh gan imeacht um shárú a thionscnamh i gcoinne na hOstaire.
D'fhiosraigh an tOmbudsman an tsaincheist trína iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh faisnéise a sholáthar faoina chinneadh. Mar fhreagra air sin, shoiléirigh an Coimisiún a sheasamh. Chinn an tOmbudsman go raibh an fhaisnéis a soláthraíodh ar an gcaoi sin comhleanúnach, leordhóthanach agus réasúnach. Dá bhrí sin, dhún sí an cás le cinneadh nach raibh aon drochriarachán ann.
Diúltú na Comhairle Eorpaí rochtain a thabhairt ar dhoiciméid a bhaineann leis an Tascfhórsa um Rialachas Eacnamaíoch
Déardaoin | 08 Eanáir 2015
Mainneachtain freagra a thabhairt laistigh de thréimhse réasúnta ama ar Iarraidh arna cur isteach faoi Airteagal 17 de Rialachán 1093/2010
Dé Luain | 13 Deireadh Fómhair 2014
Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena ndúntar an fiosrúchán ar ghearán 1148/2013/TN i gcoinne na hOifige Eorpaí Póilíní (Europol)
Dé Máirt | 02 Meán Fómhair 2014
Bhain an cás le diúltú Europol rochtain phoiblí a thabhairt ar dhoiciméad maidir le cur chun feidhme Chomhaontú an Chláir AE-SAM um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú (TFTP). Chun a fháil amach ar chuir Europol na rialacha ábhartha maidir le rochtain ar a dhoiciméid i bhfeidhm i gceart, bhí ar an Ombudsman an doiciméad lena mbaineann a fheiceáil. Mhaígh Europol, áfach, nach raibh sé in ann ligean don Ombudsman an doiciméad a iniúchadh, ós rud é go raibh gá le toiliú ó údaráis na Stát Aontaithe chun é sin a dhéanamh agus gur dhiúltaigh údaráis na Stát Aontaithe toiliú a thabhairt. De réir na ‘módúlachtaí teicniúla’ a comhaontaíodh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe chun Comhaontú TFTP a chur chun feidhme, tá sé de cheart ag na Stáit Aontaithe crosadh a dhéanamh maidir le Europol a bheith ag roinnt aon fhaisnéise a chuireann na Stáit Aontaithe ar fáil le tríú páirtithe. D'úsáid na Stáit Aontaithe an crosta seo sa chás seo agus dhiúltaigh siad toiliú. Bhuail an tOmbudsman le hambasadóir na Stát Aontaithe chuig an Aontas Eorpach ach choinnigh na Stáit Aontaithe an crosadh. Dá réir sin, cé gur chomhoibrigh Europol go hiomlán leis an Ombudsman, ní raibh an tOmbudsman in ann an doiciméad a iniúchadh. Dá bhrí sin, ní raibh de rogha ag an Ombudsman ach a fiosrúchán a dhúnadh. Mar sin féin, d’iarr sí ar Pharlaimint na hEorpa a mheas an bhfuil sé inghlactha go gcuirfeadh comhaontú le rialtas eachtrach cosc ar an Ombudsman a post a dhéanamh. Chuir sí in iúl, go háirithe, nár cuireadh forálacha na ‘módúlachtaí teicniúla’, murab ionann agus Comhaontú TFTP féin, chuig an gComhairle ná chuig an bParlaimint riamh lena bhformheas.
Ceapachán na ngnólachtaí iniúchóireachta "Big Four" mar iniúchóirí seachtracha ar bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu
Dé Luain | 26 Bealtaine 2014