FOR PREVIEWING & TESTING PURPOSES ONLY.
This notification will disappear once the page will be published.
This link is available for less than 30 minutes.
  • Éasca le léamh
  • Méid an téacs

An bhfuil gearán agat in aghaidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh?

Teanga reatha: 
  • Gaeilge
Teangacha ar fáil: 

Emily Ní Raghallaigh

Bhí Emily O’Reilly ina hOmbudsman Eorpach ó 2013 go 2025. Toghadh í don phost den chéad uair i mí Iúil 2013. Tar éis toghchán Pharlaimint na hEorpa, atoghadh í i mí na Nollag 2014 ar shainordú cúig bliana agus arís i mí na Nollag 2019. In 2016, bhí Ms O’Reilly ar an liosta de chuid Politico i dtaca leis na mná a mbíonn tionchar acu ar chúrsaí sa Bhruiséil. Bronnadh Duais Schwarzkopf na hEorpa uirthi in 2017, Duais Fhís don Eoraip ó Chruinniú Mullaigh Phrág in 2018, agus an ‘duais Europa’ ó Ollscoil Flensburg in 2020 mar aitheantas ar a cuid oibre.

Ó 2003 go dtí 2013, ba í an Uasal O'Reilly an chéad Ombudsman ban agus an chéad Choimisinéir Faisnéise ban in Éirinn, agus sa bhreis air sin ceapadh í ina Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil in 2007.

Mar Ombudsman náisiúnta, bhronn Ollscoil na hÉireann Dochtúireacht Oinigh sa Dlí ar an Uasal O'Reilly in 2008, mar gheall ar a cuid oibre chun cearta an duine a chur chun cinn ar feadh a gairme. In 2014, bronnadh Dochtúireacht Oinigh sa Dlí uirthi ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar gheall ar a tiomantas deich mbliana mar Ombudsman na hÉireann.

Mar iar-iriseoir, iar-údar agus iar-eagarthóir polaitiúil, tugadh aitheantas suntasach intíre agus idirnáisiúnta do ghairm an Uasail O'Reilly, lena n-áirítear Comhaltacht Ollscoil Harvard i 1988 agus go leor duaiseanna náisiúnta. Tá trí leabhair scríofa aici a thuill moladh na léirmheastóirí, ar pholaitíocht na hÉireann agus ar na meáin agus tá sé ina ball reatha de Bhord Comhairleach Idirnáisiúnta Fhondúireacht Nieman Harvard le haghaidh Iriseoireachta.

Bronnadh dhá dhuais uirthi le linn a gairme iriseoireachta: Iriseoir Ban na Bliana i 1986 agus Iriseoir na Bliana i 1994.

Tá Emily O’Reilly pósta agus tá cúigear leanaí aici.