An bhfuil gearán agat in aghaidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh?
Baill de Líonra Eorpach na nOmbudsman
Is éard atá i Líonra Eorpach na nOmbudsman breis agus 95 oifig ó 36 thír Eorpach, lena n-áirítear ombudsmain náisiúnta agus réigiúnacha agus comhlachtaí comhchosúla, mar aon leis an Ombudsman Eorpach agus an Coiste um Achainíocha de chuid Pharlaimint na hEorpa. Is é an tOmbudsman Eorpach a chomhordaíonn an Líonra.
An Bheilg
Tá ombudsmain de chuid na hearnála poiblí sa Bheilg ar fáil ag leibhéil feidearálacha agus réigiúnacha.
Le Médiateur fédéral / De federale Ombudsman
Rue de Louvain 48, bte 6 / Leuvenseweg 48 bus 6
BE - 1000 Bruxelles / BE - 1000 Brussel
Teil: +32 2 289 27 27
Facs: +32 2 289 27 28
http://www.federalombudsman.be
Ombudsmain Réigiúnacha
An Bhulgáir
Déanann Ombudsman Náisiúnta na Bulgáire idirghabháil nuair a sháraítear cearta agus saoirsí na saoránach le gníomhartha nó mainneachtainí de chuid an stáit agus údaráis cathracha agus a gcuid riarachán chomh maith le sáruithe a dhéanann na daoine atá ainmnithe chun seirbhísí poiblí a sholáthar.
Омбудсман на Република България
22 George Washington Street
BG -1000 Sofia
Teil: +359 2 81 06 955
Facs: +359 2 81 06 963
http://www.ombudsman.bg
Poblacht na Seice
Déanann Abhcóidí Cosanta Poiblí Chearta na Seice imscrúdú ar ghearáin in aghaidh údarás riaracháin ag leibhéal an stáit, agus, in imthosca áirithe, in aghaidh údarás riaracháin ag an leibhéal áitiúil.
Veřejný ochránce práv
Údolní 39
CZ-602 00 Brno
Teil: +420 542 542 888
Facs: +420 542 542 772
http://www.ochrance.cz
An Danmhairg
Déileálann Ombudsman na Danmhairge le gearáin in aghaidh an riaracháin phoiblí ag leibhéil stáit agus áitiúla.
Folketingets Ombudsmand
Gammel Torv 22
DK-1457 Copenhagen K
Teil: +45 33 13 25 12
Facs: +45 33 13 07 17
http://www.ombudsmanden.dk
An Ghearmáin
Tá ombudsmain de chuid na hearnála poiblí sa Ghearmáin i gceithre cinn de na sé réigiún déag. Tá Coiste um Achainíocha ann ag an leibhéal feidearálach, chomh maith le Coistí um Achainíocha i ngach ceann de na sé réigiún déag.
Petitionsausschuss
Deutscher Bundestag
Platz der Republik 1
DE-11011 Berlin
Teil: +49 30 227 35257
Facs: +49 30 227 36053
https://epetitionen.bundestag.de/epet/peteinreichen.html
Ombudsmain Réigiúnacha
An Eastóin
Déanann Seansailéir Dlí na hEastóine maoirsiú ar bhunreachtúlacht reachtaíochta agus déileálann sé le gearáin a chuireann daoine aonair isteach faoi mhí-úsáid a bhaintear as údarás poiblí ag leibhéil stáit agus áitiúla.
Õiguskantsler
Kohtu 8
15193 Tallinn
Teil: +372 693 8400
Facs: +372 693 8401
https://www.oiguskantsler.ee
Éire
Déanann Ombudsman Náisiúnta na hÉireann imscrúdú ar ghearáin faoi ghníomhartha riaracháin Ranna Rialtais, Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, údaráis áitiúla agus An Post.
Office of the Ombudsman
6 Earlsfort Terrace
Dublin 2
Ireland
Teil: +353 1 639 5600
https://www.ombudsman.ie
An Ghréig
Déanann Ombudsman na Gréige imscrúdú ar ghníomhartha riaracháin aonair nó ar mhainneachtainí nó ar ghníomhartha ábhartha a dhéanann ranna rialtais na Gréige nó seirbhísí poiblí a sháraíonn cearta pearsanta nó a sháraíonn leasa dlí daoine aonair nó aonáin dlíthiúla.
Ombudsman
17 Halkokondyli Street
GR - 10432 Athens
Teil: +30 213 1306 600
Facs: +30 213 1306 800
http://www.synigoros.gr
An Spáinn
Tá an Spáinn eagraithe ar bhun críocha i gcathracha, cúigí, agus i bpobail uathrialaitheacha. Ag teacht leis an eagrúchán críche seo, tá roinnt ombudsman réigiúnach agus áitiúil ann, chomh maith le hOmbudsman Náisiúnta na Spáinne. Tugann na naisc sa liosta thíos faisnéis faoi Ombudsman Náisiúnta na Spáinne agus faoi na hOmbudsmain Réigiúnacha, áit a bhfuil feidhm leo. Níl Ombudsman Réigiúnach bunaithe go fóill ag gach pobal uathrialaitheach.
Defensor del Pueblo
Paseo Eduardo Dato,
31 y Calle Zurbano,
42 ES-28010 Madrid
Teil: +34 91 432 79 00
Facs: +34 91 308 11 58
https://www.defensordelpueblo.es
Ombudsmain Réigiúnacha
An Fhrainc
Is údarás neamhspleách riaracháin é Cosantóir na gCeart sa Fhrainc. Comhcheanglaíonn an foras na réimsí inniúlachta Médiateur de la République (Ombudsman na Fraince), Défenseur des enfants (an tOmbudsman Leanaí) agus Haute Autorité de lutte contre les discriminations et pour l’égalité (HALDE, an t-údarás comhionannais agus frith-idirdhealaithe), mar aon le Commission nationale de déontologie de la sécurité (CNDS, an coimisiún náisiúnta ar eitic slándála). Trí Chosantóir na gCeart a bheith bunaithe, tá údarás amháin freagrach as cearta a chosaint.
Défenseur des droits
7 rue Saint-Florentin
FR - 75008 Paris
Teil: +33 1 53 29 22 00
Facs: +33 1 53 29 22 45
http://www.defenseurdesdroits.fr
An Chróit
Déileálann Daon-Ombudsman na Cróite le gearáin in aghaidh chomhlachtaí riaracháin an rialtais, comhlachtaí a bhfuil cumhachtaí poiblí dílsithe iontu nó oifigigh i gcomhlachtaí den sórt sin nuair a dhéileálann siad le tascanna laistigh dá gcuid inniúlachta faoi seach.
Pučki pravobranitelj
Savska cesta 41/3 (Zagrepčanka building)
HR-10 000 Zagreb
Teil: +385 1 4851 855
Facs: +385 1 6431 628
https://www.ombudsman.hr
An Iodáil
Níl Ombudsman náisiúnta nó Coiste náisiúnta ar Achainíocha ag an Iodáil fós. Ar an leibhéal náisiúnta, áfach, tá comhlacht comhcheangail ann maidir le ról institiúideach an Ombudsman a scaipeadh agus a fheabhsú agus le haghaidh caidreamh leis an Ombudsman Eorpach: Comhlacht Náisiúnta Comhordaithe na nOmbudsman um Limistéir Réigiúnacha agus Fhéinrialaitheacha.
Coordinamento Nazionale dei Difensori Civici delle Regioni e delle Province autonome
Via Pietro Cossa,
41 IT-00193 Roma
Teil: +39 06 3600 3673
Facs: +39 06 3600 4775
https://www.coordifesacivicaitalia.it/
Ombudsmain Réigiúnacha
An Chipir
Déanann Coimisinéir Riaracháin (Ombudsman) Phoblacht na Cipire imscrúdú ar ghearáin in aghaidh sheirbhísí poiblí Phoblacht na Cipire a bhféadfadh a gcuid gníomhartha cearta daonna, dlíthiúlacht, nó na prionsabail a bhaineann le dea-riarachán a shárú. Is féidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh freisin ar iompar ceart áit a raibh tionchar ag an ngníomh cuí ar an duine.
Γραφείο Επιτρόπου Διοικήσεως
Era House Diagorou 2
CY-1097 Nicosia
Teil: +357 22 405500
Facs: +357 22 672881
http://www.ombudsman.gov.cy
An Laitvia
Tá Ombudsman na Laitvia freagrach as cearta daonna a chosaint agus géilliúntas leis na prionsabail dea-riaracháin a chur chun cinn. Déanann an tOmbudsman imscrúdú ar ghearáin agus déanann sé fiosrúcháin sna réimsí sin.
Tiesibsarga birojs
Baznicas iela 25
LV-1010 Rīga
Teil: +371 67686768
Facs: +371 67244074
http://www.tiesibsargs.lv
An Liotuáin
Déanann Oifig Ombudsman Seimas Phoblacht na Liotuáine imscrúdú ar ghearáin in aghaidh an riaracháin phoiblí ag leibhéil stáit agus áitiúla.
Seimo kontrolierių įstaiga
Gedimino pr. 56
LT-01110 Vilnius
Teil: +370 5 266 51 05
Facs: +370 5 266 51 38
http://www.lrski.lt
Lucsamburg
Déileálann Ombudsman Náisiúnta Lucsamburg le gearáin in aghaidh an riaracháin phoiblí ag leibhéil náisiúnta agus áitiúla.
Ombudsman
36, rue du Marché-aux-Herbes
LU-1728 Luxembourg
Teil: +352 26 27 01 01
Facs: +352 26 27 01 02
http://www.ombudsman.lu
An Ungáir
Déileálann Oifig Choimisinéirí Parlaiminte na hUngáire le gearáin in aghaidh údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúla na hUngáire. Cuimsíonn an Oifig an Coimisinéir Parlaiminte um Chearta Sibhialta, an Coimisinéir Parlaiminte um Ghlúinte atá le teacht, an Coimisinéir Parlaiminte um Chearta Náisiúnta agus Eitneacha do Mhionlaigh agus an Coimisinéir Parlaiminte um Chosaint Sonraí agus um Shaoráil Faisnéise.
Alapvető Jogok Biztosa
HU-1055 Budapest, Falk Miksa u. 9-11.
HU-1387 Budapest, PO Box 40
Teil: +36 1 475 7100
Facs: +36 1 269 1615
http://www.ajbh.hu
Málta
Déanann Ombudsman Náisiúnta Málta imscrúdú ar ghearáin a dhéanann saoránaigh faoi ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí i Málta agus faigheann sé réiteach ar na gearáin sin.
Office of the Ombudsman
11 St Paul Street
MT-Valletta VLT 07
Teil: +356 21 24 79 44
Facs: +356 21 24 79 24
http://www.ombudsman.org.mt
An Ísiltír
Déileálann Ombudsman Náisiúnta na hÍsiltíre le gearáin in aghaidh údaráis phoiblí na hÍsiltíre ag leibhéil náisiúnta, cúige agus cathrach.
Nationale Ombudsman
Bezuidenhoutseweg 151
PO Box 93122
NL-2509 AC Den Haag
Teil: +31 70 356 35 63
Facs: +31 70 360 75 72
http://www.nationaleombudsman.nl
An Ostair
Is stát feidearálach í an Ostair ina bhfuil naoi gcinn de réigiúin uathrialaitheacha (Länder). Tá Bord Ombudsman Náisiúnta sa tír faoi láthair agus tá beirt ombudsman réigiúnach ann. Tugann na naisc sa liosta thíos faisnéis faoi Bhord Ombudsman Náisiúnta na hOstaire agus faoi na hombudsmain réigiúnacha.
Volksanwaltschaft
Singerstraße 17
Postfach 20
AT-1015 Wien
Teil: +43 (1) 515 05-0
Facs: +43 (1) 515 05-150
http://www.volksanwaltschaft.gv.at
Ombudsmain Réigiúnacha
An Pholainn
Tugann Ombudsman na Polainne (An Coimisinéir um Chosaint Cearta Sibhialta) cosaint do shaoirsí agus do chearta daonna agus sibhialta atá sonraithe sa Bhunreacht agus in achtanna dlí eile. Tugann sé cabhair do shaoránaigh na saoirsí agus na cearta a sháraíonn baill den riarachán poiblí a chosaint.
Rzecznik Praw Obywatelskich
Aleja Solidarności 77
PL-00-090 Warszawa
Teil: +48 22 551 77 00
Facs: +48 22 827 64 53
http://www.rpo.gov.pl
An Phortaingéil
Déileálann Ombudsman Náisiúnta na Portaingéile le gearáin a bhaineann le gníomhartha nó le mainneachtainí na n-údarás poiblí.
Provedor de Justiça
Palácio Vilalva
Rua Marquês de Fronteira
PT-1069-452 Lisboa
Teil: +351 213 926 600
http://www.provedor-jus.pt
An Rómáin
Déileálann Daon-Abhcóide na Rómáine le gearáin in aghaidh údarás poiblí na Rómáine ag leibhéil náisiúnta agus áitiúla.
Avocatul Poporului
Str. George Vraca nr. 8,
Sector 1
RO-010146 București
Teil: +40 21 312 71 34
Facs: +40 21 312 49 21
http://www.avp.ro
An tSlóivéin
Déileálann Ombudsman um Chearta Daonna na Slóivéine le gearáin a bhaineann le sáruithe ar chearta daonna agus saoirsí bunúsacha a dhéanann an riarachán poiblí ag an leibhéal náisiúnta agus áitiúil, chomh maith le sealbhóirí údaráis phoiblí eile. Is féidir leis idirghabháil freisin i gcás riarachán míchothrom agus drochriarachán stáit maidir leis an duine aonair.
Varuh človekovih pravic RS
Dunajska 56
SI-1109 Ljubljana
Teil: +386 1 475 00 50
Facs: +386 1 475 00 40
http://www.varuh-rs.si
An tSlóvaic
Déanann Cosantóir Poiblí um Chearta na Slóvaice imscrúdú ar ghearáin in aghaidh údarás riaracháin ag an leibhéal stáit agus áitiúil, agus in aghaidh aonáin eile a bhfuil cumhachtaí cinnteoireachta acu sa réimse riaracháin phoiblí (mar an Chuideachta Árachais Shóisialta agus an Chuideachta Árachais Sláinte Ginearálta).
Kancelária verejného ochrancu práv
Grösslingová 35
SK - 811 09 Bratislava - Staré Mesto
Teil: +421 2 323 63 705
Facs: +421 2 323 63 703
http://www.vop.gov.sk
An Fhionlainn
Déileálann Ombudsman Parlaiminte na Fionlainne le gearáin in aghaidh údarás poiblí, oifigeach poiblí agus páirtithe eile a bhíonn i mbun feidhmeanna poiblí chun dea-riarachán a chinntiú agus cearta bunreachtúla agus daonna a chomhlíonadh.
Eduskunnan oikeusasiamies
Arkadiankatu 3
FI-00102 Helsinki
Teil: +358 9 4321
Facs: +358 9 432 2268
http://www.oikeusasiamies.fi
Déileálann Seansailéir Dlí na Fionlainne le gearáin in aghaidh údarás poiblí agus oifigeach phoiblí, Airí Rialtais san áireamh, agus déanann sé monatóireacht ar an ómós a thugtar do chearta bunúsacha agus do shaoirsí agus do chearta daonna.
Oikeuskanslerinvirasto
PL 20
FI-00023 Valtioneuvosto
Teil: +358 9 16001
Facs: +358 9 160 23975
http://www.oikeuskansleri.fi
An tSualainn
Déileálann Ombudsmain Parlaiminte na Sualainne le gearáin in aghaidh údarás poiblí agus chúirteanna na Sualainne.
Riksdagens ombudsmän - JO
Box 16327
SE-10326 Stockholm
Teil: +46 8 786 40 00
Facs: +46 8 21 65 58
http://www.jo.se
An Albáin Tír iarrthach
Déanann Tacadóir Dhaoine na hAlbáine cearta, saoirse agus leasanna dlíthiúla dhuine ar bith a chosaint ó riarachán poiblí neamhdhleathach nó míchuí.
Avokati i Popullit Blvd. “Zhan D'Ark” Nr. 2
AL - 1001 Tirana
Teil: + 355 42 380 300
Facs: + 355 42 380 315
http://www.avokatipopullit.gov.al
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin Tír iarrthach
Láimhseálann Institiúid an Ombudsman um Chearta an Duine sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin gearáin a bhaineann le drochriarachán nó le sáruithe ar chearta an duine. Osclaítear na cásanna ar bhonn gearán aonair a dhéanann daoine nádúrtha nó eintitis dhlíthiúla, nó ex officio.
Human Rights Ombudsman of Bosnia and Herzegovina
Seat of the Institution
Akademika Jovana Surutke br.13
BA-78000 Banja Luka
Teil: +387 51 303 992
Facs: +387 51 303 992
https://ombudsmen.gov.ba
An tSeoirsia Tír iarrthach
Is institiúid bhunreachtúil é Cosantóir Poiblí na Seoirsia a dhéanann maoirseacht ar chosaint chearta agus shaoirsí an duine laistigh dá dhlínse ar chríoch na Seoirsia. Sainaithnítear ann na sáruithe ar chearta an duine agus cuidíonn sé leis na cearta agus na saoirsí a sáraíodh a athbhunú.
Public Defender (Ombudsman) of Georgia Irakli Paghava Street N6. Avlabari,
GE - Tbilisi 0144
Teil: +995 (32) 299 58 98
https://ombudsman.ge/eng
An Mhacadóin Thuaidh Tír iarrthach
Tugann Ombudsman An Mhacadóin Thuaidh cosaint do chearta bunreachtúla agus dlíthiúla na saoránach nuair a sháraíonn baill den riarachán stáit agus údaráis phoiblí eile na cearta sin.
Народниот правобрaнител Macedonia no.19
MK - 1000 Skopje
Teil: +389 2 3129 335
Facs: +389 2 3129 359
http://ombudsman.mk
An Mholdóiv Tír iarrthach
Déanann Oifig Abhcóide na nDaoine i bPoblacht na Moldóive maoirseacht ar an riarachán poiblí. Is féidir leis an oifig doiciméid a iniúchadh agus moltaí a dhéanamh, agus foilsíonn sí torthaí a cuid imscrúduithe.
People's Advocate
municipiul Chişinău, MD-2012
str. Sfatul Ţării,nr.16
Teil: +373 22225442
http://ombudsman.md
Montainéagró Tír iarrthach
Déileálann an tOmbudsman um Chearta an Duine agus um Shaoirse i bPoblacht Mhontainéagró le gearáin in éadan údarás an stáit, údarás féinrialtais áitiúil, seirbhísí poiblí, agus sealbhóirí eile de chumhachtaí poiblí i Montainéagró.
Zaštitnik ljudskih prava i sloboda Crne Gore Ul. Svetlane Kane Radević br.3
ME - 81000 Podgorica
Teil: +382 20 225 395
Facs: +382 20 241 642
http://www.ombudsman.co.me
An tSeirbia Tír iarrthach
Is comhlacht neamhspleách agus féinrialaitheach rialtais é Cosantóir Shaoránach Phoblacht na Seirbia, atá freagrach as cearta agus saoirse a chosaint agus a chur chun cinn. Díríonn Cosantóir na Saoránach go háirithe ar na cearta seo a leanas a chosaint: cearta náisiúnta mionlaigh, ceart an linbh, cearta na ndaoine faoi mhíchumas, cearta na ndaoine a raibh cearta saoirse agus inscne bainte díobh.
Protector of Citizens
Deligradska str. 16
RS - 11 000 Belgrade
Teil: +381 11 206 8100
Facs: +381 11 206 8182
http://www.zastitnik.rs
An Tuirc Tír iarrthach
Cuireann Ombudsman Náisiúnta na Tuirce meicníocht ghearán neamhspleách agus éifeachtach ar fáil maidir le seachadadh na seirbhísí poiblí, agus déanann fiosrúcháin, taighde agus moltaí ar chomhréireacht de gach cineál gnímh, gníomhaíochta, tuairime agus iompair an riaracháin leis an dlí agus le cothromaíocht faoin meas do chearta an duine. Féadfaidh daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha gearáin a dhéanamh le hInstitiúid an Ombudsman. Is iad seo a leanas sonraí teagmhála Ombudsman Náisiúnta na Tuirce:
Kamu Denetçiliği Kurumu
Nevzat Tandoğan Caddesi No:4,
TR - Çankaya / Ankara
Teil: +90 312 465 22 00
Facs: +90 312 465 22 65
https://www.ombudsman.gov.tr
An Úcráin Tír iarrthach
Is é is aidhm do ghníomhaíochtaí Choimisinéir um Chearta an Duine Pharlaimint na hÚcráine cosaint a thabhairt do chearta agus saoirsí bunreachtúla na ndaoine ar sháraíonn údaráis phoiblí, rialtais áitiúla nó a n-oifigigh iad. Cosnaíonn an Coimisinéir na cearta atá ag aon saoránach den Úcráin, ag aon eachtrannach nó ag aon duine gan stát a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil i gcríoch ár stáit.
Commissioner for Human Rights
Ukrainian Parliament Commissioner for Human Rights
Громадська приймальня Уповноваженого Верховної Ради України з прав людини працює:
01008, м. Київ, вул. Інститутська,
21/8 21/8 Instytutska str.
UA-01008 Kyiv
Teil: +380 044-299-74-08
https://www.ombudsman.gov.ua
An Íoslainn Tír nach Tír den Aontas Eorpach
Déileálann an Ombudsman na hÍoslainne le gearáin in aghaidh an riaracháin phoiblí ag leibhéil stáit agus áitiúla.
Umboðsmaður Alþingis
Álftamýri 7
IS-150 Reykjavik
Teil: +354 510 6700
Facs: +354 510 6710
https://www.umbodsmadur.is/
An Iorua Tír nach Tír den Aontas Eorpach
Déileálann Ombudsman na hIorua le gearáin in aghaidh an riaracháin phoiblí ag leibhéil stáit agus áitiúla.
Sivilombudsmannen
PO Box 3 Sentrum
NO-0101 Oslo
Teil: +47 22 82 85 00
Facs: +47 22 82 85 11
http://www.sivilombudsmannen.no
An Ríocht Aontaithe Tír nach Tír den Aontas Eorpach
Tá ombudsmain de chuid na hearnála poiblí sa Ríocht Aontaithe ag leibhéal na RA agus i Sasana, san Alban, sa Bhreatain Bheag agus i dTuaisceart Éireann. Tá Ombudsman Sheirbhísí Poiblí i nGiobráltar freisin.
Parliamentary and Health Service Ombudsman
Millbank Tower Millbank
UK-London SW1P 4QP
Teil: +44 345 015 4033
Facs: +44 300 061 4000
http://www.ombudsman.org.uk
Ombudsmain Réigiúnacha