An bhfuil gearán agat in aghaidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh?
Ceisteanna earcaíochta agus ról an Ombudsman Eorpaigh
Earcaíonn údaráis AE na céadta ball foirne gach bliain trí chineálacha éagsúla nósanna imeachta earcaíochta. Caithfidh na nósanna imeachta seo rialacha áirithe agus prionsabail an dea-riaracháin a leanúint.
Is gnách go mbíonn bord roghnúcháin i gceist le nósanna imeachta earcaíochta, atá freagrach as iarrthóirí a mheas agus as liosta deiridh na n-iarrthóirí atá oiriúnach lena n-earcú a thiomsú. Bíonn boird roghnúcháin faoi cheangal ag critéir roghnúcháin ina gcuid oibre, ach tá corrlach lánroghnach mór acu agus iad ag measúnú cáilíochtaí agus taithí ghairmiúil na n-iarrthóirí i gcomparáid leis na critéir sin. Is iondúil go leagtar amach na rialacha a rialaíonn na gnásanna seo san fhógra faoin bhfolúntas nó san fhógra nós imeachta.
Is é príomhról an Ombudsman i gcásanna earcaíochta scrúdú a dhéanamh ar cibé an ndearna an bord roghnúcháin earráid fhollasach measúnaithe nó an raibh aon easnamh nós imeachta ann. Tugann sé sin le tuiscint nach ndéanfaidh an tOmbudsman athmheasúnú ar iarratas nó ar fheidhmíocht iarrthóra i dtástáil ná in agallamh. Is féidir leis an Ombudsman, áfach, mínithe a fháil ar an gcaoi a ndearna an bord roghnúcháin measúnú ar iarratas nó ar fheidhmíocht iarrthóra chun a áirithiú gur cuireadh an nós imeachta i gcrích i gceart.
Sula dtiocfaidh an t-iarrthóir chuig an Ombudsman, ní mór don iarrthóir ar dtús úsáid a bhaint as na réitigh ba chóir a shonrú san fhógra, agus dóthain ama a thabhairt don údarás freagra a thabhairt.