An bhfuil gearán agat in aghaidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh?

Ceisteanna eiticiúla

Tá a lán rialacha i bhfeidhm ag údaráis AE chun coinbhleachtaí leasa nó sáruithe eiticiúla eile a chosc. Is é ról an Ombudsman cabhair a thabhairt le cinntiú go gcuirtear na rialacha seo i bhfeidhm, chomh maith le cabhrú le hinstitiúidí aon bhraistint go bhféadfadh sárú eiticiúil tarlú a sheachaint.

Réimse fócais ar leith don Ombudsman is ea ceist na ‘ndoirse imrothlacha’, ina bhfágann oifigigh phoiblí údaráis AE chun glacadh le poist san earnáil phríobháideach (nó a mhalairt). Féadfaidh oifigigh phoiblí a bhogann chuig an earnáil phríobháideach iarracht a dhéanamh leas a bhaint as líonraí a raibh rochtain acu orthu ina róil roimhe seo nó iarracht a dhéanamh tionchar a imirt ar reachtaíocht nó ar rialachán AE. Is féidir leis sin an bonn a bhaint de mhuinín an phobail as údaráis AE.

Cé gur gnách do ghrúpaí sainleasa féachaint le tionchar a imirt ar phróiseas cinnteoireachta daonlathach AE, tá sé ríthábhachtach go dtarlódh sé sin de réir na gcaighdeán trédhearcachta is airde, chun imní faoi choinbhleachtaí leasa féideartha a mhaolú. Is téamaí athfhillteacha d’fhiosrúcháin Ombudsman iad trédhearcacht na stocaireachta agus an chaoi a dtéann grúpaí sainleasa i dteagmháil le hinstitiúidí AE.

Féadfaidh an tOmbudsman saincheisteanna eiticiúla a fhiosrú nuair is gearánaí atá míshásta leis an gcaoi ar dhéileáil an institiúid i dtrácht le húdar imní dá chuid a ardaíonn iad. Mar sin féin, féadfaidh sí gníomhú as a stuaim féin, leis, chun scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna nuair a fhaigheann sí amach go bhféadfadh údar imní poiblí a bheith ann agus nuair a fhaigheann sí forais chuige sin.