FOR PREVIEWING & TESTING PURPOSES ONLY.
This notification will disappear once the page will be published.
This link is available for less than 30 minutes.
  • Éasca le léamh
  • Méid an téacs

An bhfuil gearán agat in aghaidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh?

Teanga reatha: 
  • Gaeilge
Teangacha ar fáil: 

Cearta gearánach

Tá naisc ar an leathanach seo chuig faisnéis maidir leis na príomhchearta atá agat mar ghearánach agus tú i dteagmháil le hOifig an Ombudsman Eorpaigh.

Léigh an fhaisnéis go cúramach sula ndéanann tú cinneadh chun bearta a dhéanamh d'fhonn do chearta a fheidhmiú trí aon cheann de na roghanna atá ar fáil.

Nóta faisnéise maidir le próiseáil sonraí agus rúndacht

Próiseáil sonraí

Is minic a bhíonn sonraí pearsanta, amhail ainmneacha, sonraí teagmhála agus faisnéis eile a bhaineann le daoine inaitheanta le fáil i ngearáin chuig an Ombudsman agus i gcomhfhreagras bainteach.

Tá cearta agus oibleagáidí ann faoin dlí Eorpach (Rialachán (AE) 2018/1725)[1] maidir leis an gcaoi a láimhseálann institiúidí an AE, lena n-áirítear an tOmbudsman Eorpach, sonraí pearsanta. Áirítear leo sin ceart an duine aonair chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a bhaineann leis nó léi agus atá i seilbh na hOifige seo. Chun na cearta sin a fheidhmiú nó chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil lenár nOifig nó ár n-oifigeach cosanta sonraí.

Má tá duine den tuairim nár láimhseáil an tOmbudsman a s(h)onraí pearsanta mar is ceart, is féidir leis nó léi dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Rúndacht an ghearáin agus do chuid faisnéise

Iarrtar ar ghearánaithe aon doiciméad nó faisnéis a mheasann siad a bheith faoi rún a mharcáil go soiléir tráth a chuireann siad faoi bhráid an Ombudsman é.

Ní bheidh feidhm ag prionsabal na rúndachta ach amháin dá mbeadh éifeacht dhíobhálach éigin ann sa chás go nochtfaí an fhaisnéis. D’fhéadfadh feidhm a bheith aici, mar shampla, i gcás faisnéis airgeadais, faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de nó faisnéis phearsanta faoi dhuine príobháideach. Ní féidir rúndacht a chinntiú i ngach cás. Go háirithe, má chuireann tú doiciméid faoi bhráid an Ombudsman ina bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann le duine éigin eile nach tú féin é, tá gach seans go bhféadfaidh an duine sin an fhaisnéis a fháil ón Ombudsman trína gcearta um chosaint sonraí a fheidhmiú. Ar an nós, ba cheart duit a bheith ag súil leis go roinnfear an gearán agus aon doiciméid tacaíochta ina iomláine leis an institiúid nó leis an gcomhlacht a bhfuil tú ag déanamh gearán fúthu ionas go bhféadfaidh siad é a thuiscint i gceart agus freagra a thabhairt don Ombudsman.

Iarratas ar athbhreithniú

Féadfaidh gearánach a iarraidh go ndéanann an tOmbudsman athbhreithniú ar chinneadh maidir le gearán a bheith neamh-inghlactha nó lasmuigh de shainordú an Ombudsman, ar chinneadh nach bhfuil aon fhorais ann chun fiosrúchán a dhéanamh nó ar chinneadh chun fiosrúchán a dhúnadh[2].

Ní hionann é iarratas ar athbhreithniú agus achomharc ar chinneadh an Ombudsman.  Ionas gur féidir leis an Ombudsman machnamh a dhéanamh ar athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh, ní mór don ghearánach argóintí mionsonraithe a leagan amach maidir le cén fáth a bhfuil an cinneadh mícheart. Más léir nach bhfuil argóintí den chineál sin leagtha amach in iarratas agus/nó más rud é nach ndéantar san iarratas ach argóintí a cuireadh isteach cheana féin a athrá, féadfaidh an tOmbudsman cinneadh a dhéanamh gan an cinneadh a athbhreithniú. Ní leor é an fíoras go n-easaontaíonn an gearánach le measúnú an Ombudsman chun athbhreithniú ag an Ombudsman a thionscnamh.

Nuair a dhéantar iarratas ar athbhreithniú, ní mór argóintí mionsonraithe maidir leis na fáthanna a bhfuil an cinneadh mícheart a leagan amach.

Más mian leis an ngearánach fíricí nua a chur isteach a bhaineann leis an drochriarachán líomhnaithe, ní mór dó a léiriú don Ombudsman nárbh fhéidir leis/léi na fíricí sin a lua sa ghearán ná le linn an fhiosrúcháin.

Ní mór iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh laistigh de 2 mhí ó dháta chinneadh an Ombudsman lena mbaineann an t-iarratas.

Déanfar cinneadh maidir le hiarratas ar athbhreithniú laistigh de 4 mhí ón uair a cláraíodh an t-iarratas. D’fhéadfaí síneadh ama a chur leis an spriocdháta sin, má tá údar cuí leis.

Gearán seirbhíse

Is féidir leat gearán seirbhíse a dhéanamh má tá tú míshásta leis an gcaoi ar chaith foireann an Ombusdman leat nó le do ghearán, ach ní féidir má tá tú míshásta le toradh an ghearáin.

Maoirsiú ar an Ombudsman

Níl aon fhoráil ann maidir le hachomharc a dhéanamh os comhair comhlacht seachtrach in aghaidh chinneadh an Ombudsman. D’fhéadfaí breithniú a dhéanamh ar na roghanna seo a leanas, áfach, ag brath an méid a mheasann tú a bheith déanta go mícheart againn.

Parlaimint na hEorpa Tá sé de cheart ag gach saoránach den Aontas, agus gach duine nádúrtha nó dlítheanach atá ina chónaí nó a bhfuil oifig chláraithe aige i mBallstát, achainí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa maidir le hábhar a thagann laistigh de réimsí gníomhaíochta an Aontais agus a bhfuil tionchar díreach air nó uirthi. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gceart chun achainí a dhéanamh.

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Más é do thuairim é gur fheidhmigh an tOmbudsman go mídhleathach, d’fhéadfá breithniú a dhéanamh ar chaingean a thionscnamh os comhair na Cúirte Ginearálta. Sa chás sin, caithfidh tú dlíodóir a fháil chun ionadaíocht a dhéanamh ar do shon, agus d’fhéadfadh sé nó sí comhairle a chur ort maidir leis na costais dhóchúla agus na hionchais go n-éireodh leat. Fainic nach féidir leis an Ombudsman ná lena s(h)eirbhsí a leithéid de chomhairle a chur ar fáil. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh go dtí suíomh gréasáin Curia.

Sonraí teagmhála ginearálta an Ombudsman

Sonraí teagmhála ginearálta an Ombudsman

 

[1] Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE

[2] Cinneadh ón Ombudsman Eorpach maidir le hiarratais ar athbhreithniú