Gäller ditt klagomål en EU-institution eller ett EU-organ?
- Exportera till PDF
- Skapa kortlänk till denna sida
- Dela denna sida på TwitterFacebookLinkedin
Tuarascáil Speisialta ón Ombudsman Eorpach i gcás fhiosrúchán straitéiseach OI/2/2017/TE maidir le trédhearcacht phróiseas reachtach na Comhairle.
Särskild rapport
Ärende OI/2/2017/TE - Undersökning inledd den Fredag | 10 mars 2017 - Rekommendation beträffande Torsdag | 17 maj 2018 - Särskild rapport den Torsdag | 17 maj 2018 - Beslut den Tisdag | 15 maj 2018 - Berörda institutioner Europeiska unionens råd ( Ärenden som avslutats efter en särskild rapport , Påträffat administrativt missförhållande )
Tar éis di fiosrúchán a dhéanamh maidir le trédhearcacht na bpléití reachtacha i gcomhlachtaí ullmhúcháin Chomhairle an Aontais Eorpaigh (an 'Chomhairle'), tá an tOmbudsman, Emily O'Reilly, ag cur na tuarascála speisialta seo chuig Parlaimint na hEorpa chun a tacaíocht a lorg ar an ábhar.
Chun gur féidir le saoránaigh na hEorpa a gceart daonlathach páirt a ghlacadh i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh a fheidhmiú, agus iad siúd atá páirteach ann a thabhairt chun cuntais, ní mór do na pléití reachtacha a bheith trédhearcach a ndóthain.
D'fhonn gur féidir le saoránaigh a rialtais a thabhairt chun cuntais maidir leis na cinntí a dhéanann siad ar dhlíthe an Aontais Eorpaigh, ní mór dóibh fios a bheith acu cén seasamh a ghlac a gcuid rialtas i rith an phróisis reachtaigh. De thoradh faisnéis den sórt sin a bheith ar fáil go poiblí bheadh dualgas chomh maith ar rialtais na mBallstát freagracht níos mó a ghlacadh as an reachtaíocht seo agus iad a dhíspreagadh leis an 'milleán a chur ar an mBruiséil' as ucht dlíthe de chuid an Aontais Eorpaigh a raibh lámh acu féin ina múnlú agus ina nglacadh.
Chuir an tOmbudsman tús leis an bhfiosrúchán straitéiseach seo i mí an Mhárta 2017. Chuir sí ceisteanna ar leith faoi bhráid na Comhairle, sheol comhairliúchán poiblí agus d’iniúch comhaid reachtacha de chuid na Comhairle.
Chinn an tOmbudsman gurb ionann cleachtais reatha na Comhairle agus drochriarachán. Cháin sí go háirithe mainneachtain na Comhairle taifeadadh córasach a dhéanamh ar chéannacht na mBallstát a ghlacann seasaimh sna comhlachtaí ullmhúcháin, mar aon leis an gcleachtas forleathan srian a chur leis an rochtain a bhíonn ar dhoiciméid reachtacha nuair a bhíonn an próiseas cinnteoireachta ar siúl (an mharcáil ‘LIMITE’, mar a thugtar uirthi.)
An 9 Feabhra 2018, chuir an tOmbudsman trí mholadh shonracha agus roinnt meabhraíochtaí faoi bhráid na Comhairle maidir le trédhearcacht an phróisis reachtaigh a fheabhsú.
Níor thug an Chomhairle freagra ar a cuid moltaí ná ar a cuid meabhraíochtaí laistigh den amlíne atá forordaithe le dlí, is é sin trí mhí.
Toisc a thábhachtaí atá saincheist na trédhearcachta reachtaí, measann an tOmbudsman gur cuí an t-ábhar a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, chun a tacaíocht a lorg lena chur ina luí ar an gComhairle gníomhú de bhun a cuid moltaí agus a cuid meabhraíochtaí.
Arna déanamh de réir Airteagal 3(7) de Reacht an Ombudsman Eorpaigh [1]
Cúlra an fhiosrúcháin straitéisigh
1. Is é atá i gComhairle an Aontais Eorpaigh (an 'Chomhairle') ná rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. In éineacht le Parlaimint na hEorpa [2], glacann an Chomhairle reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Sula dtagann na hairí ó na Ballstáit ar sheasamh foirmiúil ar dhréachtreachtaíocht ag cruinnithe na Comhairle, déantar plé ullmhúcháin i gCoiste na mBuanionadaithe ('Coreper') na Comhairle[3] agus in os cionn 150 comhlacht ullmhúcháin de chuid na Comhairle a mbíonn státseirbhísigh náisiúnta ag freastal orthu, lena n-áirítear ‘meithleacha’, mar a thugtar orthu [4]. Ina lán cásanna, bíonn tionchar cinntitheach ag na comhlachtaí ullmhúcháin seo ar an téacs reachtach deiridh. Dá bhrí sin, is cuid ríthábhachtach de phróiseas reachtach an Aontais Eorpaigh iad na pléití sna comhlachtaí ullmhúcháin seo go léir.
Comhairle na n-airí náisiúnta
↑
COREPER na n-ambasadóirí náisiúnta
↑
Meithleacha de státseirbhísigh náisiúnta
2. Ní rud inmhianaithe é go ndéanfaí deimhin de gur féidir le saoránaigh dul chun cinn reachtaíochta a leanúint; is ceanglas dlíthiúil é. Faoi Chonarthaí an Aontais Eorpaigh, tá "an ceart chun páirt a ghlacadh i saol daonlathach an Aontais” ag gach saoránach agus ní mór cinntí de chuid an Aontais Eorpaigh a ghlacadh ar bhealach “chomh hoscailte agus chomh gar agus is féidir don saoránach [5]. Éilíonn na Conarthaí go sonrach go mbeadh a cuid cruinnithe ag an gComhairle go poiblí “nuair a bhreithníonn agus a vótálann sí ar dhréachtghníomh reachtach” [6]. Tá an cineál seo trédhearcachta ceaptha a bheith i bhfeidhm le linn an phróisis reachtaigh ar fad, in am trátha, agus ní hamháin go cúlghabhálach tar éis don phróiseas a bheith críochnaithe. Tríd is tríd, tá sé seo dírithe ar a áirithiú go mbeidh a fhios ag saoránaigh conas a bhíonn aon phróiseas reachtach áirithe ag dul chun cinn, na roghanna éagsúla atá á bplé agus na seasaimh atá á gcur chun tosaigh ag rialtais náisiúnta nó a bhfuil rialtais náisiúnta ag cur ina gcoinne.
3. Is iad na doiciméid ábhartha san fhiosrúchán seo iad siúd a chuirtear faoi bhráid na gcomhlachtaí ullmhúcháin de chuid na Comhairle a dhéileálann le dréachtreachtaíocht. Is “doiciméid reachtaíochta” na doiciméid seo go léir sa chiall ina n-úsáidtear an téarma seo i rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid [7]. Caithfidh ‘reachtóir an Aontais Eorpaigh’ na doiciméid sin a chur ar fáil go réamhghníomhach, ionas go n-áiritheofar an rochtain phoiblí is leithne is féidir [8]. Ní fhéadfar rochtain ar dhoiciméid phoiblí a theorannú ach amháin faoi na himthosca atá beartaithe leis na ‘heisceachtaí’ dá bhforáiltear faoi rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid [9]. Ach amháin i gcásanna an-neamhghnách, fiú amháin más rud é go mbeadh na heisceachtaí sin i bhfeidhm, is féidir iad a dhiúltú má tá leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh. Mar gheall ar an leas soiléir poiblí a éiríonn as na doiciméid sin a nochtadh ionas gur féidir le saoránaigh feidhm éifeachtach a bhaint as a gceart an próiseas reachtach a scrúdú [10], is annamh a dhlisteanaíonn aon cheann de na heisceachtaí sin neamhnochtadh doiciméad reachtach.
4. Is ‘comhreachtóirí’ an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa faoi Chonarthaí an Aontais Eorpaigh [11]. Baineann ardleibhéal trédhearcachta, agus ardleibhéal cuntasachta dá réir, le Parlaimint na hEorpa, atá tofa go díreach, nuair a dhéanann sí reachtaíocht a phlé agus a ghlacadh. Is iad seo a leanas príomhchéimeanna an phróisis reachtaigh i bParlaimint na hEorpa, mar aon leis na forálacha comhfhreagracha trédhearcachta:
Dréacht-tuarascáil Choiste |
Foilsithe |
Díospóireacht(aí) coiste |
Poiblí |
Leasuithe ón gCoiste |
Foilsithe |
Leasuithe comhréitigh |
Foilsithe |
Vótaí le glaoch rolla sa Choiste |
Foilsithe |
Tuarascáil an Choiste |
Foilsithe |
Leasuithe den suí iomlánach |
Foilsithe |
Díospóireacht den suí iomlánach |
Poiblí |
Vótaí le glaoch rolla sa suí iomlánach |
Foilsithe |
Tuarascáil ón suí iomlánach |
Foilsithe |
5. Faoi láthair, níl doiciméid reachtacha de chuid na Comhairle, go feadh aon mhéid suntasach, á gcur ar fáil ar mhodh inrochtana go díreach ná go réamhghníomhach don phobal le linn don phróiseas reachtach a bheith ar siúl. Déileáiltear le hiarratais aonair ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid reachtacha de chuid na Comhairle, go ginearálta, i gcomhréir le rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le rochtain ar dhoiciméid. Mar sin féin, mar gheall ar easnaimh sa chaoi a gcláraíonn an Chomhairle na doiciméid sin, is minic nach fios don phobal, i bhfíor-am, cé na doiciméid atá ann go hiarbhír. Is eol don Ombudsman go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an gComhairle chun feabhas a chur ar a nósanna imeachta inmheánacha um bainistíocht doiciméad. Molann an tOmbudsman an Chomhairle as na bearta sin a chur i gcrích. Mar sin féin, is í an cheist is bunúsaí ná a thiomanta atá an Chomhairle don trédhearcacht, agus dá bhrí sin don chuntasacht, a chinntiú ina ról mar reachtóir de chuid an Aontais Eorpaigh.
6. I gcomhthéacs na himní atá ann faoin easpa cuntasachta a ghabhann le gníomhaíochtaí reachtacha na Comhairle, agus dá thoradh sin gan deis a bheith ag saoránaigh páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí sin, chinn an tOmbudsman an t-ábhar a fhiosrú ar a tionscnamh féin trí ‘fhiosrúchán straitéiseach’.
An fiosrúchán straitéiseach
7. Díríodh san fhiosrúchán ar thrédhearcacht na bpléití reachtacha i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle. Bhain sé go háirithe leis an dóigh a dtugann Ardrúnaíocht na Comhairle (an ‘Rúnaíocht’) tacaíocht riaracháin don phróiseas reachtach trí na díospóireachtaí a bhíonn ar siúl idir na Ballstáit i gcomhlachtaí ullmhúcháin a thaifeadadh agus trí na doiciméid ghaolmhara a chlárú, a bhainistiú agus a fhoilsiú.
8. An 10 Márta 2017, chuir an tOmbudsman 14 cheist faoi bhráid na Comhairle [12], agus thug an Chomhairle freagra orthu sin an 26 Iúil 2017[13].
9. Ansin sheol an tOmbudsman comhairliúchán poiblí ag tabhairt cuireadh do dhaoine den phobal, don tsochaí shibhialta, do lucht acadúil agus do na parlaimintí náisiúnta a gcuid tuairimí a chur ar aghaidh maidir leis na saincheisteanna a tarraingíodh anuas. Léirigh gach dream a chuir tuairim in iúl imní, go céimeanna éagsúla, faoi chuntasacht agus trédhearcacht na bpléití reachtacha i gcomhlachtaí ullmhúcháin éagsúla na Comhairle [14].
10. An 23 Eanáir 2018, rinne foireann fiosrúcháin an Ombudsman cigireacht ar[15] chomhaid ón gComhairle maidir le trí thogra reachtacha a tugadh chun críche in 2016: an Rialachán um Chosaint Sonraí [16], an Cinneadh maidir le dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe[17] agus an Treoir maidir le hinrochtaineacht láithreán gréasáin agus feidhmchlár soghluaiste de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí [18]. Bhí sé mar aidhm ag an gcigireacht léargas a thabhairt don Ombudsman ar an gcaoi a dtáirgeann, a ndáileann, a gcláraíonn agus a bhfoilsíonn an Rúnaíocht doiciméid a chuirtear i láthair ag cruinnithe de chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle.
11. Tar éis anailís mhionsonraithe ar an aiseolas a fuarthas le linn an chomhairliúcháin phoiblí, ar thorthaí na cigireachta agus ar na tuairimí a chuir an Chomhairle ar aghaidh, chinn an tOmbudsman gurb ionann cleachtais reatha na Comhairle agus droch-riarachán.
12. An 9 Feabhra 2018, chuir an tOmbudsman trí mholadh shonracha faoi bhráid na Comhairle maidir leis an gcaoi a bhféadfadh sí trédhearcacht an phróisis reachtaigh a fheabhsú. D'iarr sí freisin ar an gComhairle freagra a thabhairt ar shraith meabhraíochtaí le haghaidh feabhsúcháin[19].
13. I gcomhréir le Conarthaí an Aontais Eorpaigh [20] agus le Reacht an Ombudsman Eorpaigh [21], thug an tOmbudsman tréimhse trí mhí don Chomhairle chun tuairim mhionsonraithe a sholáthar maidir lena moltaí agus lena meabhraíochtaí.
14. Níor thug an Chomhairle freagra ar mholtaí ná ar mheabhraíochtaí an Ombudsman laistigh den amchlár atá forordaithe le dlí, agus a chuaigh in éag an 9 Bealtaine 2018; ba dhíol díomá don Ombudsman é sin. I bhfianaise a thábhachtaí atá ceist na trédhearcachta reachtaí, chinn an tOmbudsman gan aon síneadh ama a dheonú le cois an spriocdháta seo.
Measúnú agus fionnachtana an Ombudsman
15. Ba é pointe tosaigh mheasúnú an Ombudsman a thábhachtaí atá trédhearcacht maidir le dlisteanacht dhaonlathach reachtaíocht an Aontais Eorpaigh agus an Aontais Eorpaigh féin. Ós rud é nach mbíonn cruinnithe ag comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle go poiblí, ní féidir le saoránaigh a gceart daonlathach na pléití reachtacha a leanúint ach trí thaifid a rochtain ar na pléití sin. Chun gur féidir é seo a dhéanamh, (A) ní mór díospóireachtaí reachtacha sna comhlachtaí ullmhúcháin a dhoiciméadú, (B) i gcás ina nglacann na Ballstáit seasaimh i gcomhlachtaí ullmhúcháin, ní foláir é seo a thaifeadadh, agus (C) ní mór rochtain phoiblí thráthúil ar dhoiciméid reachtacha a bheith ar fáil gan stró.
A. Obair chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle a dhoiciméadú
16. I mí na Samhna 2016, thug an Chomhairle córas nua TF isteach chun doiciméid a chuirtear faoi bhráid chruinnithe na Comhairle, lena n-áirítear cruinnithe na gcomhlachtaí ullmhúcháin, a thaifeadadh agus a dháileadh. Cinntíonn an córas seo go ndéantar na doiciméid go léir a chuirtear faoi bhráid chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle a chlárú go córasach anois. Áirítear leis seo, mar shampla, barúlacha ó ionadaithe rialtais na mBallstát a fhaigheann an Rúnaíocht ar an r-phost agus doiciméid arna ndréachtú le linn cruinnithe de na comhlachtaí ullmhúcháin[22]. Aithníonn an tOmbudsman go bhféadfadh an córas seo cur go mór le trédhearcacht na bpléití reachtacha a fheabhsú.
17. Mar sin féin, i rith an fhiosrúcháin seo, tháinig an tOmbudsman ar neamhréireachtaí sa doiciméadacht a sholáthair an Rúnaíocht do na comhlachtaí ullmhúcháin éagsúla. Déantar obair na gcomhlachtaí ullmhúcháin éagsúla a thaifeadadh go feadh méideanna éagsúla, agus tá cleachtais dhifriúla ann maidir le conas a thaifeadtar gníomhaíochtaí, chomh maith le roinnt bearnaí doiciméadachta (féach Iarscríbhinn 1 le forléargas mionsonraithe a fháil ar fhionnachtana an Ombudsman).
18. Is é tuairim an Ombudsman go gcuirfí go mór leis an rianú is féidir a dhéanamh ar dhul chun cinn na moltaí reachtacha ach cur chuige cuimsitheach agus comhsheasmhach a bheith ann maidir le doiciméadacht i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle. Toisc cleachtais dhifriúla a bheith i réim, nach bhfuil údar maith leo atá bunaithe ar riachtanas oibiachtúil, tá an baol ann go gcuirfear mearbhall gan ghá orthu siúd atá ag iarraidh nós imeachta reachtach a leanúint agus a thuiscint go mion. Dá bhrí sin, mhol an tOmbudsman go nglacfadh an Chomhairle treoirlínte maidir leis na cineálacha doiciméad a tháirgtear i gcomhthéacs nósanna imeachta reachtacha sna comhlachtaí ullmhúcháin, agus maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le háireamh sna doiciméid sin.
B. Seasaimh na mBallstát a thaifeadadh agus a nochtadh
19. Tá cleachtais éagsúla ann maidir le conas a thaifeadtar seasaimh na mBallstát i ndoiciméid a dhréachtaítear agus a scaiptear laistigh de chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle. Léiríodh sa chigireacht nach ndearnadh céannacht na mBallstát a ghlacann seasaimh sna comhlachtaí ullmhúcháin a thaifeadadh ach amháin i gcásanna áirithe. I gcásanna eile, níor sainaithníodh i dtaobh na mBallstát go raibh siad ag tacú le haon seasamh ar leith agus, ina ionad sin, bhí tagairtí do “thoscaireachtaí” neamhaitheanta.
20. Leagann an tOmbudsman béim ar an bhfíoras gur cuid de reachtas an Aontais Eorpaigh iad ionadaithe na mBallstát a bhfuil baint acu leis an obair reachtach agus gur cheart go mbeidís cuntasach dá réir. D'fhonn a bheith in ann a rialtais a thabhairt chun cuntais maidir le cinntí i dtaobh reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, ní mór don phobal a bheith in ann a fháil amach cén seasamh a ghlac rialtas náisiúnta faoi leith sa phróiseas chun tograí reachtaíochta de chuid an Aontais Eorpaigh a leasú agus a ghlacadh. Gan “an mhír íosta agus riachtanach fianaise” seo [23], ní bheidh saoránaigh in ann scrúdú ceart a dhéanamh choíche ar an gcaoi a ngníomhaíonn a n-ionadaithe náisiúnta uile. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh a fhios ag parlaimintí náisiúnta, agus iad ag comhlíonadh a ndualgais maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhartha a rialtas, cé na seasaimh a ghlacann a rialtais.
21. Tá tábhacht le trédhearcacht níos mó freisin maidir leis na seasaimh a ghlacann rialtais náisiúnta i dtaobh dhlíthe an Aontais Eorpaigh ó thaobh dhlisteanacht reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Dá gcuirfí an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí, bheadh dualgas ar rialtais na mBallstát freagracht níos mó a ghlacadh as an reachtaíocht seo agus is lú an baol go ndéanfaidís ‘milleán a chur ar an mBruiséil’ as cinntí a ghlac siad féin ar deireadh thiar thall. Ina lán de na haighneachtaí a cuireadh chuig an gcomhairliúchán poiblí, cuireadh an-bhéim ar an tábhacht a bhaineann le bheith in ann na seasaimh a ghlacann Ballstáit aonair le linn caibidlíocht reachtach a fháil amach.
22. Ina freagra tosaigh ar Ombudsman i mí Iúil 2017, dhearbhaigh an Chomhairle gur pléadh an cheist maidir le seasaimh na mBallstát a thaifeadadh i gcruinniú de chuid Coreper i mí na Bealtaine 2014 tar éis rialú gaolmhar de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh [24]. Bhain Coreper den tátal as nár bunaíodh leis an rialú seo oibleagáid seasaimh na mBallstát aonair a thaifeadadh agus a shainaithint, ach go sainaithneofaí na Ballstáit dá measfaí é sin a bheith “cuí”[25].
23. Tá an tOmbudsman ar an eolas go bhféadfadh go mbeadh drogall ar roinnt rialtas de chuid na mBallstát go ndéanfaí a seasaimh a nochtadh roimh vótáil fhoirmiúil ar thogra reachtach áirithe, nó roimh ghlacadh an togra sin faoi dheireadh. Anuas air sin, d’fhéadfadh go mothódh an Rúnaíocht go bhfuil srian uirthi maidir leis na doiciméid reachtacha is féidir léi a chur ar fáil go réamhghníomhach agus go díreach don phobal. Go deimhin, faoi rialacha nós imeachta na Comhairle, ní féidir leis an Rúnaíocht doiciméid a chur ar fáil go réamhghníomhach más doiciméid iad “ina léirítear seasaimh indibhidiúla na dtoscaireachtaí”[26] le linn do phléití a bheith ar siúl. Ina theannta sin, fiú tar éis achtú an phíosa reachtaíochta ar leith, féadfaidh Ballstát a iarraidh nach gcuirfear ar fáil go díreach don phobal doiciméid ina léirítear a sheasamh indibhidiúil[27].
24. Mar sin féin, is gné bhunúsach den chinnteoireacht dhaonlathach é a bheith toilteanach seasamh a athrú agus comhréiteach a bhaint amach. D'fhéadfaí a rá gur gné ríthábhachtach den chuntasacht é na saoránaigh a chur ar an eolas faoi na hathruithe seo, agus míniú a thabhairt dóibh ar na hathruithe seo agus ar an gcomhghéilleadh a eascraíonn astu[28]. Dá bhrí sin, mheas an Chúirt Bhreithiúnais, sa chás thuasluaite, go raibh an Chomhairle mícheart nuair a dhiúltaigh sí rochtain a thabhairt don phobal ar chodanna de nóta óna Rúnaíocht ina raibh leasuithe a bhí molta ag roinnt de rialtais na mBallstát. Shoiléirigh an Chúirt go bhfuil sé mar aidhm ag rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le rochtain ar dhoiciméid “rochtain phoiblí a áirithiú ar inneachar iomlán dhoiciméid na Comhairle, lena n-áirítear, sa chás seo, céannacht na ndaoine a chuir tograí ar aghaidh”[29].
25. Chuir an tOmbudsman fáilte roimh dhearbhú na Comhairle, de dhroim rialú na Cúirte, go bhfoilseofaí anois doiciméid reachtacha ina bhfuil seasaimh na mBallstát nuair a iarrtar sin, “ach amháin i gcásanna eisceachtúla agus a bhfuil údar cuí leo”. Mhol an tOmbudsman don Chomhairle a rialacha nós imeachta a nuashonrú chun an cleachtas seo a thabhairt san áireamh[30]. Ar ndóigh, is beag a chiallaíonn an gealltanas seo mura ndéantar seasaimh na mBallstát a thaifeadadh go cuí ar an gcéad dul síos.
26. Toisc a thábhachtaí atá sé fios a bheith ag na saoránaigh cé na seasaimh a ghlacann na Ballstáit, chinn an tOmbudsman gurb ionann agus drochriarachán mainneachtain na Rúnaíochta céannacht na mBallstát a thaifeadadh go córasach nuair a léiríonn siad seasaimh i bpléití laistigh de na comhlachtaí ullmhúcháin. Dá bhrí sin, chuir an tOmbudsman an moladh seo a leanas faoi bhráid na Comhairle:
Ba cheart don Chomhairle céannacht rialtais na mBallstát a thaifeadadh go córasach nuair a léiríonn siad seasaimh i gcomhlachtaí ullmhúcháin.
C. Doiciméid a rochtain ó chomhlachtaí ullmhúcháin
27. Shainaithin an tOmbudsman dhá shaincheist shonracha maidir le rochtain éasca agus thráthúil ar dhoiciméid ó chomhlachtaí ullmhúcháin: i) iomláine agus inrochtaineacht chlár poiblí doiciméad na Comhairle; agus ii) cleachtas na Comhairle srian a chur ar rochtain ar dhoiciméid reachtacha le linn an phróisis cinnteoireachta (an mharcáil 'LIMITE', mar a thugtar uirthi).
Clár poiblí doiciméad na Comhairle
28. Tá clár poiblí iomlán agus inrochtana ríthábhachtach don trédhearcacht reachtach. Chun a chumasú don phobal an ceart atá acu rochtain a fháil ar dhoiciméid a fheidhmiú go hiomlán, ba cheart gach doiciméad reachtach a tháirgtear agus / nó a scaiptear sna comhlachtaí ullmhúcháin a liostú i gclár poiblí, is cuma cén fhormáid atá orthu agus cibé acu atá siad inrochtana go hiomlán nó go páirteach nó nach bhfuil rochtain ar bith orthu. Mura bhfuil doiciméid le feiceáil i gclár poiblí, níl a fhios ag an bpobal cad iad na doiciméid atá ann go hiarbhír. Ina theannta sin, d'fhonn a chumasú don phobal rochtain a fháil ar na doiciméid seo, ní mór teacht a bheith orthu gan stró ar shuíomh gréasáin na Comhairle. Ní féidir leis an bpobal forléargas ceart a fháil ar phléití a bhíonn ar siúl sna comhlachtaí ullmhúcháin ach trí chlár doiciméad atá iomlán agus inrochtana.
29. Chinn an tOmbudsman go bhfuil clár poiblí doiciméad na Comhairle faoi láthair neamhiomlán agus nach furasta é a úsáid[31]. Mar shampla, tá an cleachtas go ndéantar foilsiú ar liostaí de ‘dhoiciméid oibre', nach bhfuil iontráil ar leithligh acu sa chlár, míshásúil, toisc gur deacair do dhaoine den phobal a fháil amach go héasca agus go tráthúil go bhfuil na doiciméid sin ann. Ar an iomlán, tá eolas fairsing ar fheidhmiú na Comhairle ag teastáil chun doiciméad sonrach a aimsiú. Fágann sé seo gur deacair don phobal i gcoitinne rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le caibidlíocht sna comhlachtaí ullmhúcháin.
30. Bunaithe ar a hanailís, mhol an tOmbudsman go ndéanfadh an Chomhairle gach cineál doiciméad a chlárú ina clár poiblí, beag beann ar a bhformáid agus cibé acu atá siad inrochtana go hiomlán nó go páirteach nó nach bhfuil rochtain ar bith orthu.
31. D'fhonn ró-ualach faisnéise a sheachaint, ba cheart é seo a dhéanamh i dteannta rochtain ar dhoiciméid a fheabhsú tríd an gclár. Creideann an tOmbudsman go n-éascófaí an rochtain go mór dá n-eagrófaí doiciméid ullmhúcháin go tráthrialta ar leathanach gréasáin amháin i leith gach togra reachtaigh [32]. Dá bhrí sin, mhol an tOmbudsman go ndéanfadh an Chomhairle leathanach gréasáin tiomnaithe agus cothrom le dáta a fhorbairt do gach togra reachtach, agus an 'Faireachlann Reachtaíochta' ar láithreán gréasáin Pharlaimint na hEorpa á leanúint mar eiseamláir aici. Sa chomhthéacs seo, chuir an tOmbudsman fáilte roimh an dul chun cinn a rinne an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún maidir le ‘bunachar sonraí comhpháirteach’ a bhunú i dtaobh comhaid reachtacha.
An mharcáil 'LIMITE'
32. Cuireann an Chomhairle srian le rochtain ar dhoiciméid i nósanna imeachta reachtúla leanúnacha trí dhoiciméid a ainmniú leis an marcáil 'LIMITE', mar a thugtar uirthi[33]. Bítear ag súil go n-áiritheoidh faighteoirí na ndoiciméad a mbíonn an mharcáil seo orthu nach nochtfar na doiciméid sin lasmuigh den Chomhairle. Ní chuireann an Chomhairle na doiciméid sin ar fáil go díreach don phobal ar a láithreán gréasáin. Tuigtear don Ombudsman, áfach, nach gá go gciallaíonn marcáil ‘LIMITE’ a chur ar dhoiciméad go ndiúltaítear rochtain ar an doiciméad nuair a iarrtar é sin faoi rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid.
33. Is í an Rúnaíocht atá freagrach as ‘LIMITE’ a mharcáil ar dhoiciméid. Mhínigh an Chomhairle don Ombudsman i mí Iúil 2017 go marcálann an Rúnaíocht ‘LIMITE’ ar dhoiciméad ar bhonn “measúnú prima facie” i dtaobh an bhfuil riosca ann do cheann amháin nó níos mó de na leasanna atá faoi chosaint faoi na heisceachtaí atá leagtha amach i rialacha an Aontais Eorpaigh ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid [34].
34. Léirigh cigireacht an Ombudsman, áfach, go raibh ‘LIMITE’ á mharcáil go ginearálta agus go córasach ar dhoiciméid a mbíonn cód idirinstitiúideach orthu, a dháiltear idir an Rúnaíocht, na meithleacha agus Coreper, agus a bhaineann leis na trí chomhad reachtacha i gcoitinne[35]. Léirigh sé seo go bhfuil cleachtas ann, ar fud na ranna éagsúla sa Rúnaíocht, ‘LIMITE’ a mharcáil go huathoibríoch ar dhoiciméid reachtacha ullmhúcháin. Is cosúil go spreagann rialacha nós imeachta na Comhairle an cleachtas seo ‘gan dul sa seans’ agus gan rochtain dhíreach a thabhairt ach ar na doiciméid sin “ar léir nach bhfuil siad cumhdaithe” [36] le haon cheann de na heisceachtaí i rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid. D'fhéadfaí a mhaíomh go gcuireann sé seo bunoscionn an ceanglas dlíthiúil gur chóir go mbeadh an rochtain is leithne is féidir[37] ag an bpobal ar dhoiciméid reachtacha [38].
35. D'inis an Chomhairle don Ombudsman i mí Iúil 2017 gurb amhlaidh, go ginearálta, nach mbaineann sí an stádas ‘LIMITE’, nuair a bhíonn pléití reachtúla ar siúl, ach amháin mar fhreagra ar iarratais ar leith. Ní dhéantar athbhreithniú córasach ar stádas ‘LIMITE’ na ndoiciméad ach amháin tar éis achtú deiridh an ghnímh reachtaigh[39]. I nósanna imeachta reachtacha atá casta, ní fhéadfar dá bhrí sin doiciméid a fhoilsiú go réamhghníomhach go ceann roinnt blianta ina dhiaidh sin[40]. Tugann an tOmbudsman dá haire gurb amhlaidh, in 2015, a deonaíodh 84% de na hiarratais ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid a raibh ‘LIMITE’ marcáilte orthu, agus a bhain le nósanna imeachta reachtacha a bhí fós ar siúl in 2015[41]. I gcás an Rialacháin um Chosaint Sonraí, tugadh rochtain iomlán ar 310 as 321 doiciméad ‘LIMITE’ a bhain leis an gcomhad sin nuair a iarradh iad agus le linn don chaibidlíocht a bheith fós ar siúl. Ciallaíonn sé seo nach raibh formhór mór na ndoiciméad reachtach cumhdaithe sa deireadh le haon cheann de na heisceachtaí maidir le nochtadh faoi rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid[42].
36. Maidir le srianta le rochtain ar dhoiciméid reachtacha, leagann an tOmbudsman béim ar na srianta sin a bheith eisceachtúil agus nach mbeadh feidhm leo ach ar feadh cibé tréimhse atá fíor-riachtanach. Níor cheart go mbeadh feidhm ag an stádas ‘LIMITE’ ach amháin maidir leis na doiciméid sin atá, ag an bpointe measúnachta, díolmhaithe ó nochtadh ar bhonn ceann de na heisceachtaí dá bhforáiltear i rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le rochtain ar dhoiciméid. Ba cheart don Chomhairle a cuid doiciméad reachtach[43] a chur ar fáil go réamhghníomhach ar a láithreán gréasáin gan mhoill, faoi mar a dhéanann a comhreachtóir, Parlaimint na hEorpa.
37. I bhfianaise na nithe thuas, chinn an tOmbudsman, maidir leis an gcleachtas reatha bunáite na ndoiciméad ullmhúcháin a ainmniú i nósanna imeachta reachtacha leanúnacha mar dhoiciméid ‘LIMITE’, gurb ionann an cleachtas sin agus srian thar fóir ar cheart na saoránach an rochtain is leithne is féidir a bheith acu ar dhoiciméid reachtacha. Is ionann é seo agus drochriarachán. Dá bhrí sin, chuir an tOmbudsman na moltaí seo a leanas faoi bhráid na Comhairle:
Ba cheart don Chomhairle critéir atá soiléir agus atá ar fáil go poiblí a fhorbairt maidir le conas a ainmníonn sí doiciméid mar dhoiciméid ‘LIMITE’, de réir dhlí an Aontais Eorpaigh.
Ba cheart don Chomhairle athbhreithniú córasach a dhéanamh go luath ar an stádas ‘LIMITE’ a ghabhann le doiciméid, roimh ghlacadh críochnaitheach an ghnímh reachtaigh, lena n-áirítear sula gcuirtear tús le caibidlíocht neamhfhoirmiúil (‘cruinnithe tríthaobhacha’, mar a thugtar orthu) idir an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún, is é sin an tráth faoina mbeidh an Chomhairle tar éis teacht ar sheasamh tosaigh maidir leis an togra reachtach.
Conclúid
38. Ar bhonn na nithe seo roimhe seo, measann an tOmbudsman gur cheart don Chomhairle trédhearcacht a próisis reachtaigh a fheabhsú. Mar gheall ar a thábhachtaí atá saincheist na trédhearcachta reachtaí maidir le cuntasacht phróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh, iarrann an tOmbudsman tacaíocht ó Pharlaimint na hEorpa dul i gcion ar an gComhairle gníomhú de bhun a cuid a moltaí agus a cuid meabhraíochtaí.
Moltaí an Ombudsman
Chuir an tOmbudsman na moltaí seo a leanas faoi bhráid na Comhairle:
Ba cheart don Chomhairle:
- Taifead córasach a dhéanamh ar chéannacht rialtais na mBallstát nuair a chuireann siadsan seasaimh i láthair i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle.
- Critéir shoiléire a bheidh ar fáil go poiblí a fhorbairt maidir le conas a ainmníonn sí doiciméid mar dhoiciméid ‘LIMITE’, de réir dhlí an Aontais Eorpaigh.
- Athbhreithniú córasach a dhéanamh go luath ar an stádas ‘LIMITE’ a ghabhann le doiciméid, roimh ghlacadh críochnaitheach an ghnímh reachtaigh, lena n-áirítear sula gcuirtear tús le caibidlíocht neamhfhoirmiúil i ‘gcruinnithe tríthaobhacha’, is é sin an tráth faoina mbeidh an Chomhairle tar éis teacht ar sheasamh tosaigh maidir leis an togra reachtach.
Moltaí an Ombudsman le haghaidh feabhsúcháin
Ba cheart don Chomhairle:
1. Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonann sí a dualgas dlíthiúil rochtain dhíreach a chur ar fáil ar dhoiciméid reachtacha. Ba cheart an t-athbhreithniú sin a thabhairt i gcrích laistigh de 12 mhí ó dháta an Mholta seo agus ba chóir, dá thoradh, go nglacfaí socruithe nua cuí laistigh de 12 mhí eile.
2. Treoirlínte a ghlacadh maidir leis na cineálacha doiciméad ba cheart do na comhlachtaí ullmhúcháin a tháirgeadh i gcomhthéacs nósanna imeachta reachtacha agus an fhaisnéis atá le cur san áireamh sna doiciméid sin.
3. Rialacha nós imeachta na Comhairle a nuashonrú chun go dtabharfar san áireamh iontu an cleachtas reatha maidir le nochtadh doiciméad reachtach a mbíonn seasaimh na mBallstát ar áireamh iontu, mar a leag Uachtaránacht na hÍsiltíre in 2016 amach.
4. Liostú a dhéanamh ar gach cineál doiciméad ina clár poiblí, beag beann ar an bhformáid atá orthu agus ar cibé acu atá siad inrochtana go hiomlán nó go páirteach nó nach bhfuil siad inrochtana ar chor ar bith.
5. Feabhas a chur ar sholáimhsitheacht agus ar ‘inchuardaitheacht’ an chláir phoiblí doiciméad.
6. Leathanach gréasáin tiomnaithe agus cothrom le dáta a fhorbairt do gach togra reachtach, agus Faireachlann Reachtaíochta Pharlaimint na hEorpa á leanúint mar eiseamláir aici.
D'fhéadfadh Parlaimint na hEorpa a breithniú a dhéanamh ar rún a ghlacadh dá réir sin.
Iarscríbhinn 1 – Obair Chomhlachtaí Ullmhúcháin na Comhairle a Dhoiciméadú
Nuair a d'oscail sí a fiosrúchán, thug an tOmbudsman faoi deara go raibh leibhéal áirithe comhsheasmhachta sa doiciméadú a tháirgtear i gcomhthéacs chruinnithe Coreper[44]. Mar sin féin, ba chosúil nárbh ionann na cleachtais a bhí i réim i gcomhlachtaí ullmhúcháin eile na Comhairle, go háirithe laistigh de na meithleacha, i dtaobh cé na doiciméid a bhí le táirgeadh agus cén fhaisnéis a bhí le háireamh iontu.
Maidir le comhsheasmhacht na ndoiciméad a ghintear ar fud na gcomhlachtaí ullmhúcháin, tuigtear don Ombudsman go dtáirgeann an Chomhairle cineálacha éagsúla doiciméad chun dul chun cinn agus torthaí na caibidlíochta sna comhlachtaí ullmhúcháin a thaifeadadh. Áirítear orthu seo “cláir cruinnithe”, “páipéir” a ghabhann leo, “tuarascálacha”, “torthaí imeachtaí”, “taifid achoimre” ar phléití, “téacsanna comhréitigh”, “nótaí” chuig toscaireachtaí, etc.
Léiríodh sa chigireacht ar na trí chomhad reachtacha nárbh ionann na cleachtais dréachtaithe agus go raibh an éagsúlacht sin ag brath ar an gcomhlacht ullmhúcháin a bhí i gceist agus ar an rannóg a bhí freagrach i Rúnaíocht na Comhairle. Mar shampla, cé gur dhréachtaigh an Rúnaíocht ‘torthaí imeachtaí’ mionsonraithe do chuid de chruinnithe an chomhlachta ullmhúcháin[45] a d'ullmhaigh seasamh na Comhairle maidir leis an dréacht-Chinneadh i dtaobh dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe, níl aon taifead den sórt sin ann i leith cruinnithe den dá chomhlacht ullmhúcháin eile a phléigh an Rialachán um Chosaint Sonraí[46] agus an Treoir maidir le hinrochtaineacht láithreán gréasáin agus feidhmchlár soghluaiste comhlachtaí san earnáil phoiblí[47]. Ar an gcaoi chéanna, chuir an Rúnaíocht ‘nótaí’ ar fáil go rialta maille le teaglamaí de bharúlacha i scríbhinn ó Bhallstáit ar an dréacht-Rialachán um Chosaint Sonraí, ach níl ‘nótaí’ ar bith den sórt sin ann don dá ghníomh reachtacha eile. Dearbhaíodh na barúlacha seo de bhun roinnt aighneachtaí éagsúla a cuireadh faoi bhráid chomhairliúchán poiblí an Ombudsman, agus imní á léiriú iontu go háirithe mar gheall ar easpa miontuairiscí i gcás roinnt de na comhlachtaí ullmhúcháin.
Aithníonn an tOmbudsman go bhfuil gá le roinnt solúbthachta maidir le doiciméid a tháirgeadh chun na cineálacha éagsúla comhlachtaí ullmhúcháin agus na hábhair éagsúla a bhíonn á bplé iontu a chur san áireamh ionas go mbeadh an próiseas caibidlíochta chomh héifeachtach agus is féidir. Níor cheart go n-éileofaí difríocht sna cleachtais éagsúla dréachtaithe, áfach, ach amháin de réir chineál an chomhaid reachtaigh agus shaintréithe na bpléití ullmhúcháin a bhaineann leis. Aithnítear i bhfreagra na Comhairle ar an Ombudsman, áfach, nach le cineál an chomhaid shonraigh amháin a bhaineann an éagsúlacht sna cleachtais idir rannóga Rúnaíocht na Comhairle; eascraíonn na cineálacha difriúla cur chuige freisin as cleachtais éagsúla riaracháin i measc rannóga éagsúla Rúnaíocht na Comhairle[48].
Iarscríbhinn 2 – Clár Poiblí Doiciméad na Comhairle
Coimeádann an Chomhairle clár doiciméad ar líne, agus é á reáchtáil ag Rúnaíocht na Comhairle. Tá thart ar 350 000 doiciméad ann ina dteangacha bunaidh. Tá cuid de na doiciméid ar fáil freisin i rannáin eile den láithreán gréasáin, mar shampla an rannán a bhaineann le cruinnithe na Comhairle, cruinnithe na gcomhlachtaí ullmhúcháin nó an rannán dar teideal “Beartais”.
De ghnáth, taifeadann an Rúnaíocht dul chun cinn agus toradh na bpléití sna comhlachtaí ullmhúcháin sna doiciméid “chaighdeánacha”, mar a thugtar orthu (dá ngairtear doiciméid ‘ST’ go coitianta). Tá uimhir thagartha indibhidiúil ag gach ceann díobh sin mar aon leis an gcód idirinstitiúideach, a nascann doiciméid le togra reachtach ar leith. Déantar na doiciméid chaighdeánacha a liostú sa chlár poiblí mar réamhshocrú (cé go bhféadfadh nach mbeadh rochtain dhíreach ag an bpobal ar na doiciméid féin láithreach).
Go dtí le déanaí, chuireadh an Chomhairle sraith leathan doiciméad eile ar fáil freisin[49]. Tá cuid de na cineálacha seo doiciméad nach bhfuil á n-úsáid a thuilleadh. Ina ionad sin, inniu, ó tugadh isteach córas nua TF, is mar dhoiciméid oibre a thagraítear do na doiciméid go léir nach n-aicmítear mar dhoiciméid chaighdeánacha. Ar na nithe a d’fhéadfadh a bheith ar áireamh i ndoiciméid oibre tá, mar shampla, barúlacha nó ceisteanna i scríbhinn ó Bhallstáit maidir le dréachtdlíthe nó “neamhpháipéir”[50] maidir le hábhair éagsúla a bhaineann le dréachtdlí ar leith.
Níl dhéantar doiciméid oibre a liostú go huathoibríoch sa chlár poiblí an tráth a ndréachtaítear iad. Ina áit sin, foilsíonn Rúnaíocht na Comhairle uair sa ráithe, agus le haghaidh gach meithle, doiciméad “caighdeánach” ar an gclár poiblí agus liosta ar áireamh ann de dhoiciméid oibre a d'eisigh an Rúnaíocht don mheitheal ar leith le linn na tréimhse ábhartha. Dá bhrí sin, ní bhíonn aon iontráil ar leithligh ag gabháil leis na doiciméid oibre i gclár poiblí na ndoiciméad, ná ní bhíonn cód idirinstitiúideach orthu lena n-nascadh le comhad reachtach sonrach.
Scrúdaigh an tOmbudsman freisin conas is féidir doiciméid agus faisnéis a bhaineann le dréachtreachtaíocht a aimsiú i gclár poiblí na Comhairle.
I gcás tograí reachtacha, d’fhéadfadh na céadta doiciméid a bheith scaipthe ar fud rannáin éagsúla den láithreán gréasáin. D'fhonn léargas iomlán a fháil ar na doiciméid go léir a chuireann an Chomhairle ar fáil maidir le píosa reachtaíochta amháin – ó thogra an Choimisiúin go dtí go nglacann an Chomhairle é – is gá ceithre chuardach éagsúla a dhéanamh sa chlár i dtaobh caibidlíocht i gcomhlachtaí ullmhúcháin[51] agus dhá chuardach i rannáin eile den láithreán gréasáin i dtaobh pléití ar leibhéal na Comhairle[52].
Is cuardach atá bunaithe ar chód idirinstitiúideach gnímh reachtaigh an cuardach is iomláine is féidir a dhéanamh ar an gclár faoi láthair. Léirigh cigireacht an Ombudsman nach i gcónaí a thagtar ar dhoiciméid bhunriachtanacha áirithe a bhaineann le dréachtghníomh reachtach, ar nós barúlacha ó sheirbhís dlí na Comhairle, de thoradh cuardach de sórt sin.
Mar thoradh ar an gcaoi, faoi láthair, a dtaispeántar na doiciméid atá ar fáil, is deacair gach céim sa chaibidlíocht a leanúint ar bhonn croineolaíoch. I gcuid de na haighneachtaí a cuireadh faoi bhráid chomhairliúchán poiblí an Ombudsman, tugadh le fios gur dheacair ról, stádas agus ionad doiciméad indibhidiúil a shainaithint sa phróiseas reachtach trí chéile. Léirigh an chigireacht freisin go raibh deacrachtaí ann teacht ar dhoiciméid sa chlár doiciméad nuair a cuardaíodh iad de réir a dteidil. Ar an iomlán, d'fhéadfadh go mbeadh réamheolas fairsing ar fheidhmiú na Comhairle ag teastáil chun doiciméad sonrach a aimsiú.
[1] Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear feidhmiú dhualgais an Ombudsman (94/262/ECSC, CE, Euratom), IO 1994 L 113, lch. 15.
[2] Faoin ngnáthnós imeachta reachtach, Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
[3] Tá 'Coiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát chuig an Aontas Eorpach' comhdhéanta de Bhuanionadaithe (Coreper II) nó Leas-Bhuanionadaithe (Coreper I) de na 28 Ballstát.
[4] Tá liosta de na comhlachtaí ullmhúcháin le fáil ag: http://www.consilium.europa.eu/en/council-eu/preparatory-bodies/
[5] Airteagal 1 agus Airteagal 10(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).
[6] Airteagal 15(2) CFAE.
[7] Airteagal 12(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, IO 2001 L145, lch 43 (Rialachán 1049/2001). De réir an airteagail seo, is ionann doiciméid reachtacha agus “doiciméid arna dtarraingt suas nó arna bhfáil le linn nósanna imeachta chun gníomhartha atá ceangailteach de réir dlí sna Ballstáit nó ar na Ballstáit a ghlacadh.”
[8] Aithris 6 de Rialachán 1049/2001. Maidir le prionsabal na rochtana poiblí is leithne is féidir, féach Cásanna Comhpháirteacha C-39/05 P agus C-52/05 P An tSualainn agus Turco v. An Chomhairle [2008] ECLI:EU:C: 2008: 374, mír 34; Cás C-280/11 P An Chomhairle v. Faisnéis Rochtana na hEorpa [2013] ECLI:EU:C:2013:671, mír 27 agus Cás T-540/15 De Capitani v. An Pharlaimint [2018] ECLI:EU:T: 2018:167, mír 80.
[9] Airteagal 4 de Rialachán 1049/2001.
[10] De réir na Cúirte Breithiúnais, ní mór na leasanna atá faoi chosaint ag Airteagal 4 de Rialachán 1049/2001 a mheá i leith leas an phobail, lena mbaineann “ábharthacht shoiléir i gcás ina bhfuil an Chomhairle ag gníomhú ina cáil reachtach”, Cás 280/11 P An Chomhairle v. Access Info Europe [2013] ECLI:EU:C:2013: 671, mír 33; Cás T-540/15 De Capitani v. An Pharlaimint [2018] ECLI:EU:T:2018:167, mír 79.
[11] Faoin ngnáthnós imeachta reachtach, Airteagal 294 de CFAE.
[12] Tá teacht ar litir thosaigh an Ombudsman anseo: https://www.ombudsman.europa.eu/ga/cases/correspondence.faces/en/76929/html.bookmark
[13] Tá teacht ar fhreagra na Comhairle anseo: https://www.ombudsman.europa.eu/ga/cases/correspondence.faces/en/83029/html.bookmark
[14] Fuair an tOmbudsman 22 aighneacht sa chomhairliúchán poiblí, agus tá teacht orthu sin anseo: https://www.ombudsman.europa.eu/ga/cases/case.faces/en/49461/html.bookmark
[15] Tá teacht ar thuarascáil cigireachta an Ombudsman anseo: https://www.ombudsman.europa.eu/ga/cases/correspondence.faces/en/89637/html.bookmark
[16] Rialachán (CE) Uimh 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus ar shaorghluaiseacht sonraí den sórt sin.
[17] Cinneadh (AE) 2016/344 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le hArdán Eorpach a bhunú chun comhar a fheabhsú maidir le dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe.
[18] Treoir (AE) 2016/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na láithreán gréasáin agus na bhfeidhmchlár soghluaiste atá ag comhlachtaí san earnáil phoiblí.
[19] Tá teacht ar an Moladh anseo: https://www.ombudsman.europa.eu/ga/cases/recommendation.faces/en/89518/html.bookmark
[20] Airteagal 228 de CFAE.
[21] Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear feidhmiú dhualgais an Ombudsman, Airteagal 3(6).
[22] Cuimsítear iad sin i ndoiciméid iarchruinnithe agus cláraítear iad sa chóras TF.
[23] Féach Tuairim AG Cruz Villalón i gCás C-280/11 P An Chomhairle v. Access Info Europe [2013] ECLI:EU:C:2013:671, mír 61.
[24] Cás C-280/11 P An Chomhairle v. Access Info Europe [2013] ECLI:EU:C:2013:671.
[25] Ardrúnaíocht na Comhairle, Meastóireacht ar thionchar rialú na Cúirte i gcás C-280/11 P (An Chomhairle v. Access Info Europe), 8863/16, 18 Bealtaine 2016, lch. 3.
[26] Airteagal 11(4) b, Iarscríbhinn II, rialacha nós imeachta na Comhairle.
[27] Airteagal 11(6), Iarscríbhinn II, rialacha nós imeachta na Comhairle.
[28] T-233/09 Access Info Europe v. Comhairle an Aontais Eorpaigh [2011] ECLI:EU:T:2011:105, mír 69.
[29] Cás C-280/11 P An Chomhairle v. Access Info Europe [2013] ECLI:EU:C:2013:671, mír 40.
[30] Mhol Uachtaránacht na hÍsiltíre ar an gComhairle in 2016 "nach bhfuil Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, go háirithe Airteagal 11 d'Iarscríbhinn II maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid na Comhairle, ag teacht go hiomlán leis an gcásdlí le déanaí. Cé gur cosúil go gcomhlíonann an Chomhairle go hiomlán an Rialú maidir le Access Info, is é tuairim na huachtaránachta gur cheart na forálacha cur chun feidhme atá leagtha síos in Airteagal 11 d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta a oiriúnú do chásdlí Chúirteanna an Aontais Eorpaigh le déanaí", féach Ardrúnaíocht na Comhairle, an Mheitheal ar Fhaisnéis an 19 Bealtaine 2016, 9536/16, 26 Bealtaine 2016, lch. 3.
[31] Tá mionsonraí ar chlár poiblí doiciméad na Comhairle le fáil in Iarscríbhinn 2.
[32] Sa rannán dá láithreán gréasáin dar teideal “Beartais”, tá leathanaigh ghréasáin atá tiomanta do mhórphacáistí reachtaíochta bunaithe ag an gComhairle ach ní thugtar ar na leathanaigh seo ach toradh na bpléití a dhéantar ag leibhéal na Comhairle nó uaireanta ag leibhéal Coreper. Chun achoimre a bheith ann ar na pléití ar leibhéal na gcomhlachtaí ullmhúcháin, is gá an ‘tuarascáil ar dhul chun cinn’ is déanaí a chuardach sa chlár poiblí.
[33]Is iad rialacha nós imeachta agus treoirlínte inmheánacha na Comhairle maidir le “doiciméid a láimhseáil laistigh den Chomhairle”, Doiciméad n°11336/11, na forálacha ábhartha maidir le doiciméid 'LIMITE' a láimhseáil.
[34] Airteagal 4 (1) go (3) de Rialachán 1049/2001.
[35] Is é an príomh-eisceacht ná na doiciméid sin a gcaithfidh rochtain dhíreach a bheith orthu de réir rialacha nós imeachta na Comhairle, féach Airteagail 11(3) agus (5), Iarscríbhinn II, rialacha nós imeachta na Comhairle.
[36] Féach Airteagal 11(4), Iarscríbhinn II, rialacha nós imeachta na Comhairle.
[37] Bunaíodh an prionsabal maidir leis an ‘rochtain phoiblí is leithne is féidir’ i gcásdlí an Aontais Eorpaigh: féach Cásanna Comhpháirteacha C-39/05 P agus C-52/05 P An tSualainn agus Turco v. An Chomhairle [2008] ECLI:EU:C:2008:374, mír 34 agus Cás C-280/11 P An Chomhairle v. Access Info Europe [2013] ECLI:EU:C:2013:671, mír 27.
[38] Sa pháipéar ‘Opening up closed doors: Making the EU more transparent for its citizens’, a chuir toscaireacht na hÍsiltíre faoi bhráid Chomhdháil na gCoistí Parlaiminteacha do Ghnóthaí an Aontais, agus a chuir an Tweede Kamer (an Dara Seomra Parlaiminteach) san Ísiltír mar aighneacht chuig comhairliúchán poiblí an Ombudsman, maítear gur sárú ar dhlí an Aontais Eorpaigh agus ar bhreithiúnais Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa an láimhseáil a dhéanann an Chomhairle ar dhoiciméid.
[39] Ardrúnaíocht na Comhairle, Eisiúint agus scaoileadh doiciméad LIMITE, 5109/1/17 REV 1, 2017, lch. 3. Moltar do rannóga Ardrúnaíocht na Comhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an stádas ‘LIMITE’ nuair nach mbíonn údar maith lena choinneáil níos mó.
[40] Mar shampla, i gcás Rialacháin an Aontais Eorpaigh um Chosaint Sonraí, cúig bliana tar éis thogra an Choimisiúin.
[41]https://www.eerstekamer.nl/bijlage/20170217/information_note_of_the_general/document3/f=/vkbtj89ausrl.pdf
[42] Mar a fhoráiltear in Airteagal 4 de Rialachán 1049/2001.
[43] Áitrítear ar dhoiciméid reachtacha na Comhairle cláir cruinnithe, páipéir a ghabhann leo sin, tuarascálacha, torthaí imeachtaí, taifid achoimre ar phléití, téacsanna comhréitigh, nótaí, etc.
[44] Foilsítear cláir cruinnithe Coreper roimh na cruinnithe agus de ghnáth foilsítear na taifid achoimre go luath i ndiaidh na gcruinnithe.
[45] An Mheitheal um Cheisteanna Sóisialta.
[46] An Mheitheal um Malartú Faisnéise agus um Chosaint Sonraí (DAPIX).
[47] An Mheitheal um Theileachumarsáid agus um an tSochaí Faisnéise
[48] I gceangal lena freagra, chuir an Chomhairle isteach na conclúidí ginearálta ón meastóireacht a rinne Rúnaíocht na Comhairle sa chéad leath de 2015 maidir le dréachtú doiciméad a bhaineann le gníomhaíochtaí reachtacha na Comhairle. Dhearbhaíodh sa staidéar go n-athraíonn cleachtais dréachtaithe agus formáid na ndoiciméad a dháiltear ar na toscaireachtaí le linn caibidlíochta ó rannóg amháin de chuid na hArdrúnaíochta go rannóg eile.
[49] Mar shampla, “document de séance” (DS), doiciméid cruinnithe (MD), doiciméid oibre (WK) nó doiciméad “sans numéro” (SN), féach GSC, Understanding the Council’s open data datasheets, 2016, lch. 14 agus 16.
[50] Tagraíonn “neamhpháipéar” do dhoiciméad neamhfhoirmiúil a chuirtear i láthair le linn caibidlíochta chun comhaontú a fháil ar shaincheisteanna conspóideacha – gan údar an doiciméid a cheangal lena bhfuil ann (d'fhéadfadh gurbh é an Coimisiún Eorpach, Uachtaránacht na Comhairle nó Ballstáit aonair an t-údar sin).
[51] De réir cód comhaid idirinstitiúideach i gcás an liosta de na doiciméid ullmhúcháin; de réir ainm na meithle/an choiste i gcás chláir cruinnithe agus thorthaí féideartha na n-imeachtaí a bhaineann le meithleacha/coistí oibre atá páirteach sna pléití; de réir dáta sna “Cláir oibre” agus “ Taifid Achoimre Coreper” i gcás díospóireachtaí de chuid Coreper; de réir uimhir an doiciméid i gcás doiciméid ghaolmhara áirithe nach bhfuil uimhir chomhaid idirinstitiúideach orthu (mar shampla Teachtaireachtaí ón gCoimisiún).
[52] Sa rannán den láithreán gréasáin dar teideal “Cruinnithe” le haghaidh mhiontuairiscí na Comhairle agus doiciméid bhreise cosúil le cláir oibre, cúlraí faisnéise agus miontuairiscí agus sa rannán den láithreán gréasáin dar teideal “An Preas” chun teacht ar shruthú de sheisiúin phoiblí na Comhairle.
- Exportera till PDF
- Skapa kortlänk till denna sida
- Dela denna sida på TwitterFacebookLinkedin