Gäller ditt klagomål en EU-institution eller ett EU-organ?
- Skapa kortlänk till denna sida
- Dela denna sida på TwitterFacebookLinkedin
An Cód Eorpach um Dhea-Iompar Riaracháin
Dokument - Datum Fredag | 01 mars 2002
Tá na forálacha substaintiúla seo a leanas sa Chód atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa[1]:
Airteagal 1 - Foráil Ghinearálta
Urramóidh na hInstitiúidí agus a gcuid oifigeach, ina gcaidreamh leis an bpobal, na prionsabail atá leagtha síos sa Chód um Dhea‑Iompar Riaracháin seo, dá dtagrófar as seo síos mar “an Cód”.
Airteagal 2 - Scóip phearsanta an fheidhmithe
1. Beidh feidhm ag an gCód i gcás gach oifigeach agus seirbhíseach eile lena mbaineann na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha fostaíochta seirbhíseach eile, maidir lena gcaidreamh leis an bpobal. Ina dhiaidh seo tagraíonn an téarma “oifigeach” do na hoifigigh agus na seirbhísigh eile araon.
2. Glacfaidh na hInstitiúidí agus a lucht riaracháin na bearta is gá lena chinntiú go mbeidh feidhm leis na forálacha atá leagtha amach sa Chód seo i gcás daoine eile a bhíonn ag obair dóibh, ar nós daoine a bhíonn fostaithe faoi chonarthaí dlí phríobháidigh, saineolaithe ar iasacht ó státseirbhísí náisiúnta agus daoine faoi oiliúint.
3. Tagraíonn an téarma “poiblí” do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, cibé iad a bheith ina gcónaí i mBallstát, nó a n‑oifig chláraithe a bheith acu i mBallstát, nó gan a bheith.
4. Chun críche an Chóid seo:
a. ciallóidh an téarma “institiúid” institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht an AE;
b. ciallóidh “oifigeach” oifigeach nó seirbhíseach eile an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3 - Scóip ábhartha an fheidhmithe
1. Tá prionsabail ghinearálta an dea‑iompair riaracháin a bhaineann leis an gcaidreamh uile a bhíonn ag na hInstitiúidí agus a lucht riaracháin leis an bpobal, mura i ndán agus go mbíonn siad rialaithe faoi fhorálacha sainiúla, sa Chód seo.
2. Níl feidhm ag na prionsabail atá leagtha amach sa chód seo i gcás caidrimh idir an Institiúid agus a cuid oifigeach. Tá an caidreamh sin á rialú ag na Rialacháin Foirne.
Airteagal 4 - Dlíthiúlacht
Gníomhóidh an t‑oifigeach de réir an dlí agus cuirfidh sé nó sí na rialacha agus nósanna imeachta atá leagtha amach i reachtaíocht AE i bhfeidhm. Glacfaidh an t‑oifigeach cúram ar leith chun a chinntiú go bhfuil bunús sa dlí ag cinntí a mbeidh tionchar acu ar chearta nó leasanna dhaoine aonair agus go gcomhlíonann a bhfuil sna cinntí sin an dlí.
Airteagal 5 - Neamh‑Idirdhealú
1. I ndéileáil le hiarratais ón bpobal agus i dteacht ar chinntí, cinnteoidh an t‑oifigeach go n‑urramófar prionsabal na córa comhionainne. Déileálfar le daoine den phobal atá sa chás céanna ar shlí chosúil.
2. Má bhíonn aon difríocht sa chóir, cinnteoidh an t‑oifigeach go mbíonn údar maith leis sin bunaithe ar ghnéithe oibiachtúla iomchuí an cháis ar leith.
3. Seachnóidh an t‑oifigeach, go háirithe, aon idirdhealú nach inchosanta idir daoine den phobal bunaithe ar náisiúntacht, gnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, gnéithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.
Airteagal 6 - Comhréireacht
1. Nuair a bhíonn cinntí á nglacadh, cinnteoidh an t‑oifigeach go mbeidh na bearta a ghlacfar i gcomhréir leis an aidhm atá le gnóthú. Seachnóidh an t‑oifigeach, go háirithe, cearta na saoránach a shrianadh nó muirir a ghearradh orthu, nuair nach mbíonn na srianta nó na muirir sin i gcoibhneas réasúnach le cuspóir an ghnímh atá le gnóthú.
2. Nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh, urramóidh an t‑oifigeach an chothroime chuí idir leasanna dhaoine príobháideacha agus leas an phobail i gcoitinne.
Airteagal 7 - Gan cumhacht a mhí‑úsáid
Feidhmeofar cumhachtaí chun na gcríoch dá mbronntar iad leis na forálacha iomchuí, agus chun na gcríoch sin amháin. Seachnóidh an t‑oifigeach, go háirithe, úsáid a bhaint as na cumhachtaí sin chun críocha nach bhfuil aon bhunús dlí leo nó nach chun leasa an phobail a dhéantar iad.
Airteagal 8 - Neamhchlaontacht agus neamhspleáchas
1. Beidh an t‑oifigeach neamhchlaon agus neamhspleách. Ní dhéanfaidh an t‑oifigeach aon ghníomh treallach a dhéanann difear dochrach do dhaoine den phobal, agus ní dhéileálfaidh sé nó sí le daoine áirithe le níos mó fabhair ar aon chúis dá laghad.
2. Ní bheidh iompar an oifigigh riamh faoi threoir aon leasa phearsanta, teaghlaigh nó náisiúnta nó faoi threoir aon bhrú pholaitiúil. Ní glacfaidh an t‑oifigeach páirt in aon chinneadh ina mbeidh leas airgeadais aige nó aici, nó ag aon duine gar dá theaghlach nó dá teaghlach.
Airteagal 9 - Oibiachtúlacht
I gcás go mbíonn cinntí á nglacadh ag an oifigeach, cuirfidh sé nó sí na dálaí iomchuí san áireamh agus tabharfaidh sé nó sí an tábhacht chuí do gach ceann díobh ina chinneadh, fad a fhágtar aon mhír neamhábhartha as an mbreithniú.
Airteagal 10 - Ionchais dhlisteanacha, comhsheamhacht agus comhairle
1. Beidh an t‑oifigeach comhsheasmhach ina iompar nó ina hiompar riaracháin féin chomh maith le bheith comhsheasmhach maidir le gníomh riaracháin na hinstitiúide. Leanfaidh an t‑oifigeach gnáthnósanna imeachta riaracháin na hinstitiúide, seachas sa chás ina mbíonn cúiseanna dlisteanacha chun imeacht ó na nósanna imeachta sin i gcás ar leith. Sa chás ina mbíonn a leithéid de chúiseanna, déanfar iad a thaifeadadh i scríbhinn.
2. Urramóidh an t‑oifigeach na hionchais dhlisteanacha agus réasúnacha a bhíonn ag baill an phobail i bhfianaise na slí inar ghníomhaigh an institiúid roimhe seo.
3. Cuirfidh an t‑ofigeach, nuair is gá, in iúl don phobal an tslí le tabhairt faoi ábhar a thagann faoina réimse freagrachtaí agus an tslí ar chóir go ndéileálfaí leis an ábhar.
Airteagal 11 - Cothroime
Gníomhóidh an t‑oifigeach go neamhchlaon, go cothrom agus go réasúnach.
Airteagal 12 - Cúirtéis
1. Is duine a bheidh san oifigeach a mbeidh a aigne nó a haigne dírithe ar an tseirbhís, duine a bheidh cúirtéiseach agus a mbeifear in ann teanntás a dhéanamh air nó uirthi sa chaidreamh leis an bpobal. Nuair a bheidh an t‑oifigeach ag freagairt comhfhreagrais, glaonna teileafóin nó teachtaireachtaí ríomhphoist, féachfaidh sé nó sí le bheith chomh cuiditheach agus is féidir agus tabharfaidh sé nó sí freagra chomh hiomlán, beacht agus is féidir ar cheisteanna a chuirtear air nó uirthi.
2. Mura bhfuil an t‑oifigeach freagrach as an ábhar lena mbaineann, cuirfidh sé nó sí an saoránach ar an eolas faoin oifigeach cuí.
3. Má tharlaíonn earráid a dhéanann difear go diúltach do chearta nó do leasanna dhuine den phobal, gabhfaidh an t‑oifigeach a leithscéal ina leith agus féachfaidh sé nó sí leis na héifeachtaí diúltacha a d’eascair as a earráid nó a hearráid a chur ina gceart chomh luath agus is féidir agus cuirfidh sé nó sí an duine den phobal ar an eolas faoi aon chearta achomhairc a bhíonn ag an duine sin de réir Airteagal 19 den Chód.
Airteagal 13 - Freagra ar litreacha i dteanga an tsaoránaigh
Cinnteoidh an t‑oifigeach go bhfaighidh gach saoránach den Aontas nó aon duine den phobal a scríobhann chuig an Institiúid i gceann de na teangacha Conartha freagra ar ais sa teanga chéanna. Beidh an rud céanna i bhfeidhm chomh fada agus is féidir i gcás pearsana dlítheanacha ar nós comhlachais (Eagraíochtaí Neamhrialtasacha) agus cuideachtaí.
Airteagal 14 - Admháil fála agus an t‑oifigeach inniúil a lua
1. Gheofar admháil fála i leith gach litir nó gearán a chuirtear chuig an Institiúid laistigh de thréimhse dhá mhí, ach amháin más féidir freagra substaintiúil a sheoladh laistigh den tréimhse sin.
2. Luafar ainm agus uimhir theileafóin an oifigigh a bheidh ag déileáil leis an ábhar, mar aon leis an tseirbhís lena mbaineann sé nó sí, sa fhreagra nó san admháil fála.
3. Ní gá aon admháil fála ná aon fhreagra a sheoladh i gcásanna go mbaintear mí‑úsáid as litreacha nó gearáin trína bheith iomarcach nó mar gheall ar a nádúr athráiteach nó díchéillí.
Airteagal 15 - Oibleagáid aistriú go dtí seirbhís inniúil na hInstitiúide
1. Má bhíonn litir nó gearán chuig Institiúid dírithe ar Ard‑Stiúrthóireacht, Stiúrthóireacht nó Aonad, nó tarchurtha chucu, agus nach mbíonn an inniúlacht acu déileáil leis, cinnteoidh a chuid nó a cuid seirbhísí go n‑aistreofar an comhad gan mhoill chuig seirbhís inniúil na hInstitiúide.
2. Cuirfidh an tseirbhís a fuair an litir nó an gearán ar dtús an t‑údar ar an eolas faoin aistriú seo agus luafar ainm agus uimhir theileafóin an oifigigh a bhfuil an comhad curtha ar aghaidh chuige nó chuici.
3. Cuirfidh an t‑oifigeach an duine den phobal nó an eagraíocht ar an eolas faoi aon earráidí nó easnaimh sna doiciméid agus tabharfaidh sé nó sí deis don duine nó don eagraíocht sin iad a réiteach.
Airteagal 16 - An ceart chun éisteacht a fháil agus ráitis a dhéanamh
1. I gcásanna a bhaineann le cearta nó leasanna daoine aonair, cinnteoidh an t‑oifigeach, ag gach céim sa nós imeachta cinnteoireachta, go n‑urramófar na cearta cosanta.
2. Beidh sé de cheart ag gach ball an phobail, i gcásanna a gcaithfear cinneadh le tionchar ar chearta nó ar leasanna an duine sin a ghlacadh, ráitis i scríbhinn a thíolacadh agus, nuair is gá, tuairimí ó bhéal a thabhairt sula ndéanfar an cinneadh.
Airteagal 17 - Teorainn ama réasúnta chun cinntí a ghlacadh
1. Cinnteoidh an t‑oifigeach go nglactar cinneadh ar gach iarratas nó gearán chuig an Institiúid laistigh de theorainn ama réasúnta, gan mhoill, agus in aon chás ag tráth nach déanaí ná dhá mhí ón dáta fála. Beidh an riail chéanna i bhfeidhm i gcás freagra a thabhairt ar litreacha ó bhaill an phobail agus i gcás freagraí ar nótaí riaracháin a chuir an t‑oifigeach chuig a chuid nó a cuid oifigeach sinsearach ag lorg treoracha maidir leis na cinntí atá le glacadh.
2. Murar féidir cinneadh a ghlacadh ar iarratas nó ar ghearán chuig an institiúid, mar gheall ar chastacht na n‑ábhar a ardaítear ann, laistigh den teorainn ama thuasluaite, cuirfidh an t‑oifigeach an t‑údar ar an eolas chomh luath agus is féidir. I gcás dá leithéid, ba chóir cinneadh deifnídeach a chur in iúl don údar san achar ama is giorra agus is féidir.
Airteagal 18 - An dualgas na forais do chinntí a lua
1. I ngach cinneadh den Institiúid a bhféadfadh tionchar dochrach a bheith aige ar chearta nó leasanna dhuine phríobháidigh, luafar ann na forais ar a mbíonn sé bunaithe trí fhíorais iomchuí agus bonn dlíthiúil an chinnidh a léiriú go soiléir.
2. Seachnóidh an t‑oifigeach cinntí a dhéanamh atá bunaithe ar fhorais ghonta nó dhoiléire nó nach gcuimsítear réasúnú ar leith iontu.
3. Mura féidir, mar gheall ar an líon mór daoine a mbaineann cinntí comhchosúla leo, forais an chinnidh a chur in iúl go mion agus sa chás go dtugtar freagraí caighdeánacha dá bhrí sin, soláthróidh an t‑oifigeach réasúnú ar leith ina dhiaidh sin don saoránach a iarrann go sainráite é.
Airteagal 19 - Féidearthachtaí achomhairc á gcur in iúl
1. Cuirfear in iúl i gcinneadh de chuid Institiúide a bhféadfadh tionchar dochrach a bheith aige ar chearta nó leasanna dhuine phríobháidigh na bealaí ar féidir achomharc a dhéanamh chun agóid a dhéanamh in aghaidh an chinnidh. Cuirfear in iúl ach go háirithe, an cineál gníomhartha leighis, na comhlachtaí a bhféadfar iad a dhéanamh os a gcomhair, agus na teorainneacha ama ina bhféadfar iad a chur i gcrích.
2. Tagróidh cinntí ach go háirithe don fhéidearthacht i ndáil le himeachtaí breithiúnacha agus gearáin chuig an Ombudsman faoi na coinníollacha atá sonraithe, faoi seach, in Airteagail 263 agus 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 20 - An cinneadh a fhógairt
1. Cinnteoidh an t‑oifigeach go gcuirtear daoine a bhfuil tionchar ag cinneadh ar a gcearta nó leasanna ar an eolas faoin gcinneadh sin i scríbhinn, a luaithe agus a ghlactar é.
2. Ní fhógróidh an t‑oifigeach an cinneadh d’fhoinsí eile go dtí go mbíonn an duine nó na daoine lena mbaineann curtha ar an eolas.
Airteagal 21 - Cosaint sonraí
1. Urramóidh an t‑oifigeach a bheidh ag déileáil le sonraí pearsanta a bhaineann le saoránach príobháideachas agus sláine an duine aonair de réir fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[2].
2. Seachnóidh an t‑oifigeach, go háirithe, sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha neamhdhlisteanacha nó sonraí den sórt sin a tharchur chuig daoine neamhúdaraithe.
Airteagal 22 - Iarratais ar fhaisnéis
1. Cuirfidh an t‑oifigeach, sa chás go mbíonn freagracht air nó uirthi as an ábhar lena mbaineann, an fhaisnéis a iarrann siad ar fáil do bhaill an phobail. Nuair is cuí, tabharfaidh an t‑oifigeach comhairle ar conas nós imeachta riaracháin a thionscnamh laistigh den réimse inniúlachta aige nó aici. Glacfaidh an t‑oifigeach cúram go mbeidh an fhaisnéis a chuirtear in iúl soiléir agus intuigthe.
2. Má bhíonn iarratas ó bhéal ar fhaisnéis róchasta nó róchuimsitheach chun déileáil leis, déarfaidh an t‑oifigeach leis an duine lena mbaineann a éileamh nó a héileamh a chur i scríbhinn.
3. Más rud é, mar gheall ar a nádúr rúnda, nach bhféadfaidh oifigeach an fhaisnéis a iarrtar a nochtadh, cuirfidh sé nó sí, de réir Airteagal 18 den Chód seo, an duine lena mbaineann ar an eolas faoi na cúiseanna nach féidir leis nó léi an fhaisnéis sin a thabhairt.
4. Maidir le hiarratais ar fhaisnéis faoi nithe nach bhfuil aon fhreagracht air nó uirthi ina leith, díreoidh an t‑oifigeach an t‑iarrthóir chuig an duine inniúil agus tabharfar ainm agus uimhir theileafóin an duine sin. Maidir le hiarratais ar fhaisnéis a bhaineann le hinstitiúid AE eile, díreoidh an t‑oifigeach an t‑iarrthóir chuig an institiúid sin.
5. Nuair is cuí, díreoidh an t‑oifigeach, ag brath ar ábhar an iarratais, an duine a bhíonn ag lorg faisnéise ar sheirbhís na hinstitiúide atá freagrach as faisnéis a sholáthar don phobal.
Airteagal 23 - Iarratais ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid
1. Déileálfaidh an t‑oifigeach le hiarratais ar rochtain ar dhoiciméid de réir na rialacha a bhíonn glactha ag an Institiúid agus de réir na bprionsabal ginearálta agus na dteorainneacha atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001[3].
2. Murar féidir leis an oifigeach iarratas ó bhéal ar rochtain ar dhoiciméid a chomhlíonadh, déarfar leis an saoránach an t‑iarratas a chur i scríbhinn.
Airteagal 24 - Taifid chuí a choinneáil
Coinneoidh ranna na nInstitiúidí taifid chuí de litreacha isteach agus litreacha amach, de na doiciméid a fhaigheann siad, agus de na bearta a ghlacann siad.
Airteagal 25 - Bolscaireacht don Chód
1. Glacfaidh an Institiúid bearta éifeachtacha chun an pobal a chur ar an eolas faoi na cearta atá acu faoin gCód seo. Más féidir, cuirfidh sí an téacs ar fáil i bhfoirm leictreonach ar a láithreán gréasáin.
2. Foilseoidh an Coimisiún, thar ceann a chuid institiúidí go léir, an Cód agus scaipfidh sé ar na saoránaigh é i bhfoirm bróisiúir.
Airteagal 26 - An ceart chun gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman Eorpach
Féadfaidh aon loiceadh ag institiúid nó ag oifigeach cloí leis na prionsabail atá leagtha amach sa Chód seo a bheith ina ábhar gearáin chuig an Ombudsman Eorpach de réir Airteagal 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Reacht an Ombudsman Eorpaigh[4].
Airteagal 27 - Athbhreithniú ar oibríocht
Déanfaidh gach Institiúid athbhreithniú ar an tslí a bhfuil an Cód á chur i ngníomh acu tar éis dhá bhliain oibríochta agus cuirfidh siad torthaí a n‑athbhreithnithe in iúl don Ombudsman Eorpach.
[1] Táthar tar éis an téacs a leanann a nuashonrú chun aird a thabhairt ar na hathruithe déanta ag Conradh Liospóin d’ainmníocht na gConarthaí agus uimhriú a gcuid airteagal, mar aon le hathbhreithniú 2008 ar Reacht an Ombudsman. Táthar tar éis roinnt earráidí clóghrafacha agus teangeolaíocha a cheartú freisin.
[2] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.
[3] IO L 145, 31.5.2001, lch 43.
[4] Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis na Rialacháin agus na Coinníollacha Ginearálta d’fheidhmiú fheidhmeanna an Ombudsman. IO 1994 L 113, lch. 15, arna leasú go deireanach ag Cinneadh Pharlaimint na hEorpa 2008/587/CE, Euratom an 18 Meitheamh 2008, IO 2008 L 189, lch. 25.
- Skapa kortlänk till denna sida
- Dela denna sida på TwitterFacebookLinkedin