Gäller ditt klagomål en EU-institution eller ett EU-organ?
- Exportera till PDF
- Skapa kortlänk till denna sida
- Dela denna sida på TwitterFacebookLinkedin
Beartas Modhnóireachta: Treoirlínte um bainistíocht pobail ar líne
Dokument - Datum Fredag | 27 januari 2017
Úsáideann oifig an Ombudsman Eorpaigh na meáin shóisialta chun cumarsáid a dhéanamh agus chun cur le heolas an phobail faoina cuid oibre mar aon héisteacht leo, iad a ghríosadh chun páirt a ghlacadh, agus aiseolas a fháil uathu ar shlí níos fearr. Tá láithreacht oifigiúil againn ar na hardáin ar líne seo a leanas: Twitter, LinkedIn, Google+, YouTube, Instagram agus Medium. Tá comhaltaí ar leith d'fhoireann Cumarsáide an Ombudsman a bhfuil de chúram orthu na cuntais sin a bhainistiú.
Tá áthas orainn deis a bheith againn cloisteáil ó ghrúpaí éagsúla trí mheán luanna, freagraí, teachtaireachtaí díreacha agus tráchtanna, agus déanaimid ár ndícheall eolas a chur ar fáil ar bhealach tráthúil agus éifeachtach. Déantar monatóireacht agus bainistiú ar na cuntais meán sóisialta uile ar bhonn laethúil a mhéad is féidir, ach ní ar bhonn 24 uair an chloig. Foilsímid freagraí a chlúdaíonn an raon is mó ceisteanna is féidir mura féidir linn freagra a thabhairt ar gach iarratas aonair.
Coimeádaimid an ceart againn féin gan freagraí a thabhairt orthu agus/nó luanna, atvuíteanna, tráchtanna nó teachtaireachtaí a scriosadh más rud é:
- go mbíonn siad i bhfách le foréigean nó le hiompar mídhleathach, agus iad a bheith bagrach
- go mbíonn ábhar ionsaitheach, gránna, clúmhillteach, mídhleathach, leithchealach, nó ciníoch iontu
- go luaitear táirgí iontu nó go mbaineann ton promóisin nó/agus tráchtála leo
- gur turscar atá iontu, go bhfuil athrá iomarcach iontu nó go gcuireann siad isteach ar an bpobal nó nach mbaineann siad leis na hábhair atá idir chamáin
- go sáraíonn siad Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide Twitter, LinkedIn, Google, YouTube, Instagram nó Medium
- gur sárú atá iontu ar an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint
- go bhfuil faisnéis íogair, dílseánaigh nó rúnda iontu
Má tá cuntais á leanúint againn, ní chiallaíonn sin go dtacaímid leo, nó leis an ábhar a roinneann siad. Bainimid úsáid as roinnt haischlibeanna (#) reatha nó nua ar mhaithe le páirt a ghlacadh i gcomhráite grúpa agus le bheith in ann páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí ábhartha, ach ní féidir linn a bheith freagrach as aon ábhar faoi na haischlibeanna sin nach bhfuil forbartha againn féin. Spreagaimid ár lucht leanúna caidreamh a dhéanamh eatarthu agus cur le díospóireachtaí a bhíonn ar siúl agus é sin a dhéanamh ar bhealach a léiríonn meas ar dhaoine eile agus atá cuiditheach; ní féidir linn, ámh, freagracht a ghlacadh as a gcuid tuairimí nó ná as a gcuid iompair.
Is i mBéarla go príomha a bhíonn ábhar á fhoilsiú againn. Mar sin féin, tugaimid freagra ar cheisteanna in aon cheann de 24 theanga oifigiúil AE.
Má bhíonn ceist nó tuairim ar bith agat maidir leis na treoirlínte seo, ná bíodh leisce ort dul i dteagmháil linn: eo-socialmedia@ombudsman.europa.eu
- Exportera till PDF
- Skapa kortlänk till denna sida
- Dela denna sida på TwitterFacebookLinkedin