Gäller ditt klagomål en EU-institution eller ett EU-organ?

Cinneadh ón Ombudsman Eorpach maidir le hiarratais ar athbhreithniú

Ag féachaint do

Airteagal 10 den Chinneadh ón Ombudsman Eorpach lena nglactar Forálacha Cur Chun Feidhme agus an ceart atá ag gearánach athbhreithniú a iarraidh ar chinneadh a glacadh ar ghearán

Chinn an tOmbudsman Eorpach mar seo a leanas:

Airteagal 1

1.1. Féadfaidh gearánach athbhreithniú a iarraidh ar chinneadh go bhfuil gearán lasmuigh de shainordú an Ombudsman nó go bhfuil sé neamh-inghlactha, ar chinneadh nach bhfuil aon fhorais ann le fiosrúchán a dhéanamh ina leith, nó ar chinneadh lena dúnadh fiosrúchán.

1.2. Ní fhéadfaidh gearánach athbhreithniú a iarraidh ar thoradh inar aimsíodh drochriarachán ná ar mholadh a rinneadh tar éis toradh den chineál sin.

Airteagal 2

2.1. Déanfar iarratas ar athbhreithniú laistigh de 2 mhí ó dháta an chinnidh ón Ombudsman lena mbaineann an t-iarratas.

2.2. Leagfar amach in iarratas ar athbhreithniú argóintí mionsonraithe maidir le cén fáth a bhfuil an cinneadh mícheart.

2.3. Sa chás gur mian le gearánach fíricí nua a chur ar aghaidh a bhaineann leis an drochriarachán líomhnaithe, taispeánfaidh an gearánach don Ombudsman nach raibh sé/sí in ann na fíricí sin a tharraingt anuas sa ghearán nó le linn an fhiosrúcháin.

Airteagal 3

3.1. Déanfaidh ball foirne atá difriúil ón mball foirne a rinne an cinneadh bunaidh cinneadh ar iarratas ar athbhreithniú i ndáil le cinneadh go bhfuil gearán lasmuigh de shainordú an Ombudsman.

3.2. Is é an tOmbudsman a ghlacfaidh cinneadh ar iarratas ar athbhreithniú maidir le cinneadh ar ghearán a thagann faoi réim shainordú an Ombudsman. Is é ball foirne seachas an ball foirne a bhí freagrach ar dtús as an ngearán a láimhseáil a thabharfaidh cúnamh don Ombudsman chun déileáil leis an gcineál sin d’iarratas ar athbhreithniú.

Airteagal 4

4.1. Déanfar cinneadh ar iarratas ar athbhreithniú laistigh de thréimhse 4 mhí ó cláraíodh an t-iarratas. Féadfaidh an tOmbudsman, nó ball foirne atá ag gníomhú thar ceann an Ombudsman, tréimhse 2 mhí eile a chur leis an tréimhse sin i gcásanna ina bhfuil údar cuí ann le déanamh amhlaidh.

4.2. Is réasúnaithe a bheidh an cinneadh ar an iarratas ar athbhreithniú agus leagfar amach ann an gníomh atá le déanamh, más ann dó.

4.3. Is críochnaitheach a bheidh cinneadh ar iarratas ar athbhreithniú.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Leis an gCinneadh seo, aisghairtear an cinneadh roimhe seo ar an ábhar.

 

Strasbourg, 14/09/2020

Emily O'Reilly