You have a complaint against an EU institution or body?

Available languages: 
  • Gaeilge

Glacann Parlaimint na hEorpa le moladh an Ombudsman maidir le húsáid na Gaeilge ar a suíomh gréasáin

Fáiltíonn an tOmbudsman Eorpach, Emily Ní Raghallaigh, roimh ráiteas Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Martin Schultz, go n-úsáidfear an Ghaeilge ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte amach anseo. Tá an cinneadh seo déanta tar éis gearáin ó saoránach Éireannach. I Mí an Mheithimh 2013 d'iarr an tOmbudsman ar Pharlaimint na hEorpa úsáid a bhaint as an nGaeilge ar a suíomh gréasáin ar a laghad sna cásanna sin ina bhfáiltíonn an Pharlaimint roimh theagmháil ón bpobal.

Is éard a dúirt Emily Ní Raghallaigh: “Tá áthas orm go rachaidh Parlaimint na hEorpa níos faide ná mar a bhí molta agam. Ní amháin go mbeidh codanna den suíomh aistrithe go Gaeilge, ach tá sé beartaithe anois ag an bParlaimint an suíomh go hiomlán a bheith ar fáil trí Ghaeilge. Tá sé tábhachtach go mbeadh ar chumas an phobail dul i ngleic, ina theanga féin, leis an institiúid a dhéanann ionadaíocht dhíreach ar a shon. Is iontach an rud é go bhfuil an dearcadh sin ag an bParlaimint.”

Parlaimint tiomnaithe stádas na Gaeilge a aithint

Sa bhliain 2012 chuir saoránach Éireannach gearán chuig an Ombudsman go raibh teipthe ar an bParlaimint ó 2007, nuair a bronnadh aitheantas ar an nGaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais, a suíomh gréasáin a chur ar fáil trí Ghaeilge. De réir an ghearánaí, bhí sé seo ag teacht salach ar phrionsabal an chomhionnanais idir na teangacha oifigiúla.

D'aithin an tOmbudsman chur chuige na Parlaiminte i leith an ilteangachais ina chuid oibre ó lá go lá ach, ag an am céanna, mhol sí don Pharlaimint na príomh-míreanna dá suíomh gréasáin a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Tá plean eisithe anois ag Uachtarán na Parlaiminte, Martin Schultz, ina leagtar amach ceithre ghníomh éagsúla chun a chinntiú go mbeidh leagan Gaeilge den suíomh gréasáin ar fáil roimh na toghcháin Eorpacha i Mí na Bealtaine 2014. Dúirt sé go raibh an-tábhacht ag baint leis an gceist seo ó thaobh Pharlaimint na hEorpa agus go bhfuil siad tiomnaithe stádas na Gaeilge a aithint.

Tá moladh an Ombudsman sa chás seo ar fáil ag http://www.ombudsman.europa.eu/ga/cases/draftrecommendation.faces/ga/51072/html.bookmark 

Latest press releases



For press inquiries

For further information about the Ombudsman's media activities, please contact: Ms Honor Mahony, Acting Head of communication, Tel. +32 (0)2 283 47 33.