Chcieliby Państwo wnieść skargę przeciwko instytucji lub organowi UE?

Inrochtaineacht láithreán gréasáin an Ombudsman

Bhronn AnySurfer lipéad AnySurfer agus lipéad leibhéal AA Threoirlínte Inrochtaineachta Gréasáin 2.0 ar an láithreán gréasáin seo ar 6 Aibreán 2017. Tá an lipéad bailí go dtí 6 Aibreán 2019.

Ar mhaith leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi AnySurfer?

Rinneamar an-iarracht cloí leis na treoirlínte agus na caighdeáin a bhfuil glacadh leo maidir le hinrochtaineacht agus inúsáidteacht. Níor éirigh linn é sin a dhéanamh i ngach réimse den láithreán gréasáin, áfach. Ní inrochtana atá roinnt de na grafaicí faisnéise, mar shampla. Má thagann tú ar rud éigin a bhfuil spéis agat ann ach nach bhfuil inrochtana duit, téigh i dteagmháil linn le do thoil ach an fhaisnéis teagmhála atá tugtha ag bun an leathanaigh seo a úsáid agus déanfaimid ár ndícheall leagan inrochtana a chur ar fáil.

Seol do chuid aiseolais chugainn

Leanaimid le feabhsuithe a chur ar ghnéithe inrochtaineachta ár láithreáin ghréasáin ach leas a bhaint as an aiseolas a fhaightear ónár n-úsáideoirí. Má thugann tú tuairisc dúinn ar d’eispéireas ar an láithreán gréasáin a úsáid, cabhróidh tú linn feabhas eile a chur ar inrochtaineacht ár láithreáin.

Téigh i dteagmháil linn le do thoil má bhíonn aon fhadhbanna agat nó má mheasann tú gurb an-úsáideach atá ceann ar bith de na gnéithe den láithreán.