You have a complaint against an EU institution or body?

P. Nikiforos Diamandouros

P. Nikiforos Diamandouros

Rugadh P. Nikiforos Diamandouros san Aithin, an Ghréig, ar 25 Meitheamh 1942. Ó 2003 go dtí Deireadh Fómhair 2013, bhí sé ina Ombudsman an Aontais Eorpaigh (an tOmbudsman Eorpach). Ó 1998 go dtí 2003, d'fheidhmigh sé mar chéad Ombudsman Náisiúnta na Gréige. Is Ollamh Emeritus le Polaitíocht Chomparáideach é i Roinn na hEolaíochta Polaitiúla agus an Riaracháin Phoiblí in Ollscoil na hAithne. Ó 1995 go dtí 1998, bhí sé ina Stiúrthóir agus ina Chathaoirleach ag Lárionad Náisiúnta na Gréige um Thaighde Sóisialta (EKKE). Ó 2012, is Ollamh ar Cuairt é ag Coláiste na hEorpa (Brugge). I mí na Bealtaine 2014, toghadh é d'Acadamh na Gréige (=Acadamh Náisiúnta na nEalaíon agus na hEolaíochtaí).

Bhronn Ollscoil Indiana céim B.A. (1963) air, agus bhronn Ollscoil Columbia M.A. (1965), M.Phil. (1969) agus Ph.D (1972) air. Sula ndeachaigh sé i ndámh Ollscoil na hAithne i 1988, bhí poist mhúinteoireachta agus thaighde aige in Ollscoil Stáit Nua-Eabhrac agus Ollscoil Columbia faoi seach (1973-78). Ó 1980 go dtí 1983, bhí sé ina Stiúrthóir Forbartha i gColáiste na hAithne, an Aithin, an Ghréig. Idir 1983 agus 1988, bhí sé ag feidhmiú mar Stiúrthóir Clár d'Iarthar na hEorpa agus don Neasoirthear agus don Mheánoirthear ag Comhairle um Thaighde na hEolaíochta Sóisialta, Nua-Eabhrac. Idir 1988 agus 1991, bhí sé ina Stiúrthóir ag Institiúid na Gréige um Léann Idirnáisiúnta agus Straitéiseach, an Aithin, arbh é meitheal machnaimh beartais a fuair maoiniú ó Fhondúireachtaí Ford agus MacArthur. In 1997, bhí sé ina Ollamh ar Cuairt san eolaíocht pholaitiúil ag Lárionad Juan March Ard-Léinn sna hEolaíochtaí Sóisialta (Maidrid). In 2011, bhronn Coláiste Meiriceánach na Gréige Céim Dhochtúireachta sa Dlí (honoris causa) air.

Bhí sé ina Uachtarán ar Chumann Eolaíochta Polaitiúil na Gréige (1992-98) agus ar Chumann Léinn Nua-Ghréagaigh na Stát Aontaithe (1985-88). In 1999 agus 2000, ceapadh é ina bhall de Choimisiún Náisiúnta na Gréige um Chearta an Duine agus den Chomhairle Náisiúnta um Athchóiriú Riaracháin faoi seach. Idir 1988 agus 1996, d'fheidhmigh sé mar chomhchathaoirleach ar Fhochoiste Dheisceart na hEorpa ag an gComhairle um Thaighde san Eolaíocht Shóisialta, Nua-Eabhrac, fochoiste a fuair a mhaoiniú ó Fhondúireacht Volkswagen. Chomh maith leis sin, bhí sé ina chomh-Eagarthóir Ginearálta ar Shraith faoi Dheisceart Nua na hEorpa foilsithe ag Cló Ollscoile Oxford, Cló Ollscoile Johns Hopkins agus Palgrave. Bronnadh Maoiniú Fulbright agus Náisiúnta (na Stáit Aontaithe) air le haghaidh na ndeontas taighde sna Daonnachtaí.

Tá ábhar forleathan scríofa aige faoi pholaitíocht agus stair Dheisceart, Oirthear agus Oirdheisceart na hEorpa, an Ghréig san áireamh, agus, go sonrach, faoi dhaonlathú, tógáil stáit agus náisiúin, an gaol idir cultúr agus polaitíocht, mar aon le hinstitiúid an ombudsman, agus prionsabail an dea-chleachtais riaracháin. Imleabhair curtha in eagar: The Politics of Democratic Consolidation: Southern Europe in Comparative Perspective, 1995; Parties, Politics and Democracy in the New Southern Europe, 2001; The European Ombudsman: Origins, Establishment, Evolution, 2005; Democracy and the State in the New Southern Europe, 2006; Spatial Conceptions of the Nation; Modernizing Geographies in Greece and Turkey, 2010. Monagraif: The Origins of State-Building in Modern Greece, 1821-1828, 2002 (i nGréigis) agus Cultural Dualism and Political Change in Postauthoritarian Greece, 2000 (i nGréigis).

Suaitheantais: Ard-Cheannasaí Ord an Fhéinics, an Ghréig, 2004; Golden Cross of Merit, an Pholainn, 2010; Chevalier de la Légion d’Honneur, an Fhrainc, 2014.

Teangacha: Gréigis, Béarla, Fraincis, Iodáilis, Gearmáinis, Spáinnis, Portaingéilis. Tá léitheoireacht, scríbhneoireacht, an ceol clasaiceach agus scannáin mar chaithimh aimsire aige.

Images of P. Nikiforos Diamandouros