Vai vēlaties iesniegt sūdzību par ES iestādi vai struktūru?

Moltaí praiticiúla maidir le caidreamh oifigeach poiblí le hionadaithe leasa

NITHE IS CEART A DHÉANAMH

NITHE NACH CEART A DHÉANAMH

1. Deimhnigh an gá d’ionadaithe leasa a bheith cláraithe i gClár Trédhearcachta an Aontais Eorpaigh sula mbuaileann tú leo nó sula nglacann tú le cuireadh chuig imeacht.

1. Ná buail le hionadaithe leasa nach bhfuil cláraithe i gClár Trédhearcachta an Aontais Eorpaigh i gcás nach gceadaítear nó nach moltar duit i do rialacha féin déanamh amhlaidh; iarr ar an ionadaí clárú i gcás go dtagann a g(h)níomhaíochtaí faoin raon feidhme sin.

2. Ullmhaigh go maith don chruinniú agus déan taighde bunúsach le deimhniú cad iad na leasanna a ndéanann siad ionadaíocht dóibh agus cé a thugann maoiniú dóibh. Iarr tuilleadh faisnéise, más gá.

2. Ná déan neamhiontas de na rúin atá acu siúd a iarrann cruinnithe nó a thugann cuireadh duit freastal ar imeachtaí. Déanann raon éagsúil eagraíochtaí brústocaireacht, lena n-áirítear comhlachtaí comhairleoireachta, gnólachtaí dlí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, meithleacha machnaimh, feachtais phobail, ...

3. Cinntigh go nochtfaidh siad roimh ré cuspóir an chruinnithe/an tsaincheist a phléifear, ainmneacha na rannpháirtithe agus na n-eagraíochtaí agus/nó na gcliant ar thar a gceann a ghníomhaíonn siad, mar aon le haon fhaisnéis ábhartha eile.

3. Ná déan caidreamh le hionadaí leasa ar leith gan smaoineamh ar dheis den chineál céanna a thairiscint do ghrúpaí eile.

4. Measúnaigh aon choinbhleacht a d’fhéadfadh a bheith ann idir do leasanna príobháideacha agus leas an phobail agus seachain aon choinbhleacht, agus déan machnamh ar an tuairim a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar do chaidreamh.

4. Ná glac le haon chuirí chuig cruinnithe nó imeachtaí a d’fhéadfadh d’eagraíocht a chur i staid mhíchuibhiúil.

5. Stad agus déan machnamh ar an mbealach chun tosaigh, má bhíonn amhras ort. Más gá, téigh i gcomhairle le do bhainisteoirí agus, má chinntear gur cheart leanúint ar aghaidh leis an gcruinniú, cuir nóta leis an gcomhad chun an méid sin a mhíniú.

5. Ná déan dearmad do chomhghleacaithe iomchuí agus do bhainisteoirí a chur ar an eolas faoi thorthaí aon chruinnithe agus aon imeachtaí.

6. Bí ar an eolas nach i suíomh foirmiúil a dhéantar gach ionadaíocht leasa. Is féidir brústocaireacht a dhéanamh freisin le linn cruinnithe neamhfhoirmiúla agus i suíomhanna sóisialta. Gníomhaigh ar bhealach gairmiúil i gcónaí.

6. Ná glac le cruinnithe, agus ná heagraigh cruinnithe, lasmuigh d’uaireanta oifige nó den áitreabh oifigiúil. Má dhéanann tú amhlaidh, smaoinigh ar do bhainisteoirí a chur ar an eolas faoi sin agus tabhair rannpháirt do chomhghleacaí eile freisin.

7. Coinnigh dea-nósanna coimeádta taifead ar bun, lena n-áirítear dáta/láthair an chruinnithe, ainmneacha na rannpháirtithe, na n-eagraíochtaí agus/nó na gcliant agus na saincheisteanna a pléadh. Bain úsáid as córas bainistíochta comhad oifigiúil d’eagraíochta féin.

7. Ná déan agus ná habair rud ar bith a d’fhéadfadh a thabhairt le tuiscint go bhfuil tú ag caitheamh go fabhrach le hionadaí leasa.

8. Cloígh leis na ceanglais nochta is infheidhme, mar shampla, i gcás an Choimisiúin, nocht sonraí faoi chruinnithe idir ionadaithe leasa agus Coimisinéirí, comhaltaí Comh-aireachta agus Ard-Stiúrthóirí.

8. Ná tabhair le fios d’ionadaí leasa go mbeidh, nó go bhféadfadh go mbeadh, aon chomhairle, aon smaoineamh nó aon fhaisnéis ar leith cinniúnach sa phróiseas cinnteoireachta.

9. Tuairiscigh cleachtais bhrústocaireachta a mheastar a bheith do-ghlactha, go háirithe i bhfianaise an Chóid Iompair d’ionadaithe leasa a eisíodh mar chuid de Chlár Trédhearcachta an Aontais Eorpaigh.

9. Ná comhroinn faisnéis nach bhfuil údarás agat í a chomhroinnt agus ná bain mí-úsáid as faisnéis faoi rún.

10. Tabhair eolas duit féin ar na rialacha sonracha a bhaineann le d’eagraíocht féin, mar shampla, trí oiliúint. Murab ionann na rialacha sonracha sin agus na moltaí praiticiúla seo, ba cheart tús áite a thabhairt do na rialacha i bhformhór na gcásanna.

10. Ná glac le fáilteachas ó ionadaí leasa gan breithniú cúramach a dhéanamh ar dtús agus mura bhfuil sé ag teacht leis na rialacha is infheidhme. Nuair is gá, déan tuairisciú ar aon tabhartais agus aon fháilteachas a fuarthas.