- Eksportuoti į PDF
- Trumpoji nuoroda į šį puslapį
- Publikuoti šį puslapįTwitterFacebookLinkedin
Eisíonn an tOmbudsman treoirlínte do riarachán AE maidir le húsáid teangacha oifigiúla AE
Naujienos - Data Ketvirtadienis | 02 liepos 2020
Byla SI/98/2018/DDJ - Atidaryta Pirmadienis | 23 liepos 2018 - Sprendimas Ketvirtadienis | 26 kovo 2020 - Atitinkama institucija Europos Komisija

D’fhoilsigh an tOmbudsman sraith moltaí do riarachán AE maidir le húsáid teangacha oifigiúla AE agus cumarsáid á déanamh leis an bpobal.
Tá an AE tiomanta chun éagsúlacht teanga a mheas agus a chosaint. Tá cur i bhfeidhm prionsabal an ilteangachais fíorthábhachtach do chaidreamh idir an AE agus a chuid saoránach. Is é is aidhm leis na moltaí praiticiúla seo an tiomantas seo a thabhairt chun réitigh le héifeachtúlacht riaracháin agus srianta buiséadacha.
Tugtar treoir sna moltaí maidir leis an gcaoi agus an uair le cumarsáid a dhéanamh i dteangacha ar leith agus na céimeanna praiticiúla atá le cur chun feidhme. Dréachtaíodh iad tar éis comhairliúchán poiblí in 2018 agus tugadh iad chun críche tar éis comhairliúcháin le hinstitiúidí eile AE in 2019.
- Eksportuoti į PDF
- Trumpoji nuoroda į šį puslapį
- Publikuoti šį puslapįTwitterFacebookLinkedin