- Trumpoji nuoroda į šį puslapį
- Publikuoti šį puslapįTwitterFacebookLinkedin
Ilteangachas in institiúidí an Aontais Eorpaigh -Tuarascáil ar chomhairliúchán poiblí
Patikrinimo ataskaita - Data Penktadienis | 15 vasario 2019
Byla SI/98/2018/DDJ - Atidaryta Pirmadienis | 23 liepos 2018 - Sprendimas Ketvirtadienis | 26 kovo 2020 - Atitinkama institucija Europos Komisija
Tabhair do d'aire: Na tuairimí atá sa tuarascáil seo, is léiriú iad ar an méid a cuireadh faoi bhráid an chomhairliúcháin phoiblí agus níor cheart a mheas gurb ionann iad agus seasamh an Ombudsman Eorpaigh.
Feabhra 2019
1. Réamhrá
I mí Iúil 2018, sheol an tOmbudsman comhairliúchán poiblí maidir le húsáid teangacha in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh (na 'comhlachtaí AE').
Féachann an comhairliúchán le plé a chur chun cinn ar an ábhar, ag tabhairt san áireamh gur gá go mbeadh réiteach ann idir meas agus tacaíocht a léiriú don éagsúlacht teangacha ar thaobh amháin agus srianta riaracháin agus buiséid ar an taobh eile. Cuimsíodh ceithre phríomhcheist sa chomhairliúchán:
I. Rialacha agus cleachtais;
II. Úsáid teangacha ar shuíomhanna gréasáin;
III. Úsáid teangacha i gcomhairliúcháin phoiblí; agus
IV. An gá le reachtaíocht nua, costais aistriúcháin, agus an poitéinseal a bhaineann le meaisínaistriúchán.
Fuair an tOmbudsman 286 aighneacht. I gcás cuid de na freagróirí, níor dhéileáil siad ach le cuid de na ceisteanna a bhí le plé.
Tháinig aighneachtaí isteach ó thrí Bhallstát, ó dhá ghníomhaireacht AE, aighneacht amháin ó údarás réigiúnach amháin, 33 ó eagraíochtaí nó comhlachais neamhrialtasacha, agus 247 ó dhaoine aonair (féach an Iarscríbhinn).
Fuair an tOmbudsman freagraí i 19 dteanga oifigiúla den AE, eadhon i bhFraincis (95), Béarla (57), Iodáilis (32), Spáinnis (25), Gearmáinis (21), Ollainnis (18), Slóvaicis (14), Ungáiris (3), Polainnis (3), Portaingéilis (3), Gaeilge (2), Sualainnis (2), Seicis (2), Bulgáiris (1), Cróitis (1), Danmhairgis (1), Fionlainnis (1), Gréigis (1) agus Rómáinis (1). Cuireadh aighneacht amháin isteach i Laidin, ceann amháin in Esperanto agus ceann amháin i gCatalóinis.
2. Achoimre
- Tá tacaíocht leathan ann don ilteangachas.
- D'fhéadfaí srianta teanga a cheadú, faoi chúinsí áirithe, ach ba cheart go mbeadh bonn cirt leo a bheadh leagtha amach i mbeartas teanga a d’fhoilseofaí ar gach ceann de suíomhanna gréasáin na gcomhlachtaí AE. Ba cheart go mbeadh an beartas le fáil i dteangacha oifigiúla uile an AE.
- Is cosaint úsáideach é beartas go mbeadh 'aistriúcháin ar fáil ach iad a iarraidh'.
- Ba cheart go mbeadh cuid éigin, ar a laghad, de shuíomhanna gréasáin na gcomhlachtaí AE ar fáil i ngach teanga oifigiúil den AE.
- Meastar gur comhréiteach maith é achoimrí ar na príomhcheisteanna a fhoilsiú i ngach teanga oifigiúil nó i roinnt de na teangacha oifigiúla nuair a cheaptar nach féidir ilteangachas iomlán a chur i bhfeidhm.
- Ba cheart comhairliúcháin phoiblí, mar gheall ar an aidhm a bhíonn leo agus mar nós ginearálta, a chur ar fáil in an oiread agus is féidir de na teangacha oifigiúla.
- Ba mhaith an rud é leas a bhaint as poitéinseal an mheaisínaistriúcháin, mar chabhair d'aistritheoirí daonna ar a laghad.
3. Aighneachtaí
I. Rialacha agus cleachtais maidir le srianta teanga
Easpa trédhearcachta (Ceist 1)
Tá easpa trédhearcachta ann (agus is beag riail fhoirmiúil atá ann) maidir leis an dóigh a gcuireann na húdaráis riaracháin dhifriúla AE faisnéis ar fáil sna teangacha oifigiúla difriúla atá aige. Áirítear leis sin, mar shampla, na critéir a úsáidtear le linn a chinneadh cén teanga nó cé na teangacha a úsáidfear i gcomhthéacsanna ar leith. Conas is féidir aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin? Cad iad na critéir eile, más ann dóibh, ar cheart feidhm a bheith acu?
Deir formhór mór na bhfreagróirí go bhfuil an easpa trédhearcachta atá ann faoi láthair neamh-inmhianaithe mar go dtarlaíonn treallachas, neamhréireachtaí agus leithcheal dá bharr. Ba cheart rialacha a thabhairt isteach chun na bearnaí a líonadh. Tá tuairimí difriúla ann maidir le hábhar na rialacha sin (Ceist 2) agus a bhfoirm (Ceist 8).
Tagraíonn a lán freagróirí do phrionsabail na héagsúlachta teangacha agus an chomhionannais teangacha. Deir siad gur cuid ríthábhachtach de shainiúlacht na saoránach a dteanga. Cuireann bacainní teanga isteach ar rannpháirtíocht na saoránach i ndíospóireachtaí agus i gcinnteoireacht ag leibhéal an AE. Tá imní ann go bhfuil rochtain phribhléideach ag Ballstáit, saoránaigh agus gníomhaithe eacnamaíocha áirithe de dheasca srianta teanga, agus go bhfuil dochar á dhéanamh do dhlisteanacht an AE trí chéile dá bharr sin.
Maíonn a lán freagróirí go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh teacht ag na saoránaigh ar fhaisnéis i dteanga a thuigeann siad chun go mbeadh muinín agus iontaoibh acu as státseirbhís an AE agus chun aghaidh a thabhairt ar amhras, easpa spéise agus Eoraisceipteachas.
Trí shamhail den bheartas teanga
Mhol na freagróirí trí mhórshamhail de bheartas teanga i gcomhair chomhlachtaí an Aontais:
1. Ilteangachas srianta
Tacaíonn formhór na bhfreagróirí a d’fhreagair an cheist seo (102) le hilteangachais srianta de shaghas éigin. Deir siad go gcaithfear an fhaisnéis a chur ar fáil i gcónaí in idir trí cinn agus cúig cinn, ar a laghad, de na teangacha oifigiúla a úsáidtear go coitianta (Béarla, Fraincis agus Gearmáinis, agus b'fhéidir Iodáilis agus Spáinnis). Níor cheart teangacha oifigiúla eile a úsáid ach amháin i gcás ina gcomhlíontar critéir áirithe. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis seo a leanas ar fáil i gcónaí i ngach teanga oifigiúil:
- Doiciméid/faisnéis ag a bhfuil tionchar tábhachtach airgeadais ar shaoránaigh agus ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, amhail Erasmus+, fógraí folúntais, gairmeacha tairiscintí nó treoirlínte do thionscadail AE;
- Faisnéis a théann i bhfeidhm go háirithe ar shaol na saoránach – faisnéis ar oideachas, sláinte, cearta na saoránach agus slándáil shóisialach, cuir i gcás;
- Doiciméid lena gcruthaítear cearta agus oibleagáidí do shaoránaigh;
- Comhairliúcháin phoiblí;
- Cumarsáid phreasa áirithe.
Luaitear na critéir bhreise seo a leanas:
- Má bhíonn baint faoi leith ag an méid atá i gceist le Ballstáit nó saoránaigh áirithe, ba cheart go mbeadh faisnéis/doiciméid ar fáil i dteanga oifigiúil/i dteangacha oifigiúla na mBallstát nó na saoránach lena mbaineann;
- I gcás sainréimsí áirithe, amhail taighde eolaíochta, d'fhéadfadh srianta teanga a bheith bailí;
- Ba cheart breithniú a dhéanamh ar phráinne agus ar thábhacht pholaitiúil na faisnéise;
- I gcás chomhlachtaí díláraithe an Aontais, ba cheart teanga an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht sin lonnaithe a chur san áireamh.
2. Ilteangachas neamhshrianta
Ba mhaith le 18 bhfreagróir go mbeadh ilteangachas iomlán ann, agus go gcaithfí teangacha oifigiúla uile an AE a úsáid an t-am ar fad agus na haistriúcháin go léir a chur ar fáil ag an am céanna.
3. I dTreo 'Lingua Franca'
Iarrann 46 freagróir go mbeadh teanga chomhchoiteann ann a labhródh saoránaigh uile an AE. Tá dhá chur chuige ann: measann ceithre fhreagróir go bhfuil ceann de na teangacha oibre reatha (Béarla) fíoroiriúnach. Molann 41 freagróir go láidir gur cheart úsáid a bhaint as aon teanga amháin atá comhchoiteann ach neodrach, ar nós Esperanto.
Faireachán ar an ilteangachas
Molann roinnt freagróirí meicníochtaí chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh a gcuid dualgas i leith an ilteangachais ag comhlachtaí AE. Áirítear ar na moltaí sin:
- Go mbunófaí ‘faireachlann ilteangachais' a dhéanfadh faireachán seasta ar an tsaincheist seo;
- Go mbunófaí ‘tathantóir ilteangachais’, amhail Ombudsman a mbeadh sainchúram an ilteangachais air/uirthi nó comhlacht iniúchóireachta a mbeadh sé de chumhacht aige pionóis a ghearradh i gcás neamhchomhlíonadh;
- Staitisticí a chur ar fáil maidir le húsáid teangacha i gcomhlachtaí AE, chun trédhearcacht a fheabhsú.
Beartas teanga (Ceist 2)
Ar cheart do gach institiúid AE beartas teanga a bheith aici agus, dá mba cheart, cé na nithe ba cheart a áireamh in aon bheartas teanga? Ar cheart beartais teanga den sórt sin a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin na n-institiúidí? Cé chomh mionsonraithe agus ba cheart an beartas teanga a bheith maidir le cásanna sonracha ina bhfuil srian ann leis an rogha teanga(cha)?
A inmhianaithe atá beartas teanga
Tá bunáite na bhfreagróirí (175) ar son beartas teanga. Ní hionann na tuairimí atá acu i dtaobh na comhlachtaí AE go léir a bheith faoi réir an bheartais nó beartas sainiúil a bheith ann i gcomhair gach comhlachta as féin. Trí phríomhrogha atá tagtha chun cinn:
1. Comhbheartas amháin: Tá 52 freagróir ann a mheasann go gcothódh aon chomhbheartas amháin trédhearcacht agus soiléire maidir le húsáid teangacha sna comhlachtaí AE go léir. Ní hionann na tuairimí atá acu maidir le cé acu gníomhaireachtaí AE a bheadh faoi réir an chomhbheartais seo.
2. Comhbheartas amháin, arna oiriúnú do gach comhlacht AE: De réir an dara tuairim (17 bhfreagróir), ba chóir go mbeadh comhbheartas ann ina leagfaí amach na bunphrionsabail maidir le húsáid teangacha; bheadh gach comhlacht AE faoi réir an chomhbheartais seo. Chuirfí an comhbheartas seo in oiriúint ansin do chúraimí agus ról sonrach gach comhlachta AE.
3. Beartais ar leithligh: Mar gheall ar na difríochtaí suntasacha, maidir le róil agus feidhmeanna, atá ag na comhlachtaí AE éagsúla, níorbh fhéidir comhbheartas teanga a thabhairt isteach go praiticiúil (7 bhfreagróir).
Beartas teanga a fhoilsiú
Aontaíonn na freagróirí gur chóir beartas teanga a fhoilsiú ar shuíomhanna gréasáin na gcomhlachtaí AE agus gur cheart don bheartas sin a bheith ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais. Measann 20 freagróir go mba thairbheach feidhm nótaí tráchta a bheith ar fáil le haghaidh an bheartais teanga ar an suíomh gréasáin; ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh an pobal aiseolas a thabhairt maidir le hábhar agus cur chun feidhme an bheartais.
A mhionsonraithe a bheadh an beartas teanga
Den chuid is mó, aontaíonn na freagróirí gur cheart go leagfaí síos i mbeartas teanga cé na teangacha a bheadh le húsáid ag comhlachtaí AE agus cé na cúinsí ina mbeidís le húsáid. Ba cheart go mbeadh sé sothuigthe ag na saoránaigh.
Maidir lena mhionsonraithe a bheadh sé:
- Cuid de na freagróirí, is fearr leo beartas teanga (thar a bheith) mionsonraithe, ina bhfuil na srianta leagtha amach de réir critéir shoiléire. Moltar é seo chun nach mbeadh treallachas ann.
- Cuid eile de na freagróirí, is fearr leo beartas teanga níos ginearálta agus níos solúbtha, ina leagfaí amach bunphrionsabail maidir le cathain agus cén fáth ar féidir srian a chur le húsáid teangacha. Ba cheart don bheartas teanga a bheith gonta, comhsheasmhach agus loighciúil. Mar sin féin, d'fhonn é a bheith inoibrithe, ba cheart go dtabharfaí an tsolúbthacht san áireamh ann agus go bhféadfaí gach cás a mheas as féin.
Aistriúcháin a bheith le fáil ach iad a iarraidh (Ceist 3)
Ar cheart do gach institiúid beartas a bheith i bhfeidhm aici maidir leis na himthosca faoina bhféadfaidh sí aistriúcháin ar fhaisnéis nó ar dhoiciméid a sholáthar ar iarratas? Dá mba cheart, conas is féidir an beartas sin a dhearadh chun costais dhíréireacha a sheachaint?
Sea nó ní hea?
Sea: Deir 114 freagróir gur chóir go mbeadh beartas ann go mbeadh aistriúcháin le fáil ach iad a iarraidh chun go mbeidh teacht ag saoránaigh ar fhaisnéis. Ba cheart gur cuid de (chomh)bheartas teanga a bheadh sa bheartas sin.
Ní hea: Deir 31 freagróir nár cheart go mbeadh sé de bheartas ag comhlachtaí AE aistriúcháin a bheith le fáil uathu ach iad a iarraidh, ar chúiseanna éagsúla:
- Níl gá le haistriúcháin a bheith ar fáil ach iad a iarraidh, má tá bonn cirt cuí le srianta teanga agus é sin leagtha amach i mbeartas mionsonraithe teanga.
- An baol go mbainfeadh iarratasóirí cráiteacha mí-úsáid as.
- Róchostasach.
- Is cás le freagróir amháin, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, nach mbeadh sí in ann a cuid spriocdhátaí rialála a chomhlíonadh dá mbeadh aistriúcháin le fáil ag daoine ach iad a iarraidh.
Costais iomarcacha a sheachaint
Tá grúpa freagróirí ann nach n-aontaíonn leis an tuairim go mbainfeadh 'costais iomarcacha' le beartas faoina mbeadh aistriúcháin le fáil ach iad a iarraidh. Tá achoimre ar an tuairim seo ag freagróir amháin mar seo a leanas: “Is iad sin na costais atá ar an daonlathas. Caithfear an costas atá ar an daonlathas a sheasamh i gcónaí”.
Molann freagróirí eile na bearta seo a leanas chun costais iomarcacha a sheachaint (féach na freagraí freisin ar Cheist 9):
- Go mbeadh aistriúcháin le fáil ach iad a iarraidh i gcás doiciméid thábhachtacha (amhail na cinn a bhaineann le cearta na saoránach) nó doiciméid a bhíonn bailí ar feadh bliain amháin ar a laghad, agus sna cásanna sin amháin;
- Go mbeadh aistriúcháin le fáil ach iad a iarraidh más féidir leis an iarratasóir an riachtanas atá leis a chruthú[1], agus sa chás sin amháin;
- Meaisínaistriúcháin (arna gcur in eagar) a sholáthar – le séanadh, b'fhéidir;
- Na hacmhainní atá ar fáil a chuíchóiriú trí stór comhchoiteann acmhainní a chruthú do gach comhlacht AE, mar shampla príomhsheirbhís aistriúcháin;
- Na deiseanna mí-úsáide a íoslaghdú, mar shampla cead a bheith ag na comhlachtaí AE cineálacha áirithe iarratais a dhiúltú;
- Buiséad ar leith a bheith ann le haghaidh aistriúcháin ar iarratas;
- Aistriúcháin a sholáthar i bhfoirm dhigiteach amháin;
- Teanga chomhchoiteann neodrach a úsáid chun costais aistriúcháin a laghdú;
- 'Samhail achainíocha' a thabhairt isteach faoina ndéantar doiciméad a aistriú má iarrann líon suntasach daoine an t-aistriúchán, agus sa chás sin amháin;
- Cúram an aistriúcháin ar iarratas a leagan ar ionadaíochtaí an AE i mBallstáit éagsúla an AE;
- Na costais a ghearradh ar na Ballstáit den AE lena mbaineann an t-aistriúchán;
- Seiceáil an bhfuil aistriúchán ar fáil cheana i mBallstát, mar shampla trí “ardán comhchoiteann aistriúcháin” a chur ar bun chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise idir ionaid aistriúcháin náisiúnta;
- Fad na ndoiciméad agus na faisnéise ar an Idirlíon a laghdú.
Ní hionann na tuairimí atá ag freagróirí i dtaobh táillí a ghearradh ar aistriúcháin ar iarratas. Iad siúd atá ar son táillí a ghearradh, maíonn siad go gclúdódh táillí costais an aistriúcháin, agus lena chois sin go ndíspreagfaidís daoine le hiarratais mhí-úsáide a dhéanamh. Iad siúd atá i gcoinne táillí a ghearradh, deir siad gur leithcheal a bheadh ann táillí a ghearradh ar shaoránaigh áirithe dá mbeadh teacht ag saoránaigh eile ar an bhfaisnéis chéanna ina dteanga dhúchais.
II. Suíomhanna Gréasáin AE
Prionsabail ghinearálta teanga (Ceist 4)
Cad iad na prionsabail ghinearálta teanga ar cheart feidhm a bheith acu maidir leis na suíomhanna Gréasáin de chuid institiúidí AE? Cad iad na codanna ar leith de shuíomhanna Gréasáin AE ba cheart a bheith ar fáil i ngach teanga AE nó ina bhformhór?
Tá na freagróirí deighilte i dtaobh ilteangachas neamhshrianta agus srianta i gcás suíomhanna gréasáin AE. Tá grúpa amháin freagróirí (81) den tuairim gur chóir go mbeadh gach cuid de shuíomhanna gréasáin AE ar fáil i ngach teanga oifigiúil chun dlisteanacht dhaonlathach agus comhionannas teangacha a chinntiú. Measann grúpa níos lú gur chóir go mbeadh gach suíomh gréasáin AE ar fáil i mBéarla, i nGearmáinis, i bhFraincis, agus b’fhéidir i dteangacha eile chomh maith. Is mian le grúpa eile fós go mbeadh gach rud i dteanga chomhchoiteann, neodrach amháin.
Measann 70 freagróir gur chóir go mbeadh na codanna sin de shuíomhanna gréasáin AE ar spéis leis ‘an bpobal i gcoitinne’ iad ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an AE, mar shampla:
- Na rannóga ‘Eolas fúinn ...’ ina mbíonn cur síos ar fheidhmiú agus cuspóir an chomhlachta AE, mar aon le sonraí teagmhála;
- Rannóga ina bhfuil nuacht, cumarsáid phreasa agus nithe a thit amach le déanaí;
- Suíomhanna gréasáin
- ina gcuimsítear sláinte an phobail, oideachas, geilleagar, cearta paisinéirí, sábháilteacht bia, sábháilteacht ag an obair, nó cearta na saoránach;
- ina bhfuil faisnéis maidir le deontais, glaonna ar thairiscintí agus faisnéis i dtaobh cláir sholáthair nó chistithe;
- a bhaineann le mórthionscnaimh bheartais, saincheisteanna dlíthiúla agus treoir maidir le conas oibleagáidí faoi dhlí an AE a chomhlíonadh;
- ina bhfuil folúntais phoist;
- de chuid uachtaránachtaí AE.
I gcás codanna eile de shuíomhanna gréasáin AE, atá dírithe ar spriocghrúpa níos speisialaithe, d’fhéadfadh córas teanga níos teoranta a bheith bailí[2].
Achoimrí i ngach teanga oifigiúil nó ina bhformhór (Ceist 5)
An mbeadh aon fhiúntas ag baint le hachoimrí ar na príomh-shaincheisteanna a fhoilsiú i ngach teanga oifigiúil nó ina bhformhór?
Measann dhá thrian nó mar sin de na freagróirí go mbeadh fiúntas ag baint le hachoimrí ar na príomh-shaincheisteanna a fhoilsiú i ngach teanga oifigiúil nó ina bhformhór.
Measann go leor de na freagróirí atá ar son achoimrí gur comhréiteach maith iad. Is é an tuairim atá ag 62 freagróir gur cheart go mbeadh achoimrí ar fáil i ngach teanga oifigiúil AE. Measann cuid de na freagróirí gur leor achoimrí a chur ar fáil sna 3, 4 nó 5 theanga is mó a labhraítear. Maíonn freagróirí eile go bhfuil an baol ann, nuair a dhéantar achoimre ar fhaisnéis, go gcuirfear an fhaisnéis sin as a riocht agus gurb ionann é agus leithcheal ar dhaoine nach bhfuil teacht acu ach ar an téacs achomair amháin.
Srianta teanga (Ceist 6)
An inghlactha an rud é ábhar a sholáthar i líon beag teangacha, seachas i ngach teanga oifigiúil, in imthosca áirithe? Más ea, cé na critéir ba cheart a úsáid chun a chinneadh conas a roghnófar na teangacha sin (mar shampla, an líon daoine a labhraíonn an teanga lena mbaineann, an leibhéal éagsúlachta teanga sa daonra ...)?
Is ea nó ní hea?
Is ea: Dar leis an gcuid is mó (119) de na freagróirí a d'fhreagair an cheist seo tá sé inghlactha, faoi chúinsí áirithe agus ar chúiseanna pragmatacha, gan ábhar a sholáthar ach i líon beag teangacha. Dar le cuid de na freagróirí, chaithfí coinníollacha a chur leis an gcleachtas seo, mar shampla, bonn cirt soiléir a thabhairt lena aghaidh nó, in éineacht leis na srianta, go mbeadh an deis ann aistriúchán a sholáthar ar iarratas.
Ní hea: Molann 84 freagróir samhail an ilteangachais gan srian, is é sin go bhfuil srian teanga de chineál ar bith idirdhealaitheach agus, dá bhrí sin, do-ghlactha.
Critéir chun teangacha a roghnú
Ní hionann na tuairimí atá ag na freagróirí maidir leis na critéir ba cheart a úsáid chun teangacha oifigiúla a roghnú.
Measann go leor freagróirí gurb é tionchar, ábharthacht nó leas na faisnéise do ghrúpa áirithe saoránach, do na Ballstáit nó don phobal i gcoitinne an critéar is tábhachtaí. Dar leo, ba cheart teangacha a roghnú ar an mbonn go bhfuil gach duine a bhfuil tionchar ag an bhfaisnéis orthu in ann an fhaisnéis sin a thuiscint. Sa chur chuige seo, tá sé intuigthe go bhféadfaí ábhar áirithe atá an-sonrach, a dhírítear go minic ar shaineolaithe, a chur ar fáil i líon teoranta teangacha agus sna teangacha sin amháin.
Measann cuid de na freagróirí gur critéar oiriúnach é an líon daoine a labhraíonn na teangacha roghnaithe, bunaithe ar íoschéatadán de dhaonra na hEorpa[3] atá clúdaithe ag na teangacha oifigiúla roghnaithe nó bunaithe ar na teangacha oifigiúla is mó a labhraítear. Tá freagróirí eile glan i gcoinne an líon daoine a úsáid mar chritéar, mar go gcaithfí dá réir leithcheal a dhéanamh ar phobail bheaga agus a dteangacha.
Is é tuairim cuid de na freagróirí gur chóir tús áite a thabhairt do theangacha oibre státseirbhís an Aontais (i gcás roinnt de na comhlachtaí AE, is iad sin Béarla, Fraincis agus Gearmáinis) nó do theangacha atá ina dteangacha oifigiúla i mbreis agus Ballstát amháin.
III. Comhairliúcháin phoiblí
Beartas an Choimisiúin (Ceist 7)
I mí Aibreáin 2017, rinne an Coimisiún Eorpach rialacha inmheánacha nua a ghlacadh lena gceanglaítear go bhfoilseofaí i ngach teanga oifigiúil AE doiciméid a bhaineann le comhairliúcháin phoiblí ar “thionscnaimh thosaíochta” atá i gClár Oibre bliantúil an Choimisiúin. Is gá doiciméid a bhaineann le gach cineál comhairliúcháin phoiblí eile a chur ar fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar a laghad. Ba cheart comhairliúcháin phoiblí a bhfuil “spéis mhór ag an bpobal” iontu a chur ar fáil i dteangacha breise. Ina theannta sin, “is gá páipéir chomhairliúcháin nó achoimre orthu a aistriú go gach teanga oifigiúil de chuid an Aontais”.
An mbaineann an beartas sin, i do thuairim féin, an chothromaíocht cheart amach idir an gá atá ann leis an éagsúlacht teanga a urramú agus a chothú ar thaobh amháin agus an gá atá ann le feidhmiú de réir srianta riaracháin agus buiséadacha ar an taobh eile? An é sin an cineál beartais a d’fhéadfadh institiúidí eile AE a ghlacadh le réasún?
Deir thart ar leath de na freagróirí (124) nach bhfuil an chothromaíocht cheart i mbeartas an Choimisiúin. Measann an chuid is mó de na freagróirí nach leor beartas reatha an Choimisiúin, ar na cúiseanna seo a leanas:
- Braitheann mórán freagróirí (50) go bhfuil an sainmhíniú doiléir atá ar théarmaí tábhachtacha áirithe– amhail “leas an phobail trí chéile”, “teangacha breise” agus “tionscnaimh thosaíochta” – míshásúil. Tugann sé seo saoirse leathan don Choimisiún agus b’fhéidir go gcuirfí an beartas i bhfeidhm go treallach dá thoradh.
- Deir a lán freagróirí (49) gur chóir go mbeadh comhairliúcháin phoiblí ar fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas. De réir na hargóna sin ní mór do na comhlachtaí AE, de bharr nádúr na gcomhairliúchán poiblí, deimhin a dhéanamh de gur féidir le gach saoránach páirt a ghlacadh ar bhonn comhionann. Ba cheart gur eisceacht a bheadh sna srianta seachas a mhalairt.
- Go leor de na freagróirí (46), ní thuigeann siad cén fáth a mbeadh stádas pribhléideach ag Béarla, Fraincis agus Gearmáinis i gcomhairliúcháin phoiblí. Cruthaíonn an stádas seo neamhionannas teangacha.
- Measann roinnt freagróirí (9) gur cheart tuilleadh teangacha oifigiúla (lena n-áirítear Spáinnis agus Iodáilis) a chur leis na trí theanga íosta.
- Tá imní ar roinnt freagróirí (6) faoin taobh praiticiúil: Cé chomh mór is atá beartas an Choimisiúin, 2017 á chur i bhfeidhm i ndáiríre? Cén pointe sa tréimhse chomhairliúcháin a gcuirtear na haistriúcháin éagsúla ar fáil?
Deir 64 freagróir go bhfuil beartas teanga an Choimisiúin, 2017 le haghaidh comhairliúcháin phoiblí oiriúnach. Deir cuid acu gur céadchéim thábhachtach an beartas agus molann siad fiú gur chóir do chomhlachtaí eile AE é a ghlacadh. Maidir leis an bpointe seo, deir freagróir amháin, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, gur deacair an beartas ceannann céanna a ghlacadh i gcomhlachtaí eile, mar go bhféadfadh comhairliúcháin phoiblí arna n-eagrú ag an gCoimisiún a bheith éagsúil le cinn arna n-eagrú ag comhlachtaí AE eile agus go bhféadfaidís a bheith dírithe ar spriocghrúpa eile.
Measann cúpla freagróir (5) go bhfuil beartas an Choimisiúin, 2017 róchostasach agus measann gur leor an t-ábhar a fhoilsiú i mBéarla amháin, nó i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis.
IV. Eile
Reachtaíocht nua AE (Ceist 8)
Ba sa bhliain 1958 a ceapadh an t-aon reachtaíocht shonrach lena bpléitear úsáid teangacha ag údaráis riaracháin AE. Ní raibh ach sé Bhallstát agus ceithre theanga oifigiúla ann an tráth sin. An gceapann tú, sna himthosca reatha, go mbeadh fiúntas ag baint le reachtaíocht nua a thabhairt isteach? Nó an gceapann tú gurbh fhearr déileáil lasmuigh de chreat dlíthiúil mionsonraithe le saincheisteanna teanga?
Measann an chuid is mó de na freagróirí (126) a d’fhreagair an cheist seo go mbeadh reachtaíocht nua nó athbhreithniú ar Rialachán reatha 1/1958 ina chuidiú. Sonraítear i gcuid de na freagraí gur chóir cearta teanga na saoránach a leagan amach go mion sa reachtaíocht athbhreithnithe sin d’fhonn an t-ilteangachas a neartú. Cáilíonn cuid de na freagróirí a ráiteas; cé go mbeadh reachtaíocht nua inmhianaithe, tá an baol ann go n-osclófaí “cófra Phandóra” dá ndéanfaí Rialachán 1/1958 a leasú, dar leo.
Rinne freagróirí na moltaí seo a leanas chun Rialachán 1/1958 a leasú:
- ceangal a chur ar institiúidí AE rialacha inmheánacha a ghlacadh maidir le húsáid teangacha (Airteagal 6), seachas glacadh na rialacha sin a fhágáil mar rogha acu;
- go n-áireofaí ann an ceart go mbeadh aistriúchán le fáil ach é a iarraidh;
- Rialachán 1/1958 a nuashonrú chun go dtabharfaí san áireamh ann Airteagal 11 den Chonradh ar Fheidhmiú an AE, lena n-éilítear ar an gCoimisiún comhairliúcháin phoiblí leathana a sheoladh agus ar na hinstitiúidí AE idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta a choimeád leis an tsochaí shibhialta;
- teanga chomhchoiteann neodrach a thabhairt isteach.
Tá 34 freagróir i gcoinne reachtaíocht nua agus i gcoinne leasú ar Rialachán 1/1958. Measann siad go bhfuil Rialachán 1/1958 leordhóthanach, cothrom le dáta agus gur chóir comhionannas na 24 teanga oifigiúil a choinneáil slán. Seachas an Rialachán a leasú, is é an dúshlán atá ann an reachtaíocht reatha a chur chun feidhme i gceart.
Tá roinnt freagróirí ann a mholann déileáil le saincheisteanna teanga lasmuigh de chreat mionsonraithe reachtaíochta. Tá roinnt moltaí ann:
- Treoirlínte (comhchoiteanna) arna nglacadh ag comhlachtaí AE;
- An Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le haistriúchán mar chuid de phróiseas cinnteoireachta an Choimisiúin (2016) a nuashonrú;
- Cód iompair maidir leis an ilteangachas;
- Comhaontú idirinstitiúideach i dtaobh cé acu de na comhlachtaí éagsúla AE a ghlacann a bheartas teanga féin; agus
- Moltaí ón Ombudsman Eorpach.
Costais aistriúcháin (Ceist 9)
Beidh costais bhreise aistriúcháin ag baint le haon mhéadú ar an méid faisnéise agus ar an líon doiciméad a fhoilsítear i ngach teanga AE. Conas ba cheart freastal ar na costais bhreise sin, dar leat? Ó áit eile sa bhuiséad AE? Trí chistiú breise atá curtha i leataobh don aistriúchán a bhailiú ó na Ballstáit aonair lena mbaineann? Ar aon bhealaí eile?
Tá difríochtaí sna freagraí ar an gceist seo de réir an chineáil beartais teanga a mholann na freagróirí.
Dar le cuid de na freagróirí, níl na costais aistriúcháin iomarcach agus ba chóir an cheist a iompú droim ar ais: “Cén costas atá ar an ábhar seo a fhágáil gan aistriú?” Go sonrach: “Maidir le haistriúchán, is é sin le rá faisnéis agus cumas na saoránach uile an méid atá ag tarlú a thuiscint, ní léir domsa gur caiteachas tánaisteach é sin ach riachtanas don daonlathas, i gcomhthéacs gur minic nach dtuigtear an tAontas agus go ndiúltaítear dó” (freagra a cuireadh isteach i bhFraincis).
Tháinig moltaí éagsúla ó fhreagróirí faoin gcaoi a n-íocfaí as costais (bhreise) an aistriúcháin:
- Deir 62 freagróir gur chóir costais an aistriúcháin a íoc as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Mura ndéanfaí amhlaidh, bheadh níos mó le híoc ag Ballstáit bheaga ar aistriúcháin ná mar a bheadh ag Ballstáit mhóra.
- Tá tuairim níos láidre fós ag cuid de na freagróirí (22) agus éilíonn siad go mbeadh ar na Ballstáit a bhfuil ceann de na ‘teangacha pribhléideacha’ acu suim sa bhreis a íoc mar chúiteamh ar an mbuntáiste seo.
- A mhalairt de thuairim atá ag freagróirí eile (24), maíonn siad gur chóir go mbeadh ar na Ballstáit a dteastaíonn uathu aistriúcháin bhreise a bheith acu ina dteanga oifigiúil féin na costais a bhaineann leis sin a sheasamh.
- Chuir a lán freagróirí moltaí ar aghaidh maidir le conas costais aistriúcháin a laghdú:
- trí acmhainní aistriúcháin gach aon chomhlachta AE a chomhroinnt;
- trí úsáid bhreise a bhaint as meaisínaistriúchán (féach freisin Ceist 10);
- trí líon na dtéacsanna a laghdú;
- trí chaighdeán na dtéacsanna a fheabhsú;
- trí aistriúcháin a chur amach ar conradh chuig aistritheoirí seachtracha;
- trí iomaíocht a chothú idir gníomhaireachtaí aistriúcháin trí thairiscintí trédhearcacha;
- trí rátaí aistriúcháin Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an AE a laghdú chun iad a thabhairt i gcomhréir le rátaí san earnáil aistriúcháin phríobháideach;
- trí dhoiciméid atá aistrithe cheana féin a fhágáil gan athleasú;
- trí phráinne a sheachaint;
- trí chomhoibriú le seirbhísí aistriúcháin náisiúnta, mar shampla trí ardán comhchoiteann aistriúcháin a chruthú chun dúbláil oibre a sheachaint.
Meaisínaistriúchán (Ceist 10)
Cá mhéad a d’fhéadfaí an teicneolaíocht a úsáid chun aistriúcháin a sholáthar sna teangacha éagsúla AE? Ós rud é nach mbíonn “ríomhaistriúcháin” cruinn i ngach cás, an mbeifeá sásta glacadh le haistriúcháin den sórt sin fad a bheadh doiciméid aistrithe ar fáil ar bhealach níos tapa agus níos cost-éifeachtúla ná mar a tharlódh ar shlí eile?
Feictear do na freagróirí go bhfuil dúshlán ann an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir cumas an mheaisínaistriúcháin ar thaobh amháin agus an baol míchruinnis ar an taobh eile: “Uaireanta is fearr na meaisínaistriúcháin ná faic, ach uaireanta is measa iad ná faic”.
I gcás beagnach leath de na freagróirí (134), is mó na buntáistí ná na míbhuntáistí a bhaineann le meaisínaistriúchán, tríd is tríd. Cé go n-aithnítear go soiléir na saincheisteanna reatha a bhaineann lena n-úsáid, measann roinnt freagróirí (17) gur cheart tuilleadh acmhainní a infheistiú i dteicneolaíochtaí aistriúcháin a fhorbairt. Mar sin féin, leagann formhór na bhfreagróirí amach coinníollacha maidir le húsáid reatha an mheaisínaistriúcháin:
- níor chóir é a úsáid ach mar chabhair[4] nó má dhéanann aistritheoir daonna é a athbhreithniú nó a phrofléamh;
- níor chóir é a úsáid le haghaidh cáipéisí a bhfuil cruinneas ag teastáil lena n-aghaidh, ar nós cáipéisí dlíthiúla nó airgeadais;
- níor chóir é a úsáid ach le séanadh, lena gcuirtear in iúl go soiléir gur téacs meaisínaistrithe atá ann agus go mb'fhéidir nach bhfuil sé cruinn;
- níor chóir é a úsáid ach mar réiteach idirthréimhseach go dtí go mbeidh aistriúchán ‘ceart’ ar fáil;
- in éineacht leis an aistriúchán meaisínaistrithe, ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ann freisin aistriúchán ‘ceart’ a fháil ach é a iarraidh.
Tugann roinnt freagróirí samplaí de chásanna inarbh fhéidir tuilleadh úsáide a bhaint as meaisínaistriúchán, amhail inneachar gréasáin, téacsanna simplí nó gearra, doiciméid inmheánacha, nó le haghaidh aistriúcháin i dteangacha nach teangacha oifigiúla iad.
Dar leis an gceathrú cuid, nó mar sin, de na freagróirí (73), is mó na míbhuntáistí ná na buntáistí a bhaineann leis an meaisínaistriúchán. Leagann freagróirí (28) béim ar neamhiontaofacht agus caighdeán neamhleor an mheaisínaistriúcháin. Má bhaintear úsáid as meaisínaistriúchán, tá an baol ann go ndéanfar leithcheal ar shaoránaigh de chuid an Aontais, má aistrítear roinnt teangacha oifigiúla i gceart agus nach ndéantar amhlaidh i gcás teangacha eile. Tugann roinnt freagróirí rabhadh i gcoinne scaipeadh aistriúchán 'liath', agus an chontúirt ann gur ‘bréagnuacht’ an toradh a bheadh orthu. Má tá úsáid ar bith le baint as, d’fhéadfaí an meaisínaistriúchán a úsáid chun cuidiú le haistritheoirí daonna (14 freagróir).
4. Léargas ar phointí eile a tarraingíodh anuas
Teangacha réigiúnacha nó mionlaigh á n-úsáid ag comhlachtaí AE
Luann roinnt freagróirí a thábhachtaí atá teangacha réigiúnacha agus mionlaigh i mBallstáit an AE; is teangacha iad seo nach bhfuil stádas teanga oifigiúil acu ach a labhraítear go forleathan nó ar cuid ríthábhachtach den fhéiniúlacht iad. Déantar moltaí maidir le conas tuilleadh aitheantais a thabhairt do na teangacha seo ar leibhéal an AE:
- Rannán faoi leith a thabhairt dóibh ar suíomhanna gréasáin AE.
- Ábhair a dhéanann difear do mhionlaigh sa teanga/sna teangacha ábhartha a fhoilsiú.
- Achoimrí ar mhórcheisteanna agus ar chomhairliúcháin phoiblí a chur ar fáil i dteangacha réigiúnacha nó mionlaigh.
- Rialachán 1/1958 a leasú chun teangacha réigiúnacha nó mionlaigh a chosaint.
Iarmhairtí an Bhreatimeachta
Deir roinnt freagróirí gur chóir, mar thoradh ar an mBreatimeacht i mí an Mhárta 2019, ceannas agus tábhacht an Bhéarla a mhaolú i gcumarsáid inmheánach agus seachtrach státseirbhís an AE.
Iarscríbhinn: Liosta de na haighneachtaí
Ballstáit
An Fhrainc - Secrétariat Général des Affaires Européennes
An Iodáil - Permanent Representation of Italy to the EU
An Spáinn - Secretaría de Estado para la Unión Europea
Institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE
An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA)
An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA)
Údaráis phoiblí réigiúnacha
Vlaamse Overheid
Eagraíochtaí
European Language Equality Network
Kotimaisten kielten keskus (Finnish Centre of Domestic Languages)
Oifig an Choimisinéara Teanga, Ireland
Conradh na Gaeilge (Gaelic League), Ireland
Europa Esperanto Unio (2 contributions)
Esperanto France
Europe-Démocratie-Esperanto (2 contributions)
Comité Pauvreté et Politique, France
DLF Bruxelles-Europe
Internacia Scienca Instituto "Ivo Lapenna"
Matris lingua, I want my language back
Observatoire européen du plurilingualisme
Panhellenic Association of Translators
Délégation des Barreux de France (au nom du Conseil national des Barreux, du Barreau de Paris et de la Conférence des Bâtonniers)
Centre d'Etudes Jacques Georgin
GEM+ "Pour une gouvernance européenne multilingue" asbl
AlumISIT
Plataforma per la Llengua
Česká esperantská mládež, z.s. (Czech Esperanto Youth)
Wirtschaftskammer Österreich
Irish Translators' and Interpreters' Association
FIT Europe, Regional Centre of the International Federation of Translators
International Certificate Conference Languages (ICC)
Cornish Language Board
Stiftung Lichterfeld
Zentralverband des Deutschen Handwerks e.V.
Exilio - Hilfe für Migranten, Flüchtlinge und Folterüberlebende e.V.
Interkultura Centro Herzberg (Esperanto-Gesellschaft Südharz)
EsperantoLand e.V.
Verein Deutsche Sprache e.V.
Budapesti Orvos-Egészségügyi Eszperantó Szakcsoport
Acadóirí
Eòghann Dickson, University of Glasgow
Federico Gobbo, University of Amsterdam
Angelo Ariemma, Università degli Studi "La Sapienza" di Roma
Daniel Gonçalves, University of Lisbon
Jean-Claude Barbier, Université Paris 1 Panthéon Sorbonne
Universitat Rovira i Virgili
Michele Gazzola, Ulster University
Universidade do Algarve
François Grin, Université de Genève
Christoph Knabe, Beuth-Hochschule für Technik Berlin
Robert Phillipson, Copenhagen Business School
Isabelle Pingel, Université Paris 1 Panthéon Sorbonne
Victor Ginsburgh, Université Libre de Bruxelles / Université catholique de Louvain & Juan D. Moreno-Ternero, Universidad Pablo de Olavide
Daoine aonair
Fuarthas 234 aighneacht ó dhaoine aonair
[1] Ba cheart an riachtanas a mheas, cás ar chás. Chuir freagróirí leaganacha éagsúla den riachtanas seo ar aghaidh: ba cheart d'iarratasóirí (i) cúis a thabhairt, (ii) "leas dlisteanach" a chruthú, nó (iii) a thaispeáint go bhfuil tionchar ag an doiciméad orthu ar bhealach éigin.
[2] Leagan eile den smaoineamh seo is ea córas teanga a bhunú atá bunaithe ar idirdhealú idir príomhshuíomhanna gréasáin AE (cinn a dtugtar ‘suíomhanna gréasáin leibhéal 1’ orthu) agus suíomhanna gréasáin AE atá níos mionsonraithe nó níos teicniúla (‘suíomhanna gréasáin leibhéal 2’). Laistigh den ghrúpa freagróirí seo, tagann difríochtaí chun cinn maidir le cé mhéad teanga oifigiúil ba cheart a úsáid le haghaidh gach cineál suímh gréasáin. Tá dhá chur chuige mhóra ann, eadhon:
· úsáid a bhaint as teangacha oifigiúla uile an AE do na príomhshuíomhanna gréasáin AE agus líon beag teangacha do na suíomhanna gréasáin mionsonraithe nó teicniúla eile (Béarla, Fraincis, Gearmáinis, mar aon le hIodáilis, b’fhéidir, mar aon le Spáinnis, b’fhéidir) nó na suíomhanna gréasáin sin a aistriú go gach teanga oifigiúil le meaisínaistriúchán.
· úsáid a bhaint as líon teoranta de theangacha oifigiúla an AE do na príomhshuíomhanna gréasáin (Béarla, Fraincis, Gearmáinis, mar aon le Iodáilis, b’fhéidir, mar aon le Spáinnis, b’fhéidir) agus líon níos lú teangacha (mar shampla Béarla, Fraincis agus Gearmáinis, nó Béarla amháin) le haghaidh na suíomhanna gréasáin mionsonraithe nó teicniúla.
[3] Tagraíonn freagróirí do 60, 75, 80 nó 90% de dhaonra na hEorpa.
[4] Luann freagróir amháin an poitéinseal a bhaineann leis an aistriúchán ríomhchuidithe ('uirlisí CAT', mar a thugtar orthu), a úsáideann aistritheoirí daonna mar áis chabhrach sa phróiseas aistriúcháin.
- Trumpoji nuoroda į šį puslapį
- Publikuoti šį puslapįTwitterFacebookLinkedin