Vuoi presentare una denuncia contro un’istituzione o un organismo dell’UE?
- Visualizza il link abbreviato
- Fai conoscere la pagina suTwitterFacebookLinkedin
Moltaí praiticiúla maidir le caidreamh oifigeach poiblí le hionadaithe leasa
Corrispondenza - Data Mercoledì | 24 maggio 2017
Caso SI/7/2016/KR - Aperto(a) il Giovedì | 26 maggio 2016 - Decisione del Giovedì | 27 giugno 2019 - Istituzione coinvolta Commissione europea
NITHE IS CEART A DHÉANAMH |
NITHE NACH CEART A DHÉANAMH |
1. Deimhnigh an gá d’ionadaithe leasa a bheith cláraithe i gClár Trédhearcachta an Aontais Eorpaigh sula mbuaileann tú leo nó sula nglacann tú le cuireadh chuig imeacht. |
1. Ná buail le hionadaithe leasa nach bhfuil cláraithe i gClár Trédhearcachta an Aontais Eorpaigh i gcás nach gceadaítear nó nach moltar duit i do rialacha féin déanamh amhlaidh; iarr ar an ionadaí clárú i gcás go dtagann a g(h)níomhaíochtaí faoin raon feidhme sin. |
2. Ullmhaigh go maith don chruinniú agus déan taighde bunúsach le deimhniú cad iad na leasanna a ndéanann siad ionadaíocht dóibh agus cé a thugann maoiniú dóibh. Iarr tuilleadh faisnéise, más gá. |
2. Ná déan neamhiontas de na rúin atá acu siúd a iarrann cruinnithe nó a thugann cuireadh duit freastal ar imeachtaí. Déanann raon éagsúil eagraíochtaí brústocaireacht, lena n-áirítear comhlachtaí comhairleoireachta, gnólachtaí dlí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, meithleacha machnaimh, feachtais phobail, ... |
3. Cinntigh go nochtfaidh siad roimh ré cuspóir an chruinnithe/an tsaincheist a phléifear, ainmneacha na rannpháirtithe agus na n-eagraíochtaí agus/nó na gcliant ar thar a gceann a ghníomhaíonn siad, mar aon le haon fhaisnéis ábhartha eile. |
3. Ná déan caidreamh le hionadaí leasa ar leith gan smaoineamh ar dheis den chineál céanna a thairiscint do ghrúpaí eile. |
4. Measúnaigh aon choinbhleacht a d’fhéadfadh a bheith ann idir do leasanna príobháideacha agus leas an phobail agus seachain aon choinbhleacht, agus déan machnamh ar an tuairim a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar do chaidreamh. |
4. Ná glac le haon chuirí chuig cruinnithe nó imeachtaí a d’fhéadfadh d’eagraíocht a chur i staid mhíchuibhiúil. |
5. Stad agus déan machnamh ar an mbealach chun tosaigh, má bhíonn amhras ort. Más gá, téigh i gcomhairle le do bhainisteoirí agus, má chinntear gur cheart leanúint ar aghaidh leis an gcruinniú, cuir nóta leis an gcomhad chun an méid sin a mhíniú. |
5. Ná déan dearmad do chomhghleacaithe iomchuí agus do bhainisteoirí a chur ar an eolas faoi thorthaí aon chruinnithe agus aon imeachtaí. |
6. Bí ar an eolas nach i suíomh foirmiúil a dhéantar gach ionadaíocht leasa. Is féidir brústocaireacht a dhéanamh freisin le linn cruinnithe neamhfhoirmiúla agus i suíomhanna sóisialta. Gníomhaigh ar bhealach gairmiúil i gcónaí. |
6. Ná glac le cruinnithe, agus ná heagraigh cruinnithe, lasmuigh d’uaireanta oifige nó den áitreabh oifigiúil. Má dhéanann tú amhlaidh, smaoinigh ar do bhainisteoirí a chur ar an eolas faoi sin agus tabhair rannpháirt do chomhghleacaí eile freisin. |
7. Coinnigh dea-nósanna coimeádta taifead ar bun, lena n-áirítear dáta/láthair an chruinnithe, ainmneacha na rannpháirtithe, na n-eagraíochtaí agus/nó na gcliant agus na saincheisteanna a pléadh. Bain úsáid as córas bainistíochta comhad oifigiúil d’eagraíochta féin. |
7. Ná déan agus ná habair rud ar bith a d’fhéadfadh a thabhairt le tuiscint go bhfuil tú ag caitheamh go fabhrach le hionadaí leasa. |
8. Cloígh leis na ceanglais nochta is infheidhme, mar shampla, i gcás an Choimisiúin, nocht sonraí faoi chruinnithe idir ionadaithe leasa agus Coimisinéirí, comhaltaí Comh-aireachta agus Ard-Stiúrthóirí. |
8. Ná tabhair le fios d’ionadaí leasa go mbeidh, nó go bhféadfadh go mbeadh, aon chomhairle, aon smaoineamh nó aon fhaisnéis ar leith cinniúnach sa phróiseas cinnteoireachta. |
9. Tuairiscigh cleachtais bhrústocaireachta a mheastar a bheith do-ghlactha, go háirithe i bhfianaise an Chóid Iompair d’ionadaithe leasa a eisíodh mar chuid de Chlár Trédhearcachta an Aontais Eorpaigh. |
9. Ná comhroinn faisnéis nach bhfuil údarás agat í a chomhroinnt agus ná bain mí-úsáid as faisnéis faoi rún. |
10. Tabhair eolas duit féin ar na rialacha sonracha a bhaineann le d’eagraíocht féin, mar shampla, trí oiliúint. Murab ionann na rialacha sonracha sin agus na moltaí praiticiúla seo, ba cheart tús áite a thabhairt do na rialacha i bhformhór na gcásanna. |
10. Ná glac le fáilteachas ó ionadaí leasa gan breithniú cúramach a dhéanamh ar dtús agus mura bhfuil sé ag teacht leis na rialacha is infheidhme. Nuair is gá, déan tuairisciú ar aon tabhartais agus aon fháilteachas a fuarthas. |
- Visualizza il link abbreviato
- Fai conoscere la pagina suTwitterFacebookLinkedin