Önnek panasza van egy uniós intézménnyel vagy szervvel szemben?

Topaicí na hoibre straitéisí in 2021

Topaicí na hoibre straitéisí in 2021

Fiosrúcháin straitéiseacha

· An chaoi a ndéanann an Coimisiún Eorpach aistrithe ‘doirse imrothlacha’ a bhall foirne a bhainistiú

· Trédhearcacht idirghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh le hionadaithe sa tionscal tobac

· An chaoi a gcomhlíonann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) a cuid oibleagáidí maidir le cearta bunúsacha agus a n-áirithíonn sí cuntasacht i ndáil lena freagrachtaí breisithe

· An chaoi ar láimhseáil an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) an t-iarratas óna hiarPhríomhfheidhmeannach maidir le post sinsearach a ghlacadh ag Airbus

· An chaoi a ndéanann an Coimisiún Eorpach faireachán ar Chistí AE a úsáidtear chun an ceart atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta chun maireachtáil go neamhspleách a chur chun cinn

· Faisnéis phearsanta áirithe faoi iarratasóirí ar phoist a bheith i seilbh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta sula ndéantar cinntí earcaíochta

Tionscnaimh straitéiseacha (iarratais ar shoiléiriú, ní fiosrúcháin fhoirmiúla)

· An chaoi a dtaifeadann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE teachtaireachtaí téacs agus teachtaireachtaí meandracha arna seoladh/arna bhfáil ag baill foirne ina gcáil ghairmiúil

· An intleacht shaorga agus riarachán AE

· An dualgas atá ar riarachán AE an pobal a chur ar an eolas faoi conas an ceart maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid AE a chur i bhfeidhm

· Trédhearcacht thairseach AE maidir le tairiscintí a bhainistiú i ndáil le conarthaí arna ndámhachtain ag institiúidí AE

· Oibleagáidí trédhearcachta an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá le teacht ar reachtaíocht AE maidir le tobac

· An chaoi a gcuireann an Coimisiún Eorpach faisnéis ar fáil faoi chruinnithe idir coimisinéirí agus eagraíochtaí nó daoine féinfhostaithe

· An chaoi a gcinntíonn an Coimisiún Eorpach go n-urramaítear cearta an duine i gcomhthéacs comhaontuithe idirnáisiúnta trádála