An bhfuil gearán agat in aghaidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh?

Cuardaigh fiosrúcháin

Critéir scagtha doiciméad
Cás
Raon dátaí
Eochairfhocail
Nó bain triail as sean-eochairfhocail (Roimh 2016)

1 - 20 de 222 toradh á dtaispeáint

Cinneadh maidir le hidirghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh le hionadaithe sainleasa thionscal an tobac (cás OI/6/2021/KR)

Déardaoin | 03 Iúil 2025

Bhain an fiosrúchán seo le comhlíontacht an Choimisiúin Eorpaigh leis na forálacha maidir le brústocaireacht tobac, mar a leagtar amach i gCreat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac (FCTC). Go háirithe, rinne an tOmbudsman measúnú ar an gcaoi a n-áirithíonn an Coimisiún trédhearcacht a chuid idirghníomhaíochtaí le tionscal an tobac.

Léiríodh san obair a rinne an tOmbudsman roimhe seo an chaoi a gcomhlíonann Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin um Shláinte agus Sábháilteacht Bia (AS SANTE) agus Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais (AS TAXUD) na hoibleagáidí sa réimse sin. Leis an bhfiosrúchán sin, féachadh le measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonann an Coimisiún a oibleagáidí ar fud na ranna uile agus maidir le baill foirne uile an Choimisiúin.

Le linn an fhiosrúcháin, roinn an tOmbudsman a réamhthorthaí leis an gCoimisiún. Chuir sí in iúl gur drochriarachán é mainneachtain an Choimisiúin cur chuige comhsheasmhach a ghlacadh ar fud a ranna uile chun a oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le trédhearcacht na n-idirghníomhaíochtaí le hionadaithe thionscal an tobac. Áiríodh leis sin mainneachtain miontuairiscí cruinnithe le hionadaithe leasa tobac a choinneáil agus a chur ar fáil, chomh maith leis an mainneachtain measúnú sistéamach a áirithiú, ar fud na n-ardstiúrthóireachtaí uile, maidir le cé acu atá nó nach bhfuil gá le cruinnithe féideartha le hionadaithe thionscal an tobac.

Ina fhreagra, d’athdhearbhaigh an Coimisiún a chur chuige caighdeánach maidir le trédhearcacht brústocaireachta agus thagair sé do na bearta breise a rinne AS SANTE agus AS TAXUD, a bhí ann roimh fhiosrúchán an Ombudsman. Dá bhrí sin, sheas an tOmbudsman lena cinneadh gur drochriarachán é mainneachtain an Choimisiúin cur chuige cuimsitheach a áirithiú ar fud a ranna uile maidir le trédhearcacht cruinnithe le hionadaithe thionscal an tobac.

Dúirt an Coimisiún freisin, áfach, go dtabharfaidh sé treoir dá bhainistíocht measúnú a dhéanamh ar an riosca nochta do thionscal an tobac. D'fháiltigh an tOmbudsman roimh an tiomantas sin mar chomhartha go bhféadfadh rudaí dul i bhfeabhas amach anseo. Scríobhfaidh an tOmbudsman chuig an gCoimisiún, ag tús 2024, leis na pointí a áitíonn sí air a chur in iúl dá ardstiúrthóirí, dá chinn seirbhíse agus dá chinn caibinéid agus an measúnú sin á dhéanamh acu. Iarrfaidh an tOmbudsman ar an gCoimisiún freisin tuairisc a thabhairt faoin 30 Meitheamh 2024 ar thoradh an mheasúnaithe agus ar an dul chun cinn atá déanta ar an mbonn sin.

Cinneadh maidir leis an gcaoi ar láimhseáil an Coimisiún Eorpach gearán um shárú a bhaineann le reachtaíocht na hÍsiltíre maidir le feithiclí leictreacha éadroma (cás 667/2024/AML)

Déardaoin | 05 Meitheamh 2025

Bhain an cás leis an gcaoi ar láimhseáil an Coimisiún Eorpach gearán maidir le sárú i gcoinne na hÍsiltíre, maidir le reachtaíocht na hÍsiltíre i ndáil le feithiclí leictreacha éadroma. Bhí imní ar an ngearánach nach raibh aon nuashonrú faighte aige ón gCoimisiún le breis agus dhá bhliain.

Cé go raibh an fiosrúchán ar siúl, dhún an Coimisiún an cás. Chinn an tOmbudsman, áfach, gur theip ar an gCoimisiún a léiriú gur láimhseáil sé an cás go gníomhach agus go dícheallach. Go háirithe, níor thug an Coimisiún údar diongbháilte leis an moill ar dhéileáil le cás ar cheart dó a bheith soiléir ón tús, agus na cúiseanna a tugadh leis an gcás a dhúnadh á gcur san áireamh. Mheas an tOmbudsman gurbh ionann sin agus drochriarachán. Mar sin féin, ós rud é gur admhaigh agus gur ghabh an Coimisiún leithscéal as an moill agus an cás á dhúnadh aige, agus go bhfuil gealltanas tugtha aige ag an am céanna feabhas a chur ar a chumarsáid le gearánaigh, mheas an tOmbudsman nach bhfónfaí d’aon chuspóir trí mholadh a dhéanamh.