FOR PREVIEWING & TESTING PURPOSES ONLY.
This notification will disappear once the page will be published.
This link is available for less than 30 minutes.
  • Éasca le léamh
  • Méid an téacs

An bhfuil gearán agat in aghaidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh?

Teanga reatha: 
  • Gaeilge
Teangacha ar fáil: 

Tuarascáil Bhliantúil 2016

Réamhrá

Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach
Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach

Is cúis mhór áthais dom ár dTuarascáil Bhliantúil 2016 a chur i láthair.

Bliain chorrach don Aontas Eorpach (AE) a bhí inti agus leanfar leis na dúshláin atá romhainn. Mar gheall ar dhúshláin amhail an ghéarchéim dífhostaíochta, an ghéarchéim leanúnach imirce, cinneadh na Ríochta Aontaithe éirí as an Aontas agus ábhair imní a bhaineann leis an tionchar a bheidh ag an rialtas nua i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an Eoraip, cuirtear faoi deara do gach duine dínn obair níos dícheallaí fós chun a chinntiú go mbeidh institiúidí AE chomh freagrúil agus is féidir do na saoránaigh a bhfreastalaímid orthu agus go mbeidh siad chomh hatruach agus is féidir leis na saoránaigh sin.

Léiríodh i mbliana an athuair gur féidir leis an obair a dhéanann ombudsman dea-thionchar a imirt de réir a chéile ar cháilíocht riarachán AE, ar aon dul leis an straitéis a ghlac mé chun tionchar, ábharthacht agus infheictheacht na hoifige seo a fhorbairt.

Trí fhiosrúcháin straitéiseacha réamhghníomhacha a dhéanamh, d’éirigh leis an oifig seo feabhas eile a chur ar na hardchaighdeáin trédhearcachta agus riaracháin a bhí ann cheana i gcomhlachtaí poiblí AE. D’oibríomar i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le Parlaimint na hEorpa chun athbhreithniú a dhéanamh ar na sainghrúpaí a chuireann comhairle beartais ar an gCoimisiún. Bhíomar i dteagmháil le Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, maidir le heitic iar-Choimisinéirí. Bhíomar i dteagmháil le Jeroen Dijsselbloem, Uachtarán an Ghrúpa Euro, freisin maidir le trédhearcacht an Ghrúpa Euro. Ina theannta sin, rinneamar moltaí don Choimisiún maidir le húdarú lotnaidicídí agus rinneamar moltaí don Choimisiún, don Chomhairle agus don Pharlaimint ar dhóigheanna a bhféadfaí trédhearcacht cruinnithe tríthaobhacha a fheabhsú.

Ag deireadh na bliana, sheolamar an Gradam Dea-Riaracháin. Is é aidhm an Ghradaim aitheantas a thabhairt do shármhaitheas i riarachán poiblí AE agus don obair dhíograiseach a dhéanann an iomad státseirbhíseach Eorpach a oibríonn ar son saol shaoránaigh na hEorpa a fheabhsú.

Is é an príomhról atá agam go fóill cabhair a thabhairt do dhaoine nuair a thagann siad ar fhadhbanna le riarachán poiblí AE. Is le hábhair imní na ndaoine sin a bhaineann formhór mór na gcéadta gearán a ndéileálaimid leo gach bliain.

Sa bhliain 2016, reáchtálamar comhdháil bhliantúil Líonra Eorpach na nOmbudsman sa Bhruiséil. Le linn na comhdhála sin, d’éirigh linn forbairt a dhéanamh ar an gcomhar rathúil atá ar bun againn maidir le saincheisteanna amhail an imirce, trédhearcacht sa bhrústocaireacht agus an smacht reatha. Ghabh an Coimisiún Eorpach air féin freisin obair ar bhealach níos éifeachtaí leis an Líonra.

Táim ag tnúth leis an mbliain dhúshlánach atá le teacht agus le dul i mbun oibre le húdarás riaracháin AE chun teacht ar réitigh ar na fadhbanna a bhfuil saoránaigh AE ag dul i ngleic leo. Táim ag tnúth go háirithe le leanúint leis an gcaidreamh sármhaith comhoibríoch atá ar bun ag an oifig seo le Parlaimint na hEorpa. Cabhraíonn an tacaíocht ón bParlaimint go mór linn ár sainordú a chomhlíonadh thar ceann na saoránach a bhfreastalaímid orthu i gcomhpháirt le chéile.

Emily O’Reilly

Caibidil 1 - Sracfhéachaint ar 2016

Bliain eachtrúil a bhí sa bhliain 2016. Seo iad cuid de bhuaicphointí na bliana:

Eanáir

Litir chuig comhaltaí Líonra Eorpach na nOmbudsman ar an gCiste Tearmainn, Imirce agus Lánpháirtíochta

Feabhra

Iarrann an tOmbudsman ar an gCoimisiún tuairisc a chur ar fáil ar an údarú de lotnaidicídí

Márta

Fiosrúchán oscailte ar dhoiciméid shainghrúpa Chonradh Euratom

Aibreán

“Trédhearcacht a fheabhsú i stocaireacht tobac” — imeacht Ombudsman

Bealtaine

Fiosrúchán oscailte i meastóireacht an Choimisiúin i ndáil le coinbhleachtaí leasa na sainchomhairleoirí

Meitheamh

Comhdháil bhliantúil Líonra Eorpach na nOmbudsman sa Bhruiséil

Iúil

Iarrann an tOmbudsman tuilleadh trédhearcachta in idirphlé trípháirteach

Lúnasa

Láimhseáil an Choimisiúin de ghearáin sáraithe faoin scéim Phíolótach AE

Meán Fómhair

Iarrann an tOmbudsman ar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Juncker an seasamh maidir le ról nua a réamhtheachtaí a shoiléiriú

Deireadh Fómhair

“Ag cur isteach ar an Eoraip — fírinne, fíricí agus na meáin shóisialta” — imeacht Ombudsman

Samhain

Cuireann an tOmbudsman fáilte roimh ghníomhaíocht an Uachtaráin Juncker ar an gCód Iompair do Choimisinéirí

Nollaig

Cruinniú mullaigh domhanda oscailte Chomhpháirtíocht an Rialtais — óráid iomlánach an Ombudsman

Caibidil 2 - Príomhthopaicí

Cabhraíonn an tOmbudsman Eorpach le saoránaigh de réir mar a théann siad i dteagmháil le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE. Ar na fadhbanna a thagann aníos tá fadhbanna a bhaineann le conarthaí, sáruithe ar chearta bunúsacha, easpa trédhearcachta sa chinnteoireacht agus diúltú do rochtain a dheonú ar dhoiciméid. B’amhlaidh an athuair sa bhliain 2016 gur eascair an chuid is mó de chásanna as fiosrúcháin a bhain le trédhearcacht.

2.1 Trédhearcacht i gcinnteoireacht AE

I mí Iúil, d’fhoilsigh an tOmbudsman tograí chun cruinnithe tríthaobhacha a dhéanamh níos trédhearcaí. Is é atá i gceist le cruinnithe tríthaobhacha ná caibidlíocht idir Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh i láthair an Choimisiúin maidir le tograí reachtacha AE. Áiríodh leo sin an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil: dátaí na gcruinnithe tríthaobhacha agus cláir oibre achoimre; seasamh an dá chomhreachtóir ar thogra an Choimisiúin; agus ainm na gcinnteoirí a bhí i láthair i gcruinnithe tríthaobhacha. Mhol an tOmbudsman gur cheart na doiciméid lena léirítear príomhchéimeanna an phróisis a fhoilsiú a luaithe is féidir tar éis an chaibidlíocht a thabhairt chun críche. Rinne an tOmbudsman cigireacht ar na comhaid chruinnithe thríthaobhaigh a bhain le dhá dhlí ó AE (an Treoir um Chreidmheas Morgáiste agus an Rialachán maidir le Trialacha Cliniciúla). Reáchtáil sí comhairliúchán poiblí ar an ábhar, a bhfuair sí 51 fhreagra ina leith. Ba ó pharlaimintí náisiúnta a fuarthas cúig cinn díobh. Thug Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún freagra ar thograí an Ombudsman i mí na Nollag. D’aontaigh siad den chuid ba mhó le hargóintí an Ombudsman i bhfabhar tuilleadh trédhearcachta. Sna freagraí uathu, tugann na hinstitiúidí breac-chuntas ar a mbearta iardain tosaigh. Áirítear leis na bearta sin dul i mbun plé le chéile ar chur chun feidhme na dtograí. #1

I mí na Bealtaine, d’oscail an tOmbudsman fiosrúchán straitéiseach ar an dóigh a ndéanann an Coimisiún Eorpach measúnuithe coinbhleacht leasa ar a chuid comhairleoirí speisialta. Cuireann na comhairleoirí ionchur saineolach ar fáil do Choimisinéirí go díreach ach é a iarraidh. Is é aidhm an fhiosrúcháin, a osclaíodh tar éis gearáin aonair a fháil, a áirithiú go bhfuil na rialacha láidir go leor chun a chinntiú nach n-imreofar tionchar míchuí ar cheapadh beartais. I litir a sheol sí chuig Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, mhol an tOmbudsman go soiléireofaí sainordú an chomhairleora agus a ghníomhaíochtaí seachtracha sula gceapfaí comhairleoir agus go n-athrófaí an measúnú coinbhleacht leasa chun dáta i gcás athruithe ar ghníomhaíochtaí seachtracha an chomhairleora. #2

Rinne oifigigh cháis an Ombudsman cigireacht ar na comhaid a bhain le comhairleoirí speisialta a ceapadh sna blianta 2015 agus 2016.

Rinne oifigigh cháis an Ombudsman cigireacht ar na comhaid a bhain le comhairleoirí speisialta a ceapadh sna blianta 2015 agus 2016. Léiríodh sa tuarascáil chigireachta go raibh feabhsú suntasach ann i réimsí áirithe sa bhliain 2016. Aithníodh an feabhas sin i litir a sheol an tOmbudsman chuig an Uachtarán Juncker. Sa bhliain 2017, leanfaidh an tOmbudsman le díriú a chur ar fheabhsuithe féideartha breise sna réimsí seo a leanas: an dóigh a n-eagraítear an nós imeachta le haghaidh comhairleoirí speisialta a cheapadh; measúnú coinbhleacht leasa an Choimisiúin roimh an gceapadh; an dualgas chun gníomhaíochtaí nua a dhearbhú tar éis an cheaptha; agus rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis.

Tá treoirchlár an Choimisiúin ina ábhar d’fhiosrúchán straitéiseach a tosaíodh i mí na Bealtaine. Is é aidhm an treoirchláir sin a chinntiú go gcuireann na Ballstáit dlíthe AE i bhfeidhm go cuí gan dul i muinín nós imeachta sáraithe. Chinn an tOmbudsman an próiseas a iniúchadh tar éis di roinnt gearán ina leith sin a fhiosrú. D’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún faisnéis a thabhairt fúthu seo a leanas: an dóigh a n-oibríonn an nós imeachta, lena n-áirítear cúiseanna le moilleanna; an dóigh a dtugann sé eolas do ghearánaigh faoi nós imeachta treorach a oscailt agus a dhúnadh; agus na nithe a dhéanann an Coimisiún i gcás go gcuireann Ballstát moill arís agus arís eile ar fhreagra a thabhairt nó nach dtugann Ballstát go leor faisnéise. I dtreo dheireadh na bliana 2016, rinne an tOmbudsman cigireacht bhreise ar chomhaid chun léargas níos leithne a fháil ar an dóigh a n-oibríonn an nós imeachta sa chleachtas. Leanfar leis an bhfiosrúchán sa bhliain 2017.

Ba leis an bpróiseas um lotnaidicídí a údarú don mhargadh Eorpach a bhain cás amháin lena léirítear a thábhachtaí atá cinnteoireacht thrédhearcach. Bhain sé go sonrach le cleachtas an Choimisiúin um úsáid shábháilte as substaint ghníomhach a cheadú sula bhfaigheann sé na sonraí uile a theastaíonn chun tacú leis an gcinneadh sin (rud ar a dtugtar an nós imeachta sonraí deimhniúcháin). D’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún tuairisciú ar ais sa bhliain 2018 agus a léiriú go bhfuil an nós imeachta á úsáid go sriantach, go bhfuil maoirseacht níos fearr á déanamh ar úsáid lotnaidicídí i measc na mBallstát, agus gur cuireadh na measúnuithe eile ar na 10 substaint ar leag an gearánach béim orthu i gcrích. #1

Bhain cás eile le moilleanna a chuir an Coimisiún ar 20 iarratas a údarú ar bhia agus beatha géinmhodhnaithe. Le linn an fhiosrúcháin, dhéileáil an Coimisiún leis na 20 iarratas i gceist. Chinn an tOmbudsman, áfach, nach raibh aon údar ann leis na moilleanna. Mhol sí gur cheart don Choimisiún déileáil leis an tsaincheist ina athbhreithniú ar an dóigh a ndéantar cinntí ar bhia agus beatha géinmhodhnaithe dá mba rud é gur mheas sé nár leor an tréimhse inar ghá cinntí den sórt sin a dhéanamh.

2.2 Trédhearcacht sa bhrústocaireacht

Rinne an tOmbudsman fiosrúchán freisin ar an trédhearcacht i mbrústocaireacht AE agus ar ábhair ghaolmhara. Rinneadh mórfhiosrúchán straitéiseach ar chothromaíocht na leasanna a ndéantar ionadaíocht dóibh sna céadta sainghrúpa a chuireann comhairle ar an gCoimisiún maidir le beartas agus le reachtaíocht. Go luath sa bhliain 2016, d’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún sraith beart a dhéanamh chun trédhearcacht na sainghrúpaí a mhéadú, lena n-áirítear miontuairiscí cuimsitheacha a fhoilsiú ar a gcuid cruinnithe. Ghlac an Pharlaimint páirt ghníomhach sa tsaincheist sin freisin. I mí na Bealtaine, chuir an Coimisiún in iúl go raibh sé ar intinn aige roinnt athruithe a dhéanamh ar an gcóras, lena n-áirítear cláir oibre agus miontuairiscí fónta a fhoilsiú; bainistíocht coinbhleacht leasa a fheabhsú maidir le daoine aonair arna gceapadh i gcáil phearsanta; agus ballraíocht de shainghrúpa a nascadh leis an oibleagáid chun clárú do Chlár Trédhearcachta AE. Déanfaidh an tOmbudsman cigireacht ar mhiontuairiscí cruinnithe agus ar dhoiciméid ábhartha eile sa bhliain 2017 sula mbainfidh sí a tátail deiridh as freagra an Choimisiúin ar a cuid moltaí. #3

Ar mholadh na Parlaiminte, d’athbhreithnigh an Coimisiún Clár Trédhearcachta AE sa bhliain 2016. Scríobh an tOmbudsman chuig an Uachtarán Juncker chun moltaí a dhéanamh maidir le dóigheanna a bhféadfaí an Clár a fheabhsú trí mhol lárnach trédhearcachta a dhéanamh de do gach institiúid agus gníomhaireacht AE. Anuas air sin, d’iarr sí go soláthrófaí trédhearcacht iomlán cistiúcháin do gach grúpa brústocaireachta, cruinneas feabhsaithe sonraí agus faireachán níos doichte. Ina theannta sin, d’iarr sí go ndéanfaí an ceart chun gearán a dhéanamh leis an Ombudsman a lua sa chomhaontú idirinstitiúideach críochnaitheach ar an gClár. Tá caibidlíocht á déanamh ag an gCoimisiún, ag an bParlaimint agus ag an gComhairle maidir leis an gClár athbhreithnithe faoi láthair. #4

Ag aithint di go bhféadfadh go bhfáilteodh oifigigh in institiúidí poiblí ar leibhéal AE agus ar leibhéal náisiúnta roimh chomhairle maidir le conas is féidir tionchar míchuí ó ghrúpaí sainleasa a sheachaint, dhréachtaigh an tOmbudsman roinnt treoirlínte praiticiúla. Ba i ndréachtfhoirm ag deireadh na bliana a foilsíodh an liosta de rudaí is ceart agus nach ceart a dhéanamh. Iarradh aiseolas ón bpobal ina leith. Mar chuid den chomhairle a cuireadh ar oifigigh, moladh dóibh cleachtais dho-ghlactha bhrústocaireachta a thuairisciú agus gan cruinnithe a eagrú lasmuigh d’uaireanta oifige, seachas san áitreabh oifigiúil, nuair nach bhfuil comhghleacaí eile i láthair.

I gcinneadh uaithi ag deireadh na bliana 2016, chuir an tOmbudsman in iúl gur easaontaigh sí go mór le seasamh an Choimisiúin maidir le trédhearcacht chruinnithe an Choimisiúin le brústocairí tobac.

I gcinneadh uaithi ag deireadh na bliana 2016, chuir an tOmbudsman in iúl gur easaontaigh sí go mór le seasamh an Choimisiúin maidir le trédhearcacht chruinnithe an Choimisiúin le brústocairí tobac. I bhfómhar na bliana 2015, d’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún sonraí a fhoilsiú go réamhghníomhach ar líne faoi gach cruinniú le brústocairí tobac nó lena n-ionadaithe dlíthiúla, mar aon le miontuairiscí na gcruinnithe sin a fhoilsiú chun a áirithiú go mbeadh an institiúid ag comhlíonadh na n-oibleagáidí atá uirthi faoin gCreat-Choinbhinsiún maidir le Rialú Tobac (FCTC) de chuid na Náisiún Aontaithe (NA). Bhí an cleachtas ar mhol an tOmbudsman é á leanúint ag Ard-Stiúrthóireacht na Sláinte de chuid an Choimisiúin cheana féin. Thug an Coimisiún freagra go luath sa bhliain 2016 á rá gur chreid sé go raibh sé ag comhlíonadh an FCTC cheana féin agus nach raibh air cleachtas Ard-Stiúrthóireacht na Sláinte a ghlacadh. Dhún an tOmbudsman an cás. Chinn sí go raibh drochriarachán ann, á lua nár thug an Coimisiún aon chúiseanna fónta le diúltú do na bearta ar mhol a hoifig iad a dhéanamh. #5

Imeacht an Ombudsman Eorpaigh maidir le trédhearcacht sa bhrústocaireacht tobac.
Imeacht an Ombudsman Eorpaigh maidir le trédhearcacht sa bhrústocaireacht tobac.

Dóigheanna a bhféadfaí trédhearcacht sa bhrústocaireacht tobac a fheabhsú ba ea an t-ábhar d’imeacht straitéiseach earraigh an Ombudsman. Orthu sin a labhair ag an seimineár bhí Coimisinéir Sláinte AE, ionadaí EDS don Aontas Eorpach, agus an tsochaí shibhialta. Rinneadh scrúdú san imeacht ar an dóigh a gcuireann Ard-Stiúrthóireacht na Sláinte an FCTC chun feidhme agus pléadh a thábhachtaí atá sé go gcuireann an Coimisiún ar fad bearta aonfhoirmeacha chun feidhme. D’iarr an tOmbudsman ar gach institiúid AE an Coinbhinsiún a chur chun feidhme go hiomlán de réir a threoirlínte. #1

2.3 Trédhearcacht sa chinnteoireacht eacnamaíoch agus airgeadais

Is chun leas suntasach an phobail atá an chinnteoireacht in ábhair eacnamaíocha agus airgeadais. Dhéileáil oifig an Ombudsman le gearáin aonair sa réimse seo cheana féin. Measann an tOmbudsman in amanna go bhfuil sé ina chabhair béim a leagan ar shaincheisteanna imní nó tuilleadh faisnéise a iarraidh mar chuid de “thionscnamh straitéiseach”. Mhol sí Jeroen Dijsselbloem, Uachtarán an Ghrúpa Euro, ar na bearta réamhghníomhacha atá beartaithe aige chun an comhlacht a dhéanamh níos trédhearcaí. Áirítear leis na bearta sin clár oibre mionsonraithe agus litir achoimre mhionsonraithe a fhoilsiú ar a chuid cruinnithe. Ina theannta sin, d’iarr sí tuilleadh soiléirithe maidir lena chuid tograí. D’fhreagair an tUas. Dijsselbloem go bhfuil an Grúpa Euro ag cur raon doiciméad ar fáil ó tugadh an córas trédhearcachta isteach, lena n-áirítear ábhar a úsáideadh chun plé an Ghrúpa Euro a ullmhú. Dúirt an tUas. Dijsselbloem ina dhiaidh sin go bhfuil an comhlacht tiomanta do dhul chun cinn a dhéanamh ar thrédhearcacht a bhreithniúchán polaitiúil agus go gcuirfí na pointí a chuir an tOmbudsman in iúl san áireamh ina chuid machnamh.

Bhuail ionadaithe d’oifig an Ombudsman le Danièle Nouy, Cathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE), chun plé a dhéanamh ar thrédhearcacht an Phróisis Athbhreithnithe agus Mheastóireachta Maoirseachta (SREP). Is é sin an próiseas trína ndéantar measúnú ar an mbail airgeadais atá ar bhainc an Limistéir Euro. D’fhiosraigh an tOmbudsman an t-ábhar le litir chuig Danièle Nouy á lua gur dhócha go ndéanfaí líon méadaitheach iarrataí chuig BCE ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid i réimse na maoirseachta baincéireachta, mura bhfuil a leithéid ag tarlú cheana féin. Mhol an tOmbudsman go bhféadfadh BCE scrúdú a dhéanamh ar an scóip atá aige codanna de lámhleabhar maoirseachta an tSásra Maoirseachta Aonair a chur ar fáil don phobal. Ina theannta sin, mhol an tOmbudsman go bhféadfaí litreacha aonair a bhaineann le SREP arna n-eisiúint chuig eintitis faoi mhaoirseacht a fhoilsiú tar éis tréimhse oiriúnach ama. D’fhreagair Nouy go bpléifí ábhar na litreach ón Ombudsman leis an mBord Maoirseachta. Maidir le SREP, luaigh sí gur eagraigh an Banc ceardlanna tiomnaithe leis an tionscal baincéireachta, anuas ar leabhrán a fhoilsiú lena mionsonraítear modheolaíocht an tSásra Maoirseachta Aonair maidir le SREP. #6 #7

Ina theannta sin, mar a d’iarr an tOmbudsman, d’fhoilsigh BEI comhaontú an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) ar a shuíomh gréasáin. Shínigh BEI agus an Coimisiún an comhaontú.

I mí Feabhra, mhol an tOmbudsman do Werner Hoyer, Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI), go ndéanfaí miontuairiscí chruinnithe na mBord Stiúrthóirí do BEI agus don Chiste Eorpach Infheistíochta (CEI) a fhoilsiú go réamhghníomhach. I bhfreagra uaidh ar chuir an tOmbudsman fáilte roimhe, luaigh an tUachtarán Hoyer gur aontaigh an banc go ndéanfadh sé na bearta trédhearcachta sin. Ina theannta sin, mar a d’iarr an tOmbudsman, d’fhoilsigh BEI comhaontú an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) ar a shuíomh gréasáin. Shínigh BEI agus an Coimisiún an comhaontú. Anuas air sin, tá a chlár poiblí á nuashonrú de réir a chéile ag BEI trí thuilleadh faisnéise a fhoilsiú faoi shaincheisteanna comhshaoil agus sóisialta. Is é atá ina chlár poiblí ná bunachar sonraí leictreonach atá ceangailte leis na tionscadail a maoiníonn an banc iad.

Níos moille sa bhliain, mhol an tOmbudsman go n-athródh BEI a rialacha inmheánacha eitice ionas go mbeadh ceangal ar chomhaltaí dá Bhord Stiúrthóirí údarú a iarraidh ón gCoiste Eitice agus Comhlíonta sula dtabharfaidís faoi ghníomhaíocht nua. Chuir sí ceist freisin faoi Chód Iompair BEI do chomhaltaí Boird. Thug sí dá haire nach bhforáiltear leis don oibleagáid chun dearbhú leasa nó nochtadh leasa airgeadais a chomhdú, mar a tharlaíonn in institiúidí idirnáisiúnta airgeadais eile.

I litir a sheol sí chuig an Uachtarán Juncker, chuir an tOmbudsman ceist faoin gcóras atá i bhfeidhm le haghaidh doiciméid a fhoilsiú a bhaineann le hobair an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh, ar comhlacht nua é a bunaíodh chun comhairle a chur ar an gCoimisiún faoi ábhair fhioscacha. Ba é freagra an Choimisiúin go mbeadh doiciméid an Bhoird faoi réir rialacha AE maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid (Rialachán 1049/2001).

2.4 Rochtain ar dhoiciméid AE

Faigheann an tOmbudsman lear gearán gach bliain ó dhaoine aonair agus ó eagraíochtaí faoi mhainneachtain údarás riaracháin AE rochtain phoiblí a thabhairt ar dhoiciméid. Sna cásanna sin, féachann an tOmbudsman lena fháil amach cé acu a bhí nó nach raibh údar ann le cinneadh na hinstitiúide gan an doiciméad a eisiúint. I gcás go gcinneann an tOmbudsman nach raibh údar ag an institiúid déanamh amhlaidh, iarrann sí go n-eiseofaí an doiciméad a iarradh.

Bhain cás amháin den sórt sin le hiarraidh ar rochtain phoiblí ar thuairimí lenar measúnaíodh a oiriúnaí a bhí iarrthóirí dá gceapadh mar Bhreithiúna agus Abhcóidí Ginearálta i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus i gCúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh. Dhiúltaigh an Chomhairle do rochtain ar na tuairimí, ar dhréachtaigh painéal saineolaithe iad, á áitiú nach raibh feidhm ag rialacha AE um rochtain ar dhoiciméid (Rialachán 1049/2001) maidir leis an gcás sin.

Mhol an tOmbudsman don Chomhairle cuimhneamh ar an gcur chuige sin agus í ag déileáil le hiarrataí amach anseo ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid den sórt sin.

Ag teacht sna sála ar idirghabháil an Ombudsman, d’fhógair an Chomhairle gur chinn sí Rialachán 1049/2001 a chur i bhfeidhm. D’fháiltigh an tOmbudsman roimh athrú beartais na Comhairle. Luaigh sí gur leagadh béim sa chás seo ar an tábhacht a bhaineann leis an gcothromaíocht cheart a fháil idir an gá atá ann le cosaint a dhéanamh ar shonraí pearsanta na ndaoine sin atá á measúnú lena gceapadh chuig ardoifig phoiblí agus an gá atá ann leis an trédhearcacht is mó is féidir a chinntiú sa phróiseas ceapacháin. Luaigh sí gur cheart iarracht a dhéanamh tuilleadh oscailteachta a sholáthar i gcásanna den sórt sin de ghnáth. Mhol an tOmbudsman don Chomhairle cuimhneamh ar an gcur chuige sin agus í ag déileáil le hiarrataí amach anseo ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid den sórt sin.

Bhain cás eile le diúltú an Choimisiúin do rochtain phoiblí a sholáthar ar dhoiciméid a bhain leis an imscrúdú a rinne sé ar loingsiú tuinnín ghoirm bheo a bhí á iompar go Málta. Líomhnaíodh an loingsiú a bheith neamhdhleathach. Ghlac an Coimisiún le moladh an Ombudsman go ndeonófaí rochtain ar na doiciméid ar dhréachtaigh an Coimisiún iad. Cé gur dhiúltaigh an Coimisiún le linn an fhiosrúcháin do na doiciméid sin a sheol Málta chuige a nochtadh, rinne sé cinneadh ina dhiaidh sin cloí le moladh an Ombudsman go n-eiseofaí na doiciméid a sheol Málta. Tá an Coimisiún tugtha os comhair chúirteanna AE ag Málta d’fhonn cosc a chur ar an gCoimisiún na doiciméid a eisiúint.

An tOmbudsman Eorpach agus í ag freastal ar chur i láthair na tuarascála ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Tuarascáil Bhliantúil 2015 ón Ombudsman Eorpach.
An tOmbudsman Eorpach agus í ag freastal ar chur i láthair na tuarascála ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Tuarascáil Bhliantúil 2015 ón Ombudsman Eorpach.

I gcás a bhain leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), bhí an gearánach, a bhí ina eagraíocht neamhrialtasach Shualannach, ag iarraidh rochtain ar an gComhaontú Idirphlé Pholaitiúil agus Comhair idir AE agus Cúba. Dhiúltaigh SEGS do rochtain a dheonú, á áitiú nach raibh an Comhaontú ach ina chomhaontú sealadach um an dtaca sin. Rinne an gearánach gearán leis an Ombudsman, á lua gur síníodh an Comhaontú cheana féin. Le linn an fhiosrúcháin, d’eisigh SEGS an doiciméad tar éis don Choimisiún an Comhaontú a ghlacadh.

In amanna, athraíonn na hinstitiúidí a gcur chuige i leith iarraidh ar leith ar rochtain ar dhoiciméid. Tharla sé sin i gcás gearáin a bhain le diúltú an Choimisiúin do rochtain phoiblí a dheonú ar dhoiciméid maidir leis an bhfaireachas a dhéanann seirbhísí faisnéise na Ríochta Aontaithe ar an Idirlíon. Tar éis idirghabháil an Ombudsman, nocht an Coimisiún doiciméad amháin, ar litir ó Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Ríochta Aontaithe é. Níor nocht sé dhá litir ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin, áfach. Mar thoradh air sin, chinn an tOmbudsman go raibh drochriarachán ann. D’eisigh an Coimisiún na doiciméid i gceist i mí Dheireadh Fómhair 2016, bliain amháin tar éis chinneadh an Ombudsman, áfach.

2.5 Ceisteanna eiticiúla

Tá caighdeáin eiticiúla measartha ard ag údarás riaracháin AE. Chun muinín na saoránach as AE a mhéadú, áfach, ní mór dóibh bheith cinnte gur chun leas an phobail atá polaiteoirí AE agus baill foirne AE araon ag obair. Ní mór a chinntiú leis na rialacha atá i bhfeidhm nach gcuirfidh Coimisinéirí an mhuinín sin i gcontúirt, bíodh sé le linn a dtéarma oifige nó ina dhiaidh. Bhí ábhair imní faoin obair a bhí á déanamh ag iar-Choimisinéirí ina ngné d’obair an Ombudsman sa bhliain 2016.

I gcinneadh a rinneadh i mí an Mheithimh, chinn an tOmbudsman go raibh drochriarachán ann sa dóigh ar theip ar an gCoimisiún a bhí i bhfeidhm sa tréimhse 2009-2014 déileáil go cuí le sárú a rinne iar-Choimisinéir ar an gCód Iompair do Choimisinéirí agus nach ndearna sé imscrúdú cuí ach oiread ar a chomhoiriúnaí a bhí conradh oibre earnála príobháidí an Choimisinéara le hoibleagáidí an Chonartha ar an Aontas Eorpach, d’ainneoin na n-ábhar imní a luaigh an Coiste Eitice a dhéileálann leis na hábhair sin. D’iarr an tOmbudsman go n-athbhreithneofaí an Cód Iompair chun a rialacha a dhéanamh níos soiléire agus cur chun feidhme a rialacha a éascú. D’iarr sí freisin go gcuirfí smachtbhannaí ar áireamh ann i leith sáruithe ar an gCód.

Leagadh béim an athuair ar na fiúntais a bhaineann le hathchóiriú an Chóid nuair a ghlac iar-Uachtarán ar an gCoimisiún post mar Chathaoirleach neamhfheidhmiúcháin ar bhanc Goldman Sachs. Chuir an Coimisiún in iúl nach ndearna an t-iarUachtarán sárú ar an gCód, ina n-ordaítear tréimhse mharana 18 mí. Thug an tOmbudsman dá haire, áfach, gurb amhlaidh faoin gConradh ar an Aontas Eorpach go bhféadfadh fadhbanna a bheith ag baint le poist áirithe fós tar éis dhul as feidhm na tréimhse fógra 18 mí. I litir a sheol sí chuig an Uachtarán Juncker, d’iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Coiste Eitice an Choimisiúin agus an Cód Iompair a athbhreithniú. Ba é an freagra a thug an tUachtarán Juncker ná go mbeadh sé ag tarchur an ábhair chuig an gCoiste Eitice Ad Hoc. Tháinig an Coiste ar an tuairim “nach raibh forais leorga ann chun a dhéanamh amach go raibh sárú ann ar an dualgas chun bheith ionraic stuama arna fhorchur le hAirteagal 245(2) CFAE [an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh]”, cé nár léirigh an t-iar-Uachtarán “an breithiúnas tuisceanach a mbeifí ag súil leis ó dhuine a shealbhaigh an ardoifig a shealbhaigh sé don oiread sin blianta”. #8

Mar sin féin, is amhlaidh gur bheartaigh an tUachtarán Juncker an Cód a dhéanamh níos doichte tríd an tréimhse mharana a shíneadh go 2 bhliain d’iar-Choimisinéirí agus go 3 bliana d’iar-Uachtaráin ar an gCoimisiún.

Mar sin féin, is amhlaidh gur bheartaigh an tUachtarán Juncker an Cód a dhéanamh níos doichte tríd an tréimhse mharana a shíneadh go 2 bhliain d’iar-Choimisinéirí agus go 3 bliana d’iar-Uachtaráin ar an gCoimisiún. D’fháiltigh an tOmbudsman roimh an togra, cé gur luaigh sí an athuair an rabhadh a tugadh roimhe nár leor an tréimhse shínte i gcónaí chun a áirithiú go n-urramófaí Airteagal 245.

Is gá nach maidir le hionadaithe polaitiúla na hinstitiúide amháin a bheidh feidhm ag rialacha láidre eitice agus go mbeidh feidhm acu maidir leis an institiúid ar fad freisin. I mí Mheán Fómhair, dhún an tOmbudsman a fiosrúchán ar an dóigh a ndéanann an Coimisiún cur chun feidhme ar rialacha foirne AE lena rialaítear rud ar a dtugtar feiniméan an dorais imrothlaigh. Rinne an Coimisiún bearta dearfacha cheana féin mar fhreagairt do mholtaí an Choimisiúin. Ar dhúnadh an fhiosrúcháin di, mhol an tOmbudsman roinnt beart eile. D’iarr sí ar an gCoimisiún tuilleadh sonraí a fhoilsiú, go háirithe sonraí a bhaineann lena mheasúnú agus lena thátail, i gcásanna ina gceadaíonn sé iarrataí ó oifigigh shinsearacha ar ghlacadh le poist lasmuigh den Choimisiún. Mhol sí freisin nár cheart do na daoine sin a mheasúnaíonn iarratais ó bhaill foirne atá ag fágáil na seirbhíse aon naisc ghairmiúla a bheith acu leis an duine ar leith lena mbaineann. Imscrúdóidh an tOmbudsman an tsaincheist sin trí fhiosrúchán straitéiseach a dhéanamh ar an dóigh a n-oibríonn na rialacha sa chleachtas.

2.6 Gníomhaireachtaí AE agus comhlachtaí eile

Gan an Coimisiún Eorpach a áireamh, ba le gníomhaireachtaí AE a bhain an líon is mó fiosrúchán a rinne an tOmbudsman sa bhliain 2016. Déileálann na gníomhaireachtaí sin le raon saincheisteanna éagsúla, idir chearta bunúsacha, shábháilteacht agus éifeachtúlacht cógas, chosaint an chomhshaoil, rioscaí sláinte agus comhshaoil ó cheimiceáin, agus shábháilteacht eitlíochta.

Dhún an tOmbudsman an fiosrúchán, ag fáiltiú di roimh thrédhearcacht mhéadaithe i staidéir thrialach cliniciúla.

Bhain cás mór amháin, a osclaíodh sa bhliain 2014, le cinneadh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) gan ach rochtain phoiblí pháirteach a thabhairt ar staidéir thrialach cliniciúla a bhain le ceadú Humira, ar druga é a úsáidtear chun cóireáil in aghaidh ghalar Crohn. Dhún an tOmbudsman an fiosrúchán i mí an Mheithimh, ag fáiltiú di roimh thrédhearcacht mhéadaithe sa réimse sin. Chuir sí in iúl, áfach, go raibh imní uirthi faoi cheithre phíosa shonracha faisnéise ar choinnigh an Ghníomhaireacht siar iad. Thug an tOmbudsman dá haire gur cheart aon fhaisnéis chliniciúil a bheadh úsáideach do dhochtúirí, d’othair agus do thaighdeoirí a nochtadh chun leas an phobail. #2

Sa bhliain 2015, d’aontaigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) le moladh an Ombudsman faoin dóigh a gceanglaíonn sí orthu sin atá ag iarraidh táirgí a chlárú a thaispeáint go ndearna siad iarracht tástáil ainmhithe a sheachaint. Thug an Ghníomhaireacht faisnéis mhionsonraithe ina dhiaidh sin sa bhliain 2016 faoin dóigh chruinn a raibh sí ag iarraidh éifeacht a thabhairt do mholadh an Ombudsman. I bhfiosrúchán nua a osclaíodh sa bhliain 2016, iarradh soiléiriú maidir le comhráiteas ón gCoimisiún agus ón ECHA faoin úsáid a bhféadfaí a bhaint, faoi choinníollacha áirithe, as tástálacha ainmhithe le haghaidh substaintí a úsáidtear i gcosmaidí.

Gach bliain, glacann na céadta duine páirt i gcomórtais atá dírithe ar dhaoine a earcú chuig comhlachtaí AE i bpróiseas a mbainistíonn an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) é. I gcás amháin a tarchuireadh chuig an Ombudsman, rinne an gearánach iarratas ar chomórtas de chuid EPSO le haghaidh ateangairí comhdhála a earcú. Chaill sí an spriocdháta le haghaidh iarratas mar go raibh sí san ospidéal ar feadh téarma gairid agus d’iarr sí ar EPSO an spriocdháta a shíneadh. Dhiúltaigh EPSO, á áitiú nach mór dó caitheamh le gach iarratasóir go cothrom. Mhol an tOmbudsman go n-admhódh EPSO go bhfuil cásanna eisceachtúla ann ina bhfuil sé cothrom spriocdháta nua a thabhairt d’iarrthóirí mar gheall ar force majeure. D’aontaigh EPSO go ndéanfadh sé cur chun feidhme sa todhchaí ar gach ceann de mholtaí an Ombudsman maidir leis an bprionsabal force majeure a chur i bhfeidhm i gcomórtais EPSO.

2.7 Conarthaí agus deontais AE

Bhí na gearáin a fuarthas sa réimse seo freagrach as 14.5 % den iomlán. Déanann an Coimisiún maoirseacht ar líon ollmhór tionscadal arna gcistiú ag AE. Déanann sé méid suntasach iniúchóireachta chun a chinntiú go gcaitear airgead poiblí mar is ceart. In amanna, áfach, is as sin a thagann díospóidí aníos maidir leis an dóigh a n-iniúchtar tionscadail nó maidir leis an méid airgid a bhféadfadh gur cheart é a éileamh ar ais. Sna cásanna sin, is minic a dhéanann conraitheoirí teagmháil leis an Ombudsman chun teacht ar réiteach.

D’áitigh an Coimisiún nár chomhlíon an gearánach na rialacha is infheidhme den chomhaontú conartha. I bhfianaise chúinsí sonracha an cháis, áfach, chinn sé aisghabháil arbh fhiú breis agus €86 000 í a tharscaoileadh.

I gcás amháin den sórt sin, bhí roinnt tionscadal a bhí á gcómhaoiniú ag AE déanta ag an ngearánach, ar institiúid taighde sa Pholainn é, idir na blianta 2004 agus 2009. Tar éis chur i gcrích rathúil na dtionscadal, rinne an Coimisiún iniúchadh ar thrí cinn díobh agus chinn sé costais áirithe a aisghabháil. Thionscain an tOmbudsman fiosrúchán ar an ábhar. Fuair sí amach gur aontaigh oifigeach tionscadal an Choimisiúin i scríbhinn (le ríomhphost) go bhféadfaí roinnt seirbhísí a fhochonrú. Ba iad na costais ina leith na costais a chinn an Coimisiún ina dhiaidh sin a aisghabháil. B’eol don Choimisiún, dá bhrí sin, gur dheonaigh an gearánach an fochonradh agus thug sé údarú dó déanamh amhlaidh. D’áitigh an Coimisiún nár chomhlíon an gearánach na rialacha is infheidhme den chomhaontú conartha. I bhfianaise chúinsí sonracha an cháis, áfach, chinn sé aisghabháil arbh fhiú breis agus €86 000 í a tharscaoileadh.

Ghlac institiúid taighde sa Chróit páirt i dtionscadal ar chistigh AE é faoin Seachtú Creatchlár le haghaidh Taighde agus Forbartha Teicneolaíochta. Tar éis roinnt neamhrialtachtaí a aimsiú in iniúchadh, d’fhéach an Coimisiún le méid suntasach cistí a aisghabháil. Rinne an institiúid gearán leis an Ombudsman, a chinn go raibh fionnachtana na n-iniúchóirí bunaithe ar roinnt éiginnteachtaí. Ós rud é gur le cinneadh dháta tosaithe iarbhír an tionscadail a bhain an tsaincheist is tábhachtaí, mhol an tOmbudsman go rachadh an Coimisiún i ndáil chomhairle le saineolaí chun fionnachtana na n-iniúchóirí a dheimhniú nó iniúchadh teicniúil a ordú. Ghlac an Coimisiún le moladh an Ombudsman.

Bhain cás eile leis an dóigh a ndearna an Coimisiún iniúchadh ar thionscadal a raibh sé mar aidhm leis uisce a chaomhnú i Maracó. An gearánach, a bhí ina eagraíocht neamhbhrabúis Fhrancach darb ainm Association pour la Participation et l’Action Régionale (APARE) a bhfuil baint aici le hoideachas comhshaoil agus leis an éiceashaoránacht, d’easaontaigh sé le fionnachtain iniúchta an Choimisiúin, rud as a n-aisghabhfadh an Coimisiún breis agus €20 000. Rinne an eagraíocht teagmháil le hoifig an Ombudsman dá bharr. Tar éis idirghabháil an Ombudsman, d’aontaigh an Coimisiún go ndéanfadh sé an méid a bhí le haisghabháil a laghdú faoi gheall le 75 %.

2.8 Dúshláin sa todhchaí

Téann an mórchomhthéacs polaitiúil i bhfeidhm ar obair an Ombudsman. Mar shampla, mar gheall ar imní leathan i measc an phobail faoin easpa trédhearcachta a bhí ann ar an gcaibidlíocht idir AE agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) maidir leis an gComhpháirtíocht Trádála agus Infheistíochta Thrasatlantach (TTIP), d’oscail an tOmbudsman fiosrúchán féintionscnaimh straitéiseach ar an ábhar.

Faoi dheireadh na bliana 2016, fuair an tOmbudsman cúig ghearán maidir le saincheisteanna riaracháin a bhain le Brexit. Bhain trí cinn díobh le rochtain ar fhaisnéis.

Chomh maith leis sin, déanann an tOmbudsman óstáil ar imeachtaí chun saincheisteanna ábhartha a phlé, amhail an t-imeacht i mí Dheireadh Fómhair a raibh “Cur isteach ar an Eoraip: An Fhírinne, Fíricí agus na Meáin Shóisialta” ina ábhar dó. I dteannta ionadaithe don Choimisiún, don Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus don tsochaí shibhialta, phléigh an tOmbudsman dóigheanna a bhféadfaí AE a chur in iúl ar bhealach níos fearr le linn tréimhse atá lán de dhúshláin nach bhfacthas riamh. Rachaidh cinneadh na Ríochta Aontaithe éirí as AE i bhfeidhm ar an Aontas sa bhliain 2017 agus ina diaidh. Bhíothas ag tosú ar shaincheisteanna a d’eascair as an reifreann Brexit a chur in iúl d’oifig an Ombudsman tamaillín tar éis an vóta. Faoi dheireadh na bliana 2016, fuair an tOmbudsman cúig ghearán maidir le saincheisteanna riaracháin a bhain le Brexit. Bhain trí cinn díobh le rochtain ar fhaisnéis. #9 #10

Imeacht de chuid an Ombudsman Eorpaigh: “Cur Isteach ar an Eoraip: An Fhírinne, Fíricí agus na Meáin Shóisialta”
Imeacht de chuid an Ombudsman Eorpaigh: “Cur Isteach ar an Eoraip: An Fhírinne, Fíricí agus na Meáin Shóisialta”.

Bhí críoch bhuacach leis an mbliain mar gur imir an tOmbudsman ról suntasach i gCruinniú Mullaigh Domhanda na Comhpháirtíochta um Rialtas Oscailte (OGP) i bPáras i mí na Nollag. D’iarr an tOmbudsman ar AE ról níos mó a imirt san OGP. Is tionscnamh iltaobhach é OGP a bhfuil sé mar aidhm leis gealltanais nithiúla a fháil ó rialtais go ndéanfadh siad an trédhearcacht a chur chun cinn, saoránaigh a chumhachtú agus éilliú a chomhrac, i measc nithe eile. Chuige sin, tá an tOmbudsman agus ECFE ag déanamh suirbhé i gcomhpháirt ar rialachas oscailte. Is é aidhm an tsuirbhé dóigheanna a shainaithint a bhféadfaí a chinntiú go n-imríonn oifigí ombudsman ról níos mó san OGP. Is é ról an Ombudsman ná an suirbhé a chur chun cinn agus a dháileadh laistigh de Líonra Eorpach na nOmbudsman agus de líonraí idirnáisiúnta ombudsman eile. Pléifidh an Líonra réamhthorthaí an tsuirbhé le linn a chomhdhála i mí an Mheithimh 2017. Foilseoidh sé na torthaí ag deireadh na bliana. #11 #12

Imeacht de chuid an Ombudsman Eorpaigh: “Cur Isteach ar an Eoraip: An Fhírinne, Fíricí agus na Meáin Shóisialta”.
Imeacht de chuid an Ombudsman Eorpaigh: “Cur Isteach ar an Eoraip: An Fhírinne, Fíricí agus na Meáin Shóisialta”.

Caibidil 3 - Gradam Dea-Riaracháin

Gradam Dea-Riaracháin
Gradam Dea-Riaracháin

Is é aidhm an ghradaim aitheantas a thabhairt do bhaill foirne d’institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí AE a chuireann dea-riarachán chun cinn le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

D’fhonn comhlíonadh a dhéanamh ar shainchúram foriomlán na hoifige maidir le riarachán poiblí AE a fheabhsú agus a chuid gníomhartha a dhéanamh chomh tacúil le saoránaigh agus is féidir, sheol an tOmbudsman gairm i mí Dheireadh Fómhair 2016 ar ainmniúchán le haghaidh Gradam Dea-Riaracháin. Is é aidhm an ghradaim aitheantas a thabhairt do bhaill foirne d’institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí AE a chuireann dea-riarachán chun cinn le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Is treoirthionscnamh é seo a bhfuil sé mar aidhm leis dea-chleachtais in údarás riaracháin AE a shainaithint agus aird an phobail a tharraingt orthu.

Tá sé mar aidhm ag an Ombudsman na cleachtais sin a thaispeáint ar fud údarás riaracháin AE. Ar na catagóirí den ghradam tá sármhaitheas i dtrédhearcacht agus eitic, sármhaitheas i gcumarsáid, agus sármhaitheas i soláthar seirbhíse atá dírithe ar an saoránach. Is é an tOmbudsman, le tacaíocht ó choiste comhairleach, a roghnóidh na buaiteoirí. Cuirfear searmanas bronnta ar siúl sa Bhruiséil sa bhliain 2017. #3 #13

Caibidil 4 - Cumarsáid

Is é aidhm straitéis an Ombudsman (“I dTreo na Bliana 2019”) tionchar, ábharthacht agus infheictheacht na hoifige a mhéadú. Má bhíonn tuilleadh infheictheachta ann, cabhrófar lena chinntiú gurb eol do shaoránaigh cé ar cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leo nuair a thagann siad ar fhadhbanna le hinstitiúidí AE.

Seachas caidreamh a chothú le geallsealbhóirí amhail gnólachtaí, comhlachais agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, féachann an oifig le próifíl an Ombudsman sna meáin a mhéadú freisin. Baineann sí úsáid as na meáin shóisialta chun cásanna ar leith a phlé; chun feasacht a mhéadú ar thionscadail nua agus chun eolas rialta a thabhairt faoi ghníomhaíochtaí an Ombudsman.

Méid amas sna meáin

Méid amas sna meáin

Tá an méid a luaitear obair an Ombudsman sna meáin ag méadú gach bliain ó bhí an bhliain 2012 ann. Mhéadaigh sé sna blianta 2015 agus 2016 go háirithe.

Tá an méid a luaitear obair an Ombudsman sna meáin ag méadú gach bliain ó bhí an bhliain 2012 ann. Mhéadaigh sé sna blianta 2015 agus 2016 go háirithe. Tá níos mó daoine anois ná am ar bith riamh ag leanúint obair an Ombudsman ar Twitter. Tháinig méadú 21 % ar leantóirí chuntas na hoifige ar an ardán sin idir an bhliain 2015 agus an bhliain 2016. Ba sa tvuít ba mhó tóir a bhí Infographic inar tugadh treoirlínte faoi nithe is ceart agus nach ceart a dhéanamh le haghaidh oifigeach poiblí a dhéanann caidreamh le hionadaithe leasa. Áiríodh leis na tvuíteanna móréilimh eile tvuít inar tugadh Infographic faoi shainghrúpaí, tvuít inar tugadh físeán inar fógraíodh an Gradam Dea-Riaracháin nua ón Ombudsman, agus tvuít inar fógraíodh seoladh an chomhairliúcháin phoiblí ar thrédhearcacht na caibidlíochta neamhfhoirmiúla maidir le dlíthe AE (cruinnithe tríthaobhacha). #14

Chomh maith leis sin, chuir an oifig tús le hollchóiriú a suímh ghréasáin chun é a dhéanamh níos fusa le húsáid. Táthar ag súil go gcuirfear an tionscadal sin i gcrích sa bhliain 2017. Anuas air sin, iarrann sí aiseolas ó gheallsealbhóirí go rialta ar an dóigh a n-amharctar ar obair na hoifige agus ar dhóigheanna a bhféadfaí í a fheabhsú. #15

Caibidil 5 - Caidreamh le hinstitiúidí AE

An tOmbudsman Eorpach, agus í ag tabhairt a Tuarascáil Bhliantúil 2015 do Martin Schulz, an tUachtarán ar Pharlaimint na hEorpa ag an am.
An tOmbudsman Eorpach, agus í ag tabhairt a Tuarascáil Bhliantúil 2015 do Martin Schulz, an tUachtarán ar Pharlaimint na hEorpa ag an am.

5.1 Parlaimint na hEorpa

Bhuail an tOmbudsman leis an Uachtarán Martin Schulz an athuair sa bhliain 2016. Bhuail sí le líon mór Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ar fud shaol na polaitíochta agus ó gach cearn den Eoraip freisin.

Is mór ag an Ombudsman Eorpach an caidreamh atá aici le Parlaimint na hEorpa. Bhuail an tOmbudsman leis an Uachtarán Martin Schulz an athuair sa bhliain 2016. Bhuail sí le líon mór Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ar fud shaol na polaitíochta agus ó gach cearn den Eoraip freisin. Chomhroinn an tOmbudsman a cuid oibre agus taithí agus í ag labhairt os comhair an Choiste um Achainíocha, an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus na Parlaiminte i seisiún iomlánach. Is minic a dhéanann baill foirne an Ombudsman ionadaíocht don institiúid i gcruinnithe Coiste, in éisteachtaí agus in idirghrúpaí parlaiminteacha.

5.2 An Coiste um Achainíocha

Is mór ag an Ombudsman an dlúthchomhar atá ar bun aici leis an gCoiste um Achainíocha. Tá géarghá ann leis an idirphlé leanúnach sin chun freastal ar shaoránaigh aonair a chuireann ábhair imní in iúl d’oifig an Ombudsman nó don Choiste um Achainíocha. Is le gearáin in aghaidh institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh a dhéileálann an tOmbudsman agus is le hachainíocha a bhaineann le réimsí gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh ar fud na hEorpa a dhéileálann an Coiste um Achainíocha. Táthar fíorbhuíoch de Cecilia Wikström, Cathaoirleach an Choiste, agus de na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ó gach grúpa polaitíochta as an tacaíocht leanúnach a thugann siad don Ombudsman. Tá an tacaíocht sin ríthábhachtach chun cur ar chumas an Ombudsman tuilleadh cabhrach a thabhairt d’institiúidí AE “an caighdeán is airde” a bhaint amach ó thaobh dea-riaracháin de. #16

5.3 An Coimisiún Eorpach

An tOmbudsman Eorpach in éineacht le Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.
An tOmbudsman Eorpach in éineacht le Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

Mhol an tOmbudsman an tUachtarán Jean-Claude Juncker ar an gcaidreamh cuiditheach oibre atá ar bun idir a hoifig agus an Coimisiún agus ar na bearta dearfacha láidre atá déanta aige chun riarachán níos oscailte a sholáthar. Tá dúshláin le sárú ina leith sin go fóill, áfach.

Toisc gurb é comhlacht feidhmiúcháin an Aontais Eorpaigh é, imríonn an Coimisiún Eorpach tionchar díreach ar shaol na milliún Eorpach. Cé gur comhlacht polaitiúil é, is é an comhlacht riaracháin is mó de chuid an Aontais Eorpaigh é freisin. Ní ábhar iontais é, mar sin, gur le hobair an Choimisiúin a bhaineann sciar mór na ngearán a chuirtear faoi bhráid an Ombudsman. Mhol an tOmbudsman an tUachtarán Jean-Claude Juncker ar an gcaidreamh cuiditheach oibre atá ar bun idir a hoifig agus an Coimisiún agus ar na bearta dearfacha láidre atá déanta aige chun riarachán níos oscailte a sholáthar. Tá dúshláin le sárú ina leith sin go fóill, áfach. Bhuail an tOmbudsman leis an Uachtarán Juncker an athuair sa bhliain 2016. Bhuail sí le roinnt Leas-Uachtarán agus Coimisinéirí freisin. Bhuail sí leis na hArd-Stiúrthóirí freisin le linn cruinniú ar óstáil an tArd-Rúnaí é. Cinntíonn an dlúthchomhar sin atá ar bun ar leibhéal seirbhíse gur féidir freastal ar bhealach níos éifeachtaí leis na hábhair imní atá ag saoránaigh. #17



5.4 Institiúidí, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile

Coinníonn an oifig caidreamh ar bun le Comhairle na hEorpa freisin, atá lonnaithe in Strasbourg.

Leanann an tOmbudsman le dlúthchaidreamh a choinneáil ar bun le roinnt institiúidí, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile. Sa bhliain 2016, bhí an tOmbudsman i ndlúth-theagmháil leis an mBanc Ceannais Eorpach, an Banc Eorpach Infheistíochta, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Coinníonn an oifig caidreamh ar bun le Comhairle na hEorpa freisin, atá lonnaithe in Strasbourg. Tá an caidreamh sin ar fad ina chuid dhílis den straitéis “I dTreo na Bliana 2019” ón Ombudsman. Is é an aidhm atá leis an straitéis ábharthacht, infheictheacht agus tionchar an Ombudsman a mhéadú chun údarás riaracháin AE atá níos oscailte agus níos dírithe ar sheirbhísí a chruthú chun tairbhe do shaoránaigh.

5.5 Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas

Mar bhall de Chreat an Aontais Eorpaigh, déanann an tOmbudsman cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a chosaint agus a chur chun cinn i measc institiúidí AE. Déanann sí faireachán ar an gcur chun feidhme sin freisin. Sa bhliain 2015, rinne Sainchoiste an Choinbhinsiúin athbhreithniú ar an dóigh ar cuireadh an Coinbhinsiún chun feidhme san Aontas Eorpach agus d’eisigh sé tuairimí deiridh ina leith. Toisc gur tugadh le fios iontu go bhféadfadh go mbeadh easnaimh ann ar riarachán AE, bhí na tuairimí sin ina ngné an-tábhachtach d’obair straitéiseach an Ombudsman maidir leis an gCoinbhinsiún sa bhliain 2016. #18 #19

Chuaigh an tOmbudsman i mbun comhairliúcháin le geallsealbhóirí ansin, rud inar léiríodh go dtugann roinnt Ballstát am breise do mhic léinn ar a bhfuil lagú éisteachta nuair a dhéanann siad trialacha scríofa.

Sa bhliain 2016, rinne an tOmbudsman fiosrúchán ar ghearán ó iarrthóir ar a bhfuil lagú éisteachta agus nach bhfuair am breise chun trialacha roghnúcháin a dhéanamh i gcomórtas a reáchtáil an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO). Chuaigh an tOmbudsman i mbun comhairliúcháin le geallsealbhóirí ansin, rud inar léiríodh go dtugann roinnt Ballstát am breise do mhic léinn ar a bhfuil lagú éisteachta nuair a dhéanann siad trialacha scríofa. Mhol an tOmbudsman go ndéanfadh EPSO breithniú cúramach i gcásanna amach anseo ar cé acu ba cheart nó nár cheart dó am breise a thabhairt d’iarrthóirí ar a bhfuil lagú éisteachta agus a iarrann am breise chun trialacha ríomhairebhunaithe agus scríofa a dhéanamh.

I mí na Bealtaine 2016, sheol an tOmbudsman fiosrúchán ar cé acu atá nó nach bhfuil Comhscéim Árachais Breoiteachta an Aontais Eorpaigh ag cloí leis an gCoinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Ar bhreoiteacht thromchúiseach a aithint, aisíoctar costais leighis go hiomlán faoin scéim. Chun an aithint sin a fháil, ní mór an critéar maidir le hionchas giorraithe saoil a shásamh. Bhí an tOmbudsman den tuairim go bhféadfadh nach mbeadh an cur chuige leighis sin i leith míchumais ag cloí leis an gCoinbhinsiún agus d’fhiafraigh sí den Choimisiún an bhfuil sé beartaithe aige critéir ar leith a thabhairt isteach maidir le costais leighis a aisíoc le daoine faoi mhíchumas faoin Scéim. Bhí an fiosrúchán sin fós ar siúl sa bhliain 2017.

Ina theannta sin, shaothraigh an tOmbudsman dhá thionscnamh straitéiseacha de bhun dhá cheann de na tuairimí deiridh ó Choiste an Choinbhinsiúin. Ar an gcéad dul síos, scríobh an tOmbudsman chuig Uachtarán an Choimisiúin maidir lena inrochtana atá na suíomhanna gréasáin agus na huirlisí ar líne atá faoi bhainistíocht ag an gCoimisiún. Ina dhiaidh sin, scríobh sí chuig Kristalina Georgieva, an Leas-Uachtarán ar an gCoimisiún ag an am, chun a fhiafraí di cén dóigh a bhfuil Scoileanna Eorpacha ag déileáil leis na saincheisteanna ar tharraing Coiste an Choinbhinsiúin anuas iad maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin. Thug an Coimisiún freagra ar an dá litir. Thug sé faoi deara go raibh sé ag cruthú láithreacht ghréasáin aonair dá sheirbhísí ar fad. Luaigh sé freisin go bhfuil sé mar cheann de na bunphrionsabail atá aige rochtain ar a sheirbhísí a chur ar fáil don oiread úsáideoirí agus is féidir. Maidir le Scoileanna Eorpacha, dúirt an Coimisiún go dtacódh sé le gach iarracht shistéamach a dhéanfaí chun na moltaí ó Shainchoiste Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a chomhlíonadh. Thug sé faoi deara freisin go ndéantar measúnú rialta ar bheartas Riachtanas Oideachais Speisialta na Scoileanna Eorpacha.

Le linn na bliana 2016, rinne oifig an Ombudsman iarracht a suíomh gréasáin féin a dhéanamh níos sorochtana agus níos éasca le húsáid. Tá míniú soléite ar obair an Ombudsman agus ar conas gearán a dhéanamh ar fáil ar líne i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, tá soláthraí seachtrach seirbhíse ag déanamh measúnú ar shuíomh gréasáin an Ombudsman faoi láthair chun teacht ar bhealaí inar féidir cur lena inrochtana atá sé do dhaoine faoi mhíchumas.

Caibidil 6 - Líonra Eorpach na nOmbudsman

Gearáin a cuireadh ar aghaidh chuig institiúidí agus comhlachtaí eile; gearánaigh ar mhol an tOmbudsman Eorpach dóibh dul i dteagmháil le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile sa bhliain 2016

Thug an tOmbudsman Eorpach faoi athchóiriú ar Líonra Eorpach na nOmbudsman i gcomhar le baill den Líonra sa bhliain 2016. Cuimsíonn an Líonra 96 oifig i 36 thír san Eoraip faoi láthair. Tá Coiste Pharlaimint na hEorpa um Achainíocha ina bhall den Líonra freisin.

Ceann de na hathruithe straitéiseacha laistigh den Líonra is ea béim mhéadaithe a chur ar fhiosrúcháin agus tionscnaimh chomhuaineacha i measc oifigí ombudsman i réimsí leasa choitinn amhail an imirce. Sa bhliain 2016, chuaigh an tOmbudsman agus an Líonra i mbun fiosrúchán comhuaineach amháin agus sheol sí tionscnamh straitéiseach ina raibh an Líonra páirteach. I mí Aibreáin 2016, sheol an tOmbudsman fiosrúchán ar ghearán maidir leis an ról atá ag an gCoimisiún i meastóireacht a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil na Ballstáit ag comhlíonadh Rialachán (AE) 1233/2011 maidir le cearta an duine agus cosaint an chomhshaoil le linn dóibh Gníomhaireachtaí um Chreidmheas Onnmhairiúcháin a chistiú. Is ionann Gníomhaireachtaí um Chreidmheas Onnmhairiúcháin agus institiúidí airgeadais poiblí nó príobháideacha a thairgeann maoiniú do chuideachtaí náisiúnta atá ag iarraidh gnó a dhéanamh. Tríd is tríd, tá na cuideachtaí sin i mbun oibre i margaí atá ag teacht chun cinn agus i dtíortha i mbéal forbartha atá éiginnte agus lena mbaineann riosca polaitiúil agus tráchtála. Dhá cheann de ná sé oifig ombudsman náisiúnta (oifig ombudsman na Polainne agus oifig ombudsman na Spáinne) a dtagann Gníomhaireachtaí um Chreidmheas Onnmhairiúcháin faoina sainordú, d’fhreagair siad don iarraidh ón Ombudsman fiosrúcháin chomhuaineacha a sheoladh ar an ábhar.

Mar gheall ar an bhfiosrúchán, d’oibrigh an Coimisiún Eorpach leis na Ballstáit ina dhiaidh sin chun a chinntiú go bhfoilseofaí ar líne na sonraí uile faoi chláir náisiúnta arna gcistiú faoin gCiste Tearmainn, Imirce agus Lánpháirtíochta.

Ba le Ciste Tearmainn, Imirce agus Lánpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a bhain an tionscnamh straitéiseach a seoladh. Agus buiséad €3 bhilliún aige, cumhdaítear leis an gCiste an tréimhse 2014-2020. D’fhiafraigh an tOmbudsman den Choimisiún agus den Líonra an bhfuil an fhaisnéis ar fad a bhaineann leis an gCiste ar fáil ar líne. D’fhiafraigh sí den Líonra freisin an bhfuil úsáid an airgid sna Ballstáit ag teacht le cearta bunúsacha. Thug 13 bhall freagra ar an gceist sin. Mar gheall ar an bhfiosrúchán, d’oibrigh an Coimisiún Eorpach leis na Ballstáit ina dhiaidh sin chun a chinntiú go bhfoilseofaí ar líne na sonraí uile faoi chláir náisiúnta arna gcistiú faoin gCiste Tearmainn, Imirce agus Lánpháirtíochta.

Ina theannta sin, baineadh torthaí nithiúla amach sa bhliain 2016 ó fhiosrúchán a thionscain an tOmbudsman roimhe sin maidir le Frontex (an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta). Mar gheall ar an bhfiosrúchán sin, chinn an Ghníomhaireacht an nós imeachta gearán ar mhol an tOmbudsman é a chur ar bun. I mí na Nollag, tháinig Oifigeach Frontex um Chearta Bunúsacha agus ionadaithe don Ombudsman Eorpach, d’oifigí ombudsman náisiúnta agus údaráis riaracháin náisiúnta agus don Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha le chéile sa Bhruiséil chun nós imeachta gearán Frontex a phlé.

Sampla eile de chomhar téamach is ea go ndeachaigh an tOmbudsman i gcomhairle leis an Líonra chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin dóigh a rialálann na Ballstáit trédhearcacht brústocaireachta agus chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil gá ann le treoir phraiticiúil a fhoilsiú d’oifigigh phoiblí sa réimse sin. Léiríodh sna freagraí a fuarthas ina leith sin go bhfuil easpa forálacha sonracha ann lena rialáiltear gníomhaíocht brústocaireachta. Léiríodh iontu freisin go bhfuil treoir phraiticiúil d’oifigigh phoiblí in easnamh i bhformhór na mBallstát. D’ullmhaigh an tOmbudsman dréacht-treoirlínte praiticiúla ansin agus d’iarr sí ar bhaill den Líonra agus ar an bpobal tuairimí a chur in iúl ina leith. Tá sé mar aidhm aici leagan deiridh de na treoirlínte a chur i láthair i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh sa bhliain 2017.

Comhdháil bhliantúil Líonra Eorpach na nOmbudsman sa Bhruiséil.
Comhdháil bhliantúil Líonra Eorpach na nOmbudsman sa Bhruiséil.

Le linn na comhdhála, pléadh le téamaí tráthúla amhail an fhreagairt do ghéarchéim imirce na hEorpa, trédhearcacht sa bhrústocaireacht a chur chun cinn mar riachtanas maidir le dea-riarachán, agus na dúshláin atá ann roimh an smacht ratha.

Ba é an príomhimeacht de chuid an Líonra sa bhliain 2016 ná an chéad chomhdháil bhliantúil a tionóladh sa Bhruiséil i mí an Mheithimh. Ba í an tOmbudsman Eorpach a d’eagraigh an chomhdháil. Tugadh an Líonra ar fad le chéile ag an gcomhdháil agus bhí sí ar oscailt do dhaoine agus eagraíochtaí nach baill iad freisin, amhail bratghrúpaí atá lonnaithe sa Bhruiséil agus iriseoirí. Ghlac 250 duine san iomlán páirt san imeacht an-idirghníomhach sin. Le linn na comhdhála, pléadh le téamaí tráthúla amhail an fhreagairt do ghéarchéim imirce na hEorpa, trédhearcacht sa bhrústocaireacht a chur chun cinn mar riachtanas maidir le dea-riarachán, agus na dúshláin atá ann roimh an smacht ratha. Ag teacht sna sála ar an gcomhdháil, ullmhaíodh an nuachtlitir Network in Focus. Is foilseachán bliantúil ó Líonra Eorpach na nOmbudsman é ina gcumhdaítear na príomhthopaicí a pléadh ag an imeacht. #4

Ag deireadh mhí na Samhna 2016, thaistil an tOmbudsman go Maidrid chun bualadh le Soledad Becerril Bustamante, Ombudsman na Spáinne, agus lena foireann, mar aon le Comhairle Trédhearcachta na Spáinne, le heagraíochtaí sochaí sibhialta, le hionadaithe gnó, le taidhleoirí, le hiriseoirí agus le daoine eile. Cé go bhfaightear ardlíon gearán ón Spáinn de ghnáth, ba é aidhm na cuairte tuilleadh feasachta a ardú sa tír ar na torthaí nithiúla is féidir leis an Ombudsman Eorpach a bhaint amach do shaoránaigh agus gnólachtaí na Spáinne. #20

Ó atheagraíodh Líonra Eorpach na nOmbudsman, tá méadú taifeadta ag an Ombudsman ar an líon ceisteanna ó bhaill den Líonra atá ag iarraidh cúnamh a fháil chun saincheisteanna casta a bhaineann le dlí an Aontais Eorpaigh a léiriú.

Ó atheagraíodh Líonra Eorpach na nOmbudsman, tá méadú taifeadta ag an Ombudsman ar an líon ceisteanna ó bhaill den Líonra atá ag iarraidh cúnamh a fháil chun saincheisteanna casta a bhaineann le dlí an Aontais Eorpaigh a léiriú. Agus nós imeachta ceisteanna níos tapa i bhfeidhm aici, dhéileáil an tOmbudsman le hocht gceist sa bhliain 2016. I measc na saincheisteanna a tarraingíodh anuas bhí aisíocaíocht costas leighis áirithe trasteorann agus íocaíochtaí faoi chistí Eorpacha um fhorbairt talmhaíochta.

An tOmbudsman Eorpach, agus í faoi agallamh le TVE, cainéal teilifíse Spáinneach, i Maidrid.
An tOmbudsman Eorpach, agus í faoi agallamh le TVE, cainéal teilifíse Spáinneach, i Maidrid.

Sa bhliain 2016, ainmníodh an Líonra mar chomhalta de bhrí oifige d’Fhóram Comhairleach na hOifige Tacaíochta Eorpaí do Chúrsaí Tearmainn (EASO). Ba é Ombudsman na Gréige a rinne ionadaíocht don Líonra i bplé an Fhóraim san Aithin i mí na Samhna. Is iad seo a leanas na tionscnaimh is suntasaí ar dóigh go mbeidh Líonra Eorpach na nOmbudsman ag obair orthu sna blianta atá romhainn: páirt a ghlacadh i bhFóram Comhairleach EASO; saineolas ar nósanna imeachta tearmainn a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa le linn di Comhchóras Tearmainn Eorpach nua a ghlacadh; agus ardán comhchoiteann a bhunú ar conas a dhéileálfar le “gearáin a bhaineann le Brexit” ó shaoránaigh an Aontais Eorpaigh a chónaíonn sa Ríocht Aontaithe agus ó shaoránaigh na Ríochta Aontaithe a chónaíonn san Aontas Eorpach. Beidh baint ag an Líonra le nós imeachta gearán nua a bhunú le haghaidh EASO freisin. #21

Caibidil 7 - Láimhseáil laethúil cásanna

An tOmbudsman Eorpach, agus í ag malartú tuairimí le Coiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Dlíthiúla.
An tOmbudsman Eorpach, agus í ag malartú tuairimí le Coiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Dlíthiúla.

Is é cuspóir an Ombudsman Eorpaigh cúnamh a thabhairt do shaoránaigh, do chuideachtaí, do chomhlachais, d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus d’eagraíochtaí eile. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith chomh héasca agus is féidir dóibh rochtain a fháil ar an Ombudsman chun an cúnamh sin a iarraidh. Tar éis di dul i mbun comhairliúchán fairsing le geallsealbhóirí inmheánacha agus seachtracha araon, thug an tOmbudsman a nósanna imeachta um láimhseáil cásanna cothrom le dáta sa bhliain 2016. Bhí an obair sin mar chuid den straitéis atá ar bun chun fiosrúcháin a dhéanamh níos éifeachtaí agus chun tionchar níos mó a imirt ar thuilleadh saoránach.

Cuireann an tOmbudsman béim ar fhiosrúcháin atá chun leas an phobail a sheoladh freisin. Seolann sí mórfhiosrúcháin straitéiseacha nuair a mheasann sí go bhfuil forais ann chun déanamh amhlaidh. Mar sin féin, is le cásanna gearánbhunaithe a bhaineann formhór a cuid oibre go fóill.

Mar gheall ar na forálacha cur chun feidhme nua ón Ombudsman, is éifeachtúla agus is éifeachtaí fós atá an nós imeachta do dhaoine atá ag iarraidh cabhrach.

Mar gheall ar na forálacha cur chun feidhme nua ón Ombudsman, is éifeachtúla agus is éifeachtaí fós atá an nós imeachta do dhaoine atá ag iarraidh cabhrach. Trí chur chuige níos solúbtha a thabhairt isteach i leith gearáin a láimhseáil, tá sé mar aidhm leis an nós imeachta nua a chinntiú go nglacfar cur chuige níos ciallmhaire agus níos dírithe ar thorthaí i leith fiosrúchán.

Caibidil 8 - Cineál agus foinse na ngearán

8.1 Forbhreathnú ar ghearáin agus ar fhiosrúcháin straitéiseacha

Comhairle, gearáin agus fiosrúcháin sa bhliain 2016

Comhairle, gearáin agus fiosrúcháin sa bhliain 2016

Tá an tOmbudsman Eorpach ag obair ar a nósanna imeachta oibre a fheabhsú chun iad a dhéanamh níos éifeachtaí agus chun go n-imreofar leo tionchar níos mó ar thuilleadh saoránach. Chuige sin, thug sí nós imeachta cuíchóirithe nua um láimhseáil cásanna isteach sa bhliain 2016, rud lena n-éascaítear cur chuige níos solúbtha agus níos pragmataí i leith fiosrúchán. Ina theannta sin, agus faoi mar a tharla san am atá thart, is féidir déileáil le cásanna gearánbhunaithe lena bpléitear le hábhar comhchosúil ar bhonn comhchoiteann trí fhiosrúcháin straitéiseacha a dhéanamh. Sampla den chur chuige sin is ea an fiosrúchán ar ról na gcomhairleoirí speisialta a mbaineann an Coimisiún Eorpach úsáid astu. Is beag amhras gurbh amhlaidh, mar gheall ar an gcur chuige réamhghníomhach straitéiseach sin, gur éirigh linn teacht roimh ghearáin aonair eile sula ndearnadh iad.

Obair straitéiseach sa bhliain 2016

Obair straitéiseach sa bhliain 2016

Tír thionscnaimh na ngearán a chláraigh an tOmbudsman Eorpach agus tír thionscnaimh na bhfiosrúchán a d’oscail sí sa bhliain 2016

8.2 Gearáin nach dtagann faoi shainordú an Ombudsman

Faigheann an tOmbudsman Eorpach a lán gearán faoi shaincheisteanna nach dtagann faoina sainordú. I bhformhór na gcásanna, tarlaíonn sé sin toisc nach le hinstitiúid ná comhlacht AE a bhaineann na gearáin. Fiú amháin i gcás go bhfuil institiúidí AE i gceist, ní thagann faoi shainordú an Ombudsman gearáin lena mbaineann saincheisteanna polaitiúla amháin amhail reachtaíocht nó gníomhaíocht bhreithiúnach na Cúirte.

Ós rud é nach bhfuil gearáin den sórt sin mar chuid de chroí-obair an Ombudsman, ní thaifeadann an oifig ach méid beag faisnéise fúthu. Is in aghaidh comhlachtaí poiblí náisiúnta, cúirteanna náisiúnta nó idirnáisiúnta agus eintitis phríobháideacha éagsúla a dhéantar formhór na ngearán sin. Uaireanta, bíonn gearáin bunaithe ar an míthuiscint gur féidir cinntí ó oifigí ombudsman náisiúnta a achomharc chuig an Ombudsman Eorpach. Cuimsítear raon leathan réimsí sna gearáin. I measc na dtéamaí a thagann chun cinn go minic tá cosaint tomhaltóirí, cánachas, slándáil shóisialta agus cúram sláinte. Tá a lán saincheisteanna a bhaineann leis na bainc ag teacht chun cinn le blianta beaga anuas freisin.

Is ar bhealach an-chúramach a láimhseálann an oifig gearáin nach dtagann faoina sainordú. Nuair is féidir, cuireann sí comhairle ar fáil ina leith nó cuireann sí iad ar aghaidh chuig comhlachtaí eile a d’fhéadfadh déileáil leo.

Is go han-chúramach a láimhseálann an oifig na gearáin a fhaigheann sí. Nuair is féidir, cuireann sí comhairle ar fáil ina leith nó cuireann sí iad ar aghaidh chuig comhlachtaí eile a bhféadfadh déileáil leo. I gcás gearáin ina gcuirtear míshástacht le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh in iúl, is gnách go molann an tOmbudsman don ghearánach dul i dteagmháil le Parlaimint na hEorpa. I gcás saincheisteanna casta cur chun feidhme, moltar do ghearánaigh dul i dteagmháil leis an gCoimisiún Eorpach nó le gréasáin AE amhail an Gréasán um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach (SOLVIT) nó An Eoraip Agatsa — Comhairle. Atreoraítear an gearánach chuig ombudsman náisiúnta ó am go ham freisin. Is iad seo a leanas samplaí de chásanna den sórt sin sa bhliain 2016: atreoraíodh chuig Ombudsman na Portaingéile gearán maidir le cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le truailliú torainn; atreoraíodh chuig Ombudsman Feidearálach na Beilge gearán maidir le saincheisteanna pinsin; agus atreoraíodh chuig Ombudsman na Polainne agus Ombudsman na Rómáine gearáin maidir le dálaí príosúin.

Déanann an oifig iarracht líon na gcásanna nach dtagann faoi shainchúram an Ombudsman a laghdú. Déantar amhlaidh chun a chinntiú nach mbeidh díomá ar shaoránaigh toisc nach féidir leis an Ombudsman cabhrú leo go díreach. Laghdaíodh líon na gcásanna den sórt sin go 1 169 gcás sa bhliain 2016 (1 239 gcás sa bhliain roimhe), figiúr a bhí ar an líon ab ísle riamh. Baineadh an toradh sin amach go príomha mar gheall ar an gcumarsáid éifeachtach a rinneadh maidir le hobair na hoifige agus mar gheall ar an Treoir Idirghníomhach atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman.

Líon na ngearán 2003-2016

Caibidil 9 - Cé hiad na comhlachtaí a ndearnadh gearáin ina n-aghaidh?

Ba leis na hinstitiúidí seo a leanas a bhain na fiosrúcháin a sheol an tOmbudsman Eorpach sa bhliain 2016

Caibidil 10 - Cad iad na hábhair a ndearnadh gearán fúthu?

Ábhar na bhfiosrúchán a dhún an tOmbudsman Eorpach sa bhliain 2016

Caibidil 11 - Torthaí a baineadh amach

An gníomh a rinne an tOmbudsman Eorpach de bhun gearáin a fuarthas sa bhliain 2016

Fiosrúcháin inar aimsigh an tOmbudsman Eorpach drochriarachán sa bhliain 2016

Athrú ar líon na bhfiosrúchán a rinne an tOmbudsman Eorpach

Torthaí na bhfiosrúchán a dhún an tOmbudsman Eorpach sa bhliain 2016

Fad na bhfiosrúchán ar chásanna a dhún an tOmbudsman Eorpach sa bhliain 2016

Caibidil 12 - Comhlíonadh thograí an Ombudsman

Comhlíonadh thograí an Ombudsman Eorpaigh sa bhliain 2015

Le 5 bliana anuas, tá an tOmbudsman ag foilsiú cuntas cuimsitheach bliantúil ar an dóigh ar fhreagair institiúidí an Aontais Eorpaigh do thograí an Ombudsman chun feabhas a chur ar riarachán an Aontais. Is mar réitigh, mar mholtaí agus mar thuairimí criticiúla agus breise a chuirtear na tograí sin in iúl. Is critéar tábhachtach é an ráta comhlíonta chun tionchar agus ábharthacht obair an Ombudsman a thomhas.

Léirítear sa tuarascáil Cúrsaí a chur ina gceart? — Freagairt institiúidí AE don Ombudsman sa bhliain 2015, gur chomhlíon institiúidí AE tograí an Ombudsman in 83 % de chásanna, figiúr a bhí ar an dara ráta ab airde go dtí seo. De na 18 n-institiúid a scrúdaíodh, bhain 12 cheann scór 100 % amach. Mar institiúid atá freagrach as an sciar is mó de na fiosrúcháin a sheolann an tOmbudsman, bhain an Coimisiún Eorpach scór 82 % amach. Mar a léirítear sa tuarascáil, is mór an éagsúlacht atá ann idir rátaí comhlíonta na n-institiúidí — ó 100 % i gcásanna áirithe go 33 % sa chás is measa. Mar shampla, d’éirigh le Parlaimint na hEorpa, le Frontex agus leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán ráta comhlíonta 100 % a bhaint amach.

Cuirfear an tuarascáil don bhliain 2016 ar fáil ag deireadh na bliana 2017.

Caibidil 13 - Acmhainní

13.1 An Buiséad

Cuid neamhspleách de bhuiséad an Aontais Eorpaigh is ea buiséad an Ombudsman. Tá buiséad an Ombudsman roinnte ina thrí theideal. Cuimsítear faoi Theideal 1 tuarastail, liúntais agus caiteachas eile a bhaineann leis an bhfoireann. Cuimsítear faoi Theideal 2 foirgnimh, troscán, trealamh agus caiteachas ilchineálach oibriúcháin. Cuimsítear faoi Theideal 3 an caiteachas a éiríonn as na feidhmeanna ginearálta a chomhlíonann an institiúid. Sa bhliain 2016, b’ionann leithreasuithe buiséadaithe agus €10 658 951.

D’fhonn bainistíocht éifeachtach acmhainní a áirithiú, déanann iniúchóir inmheánach an Ombudsman seiceáil rialta ar chórais rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide agus ar na hoibríochtaí airgeadais a chuireann an oifig i gcrích. Amhail i gcás institiúidí eile AE, déanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchadh ar institiúid an Ombudsman chomh maith.

Foireann an Ombudsman Eorpaigh
Foireann an Ombudsman Eorpaigh

13.2 Úsáid acmhainní

Glacann an tOmbudsman Plean Bliantúil Bainistíochta gach bliain. Sainaithnítear sa Phlean na gníomhartha nithiúla ar gá don oifig iad a dhéanamh chun spriocanna agus tosaíochtaí na hinstitiúide a chur chun feidhme. Tá an Plean Bliantúil Bainistíochta don bhliain 2016 ar an dara ceann a ullmhaíodh faoin Straitéis “I dTreo na Bliana 2019” ón Ombudsman Eorpach.

Tá foireann ardcháilithe ilteangach ag an institiúid. Cinntíonn sé sin gur féidir léi déileáil le gearáin maidir le drochriarachán i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus feasacht a ardú ar obair an Ombudsman. Bhí 75 dhuine ag obair in oifig an Ombudsman sa bhliain 2016.

Is ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman atá liosta de na baill foirne uile, rud a nuashonraítear go rialta. Tá faisnéis mhionsonraithe ann freisin faoi struchtúr oifig an Ombudsman agus faoi na cúraimí a chuireann gach rannóg i gcrích.

Conas dul i dteagmháil leis an Ombudsman Eorpach

Trí phost

An tOmbudsman Eorpach
1 avenue du Président Robert Schuman
CS 30403
F - 67001 Strasbourg Cedex

Ar an nguthán

+33 (0)3 88172313

Trí ríomhphost

eo@ombudsman.europa.eu

Ar líne