# Caighdeáin eitice i riarachán an Aontais
- Údar: Ombudsman Eorpach
- Dáta: 2026-09-14T00:00+02:00[Europe/Paris]
- [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/document/ga/192420)
---
Tá sraith rialacha eitice ag institiúidí an Aontais atá ceaptha chun sláine an riaracháin a chosaint agus chun a áirithiú go bhfreastalaíonn státseirbhísigh neamhspleácha chuntasacha ar shaoránaigh. Cuidíonn an tOmbudsman Eorpach le faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear na rialacha sin chun feidhme agus ar an áit ar gá feabhas a chur orthu. Thar na blianta, tá caighdeáin eitice níos láidre i riarachán AE mar thoradh ar obair an Ombudsman.