# Foilsiú faisnéise comhshaoil ag bainc – staidéar arna choimisiúnú ag EPRS - Údar: Ombudsman Eorpach - Dáta: 2024-05-31T00:00+02:00[Europe/Paris] - [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/document/ga/192270) - [PDF](https://www.ombudsman.europa.eu/pdf/ga/192270) --- Scrúdaítear sa staidéar seo cleachtais réamhghníomhacha foilsithe ceithre bhanc cur chun cinn agus forbartha --- an Banc Domhanda, Banc Forbartha na hÁise, an Kreditanstalt für Wiederaufbau, agus Banco Português de Fomento --- maidir le faisnéis chomhshaoil a bhaineann leis na tionscadail a mhaoiníonn siad. I measc na n-ábhar a chumhdaítear leis an staidéar tá an fhaisnéis a fhoilsíonn na bainc agus conas a fhoilsíonn siad í, an ról atá ag tionscnóirí tionscadail agus ag comhpháirtithe eile, an bunús dlí le foilsiú, agus athruithe pleanáilte ar chleachtais foilseacháin. Rinne Ard-Stiúrthóireacht Pharlaimint na hEorpa um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh (EPRS) an staidéar a choimisiúnú ar iarraidh ón Ombudsman Eorpach mar obair leantach ar [fhiosrúchán](/ga/case/ga/57278) maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil do thionscadail arna maoiniú ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI). Ba é an tOmbudsman a mhaoinigh an staidéar agus ba é LE Europe a rinne é.