# Bhuaigh an tionscnamh doiciméadaithe coireanna cogaidh Gradam an Ombudsman don Dea-Riarachán - Údar: Ombudsman Eorpach - Dáta: 2023-06-28T00:00+02:00[Europe/Paris] - [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/press-release/ga/171613) --- Bhuaigh Eurojust agus Oifig Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta [Gradam an Ombudsman Eorpaigh um Dhea-Riarachán](/ga/event/ga/1493)2023 as cabhrú leis an tsochaí shibhialta coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna a dhoiciméadú. Tugann na Treoirlínte maidir le Coireanna Idirnáisiúnta agus Sáruithe ar Chearta an Duine a Dhoiciméadú chun Críocha Cuntasachta Coiriúla comhairle maidir le bailiú agus caomhnú faisnéise ionas gur féidir í a úsáid mar fhianaise inghlactha sa chúirt. 'Tugtar*ceartas d'íospartaigh trí dhéantóirí coireanna cogaidh agus sáruithe ar chearta an duine a choinneáil cuntasach agus d'fhéadfadh éifeacht dhíspreagthach a bheith aige sin i gcoinbhleachtaí amach anseo. Is léir ón stair a dheacra atá sé coireanna den sórt sin a ionchúiseamh, agus is é sin an fáth a bhfuil sé ríthábhachtach bealaí éifeachtacha a aimsiú chun fianaise a bhailiú agus a chaomhnú.'* Ag labhairt dó go ginearálta faoi cháilíocht na n-aighneachtaí don Ghradam don Dea-Riarachán, dúirt an tOmbudsman: "Léiríodh*arís eile le hainmniúcháin na bliana seo cáilíocht eisceachtúil obair institiúidí an Aontais, ó thionscnaimh inmheánacha go riarachán níos éifeachtúla a chruthú go dul i ngleic le príomh-shaincheisteanna a dhéanann difear don Eoraip agus don domhan mór.*" |--------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------| | [](https://youtube.com/shorts/NUwRbJmheGI "Video clip for the overall winner") | Cúlra ----- Leis an nGradam, aithnítear gníomhaíochtaí de chuid riarachán poiblí an Aontais a bhfuil tionchar dearfach infheicthe agus díreach acu ar shaol na saoránach. Bronnadh duaiseanna i gcúig chatagóir freisin -- lena n-áirítear barr feabhais san éagsúlacht agus sa chuimsiú, agus barr feabhais sa riarachán oscailte. Thug an tOmbudsman an gradam isteach in 2017 chun aitheantas a thabhairt do shármhaitheas i seirbhís phoiblí an AE agus chun comhroinnt dea-smaointe agus dea-chleachtais a spreagadh. Is é seo an ceathrú heagrán den duais. Rinne bord comhairleach neamhspleách measúnú ar na hainmniúcháin agus roghnaigh an tOmbudsman na buaiteoirí. Liosta de bhuaiteoirí na gcatagóirí ----------------------------------- ### Buaiteoir sa chatagóir seachadta atá dírithe ar shaoránaigh Cuidiú leis an tsochaí shibhialta croíchoireanna idirnáisiúnta a dhoiciméadú - Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta |-------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------| | [](https://youtube.com/shorts/R0g74wgf82A "Video clip for the winner in citizen-oriented delivery category") | ### Buaiteoir sa chatagóir cumarsáide Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin á léiriú - AS COMM, an Coimisiún Eorpach |------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------| | [](https://youtube.com/shorts/NJsU_fWgUz8 "Video clip for the winner in communications category") | ### Buaiteoir sa chatagóir éagsúlachta agus cuimsithe Clár Gníomhaíochta Dearfaí d'oiliúnaithe faoi mhíchumas - Comhairle an Aontais Eorpaigh |-------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------| | [](https://youtube.com/shorts/35B39m-ZkGo "Video clip for the winner in diversity and inclusion category") | ### Buaiteoir sa chatagóir nuálaíochta Deimhniú Digiteach COVID an Aontais -- AS JUST, AS CNECT, AS SANTE, an Coimisiún Eorpach |---------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------| | [](https://youtube.com/shorts/N_LNsz2fCl8 "Video clip for the winner in innovation category") | ### Buaiteoir sa chatagóir riaracháin oscailte Kohesio: Faigh amach faoi thionscadail de chuid an Aontais i do réigiún féin - AS REGIO, an Coimisiún Eorpach |-------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------| | [](https://youtube.com/shorts/xbM3RspzDD0 "Video clip of the winner in open administration category") | ### Gradam Speisialta Ag obair le leanaí chun straitéis nua de chuid an Aontais maidir le cearta an linbh a chur i dtoll a chéile - AS JUST, an Coimisiún Eorpach |-----------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------| | [](https://youtube.com/shorts/TVrbF6z-CYc "Video clip of the special Award") | ### An chuid is mó tóir ag an bpobal Cistí téarnaimh an Aontais ón gcoireacht eagraithe agus ó chalaoiseoirí a chosaint - Europol i gcomhar le *Polizia di Stato (an Iodáil)* |-----------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------| | [](https://youtube.com/shorts/32cSyCSAuL0 "Video clip of the most popular with the public") | Tionscadail ghearrliostaithe i ngach catagóir --------------------------------------------- ### Seachadadh atá dírithe ar shaoránaigh * Faireachán sibhialta a chur chun cinn le haghaidh fhorfheidhmiú comhshaoil an Aontais - an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, an Coimisiún Eorpach * Falscaithe a chomhrac san Eoraip - AS ECHO, an Coimisiún Eorpach * Cuidiú leis an tsochaí shibhialta croíchoireanna idirnáisiúnta a dhoiciméadú - Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta * Ardán ar líne don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa - AS COMM, an Coimisiún Eorpach ### Cumarsáid * Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin á léiriú - AS COMM, an Coimisiún Eorpach * Cuidiú le saoránaigh an Aontais beartas airgeadaíochta a thuiscint tráth an bhoilscithe aird - An Banc Ceannais Eorpach * Cumarsáid hibrideach a bharrfheabhsú i bParlaimint na hEorpa - Parlaimint na hEorpa * Cuairteanna fíorúla ranga ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh - Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ### Éagsúlacht agus cuimsiú * Éiríonn DiscoverEU níos cuimsithí - AS EAC, an Coimisiún Eorpach * Clár Gníomhaíochta Dearfaí d'oiliúnaithe faoi mhíchumas - Comhairle an Aontais Eorpaigh * Suirbhé 2021 maidir le hÉagsúlacht agus Cuimsiú - An Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí * Cuidiú le baill foirne faoi mhíchumas teacht ar thoscaireachtaí inrochtana de chuid an Aontais - an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí ### Nuálaíocht * Cearta príobháideachais agus cosanta sonraí a chothú trí ardáin mhalartacha meán sóisialta - An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí * Deimhniú Digiteach COVID an Aontais -- AS JUST, AS CNECT, agus AS SANTE, an Coimisiún Eorpach * An rómhaorlathas a laghdú i nósanna imeachta riaracháin trasteorann - Ard-Stiúrthóireachtaí GROW agus DIGIT, an Coimisiún Eorpach * Feabhas a chur ar an treoir maidir le cóireáil agus básmhaireacht a laghdú do dhaoine a úsáideann ópóidigh - An Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí ### Riarachán oscailte * Bainistiú tionscadal níos fearr a spreagadh i riaracháin phoiblí - AS DIGIT, an Coimisiún Eorpach * An norm a dhéanamh de tháirgí inbhuanaithe - Ard-Stiúrthóireachtaí ENV, GROW, agus ENER, an Coimisiún Eorpach * Kohesio: Faigh amach faoi thionscadail de chuid an Aontais i do réigiún féin - AS REGIO, an Coimisiún Eorpach * Saotharlanna a chomhroinnt chun barr feabhais agus nuálaíocht a spreagadh - An tAirmheán Comhpháirteach Taighde, an Coimisiún Eorpach