# Incháilitheacht costas i bhforghníomhú conarthaí - Údar: Ombudsman Eorpach - Dáta: 2012-06-21T00:00+02:00[Europe/Paris] - [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/opening-summary/ga/11675) --- Líomha(i)r ---------- 1) Trí chinneadh a dhéanamh gan na costais a thabhaigh an gearánach i bhforghníomhú chonradh uimh. 2008/169754 a aisíoc, ar costais iad nár tuairiscíodh i gceart sa bhuiséad mar thoradh ar earráid chléireachais, theip ar an gCoimisiún gníomhú i gcomhréir le prionsabail an dea-riaracháin. 2)Trí chinneadh a dhéanamh gan costais arna dtabhú ag an ngearánach a aisíoc as tras-scríbhinn imeachtaí Fhóram na Liobáine um Thalmhaíocht a ullmhú agus as an doiciméad seo a aistriú (conradh uimh. 2008/172130), níor ghníomhaigh an Coimisiún i gcomhréir le prionsabail an dea-riaracháin, agus go háirithe le prionsabail na comhréireachta agus na n-ionchas dlisteanach. Éileamh/Éilimh -------------- 1) Ba cheart don Choimisiún EUR 31.488,97 a aisíoc leis an ngearánach mar chostais arna dtabhú i bhforghníomhú chonradh uimh. 2008/169754. 2)Ba cheart don Choimisiún EUR 21.5189,20 a aisíoc leis an ngearánach mar chostais arna dtabhú chun tras-scríbhinn na n-imeachtaí a bhaineann le conradh Uimh. 2008/172130 a ullmhú agus chun an tras-scríbhinn sin a aistriú.