# An tOmbudsman ag déanamh anailíse ar fhreagra an Choimisiúin i bhfiosrúchán a bhaineann le pacáiste omnibus de bhearta simpliúcháin - Údar: Ombudsman Eorpach - Dáta: 2025-09-12T00:00+02:00[Europe/Paris] - [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/news-document/ga/211340) --- Fuair an tOmbudsman Eorpach [freagra](https://www.ombudsman.europa.eu/en/doc/correspondence/en/211281)an Choimisiúin Eorpaigh san fhiosrúchán ar an gcaoi ar ullmhaigh sé togra reachtach mar chuid dá phacáiste omnibus de bhearta simpliúcháin. I mí Iúil, d'iarr an tOmbudsman ar an gCoimisiún mínithe mionsonraithe a thabhairt ar an bhfáth nach ndearnadh sraith céimeanna nós imeachta - dá bhforáiltear faoi rialacha inmheánacha - a chur i gcrích. A luaithe a bheidh an anailís ar fhreagra an Choimisiúin curtha i gcrích, glacfaidh an tOmbudsman na chéad chéimeanna eile san fhiosrúchán.