An bhfuil gearán agat in aghaidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh?

Reacht

RIALACHÁN (AE, Euratom) 2021/1163 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 228(4) de,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a(1) de,

Tar éis di an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don toiliú ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh (1),

Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún Eorpach (2),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman a leagan síos i gcomhréir le forálacha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 20(2), pointe (d), agus Airteagal 228 de, an Chonartha lena mbunaítear an Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”).

(2)

Rinneadh Cinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa (3) a leasú go deireanach in 2008. Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin an 1 Nollaig 2009, ba cheart Cinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom, a aisghairm agus Rialachán arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 228(4) CFAE a chur ina ionad.

(3)

Aithnítear in Airteagal 41 den Chairt go bhfuil an ceart chun dea-riaracháin ina cheart bunúsach ag saoránaigh an Aontais. In Airteagal 43 den Chairt, aithnítear an ceart chun cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais a tharchur chuig an Ombudsman Eorpach. Chun a áirithiú go mbeadh na cearta sin éifeachtach agus chun cur le hacmhainneacht an Ombudsman fiosrúcháin chríochnúla agus neamhchlaonta a sheoladh, atá mar bhonn agus mar thaca ag neamhspleáchas an Ombudsman, ba cheart go soláthrófaí dó nó di gach uirlis is gá chun na dualgais dá dtagraítear sna Conarthaí agus sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(4)

Ba cheart go mbeadh bunú na gcoinníollacha faoina bhféadfar gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman i gcomhréir le prionsabal na rochtana iomláine, saoire agus éasca, ag féachaint go cuí do na srianta sonracha arna n-eascairt as imeachtaí dlí agus riaracháin.

(5)

Ba cheart go dtabharfadh an tOmbudsman aird chuí ar inniúlachtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais is ábhar dá fhiosrúcháin nó dá fiosrúcháin.

(6)

Is gá go leagfaí síos na nósanna imeachta a bheidh le leanúint i gcás ina nochtfaidh fiosrúcháin an Ombudsman cásanna drochriaracháin. Ba cheart don Ombudsman tuarascáil chuimsitheach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa ag deireadh gach seisiúin bhliantúil. Ba cheart go mbeadh an tOmbudsman i dteideal measúnú ar chomhlíonadh na moltaí arna ndéanamh a áireamh sa tuarascáil bhliantúil sin freisin.

(7)

Chun ról an Ombudsman a neartú agus chun dea-chleachtais riaracháin laistigh d’institiúidí, de chomhlachtaí, d’oifigí agus de ghníomhaireachtaí an Aontais a chur chun cinn, is inmhianta a lamháil don Ombudsman, gan dochar dá phríomhdhualgas nó dá príomhdhualgas, ar a bhfuil sé mar chúram déileáil le gearáin, fiosrúcháin fhéintionscnaimh a dhéanamh aon uair a aimsíonn sé nó sí forais, go háirithe i gcásanna leanúnacha, sistéamacha nó fíorthromchúiseacha drochriaracháin.

(8)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), mar a chomhlánaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), maidir le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid an Ombudsman, diomaite díobh sin a fhaightear le linn fiosrúcháin, ar ina leith ba cheart d’institiúid, do chomhlacht, d’oifig nó do ghníomhaireacht tionscnaimh an Aontais déileáil le hiarrataí.

(9)

Ba cheart rochtain a bheith ag an Ombudsman ar na nithe go léir atá riachtanach i gcomhair chomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas. Chuige sin, ba cheart d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais aon fhaisnéis a iarrann an tOmbudsman le haghaidh fiosrúcháin a sholáthar dó nó di. I gcás inar ghá, chun dualgais an Ombudsman a fheidhmiú, faisnéis rúnaicmithe atá i seilbh institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais nó i seilbh údaráis inniúla na mBallstát a sholáthar don Ombudsman, ba cheart go mbeadh an tOmbudsman in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin, faoi réir a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha maidir lena chosaint.

(10)

Ba cheart go mbeidh oibleagáid ar an Ombudsman agus ar a fhoireann nó ar a foireann déileáil faoi rún le haon fhaisnéis a gheobhaidh le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh, gan dochar don oibleagáid atá ar an Ombudsman údaráis inniúla na mBallstát a chur ar an eolas faoi fhíorais a bhféadfadh baint a bheith acu le cionta coiriúla agus a thiocfaidh ar a aire nó ar a haire le linn fiosrúcháin. Ba cheart an tOmbudsman a bheith in ann an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais a chur ar an eolas freisin faoi na fíorais a chaitheann amhras ar iompar duine dá bhfoireann. Maidir leis an oibleagáid atá ar an Ombudsman déileáil faoi rún le haon fhaisnéis a gheofar le linn dó nó di a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh, ba cheart í a thuiscint gan dochar d’oibleagáid an Ombudsman a chuid oibre nó a cuid oibre a dhéanamh ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir de bhun Airteagal 15(1) CFAE. Go háirithe, chun a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh go cuí agus chun tacú lena thátal nó lena tátal, ba cheart go mbeadh an tOmbudsman in ann tagairt a dhéanamh ina thuarascálacha nó ina tuarascálacha d’aon fhaisnéis atá inrochtana ag an bpobal.

(11)

I gcás inar gá sin chun a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh go héifeachtach, ba cheart deis a bheith ag an Ombudsman oibriú i gcomhar le húdaráis na mBallstát, agus faisnéis a mhalartú leo, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus dlí an Aontais is infheidhme, agus le hinstitiúidí, le comhlachtaí, le hoifigí nó le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

(12)

Ba cheart Parlaimint na hEorpa an tOmbudsman a thoghadh ag tús an téarma pharlaimintigh agus go ceann an téarma sin, agus an tOmbudsman a roghnú as measc daoine ar saoránaigh den Aontas iad agus a thugann gach ráthaíocht riachtanach neamhspleáchais agus inniúlachta. Ba cheart coinníollacha ginearálta a leagan síos freisin inter alia a bhaineann le scor dhualgais an Ombudsman, duine a cheapadh in ionad an Ombudsman, neamh-chomhoiriúnachtaí, luach saothair an Ombudsman agus pribhléidí agus díolúintí an Ombudsman.

(13)

Ba cheart a shonrú gur cheart gurb í ceanncheathrú Pharlaimint na hEorpa ceanncheathrú an Ombudsman mar a chinntear leis an Airteagal Aonair, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 6 maidir le suíomh cheanncheathrúna na n-institiúidí agus maidir le suíomh ceanncheathrúna comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus ranna áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh, i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach ("Prótacal Uimh. 6”).

(14)

Ba cheart don Ombudsman paireacht inscne a bhaint amach laistigh de chomhdhéanamh a rúnaíochta, ag féachaint go cuí d’Airteagal 1d(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom CECG) Uimh. 259/68 ón gComhairle (6) (“na Rialacháin Foirne”).

(15)

Is faoin Ombudsman atá sé na forálacha cur chun feidhme don Rialachán seo a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún Eorpach. In éagmais tuairim ó na hinstitiúidí sin laistigh den tréimhse ama arna socrú go réasúnach ag an Ombudsman roimh ré, is féidir leis nó léi na forálacha cur chun feidhme lena mbaineann a ghlacadh. Chun cinnteacht dhlíthiúil agus na caighdeáin is airde ó thaobh chomhlíonadh dhualgais an Ombudsman de a ráthú, ba cheart inneachar íosta na bhforálacha cur chun feidhme a bheidh le glacadh a bhunú sa Rialachán seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 - Ábhar agus prionsabail

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh).

2.   Beidh an tOmbudsman neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna agus gníomhóidh sé nó sí gan aon údarás roimh ré.

3.   Cuideoidh an tOmbudsman le drochriarachán a nochtadh i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, cé is moite de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus í ag gníomhú ina ról breithiúnach, ag féachaint go cuí d’Airteagal 20(2), pointe (d), agus Airteagal 228 CFAE agus Airteagal 41 den Chairt maidir leis an gceart chun dea-riaracháin.

Ní fhéadfaidh aon ghníomh a dhéanann aon údarás nó duine eile a bheith ina ábhar gearáin don Ombudsman.

4.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an tOmbudsman moltaí, tograí réitigh agus moltaí le haghaidh feabhais chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist.

5.   I gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas, ní fhéadfaidh an tOmbudsman amhras a chaitheamh ar a fhónta atá rialú cúirte ná ar inniúlacht cúirte chun rialú a eisiúint.

Airteagal 2 - Gearáin

1.   Féadfaidh aon saoránach den Aontas nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar a bhfuil cónaí i mBallstát, nó ag a bhfuil a oifig chláraithe i mBallstát, gearán a thaisceadh leis an Ombudsman, go díreach nó trí fheisire de Pharlaimint na hEorpa, maidir le cás drochriaracháin.

2.   Déanfaidh gearán tagairt shoiléir d’údar an ghearáin agus do chéannacht an ghearánaigh. Féadfaidh gearánach a iarraidh go ndéanfaí an gearán, nó codanna den ghearán, a choinneáil faoi rún.

3.   Déanfar gearán a thaisceadh laistigh de 2 bhliain ón dáta a tháinig na fíorais ar a bhfuil an gearán bunaithe ar aire an ghearánaigh. Sula ndéanfar an gearán a thaisceadh, rachaidh an gearánach i dteagmháil ar an mbealach oiriúnach riaracháin leis an institiúid, leis an gcomhlacht, leis an oifig nó leis an ngníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais.

4.   Déanfaidh an tOmbudsman gearán a dhíbhe toisc é a bheith neamh-inghlactha má tá sé lasmuigh de shainordú an Ombudsman nó mura bhfuil na ceanglais nós imeachta a leagtar síos i míreanna 2 agus 3 á gcomhlíonadh. I gcás gearán a bheith lasmuigh de shainordú an Ombudsman, féadfaidh sé nó sí a rá leis an ngearánach é a chur faoi bhráid údarás eile.

5.   Má chinneann an tOmbudsman gur follasach go bhfuil an gearán gan bhunús, dúnfaidh sé nó sí an comhad agus cuirfidh sé an gearánach ar an eolas faoin gcinneadh sin. I gcás inar chuir an gearánach an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais ar an eolas faoina ghearán, cuirfidh an tOmbudsman an t-údarás lena mbaineann ar an eolas faoi freisin.

6.   Maidir le gearáin a bhaineann le caidreamh fostaíochta idir institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus a bhfoireann, ní bheidh siad inghlactha ach amháin má tá na nósanna imeachta riaracháin inmheánacha uile ídithe ag an duine lena mbaineann, go háirithe iadsan dá dtagraítear in Airteagal 90 de na Rialacháin Foirne, agus má tá cinneadh déanta ag údarás inniúil na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta lena mbaineann de chuid an Aontais nó má tá na teorainneacha ama dá fhreagra imithe in éag. Ina theannta sin, beidh an tOmbudsman i dteideal fíorú a dhéanamh ar na bearta arna nglacadh ag údarás inniúil na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta lena mbaineann de chuid Aontais chun cosaint daoine ar ina leith a líomhnaítear gur íospartaigh ciaptha iad a áirithiú agus chun timpeallacht oibre shláintiúil agus shábháilte a athbhunú agus fós dínit na ndaoine lena mbaineann a urramú agus fiosrúchán riaracháin ar bun, ar choinníoll go bhfuil na nósanna imeachta riaracháin inmheánacha maidir leis na bearta sin ídithe ag na daoine lena mbaineann.

7.   Déanfaidh an tOmbudsman an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais a chur ar an eolas a luaithe a bheidh sé dearbhaithe go bhfuil gearán arna chlárú aige nó aici ina ghearán inghlactha agus go mbeidh cinneadh déanta aige nó aici fiosrúchán a oscailt.

8.   Ní dhéanfaidh gearáin a thaiscfear leis an Ombudsman difear do theorainneacha ama maidir le hachomhairc in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha.

9.   Nuair nach mór don Ombudsman, mar gheall ar imeachtaí dlíthiúla atá ar siúl nó atá críochnaithe agus a bhaineann leis na fíorais atá curtha chun cinn, a dhearbhú nach bhfuil gearán inghlactha nó ina gcinneann sé breithniú an ghearáin a fhoirceannadh, déanfar toradh aon fhiosrúcháin atá déanta ag an Ombudsman go dtí sin a chomhdú agus dúnfar an comhad.

10.   Cuirfidh an tOmbudsman an gearánach ar an eolas a luaithe is féidir faoin ngníomhaíocht a rinneadh i leith an ghearáin agus, a mhéid is féidir, lorgóidh sé nó sí réiteach leis an institiúid, leis an gcomhlacht, leis an oifig nó leis an ngníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais chun deireadh a chur leis an gcás drochriaracháin. Cuirfidh an tOmbudsman an gearánach ar an eolas faoin réiteach arna mholadh agus freisin faoi aon bharúlacha, más ann dóibh, ón institiúid, ón gcomhlacht, ón oifig nó ón ngníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais. Féadfaidh an gearánach barúlacha a chur isteach nó, uair ar bith tuilleadh faisnéise a sholáthar, ar faisnéis í nach raibh ar eolas tráth a cuireadh an gearán isteach.

I gcás ina n-aimsítear réiteach ar ghlac an gearánach agus ag an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais leis, féadfaidh an tOmbudsman an comhad a dhúnadh gan an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 4 a shaothrú.

Airteagal 3 - Fiosrúcháin

1.   I gcomhréir lena dhualgais nó lena dualgais, déanfaidh an tOmbudsman fiosrúcháin ar ina leith a aimseoidh sé nó sí forais, ar a thionscnamh féin nó ar a tionscnamh féin nó de dhroim gearáin.

2.   Déanfaidh an tOmbudsman an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais a chur ar an eolas gan moill mhíchuí faoi na fiosrúcháin sin. Gan dochar d’Airteagal 5, féadfaidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais, ar a thionscnamh féin nó ar a tionscnamh féin, nó arna iarraidh sin ag an Ombudsman, aon bharúil nó fianaise úsáideach a thíolacadh.

3.   Féadfaidh an tOmbudsman fiosrúcháin fhéintionscnaimh a dhéanamh aon uair a aimsíonn sé nó sí forais, go háirithe i gcásanna de dhrochriarachán leanúnach, córasach nó fíorthromchúiseach chun aghaidh a thabhairt ar na cásanna sin mar shaincheist a bhaineann le leas an phobail. I gcomhthéacs na bhfiosrúchán sin, féadfaidh sé nó sí freisin tograí agus tionscnaimh a dhéanamh chun dea-chleachtais riaracháin a chur chun cinn in institiúidí, i gcomhlachtaí, in oifigí agus i ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais.

Airteagal 4 - An idirghníomhaíocht idir an tOmbudsman agus na hinstitiúidí

1.   Más rud é, i ndiaidh fiosrúcháin, go n-aimsíonn an tOmbudsman cásanna drochriaracháin, déanfaidh sé nó sí, gan moill mhíchuí, an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais a chur ar an eolas faoi thorthaí an fhiosrúcháin agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé nó sí moltaí.

2.   Déanfaidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais tuairim mhionsonraithe a chur chuig an Ombudsman laistigh de 3 mhí. Féadfaidh an tOmbudsman, ar iarraidh réasúnaithe ón institiúid, ón gcomhlacht, ón oifig nó ón ngníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais, síneadh ama ar an spriocdháta sin a thabhairt. Ní rachaidh an síneadh sin thar 2 mhí. I gcás nach dtabharfaidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais aon tuairim laistigh den spriocdháta de 3 mhí nó laistigh den spriocdháta arna fhadú, féadfaidh an tOmbudsman an fiosrúchán a dhúnadh gan an tuairim sin a fháil.

3.   Ar dhúnadh fiosrúcháin, déanfaidh an tOmbudsman tuarascáil a chur ar aghaidh chuig an institiúid, chuig an gcomhlacht, chuig an oifig nó chuig an ngníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais agus i gcás ina n-éilíonn cineál nó scála an drochriaracháin a nochtadh amhlaidh, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa. Féadfaidh an tOmbudsman moltaí a dhéanamh sa tuarascáil. Cuirfidh an tOmbudsman an gearánach ar an eolas faoi thoradh an fhiosrúcháin, faoin tuairim arna dtabhairt ag an institiúid, ag an gcomhlacht, ag an oifig nó ag an ngníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais agus faoi aon mholtaí arna ndéanamh sa tuarascáil.

4.   I gcás inarb iomchuí i ndáil le fiosrúchán ar ghníomhaíochtaí a rinne institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais, féadfar éisteacht a thabhairt don Ombudsman os comhair Pharlaimint na hEorpa, ar an leibhéal iomchuí, ar a thionscnamh féin nó ar a tionscnamh féin, nó arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa.

5.   Ag deireadh gach seisiúin bhliantúil, déanfaidh an tOmbudsman tuarascáil ar thorthaí na bhfiosrúchán a rinne sé nó sí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. Sa tuarascáil, áireofar measúnú ar a mhéid a comhlíonadh moltaí, tograí réitigh agus moltaí le haghaidh feabhais an Ombudsman. Sa tuarascáil, áireofar freisin, i gcás inarb ábhartha, toradh fhiosrúcháin an Ombudsman maidir le ciapadh, sceithireacht agus coinbhleachtaí leasa laistigh d’institiúidí, de chomhlachtaí, d’oifigí nó de ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais.

Airteagal 5 - Faisnéis a sholáthar don Ombudsman

1.   Chun críocha an Airteagail seo, áiritear le “soláthar faisnéise” na modhanna fisiciúla agus leictreonacha uile trína dtugtar rochtain don Ombudsman agus dá rúnaíocht ar fhaisnéis, lena n-áirítear doiciméid, go neamhspleách ar a fhoirm.

2.   Ciallaíonn “faisnéis rúnaicmithe AE” aon fhaisnéis nó ábhar a dtabharfar aicmiúchán slándála AE di nó dó, a bhféadfadh leibhéil éagsúla dochair do leasanna an Aontais Eorpaigh nó do leasanna ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit teacht as a nochtadh neamhúdaraithe.

3.   Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo, déanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus údaráis inniúla na mBallstát, arna iarraidh sin ag an Ombudsman nó ar a dtionscnamh féin, agus gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis arna hiarraidh ag an Ombudsman chun críoch fiosrúcháin a sholáthar dó nó di.

4.   Soláthrófar faisnéis rúnaicmithe AE don Ombudsman faoi réir na bprionsabal agus na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

caithfidh a nósanna imeachta inmheánacha ábhartha a bheith tugtha i gcrích ag an institiúid, ag an gcomhlacht, ag an oifig nó ag an ngníomhaireacht de chuid an Aontais ag a bhfuil faisnéis rúnaicmithe AE á soláthar agus, i gcás inar tríú páirtí é an tionscnóir, caithfidh go bhfuil a thoiliú tugtha i scríbhinn roimh ré ag an tionscnóir;

(b)

caithfidh gur suíodh go bhfuil an tOmbudsman i ngátar feasa;

(c)

ní mór a áirithiú nach dtabharfar rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL, ná ar fhaisnéis níos uachtaraí ná sin, ach do dhaoine ag a bhfuil imréiteach slándála chuig an leibhéal slándála ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus arna údarú ag an údarás slándála inniúil.

5.   Maidir le faisnéis rúnaicmithe AE a sholáthar, déanfaidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais measúnú i dtaobh cé acu a rinne nó nach ndearna an tOmbudsman rialacha slándála inmheánaí, mar aon le bearta fisiceacha agus nós imeachta chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint, a leagan síos go héifeachtach. Chuige sin, féadfaidh an tOmbudsman agus institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais socrú a dhéanamh freisin lena mbunófar creat ginearálta lena rialófar soláthar faisnéise rúnaicmithe AE.

6.   I gcomhréir le míreanna 4 agus 5, soláthrófar rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe AE in áitreabh na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta lena mbaineann de chuid an Aontais, mura gcomhaontaítear a mhalairt leis an Ombudsman.

7.   Gan dochar do mhír 3, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát diúltú faisnéis a sholáthar don Ombudsman, ar faisnéis í a chumhdaítear le dlíthe náisiúnta maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe nó le forálacha lena gcuirtear cosc ar chraobhscaoileadh na faisnéise sin.

Mar sin féin, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis sin a sholáthar don Ombudsman faoi réir coinníollacha arna leagan amach ag a údarás inniúil.

8.   I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag institiúidí, ag comhlachtaí, ag oifigí nó ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus ag údaráis inniúla na mBallstát faisnéis rúnaicmithe AE nó aon fhaisnéis eile nach bhfuil inrochtana ag an bpobal a sholáthar don Ombudsman, cuirfidh siad an tOmbudsman ar an eolas faoi sin roimh ré.

Áiritheoidh an tOmbudsman go dtabharfar cosaint leormhaith don fhaisnéis sin agus go háirithe ní nochtfaidh sé nó sí don ghearánach ná don phobal í gan toiliú roimh ré a fháil ón institiúid, ón gcomhlacht, ón oifig nó ón ngníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais nó ó údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann. Maidir le faisnéis rúnaicmithe AE, is i scríbhinn a thabharfar an toiliú.

9.   Déanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a dhiúltaíonn rochtain a thabhairt ar fhaisnéis rúnaicmithe AE údar a thabhairt don Ombudsman i scríbhinn, ina luafar, ar a laghad, na forais atá leis an diúltú.

10.   Ní choinneoidh an tOmbudsman seilbh ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 8 ach go dtí go gcuirfear clabhsúr go cinntitheach ar an bhfiosrúchán.

Féadfaidh an tOmbudsman a iarraidh ar institiúid, ar chomhlacht, ar oifig nó ar ghníomhaireacht de chuid an Aontais, nó ar Bhallstát, an fhaisnéis sin a choinneáil go ceann tréimhse 5 bliana ar a laghad.

11.   Mura bhfuil an cúnamh arna iarraidh á thabhairt, féadfaidh an tOmbudsman Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoi sin, agus gníomhóidh an Pharlaimint dá réir.

Airteagal 6 - Rochtain phoiblí ar dhoiciméid an Ombudsman

Déileálfaidh an tOmbudsman le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid, cé is moite díobh siúd a fhaightear le linn fiosrúcháin agus a shealbhaíonn an tOmbudsman, lena n-áirítear tar éis clabhsúr a bheith curtha air, i gcomhréir leis na coinníollacha agus na teorainneacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, arna chomhlánú le Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006.

Airteagal 7 - Éisteacht a thabhairt d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile

1.   Tabharfar éisteacht d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile in institiúidí, i gcomhlachtaí, in oifigí agus i ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais, arna iarraidh sin ag an Ombudsman, maidir le fíorais a bhaineann le fiosrúchán atá ar bun ag an Ombudsman.

2.   Labhróidh na hoifigigh agus na seirbhísigh eile sin thar ceann a n-institiúide, a gcomhlachta, a n-oifige nó a ngníomhaireachta. Leanfaidh siad de bheith faoi cheangal ag na hoibleagáidí a eascraíonn as na rialacha a bhfuil siad faoina réir.

Airteagal 8 - Fiosrúcháin i gcomhthéacs sceithireachta

1.   Féadfaidh an tOmbudsman fiosrúchán a dhéanamh chun teacht ar chásanna drochriaracháin i láimhseáil na faisnéise mar a shainmhínítear in Airteagal 22a de na Rialacháin Foirne a nocht oifigeach nó seirbhíseach eile dó nó di i gcomhréir leis na rialacha ábhartha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne.

2.   I gcásanna den sórt sin, tairbheoidh an t-oifigeach nó an seirbhíseach eile den chosaint a thugtar leis na Rialacháin Foirne ar aon éifeachtaí dochracha ar thaobh institiúid, chomhlacht, oifig nó ghníomhaireacht an Aontais mar thoradh ar an bhfaisnéis a bheith curtha in iúl aige nó aici.

3.   Féadfaidh an tOmbudsman a fhiosrú freisin an raibh aon chás drochriaracháin i gceist i láimhseáil an cháis sin ag an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais, lena n-áirítear maidir le cosaint an oifigigh nó an tseirbhísigh eile lena mbaineann.

Airteagal 9 - Rúndacht ghairmiúil

1.   Ní nochtfaidh an tOmbudsman ná a fhoireann nó a foireann faisnéis ná doiciméid a gheobhaidh siad le linn fiosrúcháin. Gan dochar do mhír 2, ní nochtfaidh siad, go háirithe, aon fhaisnéis rúnaicmithe AE ná aon doiciméid inmheánacha de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais a sholáthraítear don Ombudsman ná doiciméid a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. Ina theannta sin, ní nochtfaidh siad aon fhaisnéis a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chearta an ghearánaigh nó do chearta aon duine eile lena mbaineann.

2.   Gan dochar don oibleagáid ghinearálta atá ar institiúidí, ar chomhlachtaí, ar oifigí agus ar ghníomhaireachtaí uile an Aontais tuairisciú don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), más rud é go bhféadfadh sé gur cion coiriúil iad fíorais a n-aimsítear le linn fiosrúcháin Ombudsman, nó go bhféadfadh baint a bheith ag na forais sin le cion coiriúil, tuairisceoidh an tOmbudsman do na húdaráis inniúla náisiúnta agus, a mhéid a thagann an cás faoi réim a n-inniúlachtaí faoi seach, d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (8) agus do OLAF.

3.   Más iomchuí, agus le comhaontú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh nó le comhaontú OLAF, déanfaidh an tOmbudsman an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais ag a bhfuil údarás ar an oifigeach nó ar an seirbhíseach eile lena mbaineann a chur ar an eolas faoi sin freisin, agus d’fhéadfadh sé nó sí tús a chur leis na nósanna imeachta iomchuí.

Airteagal 10 - Comhar le húdaráis na mBallstát agus le hinstitiúidí, le comhlachtaí, le hoifigí agus le gníomhaireachtaí an Aontais

1.   I gcás inar gá sin chun a dhualgais nó a dualgais a dhéanamh, féadfaidh an tOmbudsman oibriú i gcomhar le húdaráis na mBallstát, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus le dlí an Aontais is infheidhme.

2.   Faoi raon feidhme a dhualgas nó a dualgas, féadfaidh an tOmbudsman oibriú i gcomhar freisin le hinstitiúidí, le comhlachtaí, le hoifigí agus le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe leo siúd atá i gceannas ar chur chun cinn agus ar chosaint na gceart bunúsach. Seachnóidh an tOmbudsman aon fhorluí nó dúbláil ar ghníomhaíochtaí na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí nó na ngníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais.

3.   Is trína mbuanionadaíochtaí chuig an Aontas a dhéanfar cumarsáid a chur faoi bhráid údaráis na mBallstát chun críocha an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ach amháin i gcás ina gcomhaontaíonn an bhuanionadaíocht lena mbaineann go bhféadfaidh rúnaíocht an Ombudsman teagmháil dhíreach a dhéanamh le húdaráis an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 11 - An tOmbudsman a thoghadh

1.   Déanfar an tOmbudsman a thoghadh, agus beidh sé nó sí incháilithe lena athcheapadh, i gcomhréir le hAirteagal 228(2) CFAE as measc na n-iarrthóirí arna roghnú de réir nós imeachta trédhearcach.

2.   Tar éis fhoilsiú an ghlao ar ainmniúcháin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, roghnófar an tOmbudsman ó dhaoine:

atá ina saoránaigh den Aontas Eorpach,

a bhfuil lánchearta sibhialta agus polaitiúla acu,

a thugann gach ráthaíocht neamhspleáchais,

a chomhlíonann na coinníollacha is gá chun an oifig bhreithiúnach is airde ina dtír féin a fheidhmiú nó ag a bhfuil an inniúlacht agus na cáilíochtaí aitheanta acu chun dul i mbun dhualgais an Ombudsman, agus

nach raibh siad ina gcomhaltaí de rialtais náisiúnta ná ina gcomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa, den Chomhairle Eorpach, ná den Choimisiún Eorpach laistigh de 2 bhliain roimh dháta foilsithe an ghlao ar ainmniúcháin.

Airteagal 12 - Scor dhualgais an Ombudsman

1.   Scorfaidh an tOmbudsman dá chuid nó dá cuid dualgais a fheidhmiú ag deireadh a théarma oifige nó a téarma oifige nó ar é nó í éirí as an bpost nó tráth a bhristear é nó í.

2.   Ach amháin i gcás ina ndéantar an tOmbudsman a bhriseadh, fanfaidh an tOmbudsman in oifig go dtí go dtoghfar Ombudsman nua.

3.   I gcás luathscor de na dualgais, toghfar Ombudsman nua laistigh de 3 mhí ón tráth a thiocfaidh an oifig chun bheith folamh agus beidh an tOmbudsman nua sin i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige Pharlaimint na hEorpa. Go dtí go dtoghfar an tOmbudsman, beidh an príomhoifigeach dá dtagraítear in Airteagal 16(2) freagrach as nithe práinneacha a thagann faoi dhualgais an Ombudsman.

Airteagal 13 - Briseadh

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Parlaimint na hEorpa a iarraidh go ndéanfaí an tOmbudsman a bhriseadh i gcomhréir le hAirteagal 228(2) CFAE, tabharfaidh sí éisteacht a thabhairt don Ombudsman sula ndéanfaidh sí an iarraidh sin.

Airteagal 14 - Dualgais an Ombudsman a fheidhmiú

1.   I gcomhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas, feidhmeoidh an tOmbudsman i gcomhréir le hAirteagal 228(3) CFAE. Staonfaidh an tOmbudsman ó aon ghníomh atá ar neamhréir le cineál na ndualgas sin.

2.   Tráth a rachaidh an tOmbudsman i mbun oifige, tabharfaidh an tOmbudsman gealltanas sollúnta os comhair na Cúirte Breithiúnais go ndéanfaidh sé nó sí na dualgais dá dtagraítear sna Conarthaí agus sa Rialachán seo a fheidhmiú go hiomlán neamhspleách agus le neamhchlaontacht iomlán agus go n-urramóidh sé nó sí na hoibleagáidí a eascróidh astu le linn a théarma oifige nó a téarma oifige agus ina dhiaidh. Áireofar sa ghealltanas sollúnta sin go háirithe an dualgas chun bheith ionraic agus stuama maidir le glacadh ceapachán nó sochar áirithe tar éis dheireadh an téarma oifige.

3.   Le linn théarma oifige an Ombudsman, ní fhéadfaidh sé nó sí a bheith ag gabháil d’aon dualgais pholaitiúla nó riaracháin eile, nó d’aon slí bheatha eile, cibé acu sochrach nó neamhshochrach.

Airteagal 15 - Luach saothair, pribhléidí agus díolúintí

1.   Beidh an chéim chéanna ag an Ombudsman ó thaobh luach saothair, liúntas agus pinsin de agus atá ag breitheamh den Chúirt Bhreithiúnais.

2.   Beidh feidhm ag Airteagail 11 go 14 agus ag Airteagal 17 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh. i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach maidir leis an Ombudsman agus maidir le hoifigigh agus le seirbhísigh eile rúnaíocht an Ombudsman.

Airteagal 16 - Rúnaíocht an Ombudsman

1.   Tabharfar buiséad leormhaith don Ombudsman, ar leor é chun neamhspleáchas an Ombudsman agus feidhmiú a chuid nó a cuid dualgas a áirithiú.

2.   Gheobhaidh an tOmbudsman cúnamh ó rúnaíocht. Ceapfaidh an tOmbudsman príomhoifigeach na rúnaíochta.

3.   Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile rúnaíocht an Ombudsman faoi réir na Rialachán Foirne. Déanfar líon na mball foirne den rúnaíocht a ghlacadh gach bliain mar chuid den nós imeachta buiséadach.

4.   I gcás ina dtabharfar oifigigh an Aontais ar iasacht chuig rúnaíocht an Ombudsman, measfar an iasacht sin a bheith ina hiasacht ar mhaithe leis an tseirbhís i gcomhréir le hAirteagal 37, an chéad mhír, pointe (a), agus le hAirteagal 38 de na Rialacháin Foirne.

Airteagal 17 - Suíomh an Ombudsman

Is é suíomh Pharlaimint na hEorpa a bheidh i suíomh an Ombudsman mar a chinntear leis an Airteagal Aonair, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 6.

Airteagal 18 - Forálacha cur chun feidhme

Glacfaidh an tOmbudsman na forálacha cur chun feidhme don Rialachán seo, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún Eorpach. Beidh siadsan i gcomhréir leis an Rialachán seo agus áireofar orthu, ar a laghad, forálacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cearta nós imeachta an ghearánaigh agus cearta nós imeachta na hinstitiúide, an chomhlachta, an hoifige nó na gníomhaireachta lena mbaineann de chuid an Aontais;

(b)

gearáin a fháil, a phróiseáil agus a dhúnadh;

(c)

fiosrúcháin fhéintionscnaimh; agus

(d)

fiosrúcháin leantacha.

Airteagal 19 - Forálacha críochnaitheacha

1.   Aisghairtear Cinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom.

2.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá i ndiaidh lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI


(1)  Toiliú an 18 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 18 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Cinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (IO L 113, 4.5.1994, lch. 15).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).

(6)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(7)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).