# Cinneadh lena gceaptar an Coiste Comhairleach Roghnúcháin don nós imeachta roghnúcháin OMB/2/2026
- Údar: Ombudsman Eorpach
- Dáta: 2026-02-12T00:00+01:00[Europe/Paris]
- [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/joboffer-document/ga/220254)
- [PDF](https://www.ombudsman.europa.eu/pdf/ga/220254)
---
- Tagairt phoist: OMB/2/2026
- An dáta ónar féidir iarratais a dhéanamh: 2026-01-30T13:30+01:00[Europe/Paris]
- An spriocdháta d'iarratais: 2026-02-18T17:00:45+01:00[Europe/Paris]
- Grád: AD5 - AD7
---
An tOmbudsman
-------------

**Ag féachaint**don ghlao ar léiriú spéise OMB/2/2026 a foilsíodh an 30 Eanáir 2026;

**Ag féachaint don**chinneadh ón Ombudsman an 16 Feabhra 2026 lena gceaptar comhaltaí an Choiste Chomhairligh Roghnúcháin don nós imeachta roghnúcháin thuasluaite agus don chinneadh a rinne duine dá chomhaltaí ina dhiaidh sin tarraingt siar;

**Ag féachaint don** chinneadh ón Ombudsman Eorpach an 26 Bealtaine 2014, maidir le hainmneacha chomhaltaí an Choiste Chomhairligh Roghnúcháin a fhoilsiú i nósanna imeachta roghnúcháin foirne;

Cinneann
--------

#### Airteagal 1

Beidh an Coiste Comhairleach Roghnúcháin comhdhéanta díobh seo a leanas:

* Rosita Hickey, Stiúrthóir Fiosrúcháin (Cathaoirleach);
* Jennifer King, Saineolaí dlí;
* An tUasal Koen Roovers, Oifigeach Fiosrúcháin.

#### Airteagal 2

Beidh Zinovia Assimakopoulou, Ceann Acmhainní Daonna agus Felicia Voltzenlogel, cúntóir acmhainní daonna, ina rúnaíocht ar an gCoiste Comhairleach Roghnúcháin.

#### Airteagal 3

Leis an gcinneadh seo, déantar cinneadh an Ombudsman an 16 Feabhra 2026 a neamhniú agus a ionadú.

Strasbourg, 05/03/2026

Teresa Anjinho