# Seimineár maidir leis an Ombudsman Eorpach agus an t-athchóiriú ar rialacha airgeadais an Aontais
- Údar: Ombudsman Eorpach
- Dáta: 2010-06-10T00:00+02:00[Europe/Paris]
- [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/event/ga/394)
---
- Dáta tosaithe: 2010-06-10T00:00+02:00[Europe/Paris]
- Dáta deiridh: 2010-06-10T00:00+02:00[Europe/Paris]
- Óstach: European Ombudsman
- Láthair: An Bhruiséil, An Bheilg
---
**Seachtain FBM**

**Seimineár arna eagrú ag an Ombudsman Eorpach**

**"An tOmbudsman Eorpach agus an t-athchóiriú ar rialacha airgeadais an AE"**

**ina bhfuil:**

**P. Nikiforos Diamandouros, an tOmbudsman Eorpach**

**Ian Harden, Ard-Rúnaí an Ombudsman Eorpaigh**

**10 Meitheamh 2010, 10h**

**Foirgneamh **Eastman,** Rue Belliard 135-37, an Bhruiséil**

### Cur síos ar an seimineár

Tá an Coimisiún Eorpach chun a thogra a thíolacadh i lár 2010 chun na rialacha airgeadais do thionscadail agus do chláir arna maoiniú ag an AE a athchóiriú. Tá an tsaincheist sin ríthábhachtach do FBManna, d'eagraíochtaí neamhrialtasacha agus do dhaoine eile a d'fhéadfadh a bheith rannpháirteach i gcláir den sórt sin. Maidir le faighteoirí agus faighteoirí féideartha chistí an Aontais, sainaithníodh go bhfuil ábharthacht ar leith ag baint le dhá thopaic, eadhon, dámhachtain deontas agus an chaoi a láimhseálann an Coimisiún comhaid airgeadais.

Dhéileáil an tOmbudsman Eorpach le líon mór gearán a bhaineann leis an rialachán airgeadais, mar shampla, maidir le fadhbanna a bhaineann le híocaíochtaí déanacha. Dá bhrí sin, tá sé in ann a aithint go maith cá háit a bhféadfaí feabhas a chur air. Le linn an tseimineáir seo, tabharfaidh an tOmbudsman breac-chuntas ar a chuid moltaí maidir le hathchóiriú an rialacháin airgeadais, a chlúdóidh na réimsí seo a leanas:

* Na hualaí riaracháin a bhaineann leis an Rialachán Airgeadais a laghdú;
* Íocaíocht dhéanach;
* Cearta fochonraitheoirí agus foirne;
* Aisghabháil suimeanna a íocadh go míchuí a tharscaoileadh;
* Íocaíochtaí *ex gratia*i gcásanna eisceachtúla drochriaracháin; agus
* Faisnéis a sholáthar faoi leigheasanna.

Tá an fhoirm chlárúcháin ar fáil ag: [http://www.ombudsman.europa.eu/shortcuts/document.faces/en/4790/pdf.bookmark](/shortcuts/document.faces/en/4790/pdf.bookmark "Registration Form / The European Ombudsman and the reform of the EU's financial rules")

Seol an fhoirm faoin 2 Meitheamh chuig [Gabrielle SHERIDAN,](/email?to=gsheridan) facs: +33 (0)3 88 17 90 62