# Cinneadh lena gceaptar an Coiste Roghnúcháin don nós imeachta roghnúcháin OMB/3/2015 - Preasoifigeach - Gníomhaire sealadach de ghrád AD5
- Údar: Ombudsman Eorpach
- Dáta: 2015-03-30T00:00+02:00[Europe/Paris]
- [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/document/ga/59430)
- [PDF](https://www.ombudsman.europa.eu/pdf/ga/59430)
---
**An tOmbudsman**

**Ag féachaint don**chinneadh ón Ombudsman Eorpach an 7 Nollaig 2010 maidir le poist shealadacha a líonadh i bplean bunaíochta an Ombudsman Eorpaigh, agus go háirithe Roinn 4 a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin;

**Ag féachaint** do roinn 7 den ghlao ar léiriú spéise OMB/3/2015 a foilsíodh an 19 Márta 2015 lena bhforáiltear go gceapfar Coiste Roghnúcháin chun gach iarratas a scrúdú agus a mheasúnú agus chun iarrthóirí oiriúnacha a chur faoi agallamh d'fhonn liosta ionadaithe de thriúr buaiteoirí ar a mhéad a tharraingt suas;

**Ós rud é** gur cheart ionadaí ón gCoiste Foirne a bheith ar an gCoiste Roghnúcháin agus gur thíolaic an Coiste sin togra cheana féin le haghaidh nós imeachta roghnúcháin OMB/1/2015 a ceapadh le haghaidh nós imeachta roghnúcháin *inmheánach*Preasoifigigh;

**Cinneann**

Airteagal 1
-----------

Beidh an Coiste Roghnúcháin comhdhéanta de Gundi Gadesmann (Cathaoirleach), Aidan O'Sullivan agus Olivier Verheecke.

Airteagal 2
-----------

Feidhmeoidh Félicia Voltzenlogel mar rúnaíocht an Choiste Roghnúcháin.

Strasbourg, 30/03/2015

Emily O'Reilly