# An t-am a thógann sé ar an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) déileáil le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid
- Údar: Ombudsman Eorpach
- Dáta: 2024-03-15T10:00+01:00[Europe/Paris]
- [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/doc/correspondence/ga/158517)
---
A Bhean X, a chara,

Chinn mé fiosrúchán féintionscnaimh a oscailt ar ghnéithe den chaoi a ndéileálann Frontex le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid. Rinne mé amhlaidh ar bhonn na faisnéise a cuireadh isteach i ngearán a rinneadh le déanaí, agus gheobhaidh tú cóip de faoi iamh.

Tabharfaidh an fiosrúchán féintionscnaimh seo aghaidh ar na saincheisteanna sistéamacha a ardaíodh sa ghearán, eadhon:

*Clárú déanach iarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid*

Ba cheart iarratais ar rochtain phoiblí a chlárú de ghnáth tráth nach déanaí ná an lá oibre tar éis iad a fháil.[\[1\]](#_ftn1){#_ftnref1}

Cé go bhféadfadh institiúidí an Aontais moill eisceachtúil a chur ar chlárú iarrataí i gcás nach bhfuil an t-ábhar soiléir, is cosúil go gcuireann Frontex moill uaireanta ar chlárú iarrataí ar rochtain phoiblí, i gcás ina bhfuil ábhar na hiarrata soiléir, ach i gcás ina mbaineann an iarraidh le líon mór doiciméad. Agus é sin á dhéanamh aige, go bunúsach, cuireann Frontex an clárú siar chomh fada agus atá sé ag lorg 'réiteach cothrom' leis an iarratasóir, rud a chuireann síneadh éifeachtach leis an teorainn ama reachtúil 15 lá oibre chun cinneadh a dhéanamh, a leagtar amach i Rialachán 1049/2001.[\[2\]](#_ftn2){#_ftnref2}

Nílimid ar an eolas faoi aon bhunús dlí chun clárú a chur siar, agus bheimis buíoch, dá bhrí sin, dá bhféadfadh Frontex aghaidh a thabhairt ar an ábhar sin ina fhreagra ar an bhfiosrúchán seo.

*Spriocdhátaí reachtúla a chur ar fionraí*

Dealraíonn sé uaireanta go gcuireann Frontex na teorainneacha ama reachtúla a leagtar síos i Rialachán 1049/2001 ar fionraí, mar shampla nuair a iarrtar ar iarratasóirí gné dá n-iarratas a shoiléiriú tar éis dó a bheith cláraithe.

Nílimid ar an eolas faoi aon bhunús dlí chun spriocdhátaí a chur ar fionraí, agus bheimis buíoch dá bhféadfadh Frontex aghaidh a thabhairt ar an ábhar sin ina fhreagra ar an bhfiosrúchán seo.

Mar fhreagra ar na ceisteanna thuas, níl mé ag iarraidh ar Frontex déileáil le sonraí sonracha na n-iarrataí sa ghearán faoi iamh, nach ábhar an fhiosrúcháin seo iad, ach a chleachtas riaracháin agus a thuiscint dhlíthiúil a mhíniú ar bhealach níos ginearálta.

Bheinn buíoch as freagra Frontex a fháil faoin 30 Meán Fómhair 2022.

Le dea-mhéin,

Emily O'Reilly

An tOmbudsman Eorpach

Strasbourg, 15/07/2022

[\[1\]](#_ftnref1){#_ftn1} Féach cinneadh an Ombudsman i gcás 3697/2006/PB [https://www.ombudsman.europa.eu/en/decision/en/3274](/ga/decision/ga/3274) agus glacadh an Choimisiúin Eorpaigh leis an gcaighdeán sin ina fhreagra leantach [https://www.ombudsman.europa.eu/en/doc/follow-up/en/4423](/ga/doc/follow-up/ga/4423) (Féach an iarscríbhinn maidir le freagraí an Choimisiúin Eorpaigh ar thorthaí an Ombudsman).

[\[2\]](#_ftnref2){#_ftn2} Airteagal 7 de Rialachán 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin: <https://eur-lex.europa.eu/legal-content/en/TXT/?uri=CELEX%3A32001R1049>