# Litir chuig an gCoimisiún Eorpach maidir leis an obair leantach ar ráitis óna Uachtarán agus óna Leas-Uachtarán um Dhaonlathas agus um Dhéimeagrafaíocht roimh thoghcháin na Cróite (1141/2020/MIG agus 1143/2020/MIG)
- Údar: Ombudsman Eorpach
- Dáta: 2021-01-14T00:00+01:00[Europe/Paris]
- [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/doc/correspondence/ga/136916)
---
|-----------------------------------------------------|
| Ursula von der Leyen Uachtarán An Coimisiún Eorpach |

Strasbourg, 14/01/2021

Gearáin dhúnta 1141/2020/MIG agus 1143/2020/MIG

Ráitis ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus óna Leas-Uachtarán um Dhaonlathas agus um Dhéimeagrafaíocht roimh thoghcháin na Cróite

A Uachtaráin, a chara,

Gabhaim buíochas leat as an litir leantach ón gCoimisiún sa dá chás sin, a chuir mé ar aghaidh chuig na gearánaigh agus chuig comhlacht iomchuí Pharlaimint na hEorpa mar eolas.

Is díol sásaimh dom tiomantas an Choimisiúin treoirlínte a tharraingt suas lena soiléirítear na módúlachtaí praiticiúla maidir le rannpháirtíocht a chomhaltaí i bhfeachtais náisiúnta toghcháin. Bheadh sé ina chuidiú dá bhféadfá cóip de na treoirlínte seo a roinnt le m'Oifig, a luaithe a ghlacfar iad.

Ós rud é nár lean mé ar aghaidh le fiosrúchán ar na cásanna seo, ní dhéanfaidh mé aon ghníomh breise ar an ábhar go dtí seo. Mar sin féin, cuirfidh mé barúlacha an Choimisiúin san áireamh i gcomhthéacs m'fhiosrúcháin ar ghearán 874/2020/MIG[^\[1\]^](#_ftn1){#_ftnref1}.

Le dea-mhéin,

Emily O'Reilly An tOmbudsman


Eorpach

[\[1\]](#_ftnref1){#_ftn1} An chaoi ar dhéileáil an Coimisiún Eorpach le gearán faoin gcaoi ar fhreagair Leas-Uachtarán an Choimisiúin um Dhaonlathas agus um Dhéimeagrafaíocht go poiblí do chlúdach criticiúil sna meáin. Féach: <https://www.ombudsman.europa.eu/en/case/en/57079>.