# 0923/2009/(BB)(TN)(BB)FOR
- Údar: Ombudsman Eorpach
- Dáta: 2010-07-19T00:00+02:00[Europe/Paris]
- [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/digest/ga/11392)
---
Is beag iarracht atá ag teastáil chun admháil fála a sheoladh agus chun litir a sheoladh lena gcuirtear in iúl d'iarrthóir go bhfuil sé/sí eisiata ó chomórtas, go háirithe ós rud é gur féidir na litreacha sin a chaighdeánú chun teagmháil a dhéanamh leis na hiarrthóirí ábhartha uile. Ar an taobh eile, aithníonn an tOmbudsman go gcruthódh easpa faisnéise imní shuntasach d'iarrthóirí a d'fhéadfadh, ar an gcéad dul síos, a bheith buartha an bhfuarthas a n-iarratais, agus ar an dara dul síos, a d'fhéadfadh a bheith buartha ar éirigh leo sa chomórtas nó nár éirigh (fiú i bhfad tar éis dheireadh an phróisis roghnúcháin).