# 2509/2008/(BB)ELB
- Údar: Ombudsman Eorpach
- Dáta: 2010-07-19T00:00+02:00[Europe/Paris]
- [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/digest/ga/11374)
---
Tá an tOmbudsman den tuairim go seasta gur coincheap leathan é drochriarachán agus go n-éilíonn dea-riarachán go gcomhlíonfar rialacha agus prionsabail dlí. Mar sin féin, téann prionsabail an dea-riaracháin níos faide, lena gceanglaítear ar institiúidí agus ar chomhlachtaí an Aontais ní hamháin a n-oibleagáidí dlíthiúla a urramú, ach gníomhú ar bhealach réasúnta agus comhréireach freisin. Dá bhrí sin, ní thugtar le tuiscint go huathoibríoch le torthaí drochriaracháin ag an Ombudsman iompar neamhdhleathach a d'fhéadfadh cúirt a phionósú.