# Cinneadh i gcás 608/2017/JUF maidir le mainneachtain Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh comhfhreagras a fhreagairt
- Údar: Ombudsman Eorpach
- Dáta: 2017-05-05T00:00+02:00[Europe/Paris]
- [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/decision/ga/79825)
---
**1.**An 23 Feabhra 2017, sheol an gearánach litir dar teideal 'Réamhthagairt' chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, inar tugadh ar aird mí-iompar líomhnaithe Oifigigh Leighis Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

**2.**Ós rud é nach bhfuair an gearánach freagra, chuaigh sí i dteagmháil leis an Ombudsman, an 10 Aibreán 2017.

**3.**Chuaigh Oifig an Ombudsman i dteagmháil le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Thug an Chúirt freagra ansin ar an Ombudsman an 12 Bealtaine 2017, á rá gur thug sí freagra cheana féin ar litir an ghearánaigh trí mhíniú a thabhairt ar dhualgais agus ar dhlínse na Cúirte, nach n-áirítear leis déileáil le hábhar amhail an t-ábhar a tharraing an gearánach aird air.

**4.** Ós rud é gur thug an Chúirt freagra ar an ngearánach, réitítear an gearán seo agus dúnann an tOmbudsman an cás.{#_ftnref1}

Tina Nilsson


Ceann Fiosrúcháin - Aonad 4

Strasbourg, 01/06/2017