# Cinneadh i gcás 1102/2016/JN maidir le mainneachtain an Choimisiúin freagra a thabhairt ar chomhfhreagras agus doiciméad a nochtadh go hiomlán
- Údar: Ombudsman Eorpach
- Dáta: 2017-01-16T10:00+01:00[Europe/Paris]
- [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/decision/ga/74986)
---
> Bhain an cás le mainneachtain an Choimisiúin freagra a thabhairt ar chomhfhreagras an ghearánaigh i gcomhthéacs iniúchta airgeadais ar leibhéal an Bhallstáit. Tar éis idirghabháil an Ombudsman, d'fhreagair an Coimisiún. Nocht sé an doiciméad a d'iarr an gearánach ach d'fholaigh sé roinnt sonraí pearsanta (ainmneacha daoine fisiciúla). Chinn an tOmbudsman gur thug an Coimisiún údar cuí leis an atheagrú faoi Rialachán 45/2001.
>
**Cúlra an ghearáin**
**1.** Bhí imeachtaí os comhair an ghearánaigh ar leibhéal an Bhallstáit maidir lena smacht buiséadach i gcomhthéacs tionscadail arna chistiú ag an Aontas. I bhfianaise an mhéid sin, scríobh an gearánach, an 7 Márta 2016, chuig an gCoimisiún (AS REGIO). D'iarr sé an doiciméad ar ar bhunaigh an Coimisiún a ráiteas gur chinn údarás cánach réigiúnach gur sháraigh an gearánach rialacha buiséadacha. Ina theannta sin, d'iarr an gearánach ar an gCoimisiún é a chur ar an eolas faoin duine a chuir an fhaisnéis sin ar fáil don Choimisiún.
**2.** Ós rud é nár thug an Coimisiún freagra, chuaigh an gearánach i dteagmháil leis an Ombudsman an 14 Iúil 2016.
**An fiosrúchán**
**3.** D'oscail an tOmbudsman fiosrúchán ar an ngearán agus d'aithin sí an líomhain seo a leanas:
Níor thug an Coimisiún freagra ar litir an ghearánaigh dar dáta an 7 Márta 2016.
**4.** Le linn an fhiosrúcháin, fuair an tOmbudsman freagraí an Choimisiúin a seoladh chuig an ngearánach agus barúlacha an ghearánaigh maidir leis na freagraí sin. Rinneadh an comhfhreagras sin a mhalartú faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le rochtain ar dhoiciméid dá bhforáiltear i Rialachán 1049/2001 maidir le rochtain ar dhoiciméid[\[1\].](#_ftn1){#_ftnref1} Chinn an tOmbudsman páirt a ghlacadh sa tsaincheist maidir le rochtain ar dhoiciméid a bhaineann leis an bhfiosrúchán seo. Agus an fiosrúchán á dhéanamh aige, chuir an tOmbudsman na hargóintí agus na tuairimí a chuir na páirtithe chun cinn san áireamh.
**Líomhain maidir le mainneachtain freagra a thabhairt agus argóint bhreise an ghearánaigh go ndearna an Coimisiún sonraí pearsanta a fholú go mícheart sna doiciméid nochta**
Argóintí a cuireadh faoi bhráid an Ombudsman
**5.** Chuir an Coimisiún cóip den doiciméad a iarradh ar fáil (tuarascáil ghearr agus an ríomhphost a ghabhann léi). Dúirt sé go bhfuair sé an doiciméad ó Údarás Iniúchóireachta na Seice an 3 Meitheamh 2013. Bhí roinnt folaithe sa ríomhphost. Ag brath ar Airteagal 8(b) de Rialachán 45/2001 maidir le cosaint sonraí[\[2\]](#_ftn2){#_ftnref2}, mhínigh an Coimisiún go raibh sonraí pearsanta folaithe aige toisc nár suíodh gur ghá na sonraí a nochtadh agus nach bhféadfaí glacadh leis nach ndéanfadh nochtadh dochar do chearta dlisteanacha na ndaoine lena mbaineann.
**6.**Rinne an gearánach agóid i gcoinne fholú chéannacht an duine/na ndaoine a dhréachtaigh an tuarascáil. Ina thuairim, luadh go mícheart sa tuarascáil gur chinn Oifig Airgeadais na Seice gur sháraigh an gearánach smacht buiséadach agus gur iarr sé aisíocaíocht. Mhínigh an gearánach gur cuireadh an t-iniúchadh ar fionraí agus go raibh roinnt imeachtaí cúirte gaolmhara ar siúl. Bhí ar an ngearánach a bheith ar an eolas faoi chéannacht an duine a rinne ráitis bhréagacha faoin ngearánach chun a bheith in ann a chearta a dhearbhú i gcomhthéacs na n-imeachtaí cúirte sin. Rinne na ráitis bhréagacha sin dochar do dhea-ainm an ghearánaigh agus rinne siad damáiste airgeadais (e.g. costais na hionadaíochta dlíthiúla, tuarastail na bhfostaithe a bhí ag déileáil leis an tsaincheist sin, leasanna creidmheasa). Ní raibh aon cheart dlíthiúil ag údair na ráiteas sin cosaint a fháil toisc go raibh a ngníomhartha mar chuid dá ndualgais phoiblí arna maoiniú ó chistí poiblí. Dá bhrí sin, measann an gearánach gur cheart don Choimisiún céannacht an duine nó na ndaoine lena mbaineann a nochtadh. Cumarsáid phoiblí idir Aireacht Airgeadais na Seice agus an Coimisiún, imeachtaí cúirte poiblí agus go háirithe imeachtaí riaracháin, ní de chineál príobháideach iad. Níl an damáiste airgeadais ginearálta ach sonrach agus is féidir leis an ngearánach fianaise a thabhairt ina leith.
**7.**Mar fhreagra air sin, luaigh an Coimisiún nár shuigh an gearánach go raibh gá leis an aistriú sonraí ar na cúiseanna seo a leanas:
o Leas príobháideach a bhí in úsáid an doiciméid in imeachtaí cúirte leanúnacha agus ní leas poiblí a bhí ann. Níor mhínigh an gearánach conas a d'fhéadfadh an doiciméad é a sheirbheáil sna himeachtaí cúirte.
o Ní raibh bunús le dearbhú an ghearánaigh go ndearnadh damáiste dá chlú agus gur bhain damáiste airgeadais dó. Ní raibh breithnithe ginearálta den sórt sin leordhóthanach chun riachtanas a shuí.
o Dá mbeadh na sonraí pearsanta folaithe ag teastáil ó chúirt náisiúnta, d'fhéadfadh sí a iarraidh ar an gCoimisiún iad a sholáthar.
Measúnú an Ombudsman
**8.** Bhain fiosrúchán an Ombudsman ar dtús le mainneachtain an Choimisiúin freagra a thabhairt. Tá freagra tugtha ag an gCoimisiún anois agus dá bhrí sin tá an ghné sin den chás socraithe ag an gCoimisiún.
**9.** Maidir le substaint fhreagraí an Choimisiúin inar dhiúltaigh an Coimisiún rochtain iomlán a thabhairt ar na doiciméid a d'iarr an gearánach, tugann an tOmbudsman dá aire go n-easaontaíonn an gearánach go sonrach le cinneadh an Choimisiúin ainm an duine/na ndaoine a dhréachtaigh nó a sheol an tuarascáil a fholú. Mar sin féin, measann an tOmbudsman go bhfuil réasúnaíocht an Choimisiúin diongbháilte agus ceart ó thaobh an dlí de. Is ionann an t-ainm agus sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán 45/2001[\[3\]](#_ftn3){#_ftnref3} agus tá measúnú an Choimisiúin ar an gceanglas riachtanais áititheach. Aontaíonn an tOmbudsman le tuairim an Choimisiúin nach suitear leis na hargóintí a chuir an gearánach chun cinn go bhfuil gá leis an aistriú sonraí. Go háirithe, ní thugann an gearánach aon mhíniú áititheach ar an bhfáth a mbeadh gá leis na sonraí chun críocha na n-imeachtaí leanúnacha nó chun a leasanna clú agus airgeadais líomhnaithe a shásamh. Dá réir sin, measann an tOmbudsman nach ndearna an Coimisiún aon drochriarachán maidir leis an ngné sin den chás.
**Conclúidí**
Ar bhonn an fhiosrúcháin ar an ngearán seo, dúnann an tOmbudsman é leis na conclúidí seo a leanas[\[4\]](#_ftn4){#_ftnref4}:
**Shocraigh an Coimisiún an líomhain nár thug sé freagra ar an ngearánach.**
**Níl aon drochriarachán ann maidir le sonraí pearsanta a fholú.**
Cuirfear an gearánach agus an Coimisiún ar an eolas faoin gcinneadh sin.
Emily O'Reilly
An tOmbudsman Eorpach
Strasbourg, 13/01/2017
[\[1\]](#_ftnref1){#_ftn1} Rialachán Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún, IO L 145. 31. 5. 2001.
[\[2\]](#_ftnref2){#_ftn2} Rialachán 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, IO L 8, 12. 1. 2001.
[\[3\]](#_ftnref3){#_ftn3} I gcomhréir le hAirteagal 2(a) de Rialachán 45/2001, 'ciallóidh*'sonraí pearsanta' aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta dá ngairtear 'ábhar sonraí' anseo feasta; is é is duine in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'uimhir aitheantais nó do cheann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach lena fhéiniúlacht fhisiceach, fhiseolaíoch, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta*"
[\[4\]](#_ftnref4){#_ftn4} Is féidir faisnéis faoin nós imeachta athbhreithnithe a fháil ar [shuíomh gréasáin](/ga/resources/otherdocument.faces/ga/70669/html.bookmark) an Ombudsman : [http://www.ombudsman.europa.eu/en/resources/otherdocument.faces/en/70669/html.bookmark](/ga/resources/otherdocument.faces/ga/70669/html.bookmark)