# Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena ndúntar an fiosrúchán ar ghearán 1109/2013/DR i gcoinne chinneadh an Choimisiúin an gearánach a eisiamh ó líonra saineolaithe - Údar: Ombudsman Eorpach - Dáta: 2015-11-25T12:00+01:00[Europe/Paris] - [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/decision/ga/61385) --- > Bhain an cás le láimhseáil an Choimisiúin ar ghearán maidir le heisiamh an ghearánaigh ó líonra saineolaithe mar gheall ar a iompar a líomhnaítear a bheith míchuí. D'fhiosraigh an tOmbudsman an cheist agus chinn sé nach raibh freagra foriomlán an Choimisiúin ar na líomhaintí a rinneadh i gcoinne an ghearánaigh leordhóthanach. Chinn an tOmbudsman gur theip ar an gCoimisiún measúnú críochnúil, oibiachtúil agus neodrach a dhéanamh ar na fíricí. Rinne an tOmbudsman togra le haghaidh réitigh ansin, ar dhiúltaigh an Coimisiún dó. Chinn an tOmbudsman, dá bhrí sin, an cás a dhúnadh le cinneadh drochriaracháin ar thaobh an Choimisiúin. >