# Cinneadh maidir leis an gcaoi a ndearna an Coimisiún Eorpach measúnú ar ghearán faoi shárú líomhnaithe ag údaráis bhreithiúnacha na Spáinne ar chearta breithiúnacha an ghearánaigh (cás 1144/2121/OAM)
- Údar: Ombudsman Eorpach
- Dáta: 2021-07-12T10:00+02:00[Europe/Paris]
- [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/decision/ga/144113)
---
A Uasail X, a chara,

An 26 Meitheamh 2021, chuir tú gearán faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh inar áitigh tú gur theip ar an gCoimisiún Eorpach measúnú ceart a dhéanamh ar do ghearán faoi shárú líomhnaithe ag údaráis bhreithiúnacha na Spáinne ar do chearta breithiúnacha.

Tar éis anailís chúramach a dhéanamh ar an bhfaisnéis go léir a chuir tú ar fáil le do ghearán, tá cinneadh déanta againn an fiosrúchán a dhúnadh leis an gconclúid seo a leanas[^\[1\]:^](#_ftn1){#_ftnref1}

**Ní fhaigheann an tOmbudsman aon drochriarachán sa chás seo.**

Chuir an Coimisiún in iúl duit, i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach^[\[2\]](#_ftn2){#_ftnref2}^ agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh[^\[3\],^](#_ftn3){#_ftnref3} nach bhfuil aon inniúlacht aige idirghabháil a dhéanamh i sáruithe líomhnaithe ar chearta ag na Ballstáit, mura mbaineann siad le cur chun feidhme dhlí an Aontais. Dúirt an Coimisiún freisin nach bhfuil aon inniúlacht aige idirghabháil a dhéanamh in ábhair os comhair údaráis bhreithiúnacha náisiúnta na mBallstát.

Tá freagra an Choimisiúin ar do ghearán réasúnta agus iomchuí. Áitíonn tú gur íospartach earráide breithiúnaí ag údaráis bhreithiúnacha na Spáinne thú agus nár cúitíodh thú as an earráid sin. Ós rud é gur cosúil nach mbaineann na hábhair imní a chuir tú in iúl leis an gCoimisiún le cur chun feidhme dhlí an Aontais, tá an ceart ag an gCoimisiún a rá nach bhfuil aon inniúlacht aige measúnú a dhéanamh ar do ghearán agus idirghabháil a dhéanamh. Ní féidir leis an gCoimisiún cinntí údaráis bhreithiúnacha náisiúnta na mBallstát a shárú. Ní mór leigheasanna agus cúiteamh a lorg ar an leibhéal náisiúnta trí na cúirteanna náisiúnta.

I bhfianaise an méid sin, tá cinneadh déanta againn an cás a dhúnadh[^\[4\].^](#_ftn4){#_ftnref4}

Tuigimid go mb'fhéidir go mbeidh díomá ort faoin gcinneadh seo, ach mar sin féin tá súil againn go mbeidh na mínithe seo cabhrach duit. Go raibh maith agat as teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach.

Le dea-mhéin,

Tina Nilsson


Ceann an Aonaid um Láimhseáil Cásanna

Strasbourg, 08/07/2021

[\[1\]](#_ftnref1){#_ftn1} Is féidir teacht ar fhaisnéis iomlán maidir leis an nós imeachta agus na cearta a bhaineann le gearáin ag

<https://www.ombudsman.europa.eu/en/document/70707>

[\[2\]](#_ftnref2){#_ftn2} Conradh ar an Aontas Eorpach, ar fáil ag: <https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex%3A12012M%2FTXT>

[\[3\]](#_ftnref3){#_ftn3} An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar fáil ag <https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex%3A12012E%2FTXT>

[\[4\]](#_ftnref4){#_ftn4} Déileáladh leis an ngearán sin faoi láimhseáil cásanna tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 11

den Chinneadh ón Ombudsman Eorpach lena nglactar Forálacha Cur Chun Feidhme.