# An chaoi ar dhéileáil an Coimisiún Eorpach le hiarratas ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid a bhaineann lena thogra chun ‘nós imeachta an smachta reachta’ a chur i bhfeidhm san Ungáir - Údar: Ombudsman Eorpach - Dáta: 2025-10-31T10:00+01:00[Europe/Paris] - [URL](https://www.ombudsman.europa.eu/ga/case/ga/66169) --- D'iarr an gearánach ar an gCoimisiún Eorpach rochtain phoiblí a thabhairt ar dhoiciméid a bhaineann lena thogra chun 'nós imeachta an smachta reachta' a chur i bhfeidhm san Ungáir (togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle bunaithe ar an Rialachán maidir le Coinníollacht). Shainaithin an Coimisiún ceithre dhoiciméad déag mar dhoiciméid a thagann faoi raon feidhme na hiarrata agus nocht sé gach ceann seachas codanna de thrí cinn de na doiciméid sin. Agus rochtain ar na codanna sin á coinneáil siar aige, d'agair sé dhá eisceacht faoi reachtaíocht an Aontais maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, agus d'áitigh sé go bhféadfadh nochtadh an bonn a bhaint d'imeachtaí cúirte leanúnacha agus dá phróiseas cinnteoireachta. Tar éis iniúchadh a dhéanamh ar na doiciméid atá i gceist agus ar dhá chruinniú a bhí ag a foireann le hionadaithe an Choimisiúin, ní raibh an tOmbudsman cinnte de réasúnaíocht an Choimisiúin maidir leis na heisceachtaí a agairt. Mhol sí go dtabharfadh an Coimisiún rochtain phoiblí níos leithne ar na doiciméid. Ghlac an Coimisiún leis an togra ón Ombudsman agus thug sé rochtain iomlán ar na doiciméid a iarradh.